Is cuma liom an bhfuil nó nach bhfuil an tAire anseo. Ní bheidh sé ag éisteacht, is dócha. An lá faoi dheireadh bhí mé ag labhairt anseo ag críoch na díospóireachta seo. Tá sé beagáinín ait, b'fhéidir, bheith ag tosnú inniu agus bheith ag tagairt do na cainteoirí a bhí romham mar is fada an lá ó bhí siad anseo — seachtain ó shin. Dúirt mé an t-am sin go raibh a lán cainte faoi airgead agus foirgnimh agus mar sin, agus dúirt mé freisin gurb é mo thuairim nach leor airgead — cé go bhfuil sé tábhachtach — ar bith chun an teanga a thabhairt ar ais ach go mbeadh suim ag daoine an Ghaeilge a labhairt. Muna bhfuil dea-thoil ag na daoine agus muna bhfuil suim acu an Ghaeilge a labhairt ní thiocfaidh sé ar ais.
Bhí daoine ag gearán faoi na múinteóiri nua agus dúirt mé gur cheap mé go raibh siad chomh maith agus a bhí na sean-mhúinteóirí. Níl a fhios agam, ach bhí na sean-mhúinteóirí go maith ach níl Gaeilge á labhairt ar fud na tíre. Taispeánann sé sin, sílim, dá mbeadh an dea-thoil ann bheadh an Ghaeilge á labhairt ar fud na tíre. Tá sé furasta milleán a chur ar an Rialtas, b'fhéidir ar an Roinn, faoin gcúlra. Is cuma, is féidir an milleán a chur ar gach éinne.
Dubhuirt mé freisin an lá faoi dheireadh nach bhfuil go leor Gaeilge anseo sa Seanad; níl ach nuair atá an Cathaoirleach ag teacht, agus an paidir ansin. Sílim féin go mba chóir go mbeadh Gaeilge ar siúl anseo go hoifigiúil agus go mbeadh sé go hoifigiúil sa Dáil freisin. Dubhairt mé go bhfuil an tionchur ag an teaghlach, go mór mhór nuair a théann na páistí abhaile ón scoil. Má bhíonn an Ghaeilge acu is féidir leo í a labhairt; má bhíonn daoine ag gearán sa mbaile faoin rud sin cuireann sé go mór isteach orthu agus tá sé sin soiléir uaireannta nuair a bhíonn tú ag caint le páistí ar an teileafón nó ar an mbóthar, má labhrann tú trí Ghaeilge leo má thugann siad freagra dhuit gan scannradh a bheith orthu. Uaireannta féachann siad ar dhuine nuair a labhraíonn sé Gaeilge taobh amuigh den scoil. Taispeánann Sé nach bhfuil Gaeilge ar bith sa bhaile nó nach bhfuil suim ar bith acu sa nGaeilge sa bhaile.
Bhí caint an lá faoi dheireadh mar gheall ar an scrúdú béil. Ba mhaith liomsa go mór dá mbeadh an moladh atá sa four-year plan glactha; go mbeadh 33 faoin gcéad ar a laghad de na marcanna don scrúdú béil. Tá sé fíor-thábhachtach, sílim, go mbeadh marcanna ar fáil don Ghaeilge agus ní féidir an Ghaeilge a chur ar aghaidh ó thaobh labhairt de muna bhfuil marcanna le fáil dó. Rinneamar go léir Laidin agus Gréigis agus mar sin, fuaireamar marcanna dóibh ach ní féidir linn an Laidin ná an Ghréigis a labhairt.
Caithfimid tacaíocht a thabhairt do labhairt na Gaeilge. Ó thaobh an ráitis go mba chóir go mbeadh áiteanna faoi leith do scoláirí ón nGaeltacht i gColáiste Naomh Pádraig, nó mar sin, ní aontaím leis. Ní aontaím ach oiread go mba chóir go mbeadh na coláistí ullmhúcháin ar ais. Bhí siad ann, agus cén fáth nach bhfuil an Ghaeilge ag dul ar aghaidh go tapaidh? Bhí na sean-mhúinteórí ann. Tháinig a lán dóibh as na coláistí ullmhucháin agus nílim cinnte go bhfuil feabhas ar an Ghaeilge. Arís, ní ar na múinteóirí atá an milleán, agus nílim ag tabhairt cosanta do na múinteóirí os rud gur múinteoir mé féin.
Bhí Gaeilge againn le blianta. Níor labhair na daoine sa bhaile í: níl sí le chloisteail in áiteanna go mba chóir an Ghaeilge a chloisteáil. Bheadh sé an fhurasta ar fad a bheith ag rá dá mbeadh na coláistí ullmhucháin arais nó dá mbeadh áiteanna ar leith dos na daoine ón nGaeltacht go mbeadh feabhas ar an nGaeilge. Ní dóigh liom go mbeadh.
Bhí gearán freisin an lá faoi dheireadh ag na cainteóirí go raibh moill ar scoil Ghaeltach amuigh i Léim an Bhradáin, ach níl sé sin ag baint le scoil Ghaelach amháin. Bhí mé féin ag feitheamh beagnach 10 mbliain le forgneamh nua ins an scoil a bhfuil mé féin ann, agus tá moill ar scoileanna ar fud na tíre agus ní haon chomhartha é sin nach bhfuil suim ag an Rialtas ins an nGaeilge. Tá sé soiléir nach bhfuil airgead ag an Rialtas chun gach scoil a thógáil, ach déarfainn go ndéanfadh sé dochar da mbeadh daoine ag gearán nach raibh suim ar bith ag éinne sa scoil Ghaelach.
Ag an bpoinnte seo ba mhaith liom comhgháirdeas a dhéanamh leis na scoileanna seo. Tá scoil Gaelach thíos i gCeatharlach againn atá ag dul ar aghaidh go hiontach. B'fhéidir go bhfuil daoine ag obair go dian ann agus tá, ach tá na scoláirí go hiontach ansin cé nach raibh siad ach an chéad bhliain ann, agus tá siad ag tosnú an dara bliain anois agus tá Gaeilge líofa acu. Chuir sé ionadh an domhain orm nuair a bhí a bhí mé istigh ann, agus tá an-suim ag na tuismitheóirí ann agus creidim féin go bhfuil i bhfad níos mó dóchais i rudaí den tsaghas ná in aon rud a dhéanfaidh an Rialtas nó aon rud a dhéanfaidh daoine a bhéas ag cur éigin ar éinne an Ghaeilge a labhairt.
Sa bplean atá ann, tá cuid de go h-anmhaith. Ó thaobh éifeachta de, chaith mé tréimhse sa Ghaeltacht nuair a bhí an fo-toghchán ar siúl agus bhí sé mar aidhm ag ár bpáirtí go mbeadh cainteoirí Gaeilge ag labhairt ins an nGaeltacht. Nuair a tháinig mé ar ais ón gcruinniú, dúirt na daoine ins an áit. "Ná bac leis sin, ní thuigfidh na daoine anseo an Ghaeilge atá agat." Dé réir dealraimh, b'fhéidir nár thuig mar theip orainn sa toghchán, ach ní dóigh liom gur ormsa atá an milleán. Ní raibh aon ghríosadh ag na daoine sa Ghaeltacht. Nuair a chuaigh mé isteach chun na paipeirí a fháil gach Domhnach agus d'iarr mé ar an siopadóir as Gaeilge go raibh paipéir ag teastáil uaim, labhair sé as Béarla liom cé go raibh sé ag labhairt as Gaeilge le gach éinne eile sa teach. Bhí a fhios aige gur strainséar a bhí ann ceart go leor ach bhí mise ag labhairt trí Ghaeilge agus ní dóigh liom go ndéaneann an Ghaeltacht an méid ba chóir dóibh a dhéanamh. Tá sé ceart go leor a bheith ag lorg airgid agus gach rud, ach caithfidh muintir na Gaeltachta an Ghaeilge a labhairt. Dubhairt mé an lá faoi dheireadh go gcreidim féin go ndéaneann daoine ón Ghalltacht i bhfad níos mó ó thaobh labhairt na Gaeilge de agus go ndéaneann na múinteoirí an Ghalltacht i bhfad níos mó ó thaobh Gaeilge de ná mar a dhéaneann cuid de na múinteoirí a thagann on Ghaeltacht.
Ó thaobh an phobail de, caithfimid dea-thoil an phobail a fháil agus is dócha go gcaithfimid dea-shampla a thabhairt dóibh go bhfuil an Ghaeilge beo agus creidim féin go bhfuil sé beo. Caithfimid a dhéanamh soiléir dóibh go bhfuilimid i ndáiríre agus go bhfuil gach cuid den Rialtas agus gach Seanadóir agus gach Teachta Dála i ndáiríre ó thaobh labhairt na Gaeilge de agus go mba chóir go mbeadh — faoi mar a dúirt mé cheana — níos mó anseo. Ó thaobh an Stáit de ba chóir go mbeadh cearta ag na daoine sa Ghaeltacht. Ba chóir go mbeadh siad in ann pé obair ba mhaith leo a dhéanamh trí Ghaeilge agus má bhíonn siad sa chúirt ba chóir go mbeadh breithimh ann a mbeadh Gaeilge acu. Ó thaobh na Státseirbhíse de, ní thuigim cén fáth nach bhfuil Gaeilge sa Státseirbhís agus is dócha go bhfuil, cé go mbíonn ionadh orm uaireanta nuair a labhraím trí Gaeilge le cuid de na daoine anseo — ní rachaidh mé siar ar an Seanad. Táim cinnte go bhfuil daoine ar fud na tíre ag déanamh, trí dea-shampla agus trí úsáid na Gaeilge, i bhfad níos mó ná mar is féidir le Rialtas ar bith a dhéanamh, agus thíos i gCeatharlach — ní féidir liom a rá go bhfuil sé sa Ghaeltacht ach ní féidir liom a rá go bhfuil sé sa Ghalltacht mar fuair sé an chéad duais inGlór na nGael an bhliain seo caite. Ba mhaith liom comhgháirdeas a dhéanamh le Glór na nGael mar táim cinnte go bhfuil obair den tsórt sin ag déanamh a lán maitheasa don Ghaeilge. I gCeatharlach bhí fógraí sna siopaí: “Labhartar Gaeilge anseo” agus “Gaeilge agus fáilte” agus rudaí den tsaghas sin. Tá an spiorad ceart sna daoine agus ní bhíonn éinne ag brú Gaeilge orthu ach ar an láimh eile bíonn suim ag na daoine sa Ghaeilge agus creideann siad go bhfuil na daoine atá i gceannas i ndairíre mar labhrann siad Gaeilge. Creideann siad go bhfuil na daoine atá i gceannas ansin dáiríre. Bhíos ag cruinniú cúpla seachtain ó shin agus bhí slua an-mhór ann ó na heagrais eagsúla agus cuireann siad suim sa Ghaeilge. Cuirim an milleán ar Chumann Lúith-Chleas Gael, cé go bhfuilim i mo bhall leis na blianta — nach ndéaneann siad go leor, ach tá cuid amháin de agus is é sin Scór agus Scór na nÓg agus creidim féin go bhfuil obair den tsaghas sin ag déanamh a lán don Ghaeilge. Is é Comhaltas Ceoltóirí Éireann an chuid is fearr, sílim, ar fud na tíre mar bíonn daoine ag labhairt Gaeilge lena lámhaí agus lena gcosa agus le gach rud, mar ní hé amháin go bhfuil Gaeilge á úsáid acu ach tá cultúr agus sprid na hÉireann ag teacht ar ais agus tá siad ag déanamh togha obair.
Cuirtear an milléan ar Teilifís Éireann go minic. B'fhéidir gur féidir leo níos mó cláracha a chur ar siúl a bheadh ag chur béime ar an Ghaeilge, ach ar an lámh eile, is dócha go bhfuil deacrachtaí acu féin: ní féidir leo cláracha a chur ar siúl muna bhfuil suim ag na daoine iontu. Bhí suim ag na daoine i gcláracha cosúil le "Féach" agus "Trom agus Éadrom" agus bhí suim acu sa Ghaeilge a bhí á labhairt iontu. Má bhíonn fonn ar dhaoine rudaí a chloisteáil beidh siad ag éisteacht leo, fiú amháin má tá siad trí Ghaeilge.
Tá Radio na Gaeltachta ag déanamh a lán. An t-aon milleán atá agam féin ar an radio sin ná nach bhfuil sé le cloisteáil ar fud na tíre mar níl VHF ina lán de na gléasanna radio atá sna tithe agus muna bhfuil VHF agat ní féidir é a chloisteáil, i gCeatharlach pé scéal é. Is dóigh liom go bhfuil sé mar an gcéanna i ngach áit eile. Bíonn VHF ag na déagóirí agus b'fhéidir go bhfuil siad ag éisteacht le Radio na Gaeltachta. Níl a fhios agam.
Ba mhaith liom na Gael-scoileanna agus na naíscoileanna a mholadh freisin. Is rudaí den tsaghas sin atá ag déanamh maitheasa do athbheochaint na Gaeilge, sílim. Tá sé an soléir gur plean an-mhór an Plean Cheithre Bliana agus go bhfuil airgead ag teastáil uaidh. Tá súil agam go mbeidh an t-airgead le fáil ach níl mé cinnte go ndéanfaidh airgead amháin an maitheas atá ag teastáil i gcóir athbheochaint na Gaeilge.
Ní maith liom bheith ag dul siar, ach ba mhaith liom rud eile a rá faoin Ghaeltacht agus eile. Déanann na coláistí samhraidh a lán maitheasa don Ghaeilge agus tá páistí ag dul go dtí na coláistí agus b'fhéidir nach bhfuil cuid de na coláistí sin sa Ghaeltacht. Tá cuid acu sa Ghalltacht ach bíonn an-suim ag na páistí sa Ghaeilge. Foghlaimíonn siad a lán, agus níos mó ná sin: nuair a bhíonn an samhradh thart leanann an samhradh ar aghaidh trín gheimreadh agus bíonn cruinniú gach Satharn acu, i gCeatharlach pé scéal é. Bíonn cluichí agus caint agus rincí acu agus bhí agallamh acu leis na daoine a bhí toilteannach freastal air. Tá caighdeán an-ard ag na páistí, agus suim an-mhór acu go minic. Bím ag caint leo mar tá mo íníon féin ag dul isteach ann. Bíonn siad ag labhairt Gaeilge nuair a thagann siad amach, déarfainn agus gurb é sin an príomh rud atá ag teastáil anseo, go mbíonn an spriod ag na daoine an Ghaeilge a labhairt nuair a bhuaileann siad le duine go bhfuil Gaeilge aige nó aici mar tá sé deacair labhairt trí Ghaeilge muna dtuigeann na daoine atá ag éisteacht cad tá ar siúl.
Mar sin molaim go mór na heagrais atá ag cur na Gaeilge ar aghaidh. Tá súil agam go mbeidh airgead ar fáil ach nílim ag cur iomarca béime ar an airgead mar ní dóigh liom go ndéanfaidh sé aon mhaitheas faoi leith do athbheochaint na Gaeilge muna bhfuil na daoine toilteanach an Ghaeilge a labhairt.