Skip to main content
Normal View

Seanad Éireann debate -
Tuesday, 16 Dec 1986

Vol. 115 No. 8

Adjournment Matter: All-Irish Primary Schools.

Ba mhaith liom i dtosach, a Chathaoirligh, mo bhuíochas a ghabháil leat féin as ucht cead a thabhairt dom an t-ábhar seo a chur i láthair Sheanad Éireann. Molaim dá réir an tairiscint seo: "The need for the Minister for Education to reconsider the case of the three All-Irish Primary Schools, namely, Ring Mahon, Parklands, Cork City, and Cnoc Theas, Limerick, which have been in voluntary operation since last September, with a view to sanctioning all three schools to full recognition under the Department of Education."

Cé gur i mBéarla atá an tairiscint, tá sé i gceist agam í a phlé i nGaeilge, mar ní dóigh liom go mbeadh sé de réir céille é a dhéanamh ar aon bhealach eile. Mar is eol do gach duine, tá spéis mhór á cur i scolaíocht trí mheán na Gaeilge le cúig bliana anuas. Dá thoradh sin tá 52 bunscoil lán-Ghaeilge ag feidhmiú taobh amuigh den Ghaeltacht faoi láthair. Is le cúig bliana déag anuas a bunaíodh 27 díobh siúd. Cuireadh naoi n-iarratas ar Ghaelscoileanna a bhunú isteach chuig an Roinn Oideachais i mbliana. Tugadh aitheantas do thrí cinn acu agus diúltaíodh do na sé cinn eile. Ach níor fágadh an scéal mar sin. In ainneoin na ndeacrachtaí a bhí le sárú bheartaigh trí choiste dul ar aghaidh agus scoileanna a bhunú, i Ringmahon, i bParklands i gCathair Chorcaí agus ag Cnoc Theas i Luimneach. Tá áthas orm a rá go bhfuil na scoileanna sin faoi lánseol ó Mheán Fómhair seo caite.

Ní mór a rá anseo, is é sin más gá é a rá, nach bhfuil pingin rua faighte ag na scoileanna sin ón Stát ach tá siad ag feidhmiú go gairmiúil agus le héifeacht, mar sin féin. Ní miste a rá freisin nach bhfuil siad gan tacaíocht. Tá muintir na dtrí scoil ag bailiú airgid agus tá achainí náisiúnta déanta ar a son ag Comhchoiste Ghael scoileanna i gcomhar le Conradh na Gaeilge. Ach tuigtear go bhfuil costas an-mhór ag baint le reachtáil scoile. Tá tuarastal na múinteoirí, cíos, árachas, teas agus trealamh le híoc. Ba mhaith liom a thabhairt le fios anseo nach bhfuil táille ar bith, beag nó mór, á ghearradh ar na mic léinn. Meastar go gcosnóidh sé £12,000 ar a laghad le scoil amháin a reachtáil ar feadh bliana. Sin figiúir aníseal, ar ndóigh. Is léir as sin go bhfuil na múinteoirí ag obair ar bheagán airgid faoi láthair. Is léir freisin nach beag é a ndiograis i leith na Gaeilge. Ní féidir a shé anadh gur fada ó bheith sásúil an scéal seo maidir le cur chun cinn na Gaeilge agus an Ghaelachais i gcoitinne. Is iad seo a leanas na coinníollacha atá leagtha síos ag an Roinn Oideachais do scoil lán-Ghaeilge le haitheantas a fháil: (a) go mbeadh móide fiche dalta den aoisraon ó 4-6 bliana sa scoil; (b) go mbeadh suíomh sealadach agus cíos réasúnta le trí nó ceithre bliana; (c) go mbeadh pátrún ar an scoil féin.

I bhfianaise a bhfuil ráite agam ba mhaith liom anois focal gairid a rá faoi na scoileanna ar leith a bhfuil aitheantas diúltaithe ag an Roinn dóibh. Tagróidh mé i dtosach don scoil i Rinn Uí Mhathúin. Níl léiriú is fearr a d'fhéadfaí a thabhairt ar chás na scoile seo ná an achainí a rinne baill an choiste ag lorg cabhrach. Scríobhadh an litir atá anseo i mó láimh ar an 23ú lá de mhí na Samhna 1986 ón seoladh "An Ghaelscoil, Ring Mahon House, Blackrock, Corcaigh". Léifidh mé an litir, agus léireoidh a bhfuil sa litir an dílseacht agus an dáiríreacht atá ag baint leis na daoine seo maidir leis an teanga. Luaigh mé an seoladh agus an dáta cheana féin. Ní gá iad a athrá.

The parents of Ghaelscoil earnestly appeal for help and support. Our case is very simple. We are not Irish speakers. The tragedy is that we came through the Irish educational system without a knowledge of our own language. We certainly do not want the same for our children. We organised a Ghaelscoil in this expanding working class area in Cork. We obtained a suitable premises and we even made our own furniture only to be refused by the Department of Education. The excuse given by the Department is that the children could go to the model school in Cork city. The distance between Ring Mahon House and the model school is one and three quarter miles.

Last year the Department had no problem in approving a new all-Irish primary school in the middle class area of Douglas which is only one and three-quarter miles from the model school. However, there is another aspect to our problem. The model school is in the city centre and children of four and five cannot go to the city centre and cross dangerous roads. If we the parents were able to travel and collect them it would cost £12 per week in bus fares, that in a poor area where most of the people are unemployed. We have made tremendous and heroic sacrifices to keep the school open. We feel we are entitled to sympathy. We believe we are fighting for a most important principle, the right of Irish children of all classes and creeds to Irish medium education in their own area.

Sin í an achainí a tháinig ón gcoiste atá i gceannas ar an scoil sin agus a bhfuil baint acu lena cur chun cinn, agus ní dóigh liom gur féidir le duine ar bith a shéanadh go bhfuil dáiríreacht agus dúthracht taobh thiar den iarracht atá ar siúl acu. I dteannta a bhfuil sa litir sin tuigtear dom go bhfuil an scoil lán-Ghaelach i nDúghlas lán agus nach féidir leo a thuilleadh páistí a thógáil. Ní raibh na tuismitheoirí sásta a gclann a chur go dtí an Mhódhscoil de thoradh an dainséir a bheadh ann dóibh ar na sráideanna. Tá na gasúir ag freastal ar an nGaelscoil ag Ring Mahon House. Tá beirt mhúinteoirí scoile agus 24 dalta faoina gcúram. Ina theannta sin tá cabhair dheonach á tabhairt ag múinteoir breise atá ar phinsean — arís, dílseacht don Ghaeilge agus do pholasaí na hathbheochana.

Focal gairid eile faoi Parklands — sin Gaelscoil Pharklands i gCathair Chorcaí. Is í seo an chéad scoil lán-Ghaeilge a lorgaíodh don taobh ó thuaidh de Chathair Chorcaí. Tugadh an chúis chéanna nuair a dhiúltaigh an Roinn Oideachais aitheantas don scoil. Is é sin, go bhféadfadh na páistí dul chuig an Mhódhscoil — atá ar an taobh ó dheas den chathair. D'aontaigh na tuismitheoirí i Parklands ar an scoil a oscailt go neamhoifigiúil ón Luan, an 18 Meán Fómhair, agus tá siad suite ar leanúint ar aghaidh leis an rud atá ar siúl acu. Ar an 12 Nollaig bhí naonúr déag de naíonáin ag freastal ar an scoil, i bhfoirgneamh Chumann Lúthchleas Gael, is é sin Craobh an Phiarsaigh. Tá fadhb an-mhór acu teacht ar an airgead le síntiús a thabhairt do oidí láncháilithe. Níl amhras nach bocht an scéal é seo i gcúrsaí oideachais níos mó ná trí scór bliain i ndiaidh bhunú an Stáit.

Focal anois faoin scoil i gCnoc Theas i Luimneach. Eastát tithíochta dhá mhíle ó lár na cathrach atá anseo, a bhfuil daonra idir seacht agus ocht míle ann, agus an scéal go dona acu maidir le dífhostaíocht. Diúltaíodh aitheantas don scoil lán-Ghaeilge seo ar an gcéad lá de Mheán Fhómhair. Is í an chúis chéanna a tugadh, is é sin go bhféadfadh na páistí freastal ar an Mhódhscoil i lár na cathrach, is é sin, Cathair Luimnigh. Páiste amháin a chuaigh chuig an Módhscoil, de réir fianaise. Tá an scoil lán-Ghaeilge neamhoifigiúil ag feidhmiú ón 18 lá de Mheán Fómhair. Dá mbeadh a scoil aitheanta féin acu bheadh dhá chéad páiste ag fáil oideachais trí Ghaeilge i gceann ocht mbliana. Cláraíodh 37 sa scoil, ach tharraing cuid acu siar nuair nár ceadaíodh an scoil ag an Roinn. Aon naíonán déag atá ag freastal faoi láthair. Mar a dúirt mé i dtosach, is ceantar bocht é seo agus is deacair do thuismitheoirí ann airgead a chur ar fáil le tuarastal cuí a thabhairt do oidí cáilithe. Ní acmhainn dóibh a dhéanamh ach síntiús a thabhairt nuair a bhailítear airgead. Ní luide sin a misneach agus a ndíograis.

Is follas go bhfuil éagóir á déanamh ar an nGaeilge le aitheantas a cheilt ar na scoileanna lán-Ghaeilge seo. Tá sé dochreidte nach dtabharfaí tacaíocht don éileamh suntasach seo ar oideachas a chur ar fáil trí mheán na Gaeilge do dhaoine óga. Is tuar dóchais é go bhfuil an t-éileamh ann agus ag neartú. Ná loicimis ar an bpobal atá ag lorg go dtabharfaí deis dá gclann oideachas trí mheán na Gaeilge a fháil sa chaoi go mbeadh líofacht agus cumas labhartha acu sa teanga. Tá Gaelscoileanna á n-éileamh agus éileamh mór orthu. Tá trí hachainí á ndéanamh ag Comhchoiste na nGaelscoileanna: (1) go dtabharfaí aitheantas do na trí scoil neamhoifigiúla; (2) go dtabharfaí aitheantas do aon scoil nua ina bhfuil mian scoile, agus má chomhlíontar na gnáthchoinníollacha, is é sin, dóthain páistí, cóiríocht shásúil, agus pátrún; (3) go ndéanfar scolaíocht lán-Ghaeilge a phleanáil mar chuid larnach de phleanáil scolaíochta i gcoitinne sa tír seo feasta. Impímse ar an Roinn agus ar an Aire athbhreithniú stuama a dhéanamh ar na hachainíocha agus beart dá réir ar mhaithe leis an nGaeilge agus le saoithiúlacht ár muintire ar fad a chur chun cinn.

Dúirt mé agus mé ag tosú go labhróinn ar fad i nGaeilge. Mheas mé go mba chóir dom é sin a dhéanamh ar ábhar mar seo a bhí ag plé riachtanas agus ceist na Gaeilge i gcoitinne. Sin é an fáth gur labhair mé i nGaeilge, mar measaim go mbeadh sé míloighiciúil agam labhairt in aon teanga eile. Tá mo chuid ama caite, is dócha, nó gar dó, agus fágfaidh mé an scéal mar sin, ag impí arís ar an Aire agus ar an Roinn aitheantas a thabhairt do na scoileanna seo chomh fada agus is féidir leo agus chomh luath agus is féidir.

Tá mé buíoch den Seanadóir de Brún as an deis seo a thabhairt dom cur síos go mion ar an ngnó seo os comhair an Oireachtais. Is ceist achrannach é, ceist a pléadh go forleathan ins na meáin chumarsáide, ceist atá i mbéal an phobail le roinnt míonna agus a pléadh ag Comhchoiste Gaeilge an Oireachtais. Spreag sé ceist nó dhó san Dáil freisin ach níor tugadh an deis dom cás an Aire san scéal a chur i láthair go n-uige seo.

De réir na Rialacha le haghaidh Scoileanna Náisiúnta, is féidir scoileanna faoi leith a aithint ina múintear gach gné den chlár trí mheán na Gaeilge seachas an Béarla. Tagann éileamh ar scoil dá leithéid ón phobal áitiúil i gceantar ar bith. Tá sé mar pholasaí ag an Rialtas freastal ar éileamh ar scoileana lán Ghaeilge agus, lena chois sin, an t-éileamh a chruthú agus a neartú pé áit is féidir. Chuige sin cuireadh buntáistí áirithe ar fáil chun spéis agus éileamh a mhúscailt i measc an phobail mar a gealladh sa Phlean Gníomhaíochta Oideachais 19841987 inar dhúradh go bhféachfadh an Rialtas chuige go leathanófaí úsáid na Gaeilge agus go neartófaí sa chóras oideachais í. I measc na mbuntáistí atá ann chun na críche seo tá deontais céad faoin gcéad chun láithreáin na scoileanna a cheannach, foirgintí a thógail agus troscán a chur isteach iontu. Ar an bhfoireann iontu bíonn múinteoir amháin sa bhreis ar an méid a bhíonn ag an líon céanna daltaí de ghnáth. Tá liúntas speisialta le haghaidh teagasc trí Ghaeilge á íoc leis na múinteoirí. Faigheann siad deontais chaipitíochta ag ráta de 150 faoin gcéad. Faoi réir choinníollacha áirithe, cuirtear seirbhís iompair ar fáil go dtí an scoil lán-Ghaeilge is gaire do dhaltaí ar mian leo freastal air.

Is léir go bhfuil ag éirí go geal leis na greasachtaí seo óir bunaíodh 40 scoil lán-Ghaeilge ó 1971 anall sa chaoi go bhfuil leath-chéad acu ar an saol anois i 15 chontae lasmuigh den Ghaeltacht. Bhí dhá scoil nua sa bhliain mar sprioc ag Plean Gníomhaíochta Bhord na Gaeilge, a foilsíodh i 1983. Nach breá a bheith in ann a rá go bhfuil dea-thoil an phobail don Ghaeilge chomh mór chun tosaigh ar an sprioc sin gur bunaíodh ocht scoil nua in 1984, seacht gcinn i 1985 agus trí cinn i 1986. Dar ndóigh, is ar na scoileanna nár bunaíodh i 1986 atá rún an tSeanadóra De Brún dírithe ach ba mhaith liom a dhearbhú gur caitheadh leis na hiarratais ar scoileanna nua díreach mar an gcéanna ó bhliain go chéile. Ba mhaith liom go dtuigfí nach bhfuil athrú polasaí nó athrú meoin i réim.

It is not always possible to forecast whether an expressed inclination for education through Irish will develop to the point of supporting a viable school for the foreseeable future. Initial recognition of an all-Irish school is usually provisional, to be reviewed later in the light of enrolment trends. For this reason schools are normally first established in rented or temporary accommodation with a grant towards the rental charge, if there is one, available from my Department. During the provisional period, recognition can be withdrawn if progress is not satisfactory in terms of pupil numbers or the availability of suitable accommodation. However, this has not happened yet. The conditions for the establishment of an all-Irish school are similar to those for the establishment of any type of school and are listed in the Rules for National Schools. I am prepared to confer provisional recognition on an all-Irish school on the following conditions:—

1. That a school is deemed necessary by reference to facilities for education through Irish in the general area;

2. That I can be reasonably satisfied that the prospective enrolment will be sufficient to maintain a viable school. This means about 20 pupils to begin with, who would start in infants classes and, in the long term, an enrolment of 70 pupils, enough to employ a staff of three teachers;

3. That a suitable patron is obtained;

4. That suitable accommodation is made available by the school promoters in temporary but suitable premises for the period of provisional recognition;

5. That the school is managed in accordance with the Rules for National Schools by a properly constituted board of management to be nominated by the patron — tá fhíos ag na Seanadóirí na coinníollacha seo ar fad.

Condition No. 1 above is the first consideration governing an application for a school. As it is crucial to the cases under discussion it is desirable that I elaborate somewhat on it.

Rule 39(i) of the Rules for National Schools states that grants are not sanctioned for the provision in any district of a school which, in the Minister's opinion, is not required to meet the demands and the needs of the district. On receipt of an application for an all-Irish school, this rule obliges my Department to survey the general area to see whether facilities already exist therein for education through Irish which could be put at the disposal of the applicants. Such an arrangement may necessitate the provision of transport.

Four of the nine applications received for recognition of new schools in 1986 had to be rejected on the grounds that the areas for which they were proposed were within reasonable distance of existing all-Irish schools in which places were available. Of the remaining five applications, three resulted in new schools being set up in Portmarnock, County Dublin, Kilcock, County Kildare and Cóbh, County Cork. One application was withdrawn and the other resulted in the establishment of an Irish stream within an existing school. The Ballycragh area of Tallaght, County Dublin, proved to be close to the long-established Scoil Santain. In Cork city, Ring Mahon and Parklands can be served by the Cork Model School — I appreciate the difficulties the Senator has raised in that context — and, in Limerick, the new Model School is within close proximity of Cnoc Theas.

The promoters of these projects were fully informed of the reasons for the rejection of the applications. I am aware that, in the areas mentioned by Senator de Brún, the schools came into being in the expectation that official recognition would be conferred at some later stage. No utterance or action of mine should ever have encouraged such expectations. In particular, it should be clear from the account I have given that, as I have stated, no change in policy has taken place, as has been alleged on occasion lately, in relation to the recognition of all-Irish schools.

Tá machnamh doimhin déanta agam ar na himeachtaí seo agus tá mé sásta gur cóir cloí leis an gcinneadh atá déanta cheana. Tá súil agam go bhfuil fios fátha an scéil léirithe go glinn agam don Seanadóir de Brún. Is féidir liom a gheallúint dó go gcuirfear fáilte roimh tuilleadh iarratas an bhliain scoile seo chugainn agus go gcaithfear leo chomh báúil agus is féidir.

The Seanad adjourned at 11 p.m. until 10.30 a.m. on Wednesday, 17 December 1986.

Top
Share