Skip to main content
Normal View

Seanad Éireann debate -
Friday, 3 Apr 1987

Vol. 115 No. 15

Appointment of Taoiseach, Members of Government, Ministers of State.

I have to inform the House that letters dated 10, 12 and 31 March 1987 have been received from the Secretary to the Government regarding:—

(a) the appointment of Charles J. Haughey as Taoiseach;

(b) the appointment of members of the Government;

(c) the nomination as Tánaiste;

(d) the allocation of Government Departments; and

(e) the appointment of Ministers of State.

The letters will be printed in the Journal of the House and in the Official Report of the debates.

Uimhir Thagartha

ROINN AN TAOISIGH

Ref. No.

Department of the Taoiseach

S. 25070

BAILE ÁTHA CLIATH 2.

Dublin 2.

10 Márta 1987.

Cléireach an tSeanaid

Tá orm a chur in iúl duit go bhfuil an tUachtarán, ar ainmniú Dháil Éireann, tar éis Cathal Ó hEochaidh a cheapadh inniu, de bhun Airteagal 13.1.1º den Bhunreacht, mar Thaoiseach.

DERMOT NALLY,

Rúnaí an Rialtais.

Uimhir Thagartha

ROINN AN TAOISIGH

Ref. No.

Department of the Taoiseach

S. 25070

BAILE ÁTHA CLIATH 2.

Dublin 2.

10 Márta 1987.

Cléireach an tSeanaid

Tá orm a chur in iúl duit go bhfuil

(1) an tUachtarán, ar ainmniú Dháil Éireann, tar éis Cathal Ó hEochaidh a cheapadh inniu, de bhun Airteagal 13.1.1º den Bhunreacht, mar Thaoiseach;

(2) an tUachtarán, ag gníomhú dó ar ainmniú an Taoisigh, le comhaontú Dháil Éireann roimh ré, tar éis na daoine seo a leanas a cheapadh inniu, de bhun Airteagal 13.1.2º den Bhunreacht, mar chomhaltaí den Rialtas agus bheith, i dteannta an Taoisigh, mar Rialtas:—

Brian Ó Luineacháin,

Reamon Mac Searraigh,

Gearóid Ó Coileáin,

Seán P. Mac Uilliam,

Micheál Ó Cinnéide,

Micheál Ó h-Uadhaigh,

Ailbhe Mac Raghnaill,

Rádhulf De Búrca,

Breandán Ó Dálaigh,

Pádraic Ó Floinn,

Paralan Ó Eachthairn,

Ruairí Ó hAnnluain,

Micheál S. Ó Núnáin,

agus

Máire Uí Ruairc;

(3) an Taoiseach tar éis Brian Ó Luineacháin a ainmniú de bhun Airteagal 28.6.1º den Bhunreacht, chun bheith ina Thánaiste; agus

(4) an Taoiseach, i bhfeidhmiú na cumhachta a thugtar dó le halt 4(1) den Acht Airí agus Rúnaithe (Leasú), 1946, tar éis na Ranna Stáit seo a leanas a shannadh inniu do na comhaltaí faoi seach den Rialtas a luaitear a n-ainmneacha os coinne ainmneacha na Ranna:—

Roinn na Gaeltachta

Cathal Ó hEochaidh,

An Roinn Gnóthaí Eachtracha

Brian Ó Luineacháin,

An Roinn Airgeadais agus Roinn na Seirbhíse Poiblí

Reamon Mac Searraigh,

An Roinn Dlí agus Cirt

Gearóid Ó Coileáin,

An Roinn Cumarsáide

Seán P. Mac Uilliam,

An Roinn Talmhaíochta

Micheál Ó Cinnéide,

An Roinn Leasa Shóisialaigh

Micheál Ó h-Uadhaigh,

An Roinn Tionscail agus Tráchtála

Ailbhe Mac Raghnaill,

An Roinn Fuinnimh

Rádhulf De Búrca,

An Roinn Turasóireachta, Iascaigh agus Foraoiseachta

Breandán Ó Dálaigh,

An Roinn Comhshaoil

Pádraic Ó Floinn,

An Roinn Saothair

Paralan Ó Eachthairn,

An Roinn Sláinte

Ruairí Ó hAnnluain,

An Roinn Cosanta

Micheál S. Ó Núnáin

agus

An Roinn Oideachais

Máire Uí Ruairc.

DERMOT NALLY,

Rúnaí an Rialtais.

Uimhir Thagartha

ROINN AN TAOISIGH

Ref. No.

Department of the Taoiseach

S. 25071

BAILE ÁTHA CLIATH 2

Dublin 2

10 Márta 1987.

Cléireach an tSeanaid

Tá orm a chur in iúl duit go bhfuil an Rialtas inniu, ar ainmniú an Taoisigh agus i bhfeidhmiú na cumhachta a thugtar dóibh le halt 1(1) den Acht Airí agus Rúnaithe (Leasú) (Uimh. 2), 1977, arna leasú ag alt 2 den Acht Airí agus Rúnaithe (Leasú), 1980, tar éis gach duine faoi leith acu seo a leanas a cheapadh inniu mar Airí Stáit mar a leanas:—

Uinseann Ó Brádaigh, T.D., (Vincent Brady, T.D.),

Aire Stáit ag Roinn an Taoisigh, (Agus freagracht speisialta air mar Phríomh-Aoire Rialtais),

Micheál Mac Gabhann, T.D., (Michael Smith, T.D.),

Aire Stáit ag an Roinn Turas- óireachta, Iascaigh agus Foraois- eachta, (agus freagracht speisialta air maidir le Foraoiseachta),

Seosamh Breathnach, T.D., (Joe Walsh, T.D.),

Aire Stáit ag an Roinn Talmh- aíochta, (agus freagracht speisialta air maidir le Tionscail an Bhia),

Séamus Ó Braonáin, T.D., (Séamus Brennan, T.D.),

Aire Stáit ag an Roinn Tionscail agus Tráchtála agus freagracht spe- isialta air maidir le Trádáil agus Margú),

Seán Mac Cárthaigh, T.D., (Seán McCarthy, T.D.),

Aire Stáit ag an Roinn Tionscail agus Tráchtála, (agus freagracht speisialta air maidir le hEolaíocht agus Teicneolaíocht)

agus

Séamus Ó Cuire, T.D., (Séamus Kirk, T.D.),

Aire Stáit ag an Roinn Talmhaí- ochta, (agus freagracht speisialta air maidir le Gortóireacht).

DERMOT NALLY,

Runaí an Rialtais.

Uimhir ThagarthaRef. No.S. 25071

ROINN AN TAOISIGH

Department of the Taoiseach

BAILE ÁTHA CLIATH 2.

Dublin 2.

12 Márta 1987.

Cléireach an tSeanaid

Tá orm a chur in iúl duit go bhfuil an Rialtas inniu, ar ainmniú an Taoisigh agus i bhfeidhmiú na cumhachta a thugtar dóibh le halt 1(1) den Acht Airí agus Rúnaithe (Leasú) (Uimh. 2), 1977, arna Leasú ag alt 2 den Acht Airí agus Rúnaithe (Leasú), 1980, tar éis gach duine faoi leith acu seo a leanas a cheapadh inniu mar Airí Stáit mar a leanas:—

Donncha Ó Gallchobhair, T.D., (Denis Gallagher, T.D.),

Aire Stáit ag Roinn na Gaeltachta,

Máire Geoghegan-Quinn, T.D. (Máire Geoghegan-Quinn, T.D.),

Aire Stáit ag Roinn an Taoisigh (agus freagracht speisialta uirthi mar Chomheagraí Polasaí Rialtais agus Cúrsaí CEE),

Gearóid Ó Conghuile, T.D., (Ger. Connolly, T.D.),

Aire Stáit ag an Roinn Comhshaoil (agus freagracht speisialta air maidir le hAthnuachan Uirbeach),

Seán Mac Giolla Laoghaire, T.D., (Seán Calleary, T.D.),

Aire Stáit ag an Roinn Gnóthaí Eachtracha (agus freagracht spe- isialta air maidir le Cúnamh Thar Lear),

Tairleach Ó Léideain, T.D., (Terry Leyden, T.D.),

Aire Stáit ag an Roinn Sláinte,

Pádraig Ó Gallchóir Cope, T.D., (Pat the Cope Gallagher, T.D.),

Aire Stáit ag an Roinn Turas- óireachta, Iascaigh agus Foraois- eachta, (agus freagracht speisialta air maidir le Cúrsaí Mara),

Donncha Ó Liatháin, T.D., (Denis Lyons, T.D.),

Aire Stáit ag an Roinn Turas- óireachta, Iascaigh agus Foraois- eachta, (agus freagracht speisialta air maidir le Turasóireachta),

Proinsias Ó Fathaigh, T.D., (Francis Fahey, T.D.),

Aire Stáit ag an Roinn Oideachais (agus freagracht speisialta air maidir leis an Óige agus le Spórt),

agus

Nollaig Ó Treasaigh, T.D., (Noel Treacy, T.D.),

Aire Stáit ag an Roinn Airgeadais.

DERMOT NALLY,

Rúnaí an Rialtais.

Uimhir Thagartha

ROINN AN TAOISIGH

Ref. No.

Department of the Taoiseach

S. 25131

BAILE ÁTHA CLIATH 2.

25136

Dublin 2.

25155

25156

31 Márta 1987.

25157

25158

25159

Cléireach an tSeanaid

Tá orm a chur in iúl duit go ndearna an Rialtas, ag cruinniú a bhí acu inniu, Orduithe dar teidil thíos agus le héifeacht, i ngach cás, ón 31 Márta 1987:

(1) An tOrdú Cumarsáide (Riaracháin Roinne agus Feidhmeanna Aire a Aistriú), 1987,

(Communications (Transfer of Departmental Administration and Ministerial Functions) Order, 1987);

(2) An tOrdú Cumarsáide (Riaracháin Roinne agus Feidhmeanna Aire a Aistriú) (Uimh. 2), 1987,

(Communications (Transfer of Departmental Administration and Ministerial Functions) (No. 2) Order, 1987);

(3) An tOrdú um Arramara Teoranta (Riaracháin Roinne agus Feidhmeanna Aire a Aistriú), 1987,

(Arramara Teoranta (Transfer of Departmental Administration and Ministerial Functions) Order, 1987);

(4) An tOrdú um Chuideachta Forbartha Aerfort Neamhchustaim na Sionna Teoranta (Riaracháin Roinne agus Feidhmeanna Aire a Aistriú), 1987,

(Shannon Free Airport Development Co. Ltd. (Transfer of Departmental Administration and Ministerial Functions) Order, 1987);

(5) An tOrdú Turasóireachta (Riaracháin Roinne agus Feidhmeanna Aire a Aistriú), 1987,

(Tourism (Transfer of Departmental Administration and Ministerial Functions) Order, 1987);

(6) An tOrdú Foraoiseachta agus Fiadhúlra (Riaracháin Roinne agus Feidhmeanna Aire a Aistriú), 1987,

(Forestry and Wildlife (Transfer of Departmental Administration and Ministerial Functions) Order, 1987);

agus

(7) An tOrdú Talmhaíochta (Ainm na Roinne agus Teideal an Aire a Athrú), 1987,

(Agriculture (Alteration of Name of Department and Title of Minister) Order, 1987),

i dtéarmaí na dréachtaí a ghaibh leis an meabhrán a thairg an Taoiseach an 25 Márta 1987 (Uimh. Thag. S. 25131).

Is é Cathal Ó hEochaidh, Taoiseach, a fhíordheimhnigh, lena shíniú, séala oifigiúil an Rialtais a greamaíodh de na hOrduithe.

Tá socrú á dhéanamh ag an Roinn seo;

(a) chun na hOrduithe a leagadh inniu faoi bhráid gach Tí den Oireachtas; agus

(b) chun fógra oiriúnach a fhoilsiú san Iris Oifigiúil de bhun alt 3(1)(b) den Acht Ionstraimí Reachtúla, 1947, arna leasú le halt 1 den Acht Ionstraimí Reachtúla (Leasú), 1955.

DERMOT NALLY,

Rúnaí an Rialtais.

Uimhir Thagartha

ROINN AN TAOISIGH

Ref. No.

Department of the Taoiseach

S. 25071

BAILE ÁTHA CLIATH 2.

Dublin 2.

31 Márta 1987.

Cléireach an tSeanaid

Tá orm a chur in iúl duit:—

(1) go bhfuil an Taoiseach inniu tar éis glacadh le tairiscintí;

Micheál Mac Gabhann, T.D.,

(Michael Smith, T.D.),

agus

Donncha Ó Liatháin, T.D.,

(Denis Lyons, T.D.),

d'éirí as oifig mar Airí Stáit ag Roinn na Mara; agus

(2) go bhfuil an Rialtas inniu, ar animniú an Taoisigh agus i bhfeidhmiú na cumhachta a thugtar dóibh le halt 1(1) den Acht Airí agus Rúnaithe (Leasú) (Uimh. 2), 1977, arna leasú ag alt 2 den Acht Airí agus Rúnaithe (Leasú), 1980, tar éis

Micheál Mac Gabhann, T.D.,

(Michael Smith, T.D.),

a cheapadh mar Aire Stáit ag an Roinn Fuinnimh (agus freagracht speisialta air maidir le Foraoiseachta),

agus

Donncha Ó Liatháin, T.D.,

(Denis lyons, T.D.,),

a cheapadh mar Aire Stáit ag an Roinn Turasóireachta agus Iompair (agus freagracht speisialta air maidir le Turasóireachta).

DERMOT NALLY,

Rúnaí an Rialtais.

Uimhir Thagartha

ROINN AN TAOISIGH

Ref. No.

Department of the Taoiseach

S. 25070

BAILE ÁTHA CLIATH 2.

Dublin 2.

31 Márta 1987.

Cléireach an tSeanaid

Tá orm a chur in iúl duit go bhfuil an Taoiseach inniu, i bhfeidhmiú na gcumhachta a thugtar dó le halt 4 den Acht Airí agus Rúnaithe (Leasú), 1946, tar éis

(1) sannadh na Roinne Turasóireachta agus Iompair do

Reamon Mac Searraigh,

(Ray MacSharry),

a fhorcheannadh agus an Roinn sin a shannadh do

Seán P. Mac Uilliam,

(John Patrick Wilson),

comhalta den Rialtas, agus

(2) sannadh na Roinne Cumarsáide do

Seán P. Mac Uilliam,

(John Patrick Wilson),

a fhorcheannadh agus an Roinn sin a shannadh do

Rádhulf de Búrca,

(Ray Burke),

comhalta den Rialtas.

DERMOT NALLY,

Rúnaí an Rialtais.

Top
Share