Skip to main content
Normal View

Seanad Éireann debate -
Wednesday, 25 Nov 1987

Vol. 117 No. 16

Death of Press Gallery Member. - An Crannchur Náisiúnta: Tairiscint

Tairgim:

Go bhfáiltíonn Seanad Éireann roimh an mbreis airgid atá á chur ar fáil ón gCrannchur Náisiúnta ar mhaithe le forbairt na Gaeilge agus na nGaeltachtaí.

Ba mhaith liom ar dtús fíor-fáilte a cur roimh an Aire Stáit. Cuirim fáilte chomh maith roimh an rún atá ós ár gcómhair. Nuair a bhí an Bille ag dul trín Teach seo bhí reservations agam faoi cá mbeadh an brabach ag dul, cé bheadh ag fáil an airgid?

Now that the money has arrived I am delighted to see that it has been used in a most excellent way and it will do a lot for the arts, sport and for our nationality. Níl mórán eile le rá agam i dtaobh an rúin seo ach chun é a mholadh do Sheanad Éireann mar gheall ar an breis airgid a bheidh curtha ar fáil chun forbairt na Gaeilge agus na Gaeltachta.

Tá an-áthas orm an deis seo a fháil chun teacht in bhur láthair anseo inniu ar an lá speisialta seo — Lá na Gaeilge — chun labhairt libh faoi na céimeanna atá glactha ag an Rialtas chun cabhrú leis an nGaeilge trí úsáid fhiúntach a bhaint as cuid d'fháltais an chrannchuir náisiúnta.

Ní miste a lua ar dtús, ar ndóigh, go raibh a lán tuairimí á nochtadh le roinnt míonna anuas nach gcloífeadh an Rialtas le cuspóirí an Chrannchuir — cúnamh breise ar leith a chur ar fáil do spórt, do na healaíona, don chultúr agus don Ghaeilge — agus nach raibh sa chrannchur ach cáin ar bhealach eile agus go n-úsáidfí an t-airgead i ndáil le gnáthimeachtaí an Stáit. Ach léirigh na tograí éagsúla a fógraíodh an tseachtain seo caite nach raibh aon fhírinne sna tuairimí sin agus is cúis mórtais domsa, mar Aire Stáit ag Roinn na Gaeltachta, go bhfuil suim shuntasach £4 mhilliún á cur ar fáil as fáltais an chrannchuir ar mhaithe leis an nGaeilge.

Ar ndóigh, bhí an-chuid iarratas againn ar chúnamh ón gcrannchur agus ní fhéadfaí teacht i gcabhair orthu uile. Ní hé sin le rá nach raibh fiúntas ag baint leo agus tuigim go maith go bhféadfadh díomá a bheith ar dhreamanna áirithe toisc nár cuireadh airgead ar fáil dóibh. Is féidir liom a rá, ar ndóigh, go ndearnadh gach iarratas a mheas go cúramach agus gur roghnaíodh na tograí le haghaidh cúnaimh tar éis gach gné de gach cás a chur san áireamh.

Tá a fhios agam go bhfuil liosta feicthe agaibh sna nuachtáin de thograí Gaeilge atá ag fáil cúnaimh airgid agus go ndearnadh cur síos níos iomláine ar roinnt acu. B'fhéidir nár mhiste dom anois cur síos gairid a thabhairt daoibh ar gach togra atá ag fáil cúnaimh ar an £4 mhilliún don Ghaeilge ionas go mbeidh sé níos soiléire daoibh an réimse leathan d'imeachtaí atá clúdaithe.

Tá sé beartaithe £1 mhilliún a chaitheamh chun Áras ar leith a chur ar fáil i gColáiste na hOllscoile, Gaillimh, a fhreastalóidh go leanúnach i rith na bliana mar chuid de stráitéis sainiúil teangá a bheidh d'aidhm aici: (i) pobal nua-aimseartha Gaeltachta a fhorbairt trí pacáistí ar leith a bheidh dírithe ar an nGaeilge a fhoghlaim, agus clár imeachtaí chun an Ghaeilge a bhuanú sa phobal; agus (ii) freastal ar riachtanais náisiúnta san oideachas agus san earnáil phoibilí trí céimithe inniúla a chur ar fáil. Rachaidh an togra seo chun leasa na teanga féin agus an 1,100 macléinn a bhainfidh úsáid as na saoráidí ar bhonn leanúnach.

Tá suim airgid breise de £150,000 á chur ar fáil do Chumann na bhFiann sa tréimhse go dtí 31 Nollaig 1988 chun a chumasú don eagras sin tuilleadh clubanna Gaeilge don aos óg a bhunú i mBaile Átha Cliath agus in áiteanna roghnaithe eile ar fud na tíre.

Reachtáileann Cumann na bhFiann Coláistí Gaeilge a bhfuil an-rath orthu i nGaeltachtaí Chonamara agus Ráth Cairn gach samhradh móide cúrsaí cónaithe i gcoláistí lasmuigh den Ghaeltacht. Tuilleann na cúrsaí sin brabach agus úsáidtear é sin, le cúnamh ó Roinn na Gaeltachta agus airgead a ghnóthaítear as ghníomhaíochtaí a eagraíonn tuismitheoirí, chun clubanna Gaeilge don aos óg a reachtáil sa tréimhse Meán FómhairAibreán.

Le cúnamh deonach nach beag, reachtáileann Cumann na bhFiann clubanna in áiteanna éagsúla ar fud na tíre. Ach breis timirí a bheith ar fáil, d'fhéadfadh an t-eagras leathnú amach agus seirbhísí fíorriachtanacha, a bhfuil an-éileamh orthu, a sholáthar in áiteanna eile. Tá an t-airgead breise ag teastáil chun íoc as tuarastail, fearais, costais taistil agus na costais eile a bhainfeadh leis na timirí agus chun freastal ar chaiteachas eile ar nós cíos do hallaí, etc.

Tá sé beartaithe £120,000 a chur ar fáil chun cabhrú le Muintir Chrónáin Ionad Cultúrtha a thógáil. Bhunaigh dream Gaeilgeoirí i gceantar Chluain Dolcáin/Ráth Cúil an eagraíocht Muintir Chrónáin i 1972 chun úsáid na Gaeilge a leathnú sa cheantar. Tá an t-eagras deonach seo an-ghníomhach ó shin agus gréasáin teangan á mbunú acu ar mhaithe le pobail, teaghlaigh, scoileanna lánGhaeilge, déagóirí, daoine fásta, etc.

Meastar go gcosnóidh an obair thógála ar an Ionad Cultúrtha £230,000. Tá suíomh, le lánchead pleanála, ag Muintir Chrónáin cheana féin agus tá £80,000 bailithe go háitiúil acu chun cabhrú leo na costais a ghlanadh.

Tá cumas Gaeilge ag a lán daoine toisc oideachas trí Ghaeilge a bheith ar fáil sa cheantar agus tabharfaidh an t-ionad, in am tráth, deis dóibh chun úsáid nádúrtha a bhaint as an nGaeilge sin atá acu. Tá an suíomh suite ag Bóthar Belgard, Tamhlacht, agus cuirfear ar chumas Mhuintir Chrónáin freastal ar na grúpaí teangan go léir atá gníomhach sa cheantar agus ar an líon méadaithe macléinn a bhfuil oideachas trí Ghaeilge á fháil acu.

Cuirfear cúnamh £30,000 ar fáil don tréimhse go 31 Nollaig 1988 ó chiste an chrannchuir d'Eagraíocht na Scoileanna Gaeltachta, eagras deonach de mhúinteoirí agus de thuismitheoirí Gaeltachta, a bhfuil an chéad iarracht fhiúntach le blianta fada anuas á dhéanamh acu chun fadhbanna teanga na limistéar Gaeltachta a réiteach ón dtaobh istigh.

Ní mór eagraí lánaimseartha — múin-teoir ar iasacht, b'fhéidir — a fhostú don chlár píolótach atá leagtha amach ag an eagraíocht. Bheadh an t-eagraí freagrach as comheagar agus as cur chun cinn gníomhaíochtaí na heagraíochta le cuidiú na múinteoirí agus na dtuismitheoirí.

Cuirfear £90,000 ar fáil chun obair dheisiúcháin agus athcóiriú a dhéanamh ar "an tÁras" i gCorcaigh. Tá úsáid á bhaint as "an tÁras" ó 1958 i leith mar an t-aon ionad don Ghaeilge do cheantar na cathrach agus na fo-bhailte i gCorcaigh. Eagraíonn an-chuid dreamanna atá gníomhach i gcur chun cinn na Gaeilge gníomhaíochtaí teanga agus cultúir san ionad.

Tá gá le deisiú a dhéanamh láithreach ar an bhfoirgneamh, atá sean, mar aon le athchóiriú agus athfheistiú. D'fhéadfaí a lán a dhéanamh leis "an tÁras" agus le hathchóiriú cheart a dhéanamh ar an áit, táim cinnte go mbeidh i bhfad níos mó imeachtaí trí Ghaeilge ar siúl ann.

Úsáidfear £220,000 ón gcrannchur le haghaidh oibreacha feabhsúcháin i dTaibhbhdhearc na Gaillimhe agus chun scéim phíolótach a thionscnamh chun seirbhís níos fearr a chur ar fáil sa Ghaeltacht agus do Ghaeilgeoirí lasmuigh de chathair na Gaillimhe. Tá drochbhail ar díon na hamharclainne agus tá géarghá le spás stórais agus le cóiríocht i gcomhair cleachtaithe.

Bunaíodh an Taibhdhearc i nGaillimh i 1928. Tá compántas aisteoirí aimitéaracha ann a fheidhmíonn ar bhonn páirtaimsire toildheonach agus a chuireann drámaí, ceoldrámaí, drámaí do pháistí agus imeachtaí amharclainne ar fáil trí mheán na Gaeilge.

Tá cúnamh £10,000 á chur ar fáil ón gcrannchur chun go mbeidh ar chumas comhar dianfheachtas margaíochta a thionscnamh agus chun tuilleadh feabhais agus scóip bhreise a thabhairt d'ábhar na hirise. Bhí comhar chun tosaigh i gcónaí i gcur chun cinn na litríochta Gaeilge agus is ann a d'fhoilsigh cuid de mhórscríobhneoirí a luathshaothar.

Is comhlacht nua é Clann Lir Teo., a cuireadh ar bun d'fhonn iar-ospidéal Naomh Sheosaimh i gCúil, Contae na hIarmhí, a fhorbairt mar Aonad Gaeilge agus Cultúrtha. Cuirfear £100,000 ar fáil ón gcrannchur chun an t-áitreabh a mhaisiú agus é a chur ar fáil mar áras cónaithe dóibh siúd a bhfuil fonn orthu a gcuid Gaeilge a fheabhsú nó an teanga a fhoghlaim. Tá sé beartaithe cúrsaí a reachtáil ann do réimse leathan daoine — daltaí scoile chomh maith le déagóirí agus daoine fásta. Tá sé beartaithe cúrsaí lae, deireadh seachtaine, seachtaine agus níos faide a reachtáil ann.

Cuirfear £400,000 ar fáil i 1988 ar mhaithe le feachtas fógraíochta chun úsáid na Gaeilge a chur chun cinn. Mhúsclódh feachtas mar sin suim an phobail sa teanga agus thabharfadh sé eolas, dea-shampla (trí aird a tharraingt ar dhaoine mór le rá a úsáideann Gaeilge) agus spreagadh don phobal chun an méid Ghaeilge atá acu a úsáid. Tá sé beartaithe fógraíocht a dhéanamh ar theilifís, ar raidió agus ar na nuachtáin. Bhí beartas mar sin ar siúl cúpla bliain ó shin chun go mbeadh leanúnachas ann ach níor tharla sé sin, agus tá sé an-tábachtach go mbeidh an t-airgead seo curtha ar fáil leis an beartas seo a chur cinn arís.

Reachtáiltear comórtas Ghlór na nGael gach bliain chun duaiseanna a bhronnadh ar an mbaile/sráidbhaile/ bhruachbhaile a rinne an méid is mó chun úsáid na Gaeilge a chur chun cinn i ngnáthshaol an phobail ann. Is é aidhm an chomórtais ná an Ghaeilge a threisiú agus buan-áit a thabhairt di i ngnáthshaol na ndaoine — tógáil pobail le nasc na Gaeilge, mar a déarfá. Ní leor an ciste atá ar fáil do dhuaiseanna agus níl ach beirt thimire lánaimseartha ag reachtáil na scéime. Ní féidir leo teagmháil ceart a dhéanamh leis na pobail a ghlacann páirt sa chomórtas. Cuirfear £105,000 breise ar fáil chun go bhféadfar timirí breise a fhostú agus ciste na nduaiseanna a mhéadú.

Faoi láthair tá cinneadh tábhachtach le déanamh ag Siamsa Tíre maidir lena n-áitreabh i dTrá Lí. Tá an foirgneamh ag meath go tapaidh — aghaidh an tí ag titim as a chéile, díon ag ligean braon isteach, etc. Chomh maith le sin, níl an spás stáitse dóthainneach agus níl cóiríocht ar bith ann i gcóir cleachtaithe. Tá clár athfheistithe mór á mheas ag Siamsa agus b'fhéidir go mbeadh orthu amharclann nua a thógáil ar láithreán eile ar fad atá ina seilbh i dTrá Lí. Tá £700,000 á chur ar fáil don obair seo i 1988.

Tá straitéis ceaptha chun suim agus tionscnamh an phobail ina n-oidhreacht féin a spreagadh agus a chothú trí tograí píolóiteacha a eagrú (m.sh. seandálaíocht, geolaíocht, stair an nádúir, etc.) agus staidéir ábhair (m.sh. fásra agus ainmhithe mara, etc.) a chur ar bun.

Cuirfear £40,000 ar fáil agus cabhróidh an t-airgead sin le tuarastail an stiúrthóra agus gríosaitheoirí réigiúnacha a ghlanadh.

Tá sé beartaithe cláracha Gaeilge teilifíse a leathnú trí scéim phíolótach. Níl sé lánsoiléir fós conas a dhéanfar amhlaidh. Tá daoine ann atá ag lorg scéime thrialaigh i gceantar Gaeltachta (m.sh. Conamara) ar feadh tréimhse trí mhí, abair, agus táid ann freisin a cheapann go bhfaighfí sochar i bhfad níos mó don Ghaeilge as an airgead speisialta seo dá gcaithfí é ar chláracha breise a chraolfí ar gnáthbhealaí RTÉ. Bheadh buntáistí an airgid le fáil, ar an mbealach seo, deirtear, ag Gaeilgeoirí uile na tíre, seachas ag líon teoranta Gaeilgeoirí dá n-úsáidfí an t-airgead do scéim thrialach a gceantar amháin Gaeltachta. Tá na mionsonraí á bplé agus cuirfear suas le £½ mhilliún ar fáil i 1988.

Tá £150,000 a chur ar fáil chun scoileanna lán-Ghaeilge a fhorbairt agus tá na sonraí á meas i gcomhairle leis an Roinn Oideachais d'fhonn a chinntiú go dtiocfaidh an sochar is fearr don oideachas trí Ghaeilge as an gcúnamh sin.

Tá £367,500 luaite faoi thograí Gaeilge ilghnéitheacha agus teagmhais agus beidh sé ar fáil chun teagmhais a chlúdach agus chun tograí sonracha a airgeadú. Ní miste a rá nach bhfuil aon chinnithe déanta go fóill faoi aon chuid den chaiteachas a bheidh i gceist.

Tá dhá thogra de chuid na Roinne Oideachais á airgeadú freisin as an £4 mhilliún a fógraíodh le déanaí. Tá £10,000 á chur ar fáil don Chumann Scoildrámaíochta agus £7,500 le haghaidh Cluichí Cumarsáide a tháirgeadh — pacáiste atá réitithe ag Ionad na Múinteoirí, An Charraig Dhubh, ina bhfuil cluichí, nótaí teagaisc agus videó le húsáid i múineadh na Gaeilge ag leibhéal na mbunscoileanna. Táim cinnte go bhfáilteoidh an Dáil roimh an gcúnamh seo agus, cé nach bhféadfaí teacht i gcabhair ar gach togra, is é mo thuairim go gcabhróidh na tograí atá roghnaithe go mór le cur chun cinn na Gaeilge.

I dtús baire caithfidh mé rud éigin a rá, agus níl mé ag iarraidh a bheith diúltach, agus ní bheidh mé diúltach. Ní hé sin atá i gceist agam. Ach ós rud é gur labhair mé i gcoinne an Chrannchuir Náisiúnta caithfidh mé é sin a rá i dtús báire. Ní raibh mé i bhfábhar an Chrannchuir Náisiúnta, ach tá sé ann agus beidh sé ann. Ach tá rud amháin faoin gCrannchur Náisiúnta, agus rud gur bhreá liomsa go gcuirfeadh an tAire ceist ar lucht bainistíochta an Chrannchuir Náisiúnta faoi: an Ghaeltacht a bhfuil an aithne is mó agam air ná Gaeltacht Chorca Dhuibhne.

Sna fógraí atá taobh amuigh de na hoifigí poist i gCorca Dhuibhne, ní an Crannchur Náisiúnta tá fógraithe ach an National Lottery, agus ní dóigh liom gur cheart gur mar sin a bheadh sé agus tá mé lánchinnte nach muintir na n-oifigí poist ná muintir Chorca Dhuibhne ba fhreagrach as sin. Ba chóir go n-athrófaí é agus go n-athrófaí é go tapa.

Tá cuma ar chuid mhaith de na heagraíochtaí nua Stáit nach bhfuil siad sásta an leagan Gaeilge dá n-ainmneacha a úsáid. Bord Gáis, mar shampla, má fhéachann tú ar Eolaí an Telefóin faoi Bhord Gáis, deirtear leat féachaint faoi Irish Gas. Níl aon ghá dé leithéid agus níl sé ceart. Is rud beag é ach tá "symbolism" ann, dá bhféadfainn é sin a rá. Níl ceart ag bainistíocht chomhlachta mar siúd athrú polasaí mar sin a dhéanamh, agus ní cóir go ligfí dóibh é a dhéanamh.

Cuirim fáilte faoi leith, agus caithfidh mé seo a rá faoina trí nó ceathair de na rudaí atá fograithe. I dtús báire, Oidhreacht Chorca Dhuibhne. Ní as Corca Dhuibhne mise, ach tá mo chroí ann, caithfidh mé a rá. Tá fhios ag an Seanadóir Fitzgerald faoi sin. Chaith mé cuid mhaith de mo laethanta saoire ann le déanaí, agus dá mba rud go raibh an seans agam chaithfinn cuid mhaith de mo shaol ann. Ach ní bheidh a leithéid de sheans agam, agus b'fhéidir go bhfuil an t-ádh ar mhuintir Chorca Dhuibhne nach mar sin a bheidh sé. Ní fheadar an mbeinn chomh tógtha leis an áit agus go mbeadh muintir na háite chomh tógtha liomsa dá mba rud é is go rabhas ann i gcónaí. Ach cuirim fáilte, mar sin, roimh an airgead atá curtha ar fáil do Oidhreacht Chorca Dhuibhne.

Tá brón orm nach bhfuil aon trácht ann fós faoi Fhundúireacht na mBlascaod, agus ós rud é go bhfuil thart ar £300,000 nach bhfuil curtha amach go fóill, mholfainn don Aire go gcuirfí cuid mhaith de siúd ar fáil do Fhundúireacht na mBlascaod, mar tá sé tábhachtach go gcoimeádfar na Blascaodaí faoi smacht, ní hé na tíre seo amháin ach faoi smacht mhuintir Chorca Dhuibhne. Tá sé an-tábhachtach ó thaobh staire agus ó thaobh cultúir de. Chomh maith leis sin, tá tracht ar theilifís nó ar chláir theilifíse as Gaeilge sa mhéid airgid atá curtha ar fáil. Mholfainn féin don Aire agus do na daoine a bheidh ag socrú na ceiste seo gur do sheirbhís teilifíse don Ghaeltacht a chuirfear an t-airgead sin ar fáil. Cé go dtaitneodh sé go mór liomsa go mbeadh cláir bhreise Ghaeilge ar aon chaighdeán leis na cláir atá ar siúl faoi láthair — agus caithfidh mé a rá go bhfuil feabhas tagtha ar chaighdeán na gclár Gaeilge atá ar siúl ar RTE agus gur maith é go bhfuil cláir theilifíse as Gaeilge ar RTE gach oiche sa tseachtain anois agus go leathnófaí an méid sin — tá gá mór ann, agus is iad muintir na Gaeltachta na daoine a bhfuil aithne agam orthú is mó a deir seo liom, do sheirbhís teilifíse don Ghaeltacht má tá an Ghaeilge le coimeád beo sna Gaeltachtaí.

Tá meas mór agam do mhuintir na Gaeltachta go bhfuil an teanga chomh láidir sin is atá sna Gaeltachtaí, in ainneoin an bhrú atá ar mhuintir na Gaeltachta ón mBéarla agus ó na meáin chumarsáide agus óna lán rudaí mar sin. Fad is atá aithne agamsa ar Ghaeltacht Chorca Dhuibhne le cúig bliana déag nó mar sin is iontach an rud é cé chomh láidir is atá an teanga anois in ainneoin an méid atá tar éis tarlú ó thaobh na himirce agus ó thaobh na turasóireachta agus gach rud. Tá an Ghaeilge go hanláidir. Tá aithne agamsa ar Ghaeltacht Chonamara, cé go bhfuil athruithe tagtha sa dá Ghaeltacht is iontach an rud é go bhfuil an méid sin Gaeilge ann go fóill. Is iontach an rud é, agus is iontach an rud atá déanta ag muintir na Gaeltachta go bhfuil an teanga beo fós, mar tá brú anláidir orthu agus d'fhéadfaí géilleadh dó agus is iontach an rud nach bhfuil muintir na Gaeltachta tar éis géilleadh don bhrú atá orthu.

Rud a chuireann díomá orm, nach bhfuil aon trácht sa mhéid atá ráite faoi Bhord na Gaeilge go bhfuil airgead ag dul do Bhord na Gaeilge on gCrannchur Náisiúnta. Tá a lán ráflaí ag dul timpeall faoi thodhchaí Bhord na Gaeilge nó cad atá i ndán do Bhord na Gaeilge, agus bheinn thar a bheith sásta dá mbeadh duine éigin idir an Aire agus an Taoiseach ag cinntiú dúinn an mbeidh Bord na Gaeilge againn as seo amach, nó an bhfuil sé ar intinn ag an Rialtas rud éigin a dhéanamh le Bhord na Gaeilge, é a chur ar scor nó Bord na Gaeilge a dhúnadh nó athrú bunúsach a dhéanamh faoi Bhord na Gaeilge. Tá mé amhrasach, ós rud é nach raibh aon trácht air, go bhfuil rud éigin i gceist do Bhord na Gaeilge nach bhfuil fógraithe fós. Chuirfinn fáilte roimh a thuilleadh eolais ón Aire faoi sin.

Tá cúpla ceist eile agam faoin airgead atá fógraithe. Tá airgead curtha ar fáil do na scoileanna lán-Ghaeilge, ach níl sé soiléir cad atá le déanamh leis an airgead sin. Níl sé soiléir ón méid atá ráite ag an Aire nó ó phíosa beag sna nuachtáin a léamh, níl sé soiléir cad a dhéanfar leis an airgead sin nó cad atá i gceist. An i gcóir taighde nói gcóir chúrsaí riaracháin an t-airgead sin nó cad atá i gceist ag an Aire dhéanfaí leis an airgead sin? Caithfidh mé a rá go gcuireann gach éinne fáilte roimh an méid airgid atá curtha ar fáil don Ghaeilge agus don Ghaeltacht ón gCrannchur Náisiúnta. Beidh mé ag súil go mbeidh, b'fhéidir, a thuilleadh airgid ag teacht as seo amach. Beidh cuid mhaith airgid ag teacht don Stát ón gCrannchur Náisiúnta.

Is fiúntach an rud é cuid den airgead sin a chur ar fáil don Ghaeilge agus don Ghaeltacht, go speisialta do mhuintir na Gaeltachta. Tá an-meas agam ar mhuintir na Gaeltachta. Tá a fhios agam na míbhuntáistí atá ar dhaoine atá ina gcónaí, dá bhféadfainn é sin a rá, in áiteanna atá go fíor-iargúlta, nach bhfuil infrastructure dóthaineach acu in aon chor, go bhfuil míbhuntáiste acu ó thaobh tionsclaíochta agus a lán rudaí. Ós rud é go bhfuil siad ann, go bhfuil siad sásta cloí bheith ann agus go bhfuil siad sásta cloí leis an teanga, ba chóir go gcabhrófaí leo. Is ceann de na mionlaigh is tábhachtaí sa tír anois iad muintir na Gaeltachta, agus ó thaobh forbartha cultúrtha agus forbartha pobail is cóir as seo amach, má tá cuid mhaith airgid le teacht ón gCrannchur Náisiúnta, go gcuirfí an t-airgead sin ar fáil go speisialta do mhuintir na Gaeltachta, mar is ó mhuintir na Gaeltachta, i mo thuairim, a thiocfaidh bás nó beatha na teanga. Agus má fhanann an teanga beo sna Gaeltachtai beidh sí beo sa tír. Má chailltear an teanga sna Gaeltachtaí is deacair a chreidiúint go mbeidh aon teanga sa tír seo in aon chor.

Mar sin, cuirim fáilte roimh an méid airgid, cuirim fáilte chomh maith roimh gur úsáid an Rialtais an t-airgead go léir ón gCrannachur Náisiúnta sna slite inar úsáidigh siad é. Níor cuireadh isteach sa "national kitty" é ach úsáideadh an t-airgead faoi mar a moladh dúinn, a dúradh linn, go n-úsáidfí é. Mar sin, cuirim fáilte roimh an méid atá ráite ag an Aire agus féachaim chuig na blianta atá romhainn lena thuilleadh airgid a bheith curtha ar fáil. Tá brón orm faoin "stumbling Irish". Níl mo chuid Gaeilge chomh maith le mo chuid Béarla. Dá mba rud é go gcaithfinn níos mó ama i dteannta an tSeanadóra Fitzgerald thiocfadh feabhas air sin.

Ba mhaith liom ar dtús céad míle fáilte a chur roimh an Aire Stáit ag Roinn na Gaeltachta, An Teachta Denis Gallagher, agus ba mhaith liom comhghairdeas a dhéanamh leis na Seanadóirí go léir istigh sa Teach so inniu a rinne a ndícheall chun an Ghaeilge a úsáid agus d'éirigh go hiontach ar fad leo.

Is cúis mhór áthais dom an deis seo a ghlacadh, chun labhairt inniu faoin rún tábhachtach seo atá ós comhair an Tí ar an lá fíor-thábhachtach seo — Lá na Gaeilge. Ar ndóigh, is mór agamsa bheith anseo chomh maith, chun labhairt mar Chathaoirleach ar an gComhchoiste don Ghaeilge agus tá sé tráthúil go bhfuil an deis seo agam chun cur síos gairid a thabhairt don Teach ar obair an Chomhchoiste agus cad atá beartaithe againn a dhéanamh amach seo. Beidh mé ag déanamh tagairt dó sin ar ball beag, ach i dtús báire ba mhaith liom cúpla rud a rá faoi Lá na Gaeilge agus ansin faoin gCrannchur Náisiúnta.

Anuraidh don chéad uair riamh, ainmníodh lá speisialta mar Lá na Gaeilge, d'fhonn deis a thabhairt ach go háirithe do lucht na seirbhíse poiblí, chun an méid Gaeilge a bhí acu a úsáid. Tuigim gur éirigh go han-mhaith leis an lá sin agus is cúis áthais dom gur shocraigh an tAire Airgeadais go ndéanfaí an rud céanna arís i mbliana. Tá sé fíor-thábhachtach go mbeadh an fhoireann ar fáil i Ranna agus in Engrais Stáit chun plé a dhéanamh le daoine i nGaeilge, agus tugann an lá speisialta seo deis ar leith dóibh siúd atá ag iarraidh a gcuid Gaeilge a fheabhsú nó a chleachtadh, chun gnó a dhéanamh le custaiméirí an Stáit. Cuireann an easpa seirbhísí atá ar fáil ón Stát trí Ghaeilge isteach ar go leor daoine agus caithfear fáilte a chur roimh aon bheart a déantar chun teacht trasna ar na fadhbanna atá ann. Tá sé seo fíor i gcás na Gaeltachta ach go háirithe — faoi mar is eol go maith dom féin, agus do Chomhaltai eile den Teach seo — arb as an nGaeltacht iad. Is aonad ar leith í an Ghaeltacht agus má tá an teanga chun maireachtáil agus chun dul i dtreis inti caithfidh an Stát céimeanna ar leith a ghlacadh d'fhonn a chinntiú nach bhfuil na Ranna agus na heagrais faoina scáth ag brú an Béarla ar an bpobal inti — rud atá ag tárlú le fada, faraor.

Tá na mílte daoine san earnáil poiblí agus tá roinnt Gaeilge — cúpla focal, fiú — ag beagnach gach duine díobh. Ar an dtaobh eile den scéal tá daoine ann a bhfuil togha na Gaeilge acu agus tá súil agam go ndéanfaidh gach duine iarracht chun an méid Gaeilge atá acu — bíodh sí láidir, measartha nó lag — a úsáid inniu, ina gcuid gnó agus ina gcaidrimh sóisialta. Ceapann daoine áiri-the nach bhfuil an Ghaeilge go maith acu agus bíonn siad náirithe triail a bhaint as cúpla focal nó cúpla abairt. Is trua go mór gurb amhlaidh an scéal mar, ar deireadh thiar, is comhbhádóirí muid uile — is cuma cén cumas Gaeilge atá againn — atá ag saothrú ar mhaithe le cur chun cinn na teanga. Caithfidh na daoine a bhfuil an Ghaeilge ar a dtoil acu, iarracht ar leith a dhéanamh, chun teacht i gcabhair orthu siúd nach bhfuil líofa inti d'fhonn iad a mhealladh ar thaobh na teanga. Go minic, foraor, is í a mhalairt a bhíonn fíor agus cuirtear olc go deo ar dhaoine, a mbeadh meas acu ar an dteanga, trí easpa tuisceana agus easpa cineáltachta.

Níos luaithe rinne mé tagairt do Lá na Gaeilge anuraidh agus cé chomh maith agus a d'éirigh leis. Rinne mé roinnt taighde nuair a bhí mé ag ullmhú don díospóireacht seo faoi chonas a d'éirigh le cur chun cinn na teanga i dTithe an Oireachtas ar an lá sin, agus caithfidh mé a rá gur éirigh go han-mhaith leis. Ar slite áirithe níor chuir sé sin iontas orm toisc gurb eol dom féin go bhfuil an Ghaeilge ar a dtoil ag an lán Comhaltaí den Teach seo agus den Dáil. Rinneadh a lán plé sa Dáil ar ábhair éagsúla trí Ghaeilge ar an lá sin agus rinne coistí Oireachtais a bhí ag teacht le chéile iarrachtaí ar leith chun roinnt Gaeilge a úsáid ina gcuid imeachtaí. Tá súil agam nach dtógfar orm é má luaim go speisialta an tionól den Teach seo ar an lá sin chun tuarascálacha an Chomhchoiste don Ghaeilge a phlé. An Comhchoiste féin a rinne an moladh sin, agus is léier gur éirigh go han-mhaith leis. Ar ndóigh, bhí páirt lárnach ag an Teachta Denis Gallagher, a bhí mar Chathaoirleach ar an gComhchoiste san obair sin agus cuireann sé an-áthas orm go bhfuil sé linn inniu mar Aire Stáit ag Roinn na Gaeltachta, chun éisteacht a thabhairt don díospóireacht seo. Níl amhras orm ach go n-éireoidh go han-mhaith leis an bhfeachtas arís i mbliana i dTithe an Oireachtais. Tá sé tábhachtach go dtabharfaidh na Comhaltaí den Teach seo agus den Dáil dea-shampla do phobal na tíre faoin nGaeilge agus tugann an lá speisialta seo deis dúinn chun é sin a dhéanamh.

Before I proceed to speak about the motion before us here today I would like to say a few words about Lá na Gaeilge, particularly for the benefit of those present whose Irish may be a little rusty. It is on occasions such as this that one becomes acutely aware of the lack of a suitable interpretation or simultaneous translation system in this House, and I hope that this difficulty will be overcome when the refurbishment works on the Seanad Chamber are completed.

Lá na Gaeilge is an excellent idea because it gives a chance to everyone to use whatever Irish they have. Some of us who are fluent in the language may, on occasion, take that for granted, and be less than understanding and considerate to those who are not. Some of us may do this quite unknowingly and innocently but our actions cause untold damage to the cause of the Irish language and people who would otherwise be favourably disposed are alienated forever. Therefore, let us realise that the Irish language belongs to us all. It does not belong to any elite group, as is often perceived and the person with a little Irish should be encouraged to use whatever amount he or she has as frequently as possible. Is ar scáth a chéile a mhaireann na daoine, the proverb states, and we must put this into practice if Irish is to have the chance it deserves.

This debate gives Members of this House a valuable opportunity to use their Irish and I am sure that they will avail of it. Needless to say, the eyes of the country will be focused on this House and on the Dáil today, to see if we are practising what we preach in relation to Irish. This is no bad thing as the people look to their elected representatives for a lead on many issues. We should, therefore, avail of the opportunity presented today to show them that Irish has a prominent place in this House and in the Dáil and that we will provide the leadership which they seek on this question.

Ba mhaith liom dul ar aghaidh anois agus píosa cainte a dhéanamh faoin gCrannchur Náisiúnta, agus an tionchar a bheidh aige ar an nGaeilge agus ar shaol na tíre i gcoitinne san am atá romhainn. Nuair a cuireadh an Crannchur ar bun i dtosach bhíomar go léir ag súil leis go n-éireodh go maith leis d'fhonn leas na tíre i gcoitinne a chur chun cinn. Ní dóigh liom go raibh aon duine ag súil leis an toradh iontach a bhí ar an gcrannchur ach b'shin mar a thit sé amach, agus tá go leor airgid ar fáil chun tograí fiúntacha a chur i gcrích. Beidh réimse leathan tograí ag fáil cúnaimh ón gcrannchur, ar mhaithe le cúrsaí spóirt, cúrsaí sláinte, cúrsaí cultúrtha agus, ar ndóigh, cúrsaí na Gaeilge. Anuas ar an réimse leathan ábhar a bheidh ag fáil cúnaimh, beidh an t-airgead á dháileadh i ngach cearn den tír agus is maith an rud é sin don phobal i gcoitinne.

Luaigh mé go mbeidh a lán tograí fiúntacha ag fáil airgid ón gcrannchur, agus tá an-áthas orm go mbeidh luach £4 mhilliún ar fad de thograí á chur i gcrích ar mhaithe leis an nGaeilge. Is suim anfhiúntach é sin ag am ar bith ach le cúrsaí mar atá faoi láthair caithfear fáilte ar leith a chur roimhe — rud a dhéanaim go fonnmhar. Is ábhar dóchais dúinn uile an caiteachas seo ar mhaithe leis an nGaeilge agus creidim gurb é seo an gaisce is mó a rinneadh ina taobh le fada an lá. Níl amhras orm ach go bhfáilteofar roimh an airgead seo ó chuile thaobh mar tá éagsúlacht sna tograí atá ainmnithe; léiríonn siad neart samhlaíochta agus beidh siad tarraingteach do dhaoine de gach saghas a bhfuil suim acu sa Ghaeilge. Tá rúdaí ann dóibh siúd atá ar bheagán Gaeilge agus dóibh siúd atá líofa sa teanga agus tá meascán maith déanta idir tograí a bheidh ag freastal ar phobal na Gaeilge sa tír i gcoitinne agus ar phobal na Gaeltachta.

Bhí sé mar aidhm ón tús airgead ón gCrannchur a dhíriú i dtreo i dtreo tograí nua nach mbeifí in ann freastal orthu sa ghnáth bhealach. Sin atá beartaithe i gcás an airgid don Ghaeilge agus cuireann sé áthas ar leith orm go bhfuil roinnt tograí suimiúla — nár cuireadh i gcrích ná nár baineadh triail astu cheana — ar an liosta atá ceadaithe. Léiríonn sé sin an saghas samhlaíochta atá riachtanach chun dul chun cinn a dhéanamh ó thaobh na Gaeilge de. Tá sé fíor, gan amhras, go bhfulimid coimeádach mar chine agus go bhfuil sé sin fíor ach go háirithe i dtaobh na Gaeilge. Is iomaí deis a ghabh tharainn nach rabhamar sásta a thapú agus is í an Ghaeilge a bhí thíos leis ar deireadh. Leis na tograí úra seo b'fhéidir go bhfuil an ré sin thart anois agus go bhfuil ré nua buailte linn — tá súil agam go mbeidh an scéal amhlaidh.

It gives me great pleasure to support this motion today and it is very fitting that Seanad Éireann wishes to record formally its welcome for the moneys provided from the proceeds of the national lottery for the benefit of the Irish language, on Lá na Gaeilge. I am confident that the major advance for the Irish language, heralded by the announcement of £4 million worth of projects, will come to fruition before long. The sanctioning of this money will give the language a great boost which it badly needs and one of the best things about this, in my view, is that the new projects which have never been attempted before are now being tackled. For far too long we have been reluctant to step outside fairly narrowly-defined limits in relation to the Irish language and because of this many excellent opportunities for its promotion were lost. My own wish is that this will no longer be the case and that this new era being heralded in will lead to a greater openness and opportunism in relation to the promotion of the language in the years to come.

Ceithre mhilliún punt ar fad atá le caitheamh ar 16 thograí atá ainmnithe móide tograí ilghnéitheacha ar mhaithe leis an nGaeilge agus teastaíonn uaim tagairt a dhéanamh do chúpla cheann dóibh siúd ina dhiaidh seo. Níl i gceist agam ach na cinn is tábhachtaí, i mo thuairim, a lua agus roinnt smaointí atá agam a nochtadh ina leith.

Feictear dom go bhfuil beartaithe milliún punt a chaitheamh ar mhaithe le haonad Gaeilge a bhunú in Ollscoil na Gaillimhe. Glacaim leis gurb é a bheidh anseo ná aonad ar leith de chuid na hOllscoile ina mbeidh na hábhair go léir á múineadh trí mheán na Gaeilge, ina mbeidh áiseanna ilghnéitheacha den scoth ar fáil don fhoireann agus do na mic léinn agus ar a mbeidh mic léinn, a bhfuil suim acu sa Ghaeilge agus ina cur chun cinn, ag freastal. Tá sé éasca go leor a shamhlú cén maitheas don Ghaeilge a thiocfadh as a leithéid sa ghearr agus san fhad téarma. Níl amhras ar bith orm ach go bhfuil aonad mar seo fíor-riachtanach mar, de réir mar a thuigim, tá sé deacair go leor cúrsa oideachais ag an tríú leibhéal a dhéanamh trí Ghaeilge. Má éiríonn leis an togra seo — agus bheinn an-dóchasach go n-éireoidh thar barr leis — b'fhéidir go bhféadfaí an rud céanna a dhéanamh in Ollscoil eile, anseo i mBaile Átha Cliath nó ó dheas. Bunaithe ar thaithí na Gaillimhe bheadh ciall lena leithéid agus neartódh sé staid na Gaeilge tuilleadh ar fud na tíre.

Ó mo thaithí pearsanta mar fhear Gaeltachta is eol dom go maith an sár-obair atá déanta ag na coláistí samhraidh chun an Ghaeilge agus grá don teanga a chur chun cinn i measc aos óg na tíre. Déanann na mílte daltaí freastal ar na coláistí samhraidh sa Ghaeltacht — agus lasmuigh di i gcoláistí cónaithe áirithe, de réir mar a thuigim — ar feadh trí nó cheithre seachtain gach bliain ach ní bhíonn an deis acu ina dhiaidh sin chun an méid Gaeilge a fhoglaimíonn siad a chleachtadh nó a fheabhsú. Is laige mhór í sin sa chóras agus is trua go mór é. Tuigim go mbíodh scéim iar-chúram nó iar-aire á reachtáil ag Cumann na bhFiann in áiteanna roghnaithe ar fud na tíre ar mhaithe go príomha lena ndaltaí féin agus go raibh ag éirí go han-mhaith leí. Bhí fonn orthu an scéim a leathnú amach ach ní raibh ar a gcumas é sin a dhéanamh ceal airgid. Nach iontach mar sin go raibh an t-airgead ón gcrannchur ar fáil chun teach i gcabhair ar thogra chomh fiúntach leis seo. Creidim féin go ndéanfaidh an caiteachas i gceist — céad caoga míle punt — an-mhaitheas ar fad don teanga agus go mbeidh sé ina chabhair shuntasach chun daoine óga a mhealladh ar thaobh na teanga. Is infheistíocht san óige an t-airgead seo, agus sílim go mbeidh toradh an-fiúntach ar an gcaiteachas.

Cé go bhfuil léirithe ag suirbhéanna atá curtha i gcrích le blianta beaga anuas go bhfuil mórlach de phobal na tíre báúil don Ghaeilge níl móran dul chun cinn déanta maidir lena hathbheochan go dtí seo. Ní maith liom a cheapadh gur easpa suime is cúis leis seo, agus b'fhearr liom bheith in ann a rá gurb iad easpa tuisceana agus easpa eolais na deacrachtaí atá i gceist. Sílim go bhfuil bunús maith leis an tuairim seo agus chuige sin fáiltím roimh an togra chun feachtas fógraíochta a chur ar bun ar mhaithe leis an nGaeilge. Bheinn ag súil leis gur feachtas proifisiúnta a bheidh ann, chun daoine a chur ar an eolas faoin nGaeilge, chun a mhíniú dóibh an tábhacht a bhaineann leis an nGaeilge, idir chaomhnú agus chur chun cinn, agus chun iad a spreagadh d'fhonn an méid Gaeilge atá acu a úsáid oiread agus is féidir. Cé go gcaithfear pobal na tíre i gcoitinne a spreagadh ó thaobh na Gaeilge de san fheachtas atá beartaithe creidim féin nach mbeidh an rath i ndán dó mura n-éiríonn leis aos óg na tíre a mhealladh chun na teanga. Mol an óige agus tiocfaidh sé, a deir an seanfhocal agus tá bunús leis an méid sin sa chás áirithe seo, mar, má táimid chun an Ghaeilge a shlánú, caithfimid braith ar aos óg na tíre chun é a dhéanamh.

An togra fógraithe ina bhfuil an suim is mó léirithe ag an bpobal ann ná an leath mhilliún punt i ndáil le teilifís Ghaeilge nó Ghaeltachta. Tá suim ar leith agam féin — agus ag comhaltaí eile den Chomhchoiste don Ghaeilge — sa cheist seo agus is mithid aghaidh a thabhairt uirthi i mo thuairim. Ní léir ag an bpointe seo cad go díreach atá beartaithe don airgead sin, agus caithfear bheith an-cúramach nuair a bheidh sé á dháileadh lena chinntiú go bhfaighfear an toradh is fiúntaí air. B'fhearr liom féin go ndéanfaí iarracht chun díriú ar sheirbhís theilifíse don Ghaeltacht mar tá a leithéid fíor-riachtanach sa lá atá inniu ann. Tá sár-obair déanta ag Raidió na Gaeltachta ó bunaíodh é agus tá cruthaithe aige go bhfuil éileamh ar sheirbhís phroifisiúnta mar í ar fud na Gaeltachta. Is leathnú nádúrtha ar sheirbhís raidió é seirbhís theilifíse, ach caithfidh a leithéid bheith tarraingteach don phobal. Mura mbeidh an scéim phíolóta atá beartaithe amhlaidh, ní bheidh meas ag an bpobal uirthi agus ní bheidh an rath i ndán di. Sin í an chúis go ndeirim go gcaithfear bheith cúramach faoin scéim seo, agus táim dóchasach go dtabharfaidh an tAire Stáit agus an Taoiseach suntas don phointe sin nuair a bheidh siad ag scrúdú an togra ina iomlán ar ball.

Caithfidh mé a rá go gcuireann sé an-áthas orm go bhfuil seacht gcéad míle punt le cur ar fáil do Shiamsa Tíre. Is eol dom féin go maith an dea-obair atá déanta sa bhaile agus ar fud an domhain ag Siamsa Tíre, chun an Ghaeilge agus an cultúr Gaelach a chur chun cinn agus tá sampla iontach tugtha acu dúinn uile. Cabhróidh an t-airgead seo leo chun a gcuid áiseanna a fhorbairt agus chun a dheimhniú go mbeidh amharclann tarraingteach den scoth ar fáil dóibh. Tá cúpla rud faoi Shiamsa Tíre a thaithníonn liom féin ach go háirithe agus is iad sin líon na ndaoine atá páirteach sna himeachtaí, ar bhonn deonach agus líon na ndaoine óga atá páirteach. Thosaigh Siamsa ar scála beag ach tá forbairt iontach tagtha ar a chuid imeachtaí agus cabhróidh an t-airgead seo leis chun leathnú amach tuilleadh.

Mar fhear a rugadh i gCorca Dhuibhne fearaim fáilte ar leith roimh an daichead míle punt atá le tabhairt d'Oidhreacht Chorca Dhuibhne. Is í leithinis Chorca Dhuibhne ceann de na háiteanna is saibhre in Éireann ó thaobh na seandálaíochta agus na hoidhreachta de agus tá a lán oibre curtha i gcrích sa cheantar le blianta beaga anuas chun cur leis an saibhreas sin. Tuigim gurb é atá i gceist anseo ná eolas a chur ar fáil do phobal na leithinise, agus do thurasóirí, faoi oidhreacht an cheantair agus go mbeidh fístéipeanna ar taispeáint agus seimineáir agus léachtanna á reachtáil i hallaí agus in aonaid áitiúla. Tá sé tábhachtach go dtuigfí an tábhacht a bhaineann leis na cúrsaí seo, agus molaim Oidhreacht Chorca Dhuibhne ina gcuid imeachtaí.

Fhaid is atáim ag caint faoi cheantar Chorca Dhuibhne ní fhéadfainn an deis a ligint tharam chun cúpla focal a rá faoin dea-obair atá ar siúl ag Fondúireacht an Bhlascaoid chun an Bhlascaod Mhór a cheannach ar mhaithe le muintir na hÉireann. Tá clú agus cáil ar an oileán sin de dheasca na scríobhneoirí tábhachtacha a bhíodh ina gcónaí ann — a leithéidí Tomás Ó Criomhthainn, Peig Sayers, Muiris Ó Súilleabháin agus daoine eile. Thug na scríobhneoirí sin cuntas ar shaol atá imithe anois agus faoi mar a dúirt An t-Oileánach é féin, "ní bheidh ár leithéid arís ann". Aithnítear an tábhacht a bhaineann le leabhair na ndaoine sin ar fud an domhain agus tá sé fíor-riachtanach mar sin go gcoimeádfaí an t-oileán, inar mhair siad agus inar scríobh siad, don na glúinte atá le teacht. Sin é an saghas oibre atá ar siúl ag an bhFondúireacht agus molaim iad dá réir.

O thús na hóraide seo tá béim leagtha agam ar an tábhacht a bhaineann leis an aos óg ó thaobh na Gaeilge de. Cuireann sé áthas orm mar sin a fheiceáil go bhfuil beartaithe céad is a caoga míle punt a chaitheamh ar mhaithe le scoileanna lán-Ghaeilge. Tá líon na scoileanna seo ag dul i méid an t-am ar fad, agus is rud andearfach é sin ó thaobh na teanga de. Ceann de na rudaí is dóchasaí faoi seo ná go bhfuil an t-éileamh ar oideachas trí Ghaeilge ag teacht ó na tuismitheoirí. Leis an scéal amhlaidh níl amhras orm ach go mbeidh an t-airgead atá á chur ar fáil ón gcrannchur ina chabhair an-mhór do na scoileanna atá i gceist agus go mbainfear lán-tairbhe as.

Agus mé ag caint faoin nGaeilge sa chóras oideachais caithfidh mé a rá — agus is rud pearsanta é seo — go gcuireann sé iontas orm go dtagann daltaí tríd an gcóras sin agus i bhformhór mhór na gcásanna níl siad in ann abairt iomlán trí Ghaeilge a labhairt. B'fhéidir go mbíonn cuid mhaith acu cumasach i léamh agus i scríobh na teanga ach ní féidir leo í a labhairt agus, faoi mar a deir an seanfhocal, "is beatha teanga í a labhairt". Caithfidh go bhfuil locht éigin bunúsach ar an gcóras oideachais nuair atá an scéal amhlaidh. Leagaim béim ar na focail "córas oideachais" lena chinntiú nach mbeidh aon mhí-thuiscintí amach anseo. Is é an córas atá lochtach agus ní na múinteoirí, ní na daltaí agus ní na tuismitheoirí is cúis leis. Tá gá le gníomh dearfach faoin gceist seo go han-luath má táimid chun dul chun cinn d'aon saghas a dhéanamh i dtaobh na Gaeilge.

I mentioned earlier that the moneys available from the national lottery will give a much needed boost to the Irish language. My reasons for this are best illustrated by reference to the list of projects sanctioned for assistance. The Irish Language Centre for University College Galway, will be of major significance because at present the number and range of third level courses available through Irish are limited. This should not be the case. Hopefully this new centre will help to remedy this problem and lead perhaps to the establishment of similar centres in years to come on other campuses. I am glad to see also that money is being made available to assist all-Irish schools. These have enjoyed a truly magnificent rate of growth in recent years and their impact on the language and its development outside the Gaeltacht, in particular, has been, and I have no doubt will continue to be, extremely significant.

It is important to make the public more aware of the importance of Irish and to that end the proposed advertising campaign is to be welcomed. Also the proposed television project seems to have caught the imagination of the public and such a development can only be a good thing. However, great care must be taken in selecting the format for the proposed television project to get a result which will be attractive to viewers. If the package is not attractive to viewers it will fail and much valuable ground could be lost. This would be a shame and I urge the Minister and the Taoiseach to exercise great care in their deliberations on this issue.

Mar fhocal scoir, ba mhaith liom, ar an lá speisialta seo, cúpla focal a rá faoina bhfuil ar siúl ag an gComhchoiste don Ghaeilge. I dtús báire is mian liom go pearsanta tréaslú leis na comhaltaí den chomhchoiste a bhí ag feidhmiú romhainn as ucht na hoibre a chuir siad i gcrích. Cuireann sé áthas ar leith orm an méid sin a chur ar thaifead an Tí seo nuair atá an tAire Stáit inár dteannta, os rud é gurb eisean a bhí mar Chathaoirleach ar an gcomhchoiste sin.

D'fhoilsigh an comhchoiste a bhí ag feidhmiú romhainn trí thuarascáil agus is cúis áthais dom gur pléadh iad go léir sa Teach seo. Is trua liom nár pléadh aon cheann díobh sa Dáil ach tá iarrtha againn le tamall ar an bPríomh Aoire Rialtais go bpléifí iad a luaithe is féidir. Glacaim leis go dtacódh an tAire Stáit leis an iarratas sin agus tá súil agam go dtógfaidh sé an cheist leis an bPríomh Aoire. Ar ndóigh, tá an comhchoiste féin ag ullmhú tuarascáil faoi láthair i ndáil le staid na Gaeilge i dTithe an Oireachtais agus tá súil agam go mbeidh sí réidh roimh an Nollaig, más féidir, nó go luath i 1988 ar a dhéanaí. Tuarascáil thábhachtach a bheidh inti inár dtuairim agus nuair a bheidh sí foilsithe tá súil againn go mbeidh díospóireachtaí fiúntacha in a leith sa Teach seo agus sa Dáil. Is mithid a thabhairt le fios chomh maith, ag an bpointe seo, go mbeidh an comhchoiste ag lorg cead ón gCeann Comhairle agus uait féin, a Chathaoirligh, chun suirbhé a dhéanamh i measc na gComhaltaí den dá Theach i dtaobh na Gaeilge go luath amach anseo. Ní haon rud mór a bheidh sa suirbhé sin ach cabhróibh sé linn inár gcuid oibre má tá tuairim againn faoi chumas agus dearcadh na gComhaltaí i dtaobh na Gaeilge. San ath-bhliain tá beartaithe ag an gcomhchoiste tabhairt faoi cheist na fógraíochta — nó an easpa di, b'fhéidir — a déantar trí Ghaeilge.

Agus an méid sin ráite níl fágtha le déanamh agam anois ach fáiltiú arís roimh Lá na Gaeilge agus roimh an rún atá os ár gcomhair. Is lá stairiúil é seo ó thaobh na Gaeilge de agus tá súil agam nach mbeidh anseo ach tús. Molaim an rún go fonnmhar, a Chathaoirligh.

Ba mhaith liom fáilte a chur roimh an Aire, an Teachta Denis Gallagher, don Teach seo. Tá lá speisialta againn inniu, Lá na Gaeilge, agus is maith an rud é sin. Mar a dúirt an Seanadóir Fitzgerald, tá a lán daoine sa Seanad nach bhfuil ach beagán Gaeilge againn agus ní labhraíonn siad mar is dócha go bhfuil siad cúthaileach.

As Senator Fitzgerald said — and I was encouraged by this because he comes from a Gaeltacht area — the people in this House who have a little Irish should be encouraged to use it. Lá na Gaeilge should be used in that respect and the people who have a little Irish should make the effort to make some contribution in the House today as Gaeilge. I fit into that category so I will make an effort to say cúpla focal ar an tairiscint seo as Gaeilge.

Lá na Gaeilge — as Senator Fitzgerald so generously pointed out — should be geared more towards the Senators who have a little Irish rather than people who are native Irish speakers. That is the idea behind it. Senator Fitzgerald and any other Senators who are fluent Irish speakers should encourage people to use their Irish on a day like this.

Ba mhaith liom fáilte speisialta a chur roimh ar deontas £1 mhilliún a bheidh le fáil ón Chrannchur Náisiúnta ar mhaithe le aonad teanga i gColáiste Ollscoil na Gaillimhe. Tá clú agus cáil ar an gcoláiste suite in aice leis an ceantar Gaeltachta suite in aice leis an cheantar Gaeltachta is mó san tír, sin Conamara agus cuirim fáilte roimh an airgead seo. Cuirim fáilte chomh maith roimh an suim £220,000 do Thaibhdhearc na Gaillimhe. Tá sár obair déanta acu agus, mar a dúirt an tAire, tá siad ann ó 1938. Is maith an rud freisin go bhfuil £120,000 á chur ar fáil do scoileanna Gaeltachta — Voluntary Organisation of Teachers and Parents in Gaeltacht areas; agus £400,000 don feachtas fógraíochta ar an teilifís, ar an raidio agus sna páipéir.

I welcome the provision of £4 million for the promotion of the Irish language. The additional moneys are being used as was planned for the benefit of Irish and the Gaeltacht areas. As Senator Mac Gearailt said, we should welcome the fact that the money was not channelled into the general kitty but is being delivered as planned.

I encourage others to take the lead Senator Fitzgerald has given, to practise their Irish by using lá mar seo, Lá na Gaeilge, le cúpla focal a rá san áit seo.

It became apparent early this afternoon that a six months course in Irish in the Ballymoney College of Further Education had done little to prepare for me for Lá na Gaeilge. However, I hasten to add that this is no reflection on the wonderful teacher I was privileged to come in contact with during those six months. It is perhaps a reflection of the divided nature of this island and the way in which some of the people living in it feel threatened by the great tradition associated with the Gaelic language. I would like to put on record that my teacher, Gary Hastings, who was brought up in east Belfast, met the daughter of a native Irish speaker at the University of Ulster. He became so enamoured with the language that he took to it and, having a fine musical ear — he is a well known traditional musician — he picked it up perhaps with more facility than most of us and did a degree in it. He then did a post-graduate degree and wrote a study on the Lambeg Drum in the Irish language. He has done much to try to influence those of us who seek to rectify the fact we did not have the language in our up-bringing. I take this opportunity to pay a small tribute to him.

Irish is important for many reasons, particularly in the world in which we live in which individuality and the different expression of different peoples are in danger from the relentless onslaught of centralism. Difference and variety are essential for biological, sociological and psychological health. Because of our modern technology and because of the thinking which has gone into producing our over-centralised and highly specialised super technologically controlled societies, there is a grave danger that the variety which is required in the human species and the variety of expression that is required to reflect that, could be steamrolled out of existence.

In this respect I draw attention to a very sound ecological principle, one of the echo principles: the more complex and diverse the echo system, the more stable it is. In other words, stability in nature depends on the built-in myriad of self-regulating mechanisms where variety is the essence of health and survival. If variety is important for species of animal and plant life it surely also applies to human life. I re-emphasise the point which I am trying to stress: the centralism to which we are so subjected today may be a very subtle way of eroding that variety which is essential if we are to survive as a species.

In this century we have observed the destruction of many thousands of animal and plant species. We have also, alas, come to realise that along with these have gone many hundreds if not thousands of languages millennia old, languages which have been used in various parts of the world to reflect the history of a people and a way of looking at the world in a unique fashion. We destroy our minority languages — if you wish to look at them in that way — at our peril because those languages are a reflection of something which is very precious in our heritage, not only the heritage of the people who speak the individual language but also the heritage of humankind.

I have to develop this argument further and say that in relation to centralism on the one hand, and marginalisation on the other, language is undoubtedly a reflection of power. David Hammond of BBC, Northern Ireland, who has done so much to try to stiimulate an interest in traditional music, in art forms and in Irish — I always feel it is a Gaelic language and I will come back to that later — wrote to me once and said that language is an expression of power.

If we look at the development of the western world there is little doubt that at various times its affairs have been dominated by the controlling group who imposed their controlling language, Portuguese, Spanish, French and, latterly, English. That may have had at one time a very serious significance in relation to what I have been saying, but in today's world it becomes much more serious indeed because with super technology we can now project a form of language into the sitting rooms of many citizens on a nightly basis. It is, therefore, most encouraging to feel that at least in Ireland, and indeed in other parts of Europe, an attempt is now being made to redress that balance by ensuring that in the media an increasing place is given to preserving what is precious in our heritage, that special way of looking at the world which can be expressed uniquely in languages preserved from the remote past.

Some years ago I took my children, when they were very young, across the Minch from the west coast of Scotland to the outer Hebrides. It was the first time I had visited there, but certainly not the last. I told them before we got off the boat that I wanted them to listen carefully on the harbour because I thought I would not be disappointed. Of course, they thought the old fellow had once again taken leave of his senses, which perhaps was not surprising as we were all decidedly green in colour by the time we had crossed the Minch. We arrived on the harbour and it was not, as I had pointed out to one of them, the seagulls that I wanted them to listen to. All of a sudden they said: "Daddy, what language is that person speaking over there?" In fact, without any special article in any Constitution the people of the Western Hebrides were speaking their native Gaelic language. This is their first language and they spoke it naturally. They were proud and glad of their language. They communicated through it in their work and in their homes.

I asked myself what was it that preserved this language. What did the Minch do which the Irish Sea was unable to do? I suppose I had to conclude that people living in the Western Hebrides were perhaps less of a threat to the English people as they were developing over a number of centuries than those who lived on the western flank across the Irish Sea. Be that as it may, the point I am trying to emphasise is that if you go to Lewis and Harris you will find that over 90 per cent of the population — I am sure that is a conservative estimate — are Presbyterian like many of the people in Northern Ireland so that, in effect, we were listening to the language of our forebearers. Yet it is a language which not many Presbyterians in Northern Ireland speak today. It is a language which has certain threatening connotations for them. In that context I was delighted to hear Senators Fitzgerald and McCormack suggesting that we should try to encourage people who have not got the language, or who do not speak it with great facility, especially those who perhaps feel most resentful about the possibility of learning it. We must ensure, in a gentle way, that they realise they are being asked to take back what once belonged to them and what is as much part of their heritage as it is of yours.

The Gaelic language in particular provides a fascinating way of looking at the world. Without the language the old stories do not make an easy resonance in the reading. When you have taken a very short course you can read names, place names and references in such a way that the resonance is retained in your memory. With the language, our place names become alive, the very rocks and stones carry a message.

I remember so well some years ago at Cruit Island, off the Rosses in Donegal, when my two boys were taken out in a boat time after time by a man who had been brought up there, but who now lives in Dublin, and how they would come back and relate to me that every crack in the rocks, every point, every current had a special name which related to something that had taken place, or to the name of a person who had lived there. In fact, that small island suddenly became alive to them in a way it could not have if they had not been with a person who understood and spoke Irish and who could relate in such a personal way and so intimately to the natural world around which they were passing in the boat, day after day.

More important perhaps is the link with the past. Professor Donncha Ó Corrain of UCC was at a conference which I had the honour to chair in Stirling University this year dealing with the subject of Ireland and Scotland, their Gaelic traditions — similar but different. He made the point that a huge proportion of the genetic stock of these islands is, in fact, pre Indo-European, but we do not have the languages which connect us with the peoples who lived here before the Gaelic invasions. There are 250, I believe, symbolic pit stones. We have the old pit names, particularly prevalent in Scotland, the Ogham scripts and the King lists but the only thing that can connect the present with the remote past, the past from which we draw our ancient mythologies and history, is our Irish or Gaelic language.

While we are on that subject, let us not forget that the old Celtic language came to these islands in two forms, the Brythonic, which as I understand it is a less pure form, but which was spoken after the colonisation in Wales, Cornwall, and was spoken in Brittany, and at one time in England. The older and purer form of the language came up through Ireland and was eventually taken from the north eastern corner of Ireland across to Scotland and to the Isle of Man.

In that context Dalriada has a very special place in my interests. This summer in Ballymoney we entertained what were called the Viking surgeons, surgeons who practice in island communities or isolated communities from the west coast of Iceland down to Gibraltar. In order to honour the occasion I tried to study, in as far as a surgeon can study a historical topic, the story of Dalriada and how the old Uladh — which is now central Northern Ireland pushing down into Leinster and Donegal — related to the west coast of Scotland. It is a wonderful story. Fergus the son of Erk with his two brothers Loarne and Angus left Ballycastle at a place called Portbrittas, which is thought to be the present location of Seán Morton's fish business, in the year 507 to colonise what is now known as Argyle and part of the western islands. His brother Loarne settled in that part of Argyle which is still known as Loarne to this day. Fergus settled in the main part of Argyle and Angus went to the Isle of Islay. They brought with them the Gaelic language, and some of the old stories, the Lia Fáil, the Stone of Destiny. They also brought the name Scotti, which is Scotland. They gave to Scotland this language which is still spoken there as the first language by some 40,000 people. It is used daily.

I was delighted to listen to Irish here today because I was unaware there were so many people in the Seanad who spoke it so fluently. That in itself will be a stimulus, I am sure, to others throughout this land to take greater and a deeper iterest in the language and what it stands for. Let us not forget that in Africa today school children are having their tribal languages beaten out of them, in the same say as it was done in Ireland over 100 years ago. There is a need for a global language as well as local languages. In this day and age we must communicate globally. By having a language of our own we have a built-in antidote to what the global language can do, if it is associated with too much power. Language gives us a special identity. Variety is the spice of life. It is a pity that in the Constitution Irish is given a place which to my mind holds it up a bit to ridicule. Everyone knows that Irish is not, at present, the first language although there may be an aspiration to that end.

It will be a very useful boost to the language to have this money available for the projects that have been outlined. I would like the House to consider two suggestions as to how this money might be used, if not this year in subsequent years. First, in Northern Ireland schools have been established which are truly integrated and are trying to deal for the first time with the two traditions equally. Certain schools call themselves mixed schools but, in actual fact, they are usually liberal, orientated to the British tradition but not having a very secure place for the Irish tradition. In the integrated schools Irish is alive and flourishing. As a gesture we should provide scholarships. They need not necessarily be in the form of money, but in form of a course or a visit to some place of interest. Secondly, if you want to make the language come alive do not forget that Ulster Gaelic has much more affinity with Scots Gaelic than with Munster Gaelic. Therefore, let us not become so introspective that we forget this connection across the North Channel between those who speak what is called Gaelic there and those who speak Gaelic here. Perhaps that is the key to encouraging — and I use a word that has been used by two speakers today — those of us who live in Northern Ireland to take a greater and more abiding interest in this very precious part of our heritage, and movement between the Gaelic peoples of Scotland and Ireland, if you wish to use those terms. We should use this money to encourage that type of movement. Whether you like to hear it or not in this House, the Protestant people in Northern Ireland feel threatened by Irish. They feel, it is an expression of outrage, or of some advance into their territory by the rest of Ireland, instead of a language we should all be able to share, that gives us a new vigour as we look forward.

That great ship The Asgard came up to Iona when we were at the conference in Stirling and I wonder whether we could reward some young people or some school for their efforts in the promotion of Irish by giving a them a special trip on The Asgard.

In conclusion, let me say how much I welcome the support for the Gaelic language for the reasons I have outlined If people really feel for a language, they should realise how necessary it is to use it gently in order to engage the interest of those who have not got it. Perhaps people would take to it very quickly, as did my tutor, Mr. Gary Hastings whom I mentioned at the beginning of my address, once he had been given the opportunity to learn it. Go raibh míle maith agat.

Ba mhaith liom comhghairdeas a dhéanamh leis an Aire Stáit i Roinn na Gaeltachta, an Teachta Denis Gallagher, mar gheall ar an obair iontach a rinne sé chun an t-airgead seo a chur ar fáil le haghaidh na Gaeilge. Is iontach an rud é le rá ach is fear Gaeltachta é féin, fear mór ceoil, fear Gaelach é a bhfuil suim faoi leith aige sa Ghaeilge agus gach uile rud atá Gaelach. Tá seo le feiceáil go soiléir san tacaíocht a thug an Rialtas le roinnt blianta anuas. Caithfidh mé a rá go bhfuil an-áthas orm chomh maith is a rinne an t-iarthar, go mórmhór ceantar na Gaillimhe Thiar, maidir leis an gcéad rud sa cháipéis faoi Ollscoil na Gaillimhe. Tá mé ag ceapadh gur rud iontach é seo, ní amháin don ollscoil féin ach do mhuintir na Gaeltachta, mar tá a fhios agam go bhfuil baint mhór ag Ollscoil na Gaillimhe leis na ceantair Ghaeltachta maidir le Áras Uí Chadhain ar an gCeathrú Rua, áit a mbíonn cúrsaí Gaeilge go minic i rith na bliana, go mórmhór do dhaoine anseo i mBaile Átha Cliath sa Státseirbhís, agus cabhróidh an foirgneamh nua seo a mbeidh 20,000 troigh chearnach ann. Tá sé thar a bheith tábhachtach an cúnamh, agus tabharfaidh sé cúnamh do dhaoine atá sa Státseirbhís anseo atá ag iarraidh feabhas a chur ar a gcuid Gaeilge, daoine atá ag obair sna cúirteanna — agus rinneadh gearán anseo níos luaithe inniu maidir le téarmaíocht sna Billí. Tá mé cinnte go gcuirfidh a leithéidí seo ar fáil do na Státseirbhísigh an cineál eolais agus an cineál Gaeilge a theastaíonn uathu, agus dá bharr sin tá mé cinnte go gcuirfidh sé le fostaíocht ní amháin i gcathair na Gaillimhe ach i gceantair na Gaeltachta freisin.

Feicim anseo chomh maith go bhfuil tionchar mór arís ag an Aire, rud a raibh suim faoi leith aige féin ann, maidir le bunú theilifís na Gaeilge. Agus go deimhin, caithfidh mé a rá gur iontach an rud é gur cuireadh £500,000 ar fáil chun é seo a chur ar bhonn píolótach. Bheadh súil agam go mbunófaí é seo i gceantar Ghaeltacht Chonamara, an áit ar bunaíodh Raidió na Gaeltachta roinnt mhaith blianta ó shin, mar tá mé ag ceapadh go mbeadh sé níos éasca ar an Stát dá mbeadh Raidió na Gaeltachta agus Teilifís na Gaeltachta ag obair as láimh a chéile. Níor mhaith liom go bhfeicfí an £500,000 seo súite isteach an iomarca faoi sciathán RTÉ. Tá mé ag ceapadh má tá rud le poibliú go píolótach i gceantair na Gaeltachta, go gcaithfidh tionchar a bheith ag eagras éigin ann nó ag Údarás na Gaeltachta nó a leithéidí.

Tá go leor ráite faoi theilifís na Gaeltachta le roinnt blianta anuas, agus fuair muid meastachán le gairid ó RTÉ go gcosnódh sé £10 milliún a leithéid a chur ar fáil. Ach tá mise cinnte gur féidir a leithéid a chur ar fáil i bhfad níos saoire ná sin. Má thógann tú na ceantair Ghaeltachta féin, tá go leor foirgneamh nó monarchana ann, b'fhéidir, atá folamh, agus go bhféadfaí ceann nó péire acu seo a úsáid chun stiúideonna a chur ann, agus ar an mbealach sin go bhfágfadh sé nach mbeadh mórán airgid bhreise le cur ar fáil chun foirgneamh nua a thógáil. Gheall RTÉ i 1983 go mbeadh 20 faoin gcéad de na cláracha teilifíse as Gaeilge, agus níl sé sin tarlaithe ná dada mar é, cé go gcaithfidh mé a rá go dtáinig feabhas mór, nó roinnt feabhais, ar RTÉ go mórmhór le cuid de na cláracha atá ann ar nós "Cúrsaí" agus a leithéidí, ar RTÉ 2. Agus ar an mbealach sin is dócha gur maith ann an méid mar thosnú é. Feicim i ndeireadh na cáipéise go bhfuil roinnt airgid, £367,000, fágtha aige i leataobh le haghaidh, ní fheadar? Ba mhaith liom go mbeadh freagra ón Aire; is dócha nach bhfuil freagra ar bith aige féin fós cén chaoi a gcaithfear é.

Rud amháin a chuireann imní ormsa ná nach bhfuil aon pháipéar Gaeltachta ceart ann do mhuintir na Gaeltachta. Is mó News of the World as Londain atá á dhíol i Leitir Móir. Díoltar i bhfad níos mó díobh sin ná den pháipéar atá ann nó ceaptha bheith ann mar pháipéar Gaeilge. Mar sin, ba mhaith liom go scrúdódh an tAire é sin, mar tá mé cinnte go bhfuil rud éigin mícheart áit éigin faoi seo. Agus b'fhéidir go bhféadfadh leis feabhas a chur ar an scéal, fiú leis an bpáipéar atá ann faoi láthair, go bhféadfadh sé cuidiú le é a bheith ina pháipéar cúige. Ní hé an scéal céanna do mhuintir Dhún an nGall, muintir Chonamara, muintir Mhaigh Eo, muintir Phort Láirge, Chontae na Mí nó muintir Chiarraí nó muintir Chorcaí. Ach dá bhféadfaí a leithéid a chur isteach sa pháipéar, ar a laghad bheadh rud éigin le léamh air. Mar is é an rud atá ann, tá an brú isteach i gcónaí ar an nGaeltacht ag an mBéarla, agus tá mé ag ceapadh nach bhfuil an páipéar seo faoi láthair atá ann ag cuidiú leis an nGaeilge agus go mórmhór le muintir na Gaeltachta chun an Ghaeilge a chothú. Ba mhaith liom go mbreathnódh an tAire isteach ansin.

Nuair a bhí mé ag labhairt ar ball faoi theilifís na Gaeltachta labhair mé anseo cheana sa Seanad mar gheall ar Raidió na Gaeltachta, agus caithfidh mé a rá go bhfuil seirbhís iontach curtha ar fáil ag Raidió na Gaeltachta do mhuintir na Gaeltachta le blianta fada. Níl a fhios agam cén costas atá ag gabháil leis seo, ach de bharr na himirce atá ann lena cúig nó sé de bhlianta tá cuid mhór de na daoine óga imithe go Meiriceá agus imithe go Sasana. Má tá bealach ar bith, agus ba cheart go mbeadh muid in ann é seo a dhéanamh de bharr na ngléasanna nua-aimseartha atá ann, go bhféadfaí uair éigin iarracht a dhéanamh ar Raidió na Gaeltachta a leathniú isteach go Sasana agus go Meiriceá — tá mé ag ceapadh, má tá an Ghaeilge ag fáil bháis sa tír seo; tá mé ag rá "má tá"— ar a laghad an dream atá imithe, bheadh siad in ann an teanga a choimeád. Tá sé cruthaithe agamsa go minic go dtagann go leor acu ar ais as Sasana agus as Meiriceá agus Gaeilge thar barr ag na gasúir.

Tagaim ar ais go dtí an méid airgid a cuireadh ar fáil le haghaidh Thaibhdhearc na Gaillimhe, agus caithfidh mé a rá gurb iontach an rud é seo arís do mhuintir na Gaeltachta agus do mhuintir na Galltachta chomh maith céanna, mar tá an-obair déanta ag an Taibhdhearc le blianta fada agus is as a tháinig go leor de na haisteoirí iontacha atá ann sa tír seo, agus cuid acu imithe ar shlí na fírinne. Tá mé ag ceapadh gur rud fadtéarmach é seo a chuirfeas leis an teanga, mar is cinnte gur ceart a leithéid airgid a chaitheamh ar son na Gaeilge lena forbairt. Tá go leor airgid curtha ar fáil le haghaidh Shiamsa Tíre i dTrá Lí agus freisin le scéim, tá súil agam, a bheas ag muintir na n-oileán, a bheas ag cur leis seo, an £30,000 a chur ar fáil le haghaidh na mbunscoileanna, agus go mbeadh an scéim thar barr leis sin. Agus arís, is fiú an t-airgead sin a chaitheamh ar an gceantar agus a chaitheamh ar ghasúir óga agus an áit. Sin a bhfuil le rá agam, ach deirim arís, tá mé fíorbhuíoch den Aire mar gheall ar an suim faoi leith atá aige i gcúrsaí Gaeltachta agus i gcúrsaí na Gaeilge. Agus tá súil agam gur fada an lá a bheas sé linn.

Ba mhaith liom aontú leis an rún seo agus fáilte a chur roimh Lá na Gaeilge. Rud an-tábhachtach ar fad is ea ár dteanga dhúchais agus is cóir agus is ceart dúinn athbheochan na Gaeilge a chur chun cinn.

It is, therefore, with considerable pleasure that I welcome this motion and the good news that we have been hearing over the past few days that a considerable bulk of funds has been made available from the lottery to aid Irish enterprises. I believe this will have a very considerable and beneficial effect and it will help very much in the general revival programme in which we are all interested.

Unfortunately one has still got to talk about revival programmes despite the fact that they have been going on in one form or another for a very long time. However, as mentioned by many Senators today, if we could move on to a greater use of the language this in itself would be a major revival step. I believe that bilingualism is of considerable benefit to any society. I know bilingualism may not have a good record in this country. It is the case that in Gaeltacht areas the first step towards the destruction or non-use of a language in a given area is the creeping in of English through bilingualism and eventually the native language tends to disappear. Nevertheless, if we can get bilingualism, in other words a greater usage of Irish coming into everyday activity, this will help enormously.

I would like to make one point by way of a suggestion; I am sure an tAire has received many suggestions in one shape or another in the past and I am sure he will receive more in the future — but this suggestion concerns our place names. It is a fact that many of our place names are in the Irish language. In many cases due to the way they were recorded in the last century they are now practically useless. It is hardly necessary for me to point out cases of this but let us just take Roundstone. Roundstone is a totally meaningless name. It is Cloch na Rón. A surveyor at the time had not a notion as to what was being said to him, or he might just have managed to hear "cloch" and he could translate that into a stone. After that you get Roundstone. There is so much of this in our place names. I believe that the State and all of us should use these place names as a vehicle for projecting the language more than is being done.

In this connection, as the Minister is aware, we have An Coimisiún Logainmneacha. I am not certain as to how it is functioning at the moment. It is attached to the Ordnance Survey. Perhaps an tAire might at least inquire how viable An Coimisiún Logainmneacha is at the moment? My reason for asking this is that I have seen a welcome development with regard to maps. In a number of cases the names of towns are given in Irish as well as in English. This is a step that one must welcome. We must move even further. It is not enough to have Athlone in Irish as well as in English. We must move into the small villages and preferably even into the fields. There are many place names hidden away in the names of Irish fields. We could encourage local people to take an interest in their language by explaining to them the meanings of the names of these fields. I would like to see An Coimisiún Logainmneacha not only giving us Irish forms for villages or towns that may have post offices, for instance, but moving into the local fields, names of rocks, and so on, and, furthermore, on a wider issue of course, getting this material published and having it more readily available.

Our place names relect almost a certain absence of backbone or a lack of confidence in ourselves. I am sorry to have to say that. Within a few yards of where we are, we have the Westbury Hotel. In the suburbs we have the most ridiculous names ever, Shrewsbury Lawn and so on. Here we have our splendid native names which mean something to us. Shrewsbury Lawn in Dublin means nothing; neither does Westbury Hotel. We must utilise our place names and in this way we would be doing something for the Irish language.

However, having said all of that, I must compliment Governments over a number of years on making considerable funds available for the language. My own children have availed in the summer of the coláistí samhraidh to considerable avail and have benefited quite a lot from that. I would also like to see the coláistí samhraidh expand as much as possible bearing in mind that again it is in the local interest, whether this local interest originates in Dublin or in Connemara. Local interest is vitally important. I am not saying Governments should hand out money for this, that and the other. We must encourage the local people to do as much as they can. That has been a factor and an important feature of the coláistí samhraidh. The State is very generous in making scholarships available to the coláistí.

Taking up a point Senator Robb made today, I would like the Minister to consider the possibility, if proper organisation could be put in place, of scholarships being made available to pupils who might wish to study in, say, the Scottish Gaeltacht. In doing that we would be linking this Pan Gaelic culture. We would be looking at a broader front. We would be encouraging the development, the preservation of what is now, unfortunately, the last remnant of a vital language which was spoken over vast areas of Europe at one time.

As other Senators said, we must use television and radio much more than we do. They can have a tremendous impact. I and others benefited from the Irish programme of some years ago called "Anois is Arís" which did a very good job. I hope the Minister will again try to use his influence to have somewhat more time made available on television and radio. Incidentally, that will apply very much to what we now hear is going to be a great series of local radio. Unfortunately, when I turn on Radio Éireann 2 and, indeed, the other local radios, I have yet to hear one word of Irish spoken. I hear some good, quite interesting and most entertaining Irish music programmes. I am not listening to radio all around the clock but it is rather disturbing that not one of these pirate radio stations that I have tuned into from time to time, and certainly Radio Éireann 2, is making any programmes available in Irish.

The other encouraging aspect of the State's involvement over a number of years is making cheap publications readily available. I believe An Gúm and various other agencies have done a very good job here. We should all encourage this work to go ahead because, not only have we a language as such, but we also have an extraordinarily rich literature. The name of the Blasket Islands was mentioned today. We do not even have to go to those wonderful, heroic authors of the Blasket Islands. We can think of a vast number of authors in the Irish language who appeared even within this century. Not only have we the creative writers emerging but we also have the seanachaí, the great traditional learning which happily is also being made available to us, not only in the written word through An Coimisiún Bealoideas, but also with tapes. An tAire may know of the tapes recently made available from north Mayo which are a great pleasure to listen to. We have considerable goodwill. It is a question of trying to use and capture this goodwill so that at least if we cannot become a totally Irish speaking nation we will at least be bilingual.

Nuair a tháinig mé isteach chuig m'oifig maidin inné fuair mé litir on Aire Stáit ag an Roinn Airgeadais. The letter said:

A Sheanadóir,

Amárach Lá na Gaeilge. Tá sé an-tábhachtach go dtabharfaidh Tithe an Oireachtais dea-shampla maidir le úsáid na Gaeilge. Mar sin bheinn buíoch díot dá ndéanfá iarracht do chuid Gaeilge a labhairt amárach.

This is amárach and this is my iarracht. I am particularly pleased to support this motion because it is very important and worth supporting. I do not know how good my iarracht will be because nuair a bhí mé óg bhí neart Gaeilge agam ach tá sé uilig caillte anois because I suppose cosúil le most of the people around here tá sé caillte agam because I do not practise and if you do not practise, you will never get perfect. That is my fault and nobody else's. There are many people around here who wear a fáinne and there are those who have a few words like myself who would be willing to speak the language if they were approached. Perhaps this day will serve to promote this and prompt us to use a little more Irish.

Is cúis mhór áthais dom go bhfuair an Ghaeilge cabhair fhlaithiúil ón gCrannchur Náisiúnta. Is dea scéal é seo. Tá sé tabhachtach gach tacaíocht a thabhairt don teanga náisiúnta. Is maith an rud é go bhfuil an Crannchur Náisiúnta á úsáid sa tslí seo. Tá an dea-thoil ann i measc an phobail don Ghaeilge agus caithfimid an dea-thoil seo a aithint go hoifigiúil ar an raidio, ar an dteilifís, sa saol poiblí agus go mórmhór trí chabhair airgid ón Stát.

For that reason I welcome some of the proposals in this report. I am pleased to hear of the proposal to expend £1 million to provide a year-round physical facility to my old alma mater, Ollscoil na Gaillimhe. It is indeed important that our graduates should have a knowledge of their native language. This facility will, through the development of a modern Gaeltacht community, help to facilitate this.

I also welcome the provision of some £220,000 which will be used to improve facilities in Taibhdhearc na Gaillimhe. My wife Meave was for a number of years a member of the company of the Taibhdhearc and, having sat through many performances there, I can testify to the great work this theatre has done and is doing to foster a love of our native language. When you think of County Galway, with the Taibhdhearc and the Druid Theatre Company you realise they are paving a way in the world of theatre, and long may they succeed.

Bhí an-athás orm go raibh Comhaltas Ceoltóirí Éireann luaite i measc na ndeontas ón gCrannchur Naísiúnta. B'fhéidir nach raibh an deontas mór go leor nuair a smaoiníonn duine ar an gclár mór oibre atá acu, ní hé amháin i ngach contae in Éirinn ach thar lear fosta. Tá súil agam mar sin nuair a bhíonn seans ann arís go meadófar ar an gcabhair don Chomhaltas. Tá obair iontach ar siúl acu ar son ár gcultúir agus ar son óige na tíre, go mór mhór sna Sé Chontae. Freastalaíonn beagnach milliún duine ar imeachtaí an Chomhaltais gach bliain agus is mór an chabhair é seo don turasóireacht.

Tá géarghá níos mó ná riamh tacaíocht a thabhairt don chultúr chun an féiniúlacht náisiúnta féin a chosaint.

Language is part of culture and the Irish language is part of our culture. I was interested in Senator Robb's remarks, particularly when he said that language is power. I had direct experience of this many years ago when in England I used to use mo theanga dhúchais to communicate with my friends to the amazement and confusion of surrounding Englishmen. If for no other reason but that we might confuse a few more Englishmen it would be worth while promoting its use more fully.

Much has been said about the promotion of Irish as a spoken language. Personally, if I had my way, I would dub all soap operas such as "Dynasty", "Dallas", "Falcon Crest" and "Crossroads", in the Irish language and in three weeks' time most of the population would speak fluent Irish.

In conclusion I congratulate the Government. It is significant when you see a Government putting their money where their mouth is. I am happy to support the motion. Go raibh míle maith agat.

Ba mhaith liom mo bhuío-chas a ghlacadh le gach duine a thóg páirt san díospóireacht seo agus go mór mhór na daoine a tháinig isteach agus a dúirt nach raibh acu ach beagán Gaeilge. Sílim gurb shin iad na daoine a gcaithfimid ár n-aghaidheanna a dhíriú orthu agus cuidiú leo níos mó úsáid a bhaint as an Ghaeilge. Ní bheidh am agam freagra a thabhairt ar gach rud a luadh anseo ach déanfaidh mé mo dhícheall cuid acu a luadh.

Luaigh an Seanadóir Ryan na fógraí i gCorca Dhuibhne i mBéarla. Sílim go bhfuil sé náireach go mbeadh a leithéid ann. Ba cheart go mbeadh siad i nGaeilge ar fud na tíre ach go mórmhór sna Gaeltachtaí. Déanfaimid iarracht é sin a chur chun cinn.

Luaigh an Seanadóir Connor agus daoine eile a labhair an tábhacht atá le teilifís. Ba mhaith liom féin go mbeadh bun Gaeltachta ag an stáisiún teilifíse nuair a chuirtear ar bun é. Níl a fhios agam go fóill cén leagan amach a bheas air sin ach sin an rud ba mhaith liom féin agus fad agus a bhaineann sé liomsa sílim gurb é an rud is ciallmhaire dá mbeadh comhcheangal idir Raidió na Gaeltachta agus teilifís Gaeltachta agus go gcuirfí an teilifís chun cinn ar an mbun sin. Sílim go mbeadh sé i bhfad níos fearr don Ghaeilge dá dtarlódh sé sin. Bheadh eagla orm go mbeadh sé á reachtáil ar fad ó Bhaile Átha Cliath, agus b'fhéidir, an rud atá ag tarlú i láthair na huaire, nach mbeadh an Ghaeilge ag fáil oiread ama agus ba mhaith liom go bhfaigheadh sé.

Aontaím leis an méid a dúirt Seanadóirí go bhfuil feabhas mór tagtha ar RTÉ ó thaobh cláracha a chur ar siúl i nGaeilge agus cláracha ní amháin i nGaeilge ach cláracha a bhaineann lenár gcultúr féin cé acu i mBéarla no i nGaeilge. Ba mhaith liom níos mó dóibh sin a fheiceáil agus tá súil agam go leanfaidh siad ar aghaidh ar an mbun sin.

Luaigh an Seanadóir Ryan na scoileanna lán-Ghaelacha agus aontaíonn muid ar fad go bhfuil an-obair á dhéanamh acu ar fud na tíre. Níl aon leagan amach cinnte ar cén chaoi a gcabhróimid leo ach bíonn deacrachtaí acu le láithreáin a cheannach agus rudaí mar sin agus is dócha gur ar bhealach éigin mar sin a bheas úsáid á baint as an airgead le cuidiú leo. Tagann buíonta le chéile leis na scoileanna seo a bhunú agus bíonn deacrachtaí acu le sárú. Is dócha go mbeimid ag baint úsáid as an airgead chun cuidiú lena n-iarrachtaí.

Luaigh an Seanadóir FitzGerald agus an Seanadóir Ryan Fundúireacht na Blascaoide. Aontaím ar fad leo. Tá an-tábhacht leis an obair a rinneadh chun scríobhneoirí an cheantair sin a chaomhnú. Is oidhreacht an-saibhir agus uasal é agus ba cheart cuidiú leo ar gach bealach.

Bhí mé tógtha go mór leis an méid a dúirt an Seanadóir Robb. Sílim go raibh an-domhaineacht agus tairbhe san méid a luaigh sé ó thaobh tábhacht na teanga agus an chaoi a dtiocfadh linn úsáid níos fearr a bhaint as ár dteanga le, b'fhéidir, tuiscint níos fearr a fháil ar ár ndúchais agus muintir na hAlban agus muid féin a thabhairt le chéile. Bhí taithí agam féin nuair a bhí mé im Aire Gaeltachta cheana cuairt a thabhairt cúpla uair ar na hoileáin in Albain agus tuigim go díreach céard a bhí á rá aige agus aontaím leis an smaoineamh a bhí aige.

Luaigh an Seanadóir Hogan na logainmneacha. Sin run a bhfuil an-suim agam féin ann. Níl a fhios agam go díreach an bhfuil an coimisiún a bhíonn ag plé le logainmneacha ag obair i láthair na huaire ach mura bhfuil sílim go mbeadh sé an-tairbheach iad a choinneáil ar siúl agus ag obair. Tá sé sin an tábhachtach mar chuid dár n-oidhreacht.

Ní maith liom dul thar an am, ach caithfidh mé gach duine a thóg páirt san díospóireacht seo a mholadh agus go mór-mhór na daoine a shíleann nach bhfuil an Ghaeilge ar a dtoil acu. Nuair a bhí Aire na Gaeltachta é féin, An Taoiseach, ag caint le Comhchoiste na Gaeilge anuraidh fiafraíodh de cén fath nach raibh níos mó Gaeilge sa Dáil, agus dúirt sé gurb é an locht is mó a bhí orainn ar fad ná go raibh leisce orainn an Ghaeilge a labhairt. Sílim má éiríonn linn ar fad éirí as an leisce sin agus níos mó Gaeilge a labhairt go mbeidh feabhas i bhfad níos fearr ar rudaí.

Arís, tá mé buíoch gur éirigh leis an Seanad an deis seo a thabhairt dúinn an cúpla uair a chloig seo a bheith againn ar Lá na Gaeilge. Níor éirigh linn é sin a dhéanamh sa Dáil agus tig le Comhaltaí an tSeanaid a rá go bhfuil siad chun tosaigh ó tharla go raibh siad sásta am faoi leith a thabhairt chun na cúrsaí seo a phlé. Tá mé buíoch díobh ar fad.

Cuireadh agus aontaíodh an cheist.

Cuireadh an suí ar fionraí ar 5.30 p.m. agus atógadh é ar 6.30 p.m.

Top
Share