Is cúis áthais dom an deis a thapúchun labhairt ar an ócáid stairiúil atá ann inniu nuair atá an Teach athchóirithe á oscailt agus an Bille seo faoi chaomhnúagus an Bhlascaod Mhór á phlé againn. Cuireann sé áthas ar leith orm go raibh sé ar chumas an Taoisigh agus Aire na Gaeltachta teacht inár láthair inniu chun tús a chur leis an díospóireacht ar an mBille stairiúil seo. Maidir le hathchóiriú an Tí seo, tá a fhios againn uile go raibh géarghá le hoibreacha feabhsúcháin, agus tá anchreidiúint ag dul do gach duine a raibh páirt acu san obair mhór seo.
Mar Chathaoirleach ar an gComhchoiste Oireachtais don Ghaeilge fáiltím roimh an deascéal a bhí ag an gCathaoirleach mar gheall ar an gcóras aistriúcháin comhuaineach sa Teach seo. Iarraim ort, a Leas-Chathaoirligh, an cheist seo a scrúdú a luaithe agus is féidir, mar bheart an-phráinneach.
Is cúis áthais dom fáiltiú go fonnmhar roimh an mBille atá os ár gcomhair anseo inniu. Mar fhear a rugadh agus a tógadh i gCorca Dhuibhne tá bród orm go bhfuil an chéim dhearfach seo á glacadh chun an Blascaod Mór a chaomhnú do na glúine atá le teacht. Tá tábhacht thar cuimse leis an mBlascaod Mór ó thaobh na Gaeilge de, agus tá clú bainte amach ar fud an domhain ag an scríbhneoirí a raibh cónaí orthu ar an oileán — Tomás Ó Criomhthain, Peig Sayers agus Muiris Ó Súilleabháin go príomha. Caithfear trácht a dhéanamh freisin ar na cuairteoirí cáiliúla a tháinig agus a scríobh faoin oileán, Robin Flower agus Seoirse Mac Thomáis ach go háirithe. Tá sé mar phríomhchuspóir don Bhille seo go bhféadfar gabháltas áirithe ar an oilleán a cheannach go héigeantach lena fhorbairt mar Pháirc Náisiúnta Stairiúil. Leis an mBille seo, áfach, beidh suaimhneas intinne ag muintir na háite, ó tharla nach mbeidh orthu siúd a gcuid talún a dhíol i gcoinne a dtola. Ina theannta sin beidh sé mar chuspóirí oidhreacht an Bhlascaoid Mhóir a chaomhnú agus an áit a riaradh agus a chothú. Beidh cúram iomlán ar Aire na Gaeltachta i gcomhar le hOifig na nOibreacha Poiblí amach anseo. Ach feictear dom go bhféadfar cumhachtaí agus dualgas ina thaobh a leagan at Fhondúireacht an Bhlascaoid. Is eagras fíorthábhachtach í an fhondúireacht, agus is cúis áthais dom go raibh an chumas an Chomhchoiste don Gheailge gach comhoibriú a bhféadfaimis a thabhairt dóibh. Thugamar éisteacht do ionadaithe ón gcoiste náisiúnta anseo i dTeach Laighean ar 3 Feabhra 1988, agus bhí sé de phribhléid againn bualadh le hionadaithe ón gcoiste áitiúil i nDún Chaoin ar 20 Bealtaine 1988. Táan-chreidiúint ag dul don fhondúireacht as ucht na hoibre atá déanta acu.
Bhí sí mar aidhm i gcónaí ag an bhfondúireacht go rithfí reachtaíocht chuí d'fhonn an Blascaod Mór a chaomhnú. Thóg sé tamall chun an reachtaíocht sin a ullmhú agus tá an Bille seo os ár gcomhair anois. Gúim gach rath ar an mBille agus táim deimhin de go mbeidh tacaíocht le fáil dó ó gach taobh den Teach seo. Nuair a bhuail an Comhchoiste don Ghaeilge leis na hionadaithe ó Fhondúireacht an Bhlascaoid gheall na comhaltaí ó gach páirtí a gcuid tacaíochta d'aidhmeanna an eagrais sin. Táimid céim eile ar aghaidh ar an mbóthar anois agus táim dóchasach go mbeidh an tácaíocht forleathan a taispéanadh roimhe seo ar fáil go flúirseach arís anois.
It is a great privilege for me to address the House on this historic occasion when the refurbished Chamber is being reopened and when this important debate regarding the Great Blasket Island is taking place. I am particularly pleased that the Taoiseach and Minister for the Gaeltacht is present for the debate on this important matter.
Much work has been carried out in refurbishing this House. I welcome the Cathaoirleach's statement that simultaneous translation equipment will be installed in this House at the end of the year. It is on occasions such as this that an interpretation facility is very important. I ask you arís, a Leas-Chathaoirligh, to look into the matter urgently.
This is a very special occasion when we are discussing a Bill to provide for the establishment and maintenance of An Blascaod Mór as a national historic park. The history of this island goes back over many centuries and of all the Irish islands it is probably the best known. The literary heritage of the island is probably unique in modern times. As an tOileánach, Tomás Ó Criomhthain said, "people such as those who lived on the island will not be seen again."
The initial discussion of this Bill today is probably the most important occasion in the life of An Blascaod Mór since it was evacuated by the last remaining inhabitants on 17 November 1953. It can be said, of course, that with the introduction of this Bill a whole new lease of life awaits An Blascaod Mór as a national historic park.
As chairman of the Joint Committee on the Irish Language I am pleased that we were able to give every possible assistance to the work of Fondúireacht an Bhlascaoid, the Blasket Islands Foundation. We met with the national committee of the foundation in Leinster House, in February 1988, and with a local committee in May 1988 in Dun Chaoin. At these meetings all-party support was expressed for the objectives of the foundation. I believe that such support will manifest itself again today in relation to this Bill.
The Bill before us contains many important provisions. The limited time available to me will not permit me to mention all of them. One point which is vital is that the former islanders or descendants of islanders will be exempt from the provisions of the Bill relating to the compulsory acquisition of lands on the Great Blaskets. This will be a source of great relief to these people because the fear of losing their property was the principal issue which was raised with the members of the Joint Committee. This fear was not unreasonable and I am glad that the matter has been resolved satisfactorily.
Faoi mar a dúirt mé cheana is trua go mór nach bhfuil níos mó ama ar fáil do Chomhaltaí an Tí inniu maidir leis an mBille seo, ach sin mar atá an scéal. Ba mhaith liom deireadh a chur le mo phíosa cainte, mar sin, leis an sliocht seo a leanas as "An tOileánach" le Tomás Ó Criomhthain:
Scríobhas go mionchruinn ar a lán dár gcúrsaí d'fhonn go mbeadh cuimhne i bpoll éigin orthu agus thugas iarracht ar mheon na ndaoine a bhí í mo thimpeall a cur síos chun go mbeadh a dtuairisc inár ndiaidh, mar ná beidh ár leithéidí arís ann."
Beidh cuimhne againn go deo ar laocha an Bhlascaoid agus cuirfidh Páirc Náisiúnta Stairiúil An Bhlascaoid Mhóir lena gclú agus lena gcáil. Molaim an Bille.