Skip to main content
Normal View

Seanad Éireann debate -
Wednesday, 6 Dec 1989

Vol. 123 No. 10

An Bille um Údarás na Gaeltachta (Leasú), 1989: [ Bille Airgid Deimhnithe ] Céim an Choiste agus na Céimeanna Deiridh.

Anois sul a dtosnófar ar Chéim i gCoiste ní mór dom a chur in iúl don Teach go bhfuil an rialú déanta, go bhfuil leasú uimhir a haon as ord, de bhrí nach bhfuil baint aige le forálacha an Bhille, mar a léadh é don dara huair.

Alt 1 aontaithe.

ALT 2.

Cuireadh an cheist: "Go bhfanfaidh alt 2 mar chuid den Bhille."

Glacaim leis an méid atá ráite ag an Aire Stáit. Níor mhaith liom go mbeadh sé le rá gur mise a chur stop le Bille ag dul tríd an Dáil nó an Seanad, a choinnigh airgead siar ó Údarás na Gaeltachta. Ní fhéadfainn dul abhaile anocht. Ach chuir mé isteach an leasú sin mar go bhfuil fíor-thábhacht leis agus gur trua liom nach bhféadfaimis teacht ar bhealach éigin nach mbeadh na cuntais le feiceáil i ndroch chaoi, mar a déarfá, ag an pobal trí chéile. Glacaim leis an rialú atá déanta.

Agus é sin ráite ba mhaith liom a chuir ar súile an Údaráis, nó cibé duine atá ag plé leis, nuair a bheidh na cuntais á réiteach sa bhliain atá romhainn, agus nuair atá gá le leasú sa bhun Acht, mar a deir an tAire Stáit, go mbeidh bealach éigin chun é seo a mhíniú don phobal, nach mar sin atá sé. Agus nach bhfuil an rud chomh dona is a ceapann daoine.

B'fhéidir gur féidir a chur sna nótaí mínithe nuair a bheidh an cuntas bhliantúil dhá réiteach nach ndéantar é sin i gcás SFADCo nó i gcás an IDA agus nach bhfuil an scéal chomh dona sin.

Cuireadh agus aontaíodh an cheist.

Aontaíodh an Teideal.

Aontaíodh na Céimeanna eile a thógáil inniú.

Tuairiscíodh an Bille gan moladh, glacadh an Bille chun an breithniú deiridh a dhéanamh air agus ordaíodh an Bille a chur ar ais go dtí an Dáil.

Before we take the matter on the Adjournment, will the acting Leader of the House say when it is proposed to sit again?

At 10.30 a.m. tomorrow. It appears the Senator who requested to raise a matter on the Adjournment is not present in the House.

Acting Chairman

If the Senator does not arrive in the next two minutes I will adjourn the House. The Senator in question has complained about Minister not coming to the House.

I apologise to the House. I also apologise to the Minister. He did considerable preparatory work this afternoon to reply to the Adjournment matter.

The Seanad adjourned at 8.10 p.m. until 10.30 a.m. on Thursday, 7 December 1989.

Top
Share