Skip to main content
Normal View

Seanad Éireann debate -
Thursday, 14 May 1992

Vol. 132 No. 10

Adjournment Matters. - Cáilíochtaí Iontrála do Choláiste Tríú Leibhéal.

An t-ábhar ar mhaith liomsa go bpléifí anois ná an cheist faoi cháilíochtaí maidir le hiontráil isteach i gcoláiste tríú leibhéal. Tháinig an díospóireacht sin chun cinn go mór nuair a chinn Ollscoil Luimnigh le gairid ar gan aitheantas a thabhairt don Ghaeilge sna cáilíochtaí iontrála. Ag an am sin rinne go leor daoine achainí ar an Aire agus tá a fhios agam gur úsáid sé a chumhacht lena chur ina luí ar an ollscoil sin glacadh leis an nGaeilge mar an dara teanga, agus ba mhaith agus ba mhór an dul chun cinn é sin ó thaobh na ceiste seo.

An cheist a ba mhaith liom a ardú ná, cén fáth nach bhfuil an stádas céanna i gcoitinne sna hinstitiúidí seo ag an Ghaeilge agus atá ag an mBéarla mar choinníoll iontrála? Má bhreathnaítear ar na coinníollacha iontrála feicfear go bhfuil éagsúlachtaí móra ann. Mar shampla, san Ollscoil Náisiúnta, is é sin coláistí UCD, UCG, and UCC tá Gaeilge agus Béarla riachtanach. San ollscoil i Luimneach agus san ollscoil nua i mBaile Átha Cliath tá Béarla agus teanga eile riachtanach, agus áirítear an Ghaeilge mar theanga inghlactha mar theanga eile. Arís, i gColáiste na Tríonóide táimid ar an gcaoi chéanna. Tá an rud céanna fíor freisin faoi na RTCs, is é sin, glactar leis an mBéarla agus ansin glactar le teanga eile más riachtanach chuige sin é le haghaidh an chúrsa. Ach creidim féin go dtugann an córas seo ísliú céime don Ghaeilge agus cuireann sé na daoine a dhéanann a gcuid cúrsaí trí Ghaeilge sna meánscoileanna ar mhíbhuntáiste. Tá mé ag smaoineamh go mórmhór ar mhuintir na Gaeltachta agus iad siúd a fhreastalaíonn ar ghaelscoileanna.

Déarfar liom agus cuirfear i mo aghaidh go gcaithfidh Béarla a bheith ag duine le dul isteach in institiúid tríú leibhéal. Chuirfinnse in aghaidh na hargóna sin go bhfuil sé intuigthe go gcaithfeadh Béarla a bheith ag duine le freastal ar choláiste tríú leibhéal, ach déarfainn freisin nach bhfuil oiread agus páiste amháin sa tír seo nach bhfuil Béarla acu in aois a cheathair nó cúig bliana, fiú sa Ghaeltacht is láidre dá bhfuil ann. Mar sin, is léir nach mbeadh éinne ag dul chuig ollscoil ná chuig coláiste d'uireasa Béarla. Freisin, ba cheart go mbeadh sé fíor a rá, rud nach fíor a rá, go mbeadh Gaeilge ag chuile dhuine tar éis críochnú na scoile dóibh, ach glacaim leis sa ghnáthchiall, ó thaobh scrúduithe de, nach bhfuil Gaeilge ag chuile dhuine.

An áit a bhfeicimse lúb ar lár sa rud atá déanta ag na hinstitiúidí seo ná ar an ábhar seo: céard a tharlódh do dhuine Gaeltachta nó do dhuine ar scoil lánGhaelach arbh ionann an Ghaeilge agus Béarla d'ábhar eile san Ard Teist, ar éirigh leo, abraimis, A nó B nó C a fháil in onóracha Gaeilge, a rinne páipéar onóracha Béarla agus a dteipfeadh orthu sa pháipéar sin? Ba léir sa chás sin go raibh dóthain Béarla acu le freastal ar institiúid tríú leibhéal ach ba léir freisin go mbeadh éagóir déanta orthu mar nach bhféadfaidís fáil isteach sna hinstitiúidí seo.

Ag an am céanna bheadh duine a bhí tar éis Béarla a dhéanamh agus an páipéar onóracha Gaeilge agus a bhí tar éis pas a fháil sa Bhéarla ach ar theip orthu sa Ghaeilge, ní bheadh fadhb ann ná bac orthusan dul isteach in institiúid tríú leibhéal. Feictear domsa go bhfuil sé sin ag cur míchumais agus éagóra in aghaidh an dreama sín gurb í an Ghaeilge a gcéad teanga. Is ceann de na cásanna go ndéarfainn go bhfuil stádas oifigiúil na teanga go praiticiúil á ísliú go mór. Déarfainn féin go bhfuil tuismitheoirí ann, agus go leor acu, a déarfadh gurbh 'in an fáth go bhfuil sé níos tábhachtaí go múinfí trí Bhéarla sna scoileanna ar fhaitíos go dtarlódh an rud atá ráite agam. Go praiticiúil ní fheicim aon bhuntáiste leis na rialacha mar atá. Mar a dúirt mé, ní bheidh, agus níl éinne d'uireasa Béarla, níl éinne á mholadh sin. Táimid ag caint ar cháilíochtaí. Ach tá sé ag cur brú breise sa chóras oideachais ar thús áite a thabhairt don Bhéarla mar, mar a deireann tuismitheoirí i gcónaí leat, is úsáidí an Béarla, is tábhachtaí an Béarla agus is mó an stádas atá ag an mBéarla agus tabharfaidh sé níos faide thú. Le rófhada táimid ag cloisteáil an phoirt seo ó thuismitheoirí agus tá sé seo á threisiú.

Mar sin, bheinn ag éileamh go nglacfaí le comhstádas don Ghaeilge agus don Bhéarla ó thaobh iontráil isteach sna hinstitiúidí tríú leibhéal uilig. Níl mé a rá go mba cheart go mbeadh Béarla agus Gaeilge, ach go mbeadh Béarla nó Gaeilge móide aon teanga eile, bíodh an teanga sin, Béarla, Gaeilge, Fraincis, Spáinnis, Iodáilis, mar ábhar riachtanach chun dul isteach in institiúidí tríú leibhéal. Dá ndéanfaí é sin ní bhainfí aon cheart de Bhéarlóirí gan Ghaeilge ach thabharfaí cearta do na Gaeilgoirí a dtarlódh an cineál ruda mhí-ámharaigh atá luaite agam dóibh, a bhféadfadh éirí sách éasca do dhaoine. Thabharfaí cothromaíocht don dá theanga. I go leor rudaí tugadh stádas don Ghaeilge a bhí bréagach ach i go leor rudaí eile ní thugtar stádas cothrom di, ar bhealaí go bhféadfaí, go héifeachtach, an stádas sin a thabhairt don teanga.

Bheinn ag iarraidh ar an Aire a chumhacht agus a thionchar a úsáid lena chur ina luí ar údaráis na gcoláistí seo nach mbeidís ag ísliú ar a gcáilíochtaí, nach mbeadh aon chontúirt dá seasamh dá gcuirfí an Ghaeilge agus an Béarla ar chomhchaighdeán agus ar chomhstádas maidir le coinníollacha iontrála isteach i gcoláistí tríú leibhéal.

Tá áthas orm go bhfuil an cheist seo ardaithe ag an Seanadóir Ó Cuív mar tugann sé deis domsa soiléiriú a dhéanamh ar stádas na Gaeilge chomh fada agus a bhaineann le coinníollacha iontrála sna hOllscoileanna agus sna hinsitiúidí eile tríú leibhéil.

I gcás na gcoláistí de chuid Ollscoil Náisiúnta na hÉireann — nó an NUI — is é sin na Coláistí Ollscoile i mBaile Átha Cliath, Corcaigh agus Gaillimh, agus Coláiste Phádraig, Maigh Nuad, is gá, inter alia, pas ag Scrúdú na hArdteistiméireachta sa Ghaeilge, sa Bhéarla agus i dteanga eile le haghaidh iontrála. I gcás Choláiste na Tríonóide, tá pas ag Scrúdú na hArdteistiméireachta sa Mhatamaitic, sa Bhéarla agus i dteanga eile, inter alia, riachtanach le haghaidh iontrála. Glactar leis an nGaeilge mar theanga eile sa chás sin. I measc na riachtanas iontrála d'Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath tá pas ag Scrúdú na hArdteistiméireachta sa Mhatamaitic agus sa Ghaeilge nó sa Bhéarla.

Maidir le Ollscoil Luimnigh, is eol dúinn ar fad gur tháinig deacracht chun cinn sa chás seo ag tús na bliana seo nuair a d'fhógair an Ollscoil sin go mbeadh Béarla, Matamaitic agus teanga oifigiúil eile de chuid an Chomhphobail Eorpaigh riachtanach le haghaidh iontrála i 1992. Ba mhaith liom a mhíniú sa chomhthéacs seo, agus is mian liom béim ar leith a chur ar an bpointe seo, gur leagadh dualgas reachtúil ar an Ollscoil faoi Acht 1991, i leith mhúineadh na Gaeilge in oiliúint mhúinteoirí, nuair a cuireadh Coláiste Oideachais Thuamhuain mar choláiste ar leith ar ceal i 1991 agus nuair a cuireadh isteach faoi Ollscoil Luimnigh é. Tá athas orm a rá gur athraigh Ollscoil Luimnigh na coinníollacha iontrála do 1992 agus anois go bhfuil sé socraithe gur gá, inter alia, pas ag an Ardteistiméireacht sa Mhatamaitic, sa Bhéarla agus i dteanga eile agus, ar ndóigh, go nglacfar leis an nGaeilge mar theanga eile.

Ba cheart dom a rá ag an bpointe seo go bhfuil dualgas speisialta ar an Údarás um Ardoideachas i leith na Gaeilge faoi alt a 4 d'Acht an Údaráis um Ardoideachas, 1971.

Ba mhaith liom anois tagairt speisialta a dhéanamh do na coinníollacha iontrála chuig na Coláistí Oideachais do bhunmhúinteoirí, ach ba mhaith liom béim a chur ar an bpointe gurb í an Roinn Oideachais fós a shocraíonn na coinníollacha iontrála, agus gurb 'in mar a bhí an scéal i gcónaí maidir leis nan coláistí sin. Tá an Ardteistiméireacht sa Mhatamaitic sa Bhéarla agus sa Ghaeilge riachtanach, i measc nithe eile chun iontrála: sa Ghaeilge is gá ar a laghad an grád C3 Ardleibhéil agus marc comhionann le C3 sa bhéaltriail Ardteistiméireachta a bheith san áireamh ansiúd. Sa Bhéarla is gá ar a laghad an grád D3 Ardleibhéil nó C3 Gnáleibhéil.

Táthar tar éis teacht ar aontú maidir le nasc nua idir Coláiste Mhuire gan Smál agus Ollscoil Luimnigh. Beidh Coláiste Mhuire gan Smál ag leanúint ar aghaidh, ach is í Ollscoil Luimnigh a bhronnfaidh an B.Ed ar lucht iontrála 1992 agus lucht iontrála gach bliana ina dhiaidh sin, agus tá sé i gceist go mbeidh cúrsaí céime eile, seachas an B.Ed ar fáil sa choláiste oideachais amach anseo — mar shampla táthar ag súil go mbeidh céim BA ag tosú ann i bhfómhar na bliana seo. Ach is féidir liom a dheimhniú, chomh fada agus a bhaineann leis na rialacha iontrála do chúrsa B.Ed i gColáiste Mhuire gan Smál, fiú amháin leis na socruithe nua seo atá díreach léirithe agam, gurb í an Roinn fós a leagfaidh síos na coinníollacha iontrála agus tá soláthar sonrach déanta ina leith sin sa chomhaontú idir Ollscoil Luimnigh agus Coláiste Oideachais Mhuire gan Smál.

Tá pas ag Scrúdú na hArdteistiméireachta sa Ghaeilge agus sa Bhéarla araon riachtanach chun iontrála do na coláistí oideachais do mhúinteoirí tís.

Maidir leis na hinstitiúidí tríú leibhéil atá i réimse na gcoistí gairmoideachais faoi láthair, is faoi Chomhairle Náisiúnta na gCáilíochtaí Oideachais (nó an NCEA) agus na coistí gairmoideachais atá an fhreagracht maidir le coinníollacha iontrála. Ba mhaith liom a mhíniú, ámh, go n-éilíonn alt a 3(4) den Acht um Chomhairle Náisiúnta na gCáilíochtaí Oideachais, 1979, ar an gcomhairle go gcoimeádfaidh sí i gcuimhne i gcónaí na haidhmeanna náisiúnta — an aidhm i leith na Gaeilge ina measc — agus go bhféachfaidh sí le cabhrú leis na haidhmeanna sin a chur i gcrích.

Tuigim go bhfuil an Ghaeilge riachtanach i gcomhair iontrála don Teastas Náisiúnta i Staidéar Gnó sa Cheardcholáiste Réigiúnach i nGaillimh agus don Teastas Náisiúnta i Staidéar Rúnaíochta i Leitir Ceanainn. I gcás na gcúrsaí eile sna Ceard-choláistí Réigiúnacha, tá an Ghaeilge nó an Béarla riachtanach le haghaidh iontrála. Maidir leis na coláistí teicneolaíochta sin atá faoi chúram Choiste Gairmoideachais Chathair Bhaile Átha Cliath faoi láthair, níl an Ghaeilge riachtanach i gcomhair iontrála. Tá sé beartaithe, ámh, go mbeidh dualgas speisialta i leith na Gaeilge sa reachtaíocht nua d'Institiúid Teicneolaíochta Bhaile Átha Cliath agus do na ceardcholáistí réigiúnacha freisin.

The Seanad adjourned at 5.30 p.m. until 10.30 a.m. on Friday, 15 May 1992.

Top
Share