Ba mhaith liom buíochas a ghabháil leis an Aire Stáit as ucht teacht agus éisteacht lena bhfuil le rá agam i dtaobh creimeadh cósta i gContae na Gaillimhe agus go mórmhór i gConamara.
Tá mé ag iarraidh go gcuirfí airgead ar fáil leis an fhadhb seo a réiteach. Brisfidh mé síos an fhadhb i dtrí pháirt. Tá gá le hairgead chun an dochar atá déanta cheanna féin do bhóithre agus do chéanna a réiteach. Tá dochar déanta do bhóithre comhairle contae agus do bhóithre nach bóithre comhairle contae iad ach a sholáthraíonnn bealach riachtanach chuig tithe.
Tá dochar déanta freisin do bhallaí farraige agus do chéanna beaga. Níl dóthain soláthar airgid ag an údarás áitiúil leis na fadhbanna seo a réiteach. Déanadh dochar do reilige, freisin, go háirithe do Reilig Mhaigh Iorrais i gCarna agus do reilig Gorteen i gceantar Chloch na Rón.
Coastal erosion is a major problem in the Connemara area. Serious damage has already occurred to roads and piers and there is a serious problem of coastal erosion adjacent to many burial grounds. As the Minister is aware, the land of Connemara is poor and for that reason it is difficult to get suitable burial grounds and many traditional burial grounds are located near the sea. It is a cause of great local distress that coastal erosion may cause graves of relatives to be exposed.
I ask the Minister of State to make money available to rectify the damage already done and to commission a survey to establish what cost effective measures might be taken to ensure that areas of potential damage will be protected against future coastal erosion.
Coastal erosion impinges generally but particularly on farmland. There are places where cost effective steps could be taken in the form of preventative maintenance. There are other places where I accept no cost effective steps could be taken to stop coastal erosion such as some areas exposed to the Atlantic where no measure could roll back the tide. In these areas a survey should be carried out on the present situation and where it would not be cost effective to stop possible erosion some scheme of compensation should be put in place to compensate farmers for loss of farmlands.
Glacaim leis go mbeadh an cineál talún a bhfuilim ag tagairt dó, thar a bheith beag i gcomhthéacs talún iomlán na tíre. Tá mé ag caint ar acra anseo agus dhá acra ansiúd. In áiteanna ar nós Inis Meáin in Oileán Árainn nó ceantar an Chloiginn i dtuaisceart Chonamara, is ionann sé acra an fheirmeora sa Chloigeann, nó dhá acra an fheirmeora in Árainn agus céad nó dhá chéad acra an fheirmeora sa Golden Vale. Tá sé tábhachtach mar sin go mbeadh íocaíocht le fáil ag feirmeoirí an chósta má chailleann siad a gcuid talún. Gan suirbhé a chosnóidh airgead, ní féidir é sin a dhéanamh, amach anseo, mar ní bheidh a fhios go barainneach, cé mhéad talúin atá caillte ag feirmeoirí éagsúla.
Ba mhaith liom trácht faoi leith ar fhadhbanna muintir na n-oileán sa chás seo. Fadhb mhór is ea creimeadh cósta ar na hoileáin Árainn agus ar Inis Bó Finne. Tá fadhb faoi leith le sonrú in Inis Mór, i gCill Muiribhe agus i gCill Éanna maidir le creimeadh cósta agus an dochar atá á dheanamh do bhóithre an oileáin.
Tá súil agam go dtógfar na céimeanna cuíl sna cásanna seo. Baineann siad le saol pobal an chósta.
Níl smacht ag an Rialtas ná ag aon duine beo ar an taoide ach creidim go gcaithfear gníomhú chun daoine a chosaint óna torthaí is measa a éirionn as na farraigí arda ón Atlantach, a bhriseann agus a mhilleann bunstructúir agus talamh ar a mbíonn muintir an chósta ag brath.
Táim buíoch den Aire as ucht éisteacht leis an achainí seo agus tá súil agam go nglacfar céimeanna ina thaobh amach anseo.