Skip to main content
Normal View

Seanad Éireann debate -
Wednesday, 6 Nov 1996

Vol. 149 No. 4

Teilifís na Gaeilge: Tairiscint.

Tairgim:

Go gcuireann Seanad Éireann fáilte roimh thionscnamh Theilifís na Gaeilge agus go bhfuil súil aige go n-éireoidh go geal léi sa todhchaí.

Is cúis mhór áthais dom an rún seo a mholadh ar son mo pháirtí, Fine Gael, agus tá súil agam go n-aontóidh sibh ar fad liom toisc gur gá dúinn uilig gach tacaíocht a thabhairt don tionscnamh nua craolacháin seo, a chuirfidh go mór le caomhnú agus forbairt na seoide is luachmhaire dá bhfuil againn inár n-oidhreacht, is í sin, an teanga Ghaeilge.

Is iomaí cor atá curtha di ag an teanga ina stair le dhá mhíle bliain ach creidim go bhfuil an cor is tábhachtaí agus is cinniúnaí tarlaithe don teanga le teacht Theilifís na Gáeilge oíche Shamhna seo caite. Tá a fhios againn ar fad an chumhacht atá ag an teilifís i saol an lae inniu mar mheán craolacháin. Tá tionchar ollmhór ag an mbosca sa chúinne i ngach aon teach ar fud na tíre agus nach breá anois go mbeidh ár dteanga uasal ársa féin le cloisteáil ar an meán cumarsáide tábhachtach seo. Cuireann sé sin gliondar ar ár gcroíthe uilig.

Tréaslaím leis an bPríomh-Fheidhmeannach, Cathal Goan, agus leis an bhfoireann ar fad a rinne sár-obair leis an tseirbhís a chur ar fáil dúinn. "Tús maith leath na hoibre," a deir an seanfhocal agus chuir foireann Theilifís na Gaeilge tús slachtmhar, foirfe, taitneamhach, tarraingteach lena gcuid oibre oíche Dhéardaoin seo caite agus táim cinnte go leanfar den ardchaighdeán sin.

Bhí úire agus blas na h-óige le brath ar na cláracha taitneamhacha a cuireadh ar fáil ó shin. Cuirfear go mór le cruthaíocht na teanga tré mheán na teilifíse agus táimid an-mhórálach as na scileanna cumasacha ata léirithe ag an bhfoireann óg sa stáisiún. Is minic a chloistear an seanfhocal "Mol an óige agus tiocfaidh sí" agus tá sár-obair déanta ag an aos óg atá ag plé le Teilifís na Gaeilge faoi láthair. Níl dabht ach go mbeidh an-tionchar acu ar óige na tíre agus gur fearrde a bhéas an Ghaeilge agus todhchaí na Gaeilge dá bharr. Le lasadh an tsolais úd Oíche Shamhna 1996, lasadh agus cuireadh tús le ré órga nua don Ghaeilge.

Ní féidir linn dearmad a dhéanamh ach an oiread ar an tionchar a bheas ag an stáisiún nua ar chursaí fostaíochta don Ghaeltacht agus do Ghaeilgeoirí. Le hoscailt Theilifís na Gaeilge tá réimse nua deiseanna fostaíochta curtha ar fáil agus is léir go bhfuil an-tionchar aige cheana féin ar cheantair Ghaeltachta na tíre. Tá borradh úr le feiceáil i measc na gcomhluchtaí neamhspleácha atá lonnaithe sna Gaeltachtaí éagsula. Cheana féin tá suas le trí chéad duine ag baint tairbhe as an bhfostaíocht seo agus ní áirím na daoine atá ag obair go páirtaimseartha ar ghnéithe éagsula a bhaineann leis an tionscnamh seo. Is i méid a bheas an uimhir seo ag dul agus fáiltimis roimh an nuacht seo i gcomhtheács na fostaíochta.

Gné tábhachtach eile a bhaineann leis an tseirbhís seo ná an pobal féachana nua a mheallfar chuici nach bhfuil an Ghaeilge ar a dtoil acu. Creidimse go meallfar an pobal féachana seo chuig an nGaeilge tré fheabhas na seirbhíse agus níl dabht ach go spreagfar daoine chun an teanga a fhoghlaim dá bharr. Tá sé sin fíorthábhachtach. Mar a deir an seanfhocal "Milis an teanga an Ghaeilge". Beidh an tseirbhís ina mheán oideachais agus teagaisc chomh maith don óige agus don phobal aosach agus cabhróidh sí go mór le daoine an teanga a shealbhú ar shlí thaitneamhach, éasca.

Ar deireadh, tréaslaímid leis na daoine éagsúla a chabhraigh leis an staisiún seo a chur ar an aer. Táimid fíorbhuíoch den Rialtas faoi cheannaireacht an Taoisigh, John Bruton, a thug tacaíocht iomlán don tionscnamh seo agus don Aire Airgeadais, an Teacha Ruairí Quinn, a chur an t-airgeadas ar fáil.

Tá buíochas speisialta tuillte ag an Aire Ealaíon, Cultúir agus Gaeltachta, an Teachta Micheáil D. Ó hÚiginn, mo chomharsan agus cara as cathair na Gaillimhe, a stiúraigh an Bille tríd an Oireachtas agus a thug an leanbh nua craolacháin seo ar an saol an Déardaoin seo caite. Ba mhaith liom comhghairdeas a dhéanamh leis an Aire Stáit atá inár measc um thráthnóna, Donal Carey, as ucht an chabhair a thug seisean chun an tseirbhís nua seo a chur sa tsiúl. Tá chuile bhuíochas tuillte aige agus molaim é as ucht a chuid iarrachtaí.

Ní fás aon oíche a bhí ann, dar ndóigh, agus ní féidir linn dearmad a dhéanamh orthu siúd i gConamara agus ar fud na tíre arbh í a bhfís an tseirbhís seo a chur ar fáil. Chaitheadar blianta ag lorg na seirbhíse seo agus tá toradh ar a ndíograis agus a ndúthracht ar fáil faoi dheireadh.

Molaim mar sin an rún seo agus tá súil agam gur i bhfeabhas agus i láidreacht a rachaidh an stáisiún nua. Ba mhaith liom mar fhocal scoir cúpla rud a rá i dteanga na Sasanach, mar achoimre — to quote in paraphrase, the words of the great English poet, John Keats, who coined a description which could now be aptly applied to the incoming Teilifís na Gaeilge —"It's a beauty, it's a gift, and I know it's going to give a lot of joy to a lot of people for a long long time to come."

The launch of Teilifís na Gaeilge as a means of restoration and assistance and meaningful promotion of the Irish language, is a moment unchallenged, unparalleled in the history of this State. It is a moment that we will all cherish and remember and nothing but good can come out of this launch. The Irish language will be richly rewarded as a result of Teilifís na Gaeilge.

Cuidím leis an rún. Ba mhaith liom mo bhuíochas a ghabháil leis an Seanadóir Ó Mainnín, a thug am dúinn chun fáilte a chur roimh Theilifís na Gaeilge.

Ba mhaith liom comhghairdeachas a dhéanamh le Teilifís na Gaeilge: tá siad ar an aer anois agus tosnú maith déanta acu agus tosnú maith, leath na hoibre. Tá súil agam go leanfaidh siad ar aghaidh leis an sárobair seo.

Ba mhaith liom mo bhuíochas a ghabháil le gach duine agus gach coiste a raibh baint acu le Teilifís na Gaeilge, a chuir os comhair an phobail é agus a chuir brú ar rialtais, ar Airí Gaeltachta agus ar pholaiteoirí go ginearálta chun go mbeadh Teilifís na Gaeilge ar fáil ní amháin do mhuintir na Gaeltachta ach don tír ar fad agus do na glúinte atá le teacht.

Is linn féin an t-oileán álainn seo, Éire; is anseo a chónaimid agus is anseo atá ár slí bheatha. Sa bhunreacht, is í an Ghaeilge an chéad teanga oifigiúil agus tá dualgas orainn an teanga a choimeád beo; ní amháin í a choimeád beo ach í a chur chun cinn. Freisin, tá dualgas orainn mar pholaiteoirí, an córas oideachais trí Ghaeilge a leathnú chun go mbeimid cinnte go mbeidh eolas agus taithí ar ár dteanga ag gach páiste nuair a fhágann siad an scoil náisiúnta.

Tá feabhas mór tagtha ar an scéal le fiche bliain anuas ó bunaíodh Gaeltarra Éireann nó Údarás na Gaeltachta mar a thugtar air anois. Chuir siad sin beatha ar ais sa Ghaeilge agus i muintir na Gaeltachta trí thionscail a bhunú in iarthar na hÉireann agus slí bheatha a thabhairt ar ais do dhaoine a bhí ag dul thar lear chun postanna a fháil, go dtí seo.

Gan amhras, beimid ag lorg níos mó cabhrach ó Údarás na Gaeltachta ach tá a lán déanta. Mo bhuíochas ó chroí don Údarás, don Phríomhfheidhmeannach Ruán Ó Bric agus do na baill go léir ar an mbord.

Sna blianta romhainn, caithfimid féachaint le hairgead breise a chur isteach i dturasóireacht agus in iascaireacht: sin iad na rudaí atá fágtha againn anois i nGaeltachtaí na hÉireann. Tá Raidió na Gaeltachta tar éis a lán a dhéanamh ar son na Gaeilge agus tá siad ag tabhairt seirbhís mhaith do mhuintir na hÉireann: seirbhís anphroifisiúnta ar fad atá chomh maith le haon stáisiún raidió sa tír agus níos fearr nuair a thagann sé chuig nuacht agus cláracha áitiúla. Cuireann sé ár gcultúr, ár gceol agus ár scéalaíocht chun cinn agus sin í an saghas seirbhíse atá uainn.

Níl difríocht ar bith idir nuacht Theilifís Éireann agus nuacht Sky nó CNN: na príomhscéalta ón domhan acu ar dtús, ansin nuacht na hÉireann agus sa deireadh thiar thall, blúire de nuacht áitiúil. Is é seo ár teilifís náisiúnta agus ba chóir nuacht náisiúnta a chraoladh ar dtús ar feadh ceathrú uaire a chloig, ansin nuachtáitiúil agus ar deireadh nuacht domhanda. Sin an fáth go bhfuil na stáisiúin áitiúla chomh coiteann sin leis an bpobal: tá siad ag tabhairt seirbhís atá ag teastáil ón bpobal agus sin é go díreach an rud atáim chun a rá le Teilifís na Gaeilge: tabhair don phobal an tseirbhís atá ag teastáil uathu: nuacht agus scéalta áitiúla agus nuacht náisiúnta, ceol agus cultúr na tíre seo, drámaí agus scéalta a bhaineann leis an tír seo.

Tá fuílleach de scéalta agus leabhair timpeall na háite. Is cuimhin liom nuair a bhíomar ag dul ar scoil go raibh Jimín Mháire Thadhg againn a scríobh an Seabhac. Na chéad fhocail a bhí ag Jimín Mháire Thadhg ná “An máistir a dúirt liom é seo a scríobh le cur go dtí An Lóchrann. Cuntas a thabhairt mar gheall orm féin, sin é a dúirt sé a bhí uaidh.” Fear ó mo dhúiche féin ab ea an Seabhac. Agus nach bhfuil a leabhar chomh maith le The Adventures of Tom Sawyer and Huckleberry Finn. Scéal grinn is ea é mar gheall ar bhuachaill óg agus a chara ag fás suas in iarthar na hÉireann. Tá scéalta eile ann ar nós An tOileánach le Tomás Ó Criomhthain, Peig le Peig Sayers, Fiche Bliain ag Fás le Muiris Ó Súilleabháin agus daoine nua mar Maidhc Dainín Ó Sé agus An Teach nár Thit agus Chicago Driver. Scríobh fear as Dún na nGall leabhar an-deas, Rotha Móra an tSaoil— Micí Mac Gabhann. A scéal féin a bhí ann, fear a chuaigh go Sasana agus as sin go Meiriceá, ar aghaidh go dtí an Klondyke ag lorg óir agus ar deireadh d'fhill sé ar Dhún na nGall áit a raibh cónaí air go dtí deireadh a shaol. Níl aon ghá le dul amach as an tír le scéalta a fháil le scannáin a dhéanamh astu.

Teilifís na Gaeilge atá againn agus ní stáisiún teilifíse do mhuintir na Gaeltachta amháin. Is do mhuintir na hÉireann uilig an stáisiún seo agus tá súil agam go mbainfidh muintir na hÉireann úsáid as chun taithí a fháil ar an teanga agus ar an gcultúr.

Tá a lán aisteoirí timpeall na tíre a bhfuil an Ghaeilge acu mar ghnáth-theanga. Tabhair seans dóibh scannáin Ghaeilge a dhéanamh agus tabhair slí bheatha dóibh. Téimis amach as an tír go Meiriceá freisin, cosúil leis an clár a bhí ann an oíche dheireannach. Téimis go tíortha eile chun a fháil amach conas atá na daoine Éireannacha a chuaigh thar lear ag déanamh agus tabhair na scéalta abhaile. B'fhéidir ag déanamh scannáin mar seo go mbeimid ábalta cuid de na daoine a chuaigh thar lear a mhealladh abhaile ionas go mbeidh slí bheatha acu i ndúiche a muintire. Guím rath Dé ar Theilifís na Gaeilge agus ba mhaith liom mo bhuíochas a ghabháil leis an Aire Ealaíon, Cultúir agus Gaeltachta, an Teachta Mícheál D. Ó hUiginn agus leis an rialtas agus na rialtais a bhí ann roimhe seo siar go dtí Cathal Ó hEochaidh nuair a bhí sé ina Thaoiseach agus Aire Gaeltachta agus tá a lán daoine eile a bhfuil buíochas ag dul dóibh. Táim cinnte go dtiocfaidh maitheas as an seirbhís seo do mhuintir na hÉireann.

Ba mhaith liom fáilte a chur roimh an Aire agus thar ceann an Daonlathais Chlé fíorfháilte a chur roimh Theilifís na Gaeilge. Táimid ag fanacht lei an lá seo le cúpla bliain agus ar deireadh tá rath ar ár gcuid feachtasaíochta ar a son.

Bhí an Daonlathas Clé i gcónaí i bhfábhar Theilifís na Gaeilge ar cheithre chúis. Tá sé ceart agus cóir go mbeadh seirbhís teilifíse ann do lucht labhartha na Gaeilge sna Gaeltachtaí agus ar fud na tíre; tá gá lena leithéid chun ár gcultúr a chaomhnú agus a neartú — tá an Ghaeilge mar chuid thábhachtach den chultúr sin agus is féidir an saibhreas ceoil atá sa chultúr Gaelach a fhorbairt agus a chur ar ardán domhanda, mar a rinneadh le Riverdance; is fiú go mór £10 milliún sa bhliain agus is féidir linn an costas a iompar faoi láthair; tá fostaíocht á chruthú ag an seirbhís — nach iontach go bhfuil breis agus 300 post curtha ar fáil dá barr?

Ní ceart dearmad a dhéanamh go bhfuil imeachtaí an Oireachtais le taispeáint ar Theilifís na Gaeilge agus níl aon amhras orm ná go méadóidh ar an tsuim atá ag muintir na hÉireann i gcúrsaí polaitíochta agus is maith an rud é sin i ndaonlathas.

Tá moladh agam don tseirbhís nua. Ba chóir dóibh clár rialta a chraoladh do lucht foghlamtha na Gaeilge agus dóibh siúd a bhfuil meirg ar a gcuid Gaeilge nó atá as cleachtadh.

Fáiltím roimh an tseirbhís nua, déanaim comhghairdeachas le gach duine atá ina bhun agus tá buíochas tuilte acu siúd a chaith seal fada ag feachtasaíocht ar son an stáisiúin Ghaeilge. Tá áthas orm gur acu a bhí an lá.

Rinneadh trácht ar Jimín Mháire Thadhg ansin agus is cuimhin liom i gcónaí an bhrionglóid a bhí ag Jimí agus na ceisteanna a chuireadh sé ar an mháistir scoile. An ceann is fearr a chualas ná dá dtógfadh sé trí lá do thriúr fear cré a líonadh isteach i bpoll de mhéid áirithe, cén lá den tseachtain a fuair Cromaill bás? Rudaí nach raibh aon cheangal eatarthu.

Tréaslaím leis an Aire as an méid atá déanta aige. Seo é an séú huair domsa an rud seo a phlé sa Teach seo agus go dtí seo bhíomar i gcónaí ag iarraidh argóintí i bhfábhar Theilifís na Gaeilge a chur ar aghaidh. Is iomaí uair le dhá bhliain anuas nuair a bhí an tAire faoi ionsaí ag freasúracht láidir lasmuigh de na Tithe seo gur sheas sé an fód leis an aisling seo. Aidhm í seo a bhí againn le blianta anuas agus tá an lá tagtha go bhfuil sé beo agus is maith gur éirigh leis. Beidh an-sásamh do mhuintir na tíre uilig agus is breá liom an méid de atá feicthe agam go dtí seo agus ní raibh an seans agam a lán de a fheiscint: ní fhacasé an chéad oíche agus bhíos ag féachaint air i rith na deireadh seachtaine agus bhíos an-tógtha leis an úsáid a baineadh as teicneolaíocht nua. Oíche Dé Domhnaigh, bhíos tar éis cúpla alt a chur le chéile ar script a bhí á thabhairt agam ar an dteicneolaíocht nua, gur gá go mbeadh sé ar fáil i scoileanna na tíre. Chuireas an teilifís ar siúl ag Teilifís na Gaeilge agus níorbh ann ach gnáth panel-game de shaghas ach bhí daoine óga ag dialáil isteach óna dtithe féin, ag imirt an chluiche óna dtithe féin agus ag glaoch isteach beo ar an dteilifís agus ag iarraidh pé rud a bhí ar an scáileán a chur ó thaobh go taobh: bhí leanaí na tíre páirteach i dTeilifís na Gaeilge.

Ag féachaint ar an daoine a bhí ag cur na cláir i láthair, bhí siad fuinniúil, úr, spéisiúil, profaisiúnta agus mo léan, bhí siad óg agus sin rud nua dúinn. Bhagair sé orm i slí éigin go raibh siad chomh hóg sin agus chomh beo sin leis an méid a bhí ar siúl acu.

Is maith anois go ndéanfadh muid rud níos leithne as. Ba chóir go mbeadh stiúideo i gCiarraí agus seans ag daoine sna Gaeltachtaí go léir páirt a ghlacadh sna cláir atá ar siúl. Agus ní amháin sna Gaeltachtaí ach faoin dtír ar fad go háirithe in áiteanna ina bhfuil an Ghaeilge á labhairt.

Ó thaobh an oideachais de, tá sé seanráite agam chomh tábhachtach is atá teilifís Gaoluinne do chúrsaí scolaíochta na tíre seo. Le fiche nó tríocha bliain anuas, tá siad ag dul abhaile fiú sna Gaeltachtaí agus gan a dteanga féin ar fáil acu ar na airways ach amháin ar Theilifís na Gaeilge le tamaillín anuas.

Níil seirbhís raidió ann don aos óg: is ar an teilifís a fhéachann siad agus is í an teilifís a bheith ar fáil dóibh. Tá sé ann dóibh anois agus tá siad bródúil as. Bhíos sa Ghaeltacht coicís roim oíche na hoscailteachta agus bhí daoine ag feitheamh leis agus b'ábhar cainte é sna pubs. Tá ownership ag pobal Gaoluinne na tíre air seo; táid páirteach sa dul chun cinn seo agus is maith an rud é sin.

Is maith an rud go dtuigeann siad siúd atá ag cur na cláir seo i láthair go bhfuil cultúr nua-aimseartha sa tír seo agus b'in an íomhá is úire a tháinig chughamsa óna cláir a chonaiceas. Chonac anseo cultúr úr na tíre, cultúr an lae inniu agus bhí sé láidir, neamhspleách agus Gaoluinn. Ní féidir le héinne a rá mar gheall ar Theilifis na Gaeilge gur Teilifís na Seanleads í: Teilifís don Aos Og í. Bhíos ag féachaint ar dhráma oíche Dé Domhnaigh agus bhí roc-cheol, deoch, gnéas agus gach rud eile ann. Cinnte, éireoidh leis an dul chun cinn seo. Tá sé ann don aos óg agus do gach duine eile, is rud nua-aimseartha agus Gaelach é agus ní sé ag tabhairt hostages to fortune in aon áit. Is dul chun cinn den scoth agus caithfimid gach tacaíocht a thabhairt dí. Ba mhaith an rud é dá mbeadh nuacht ón Oireachtas laethúil nó seachtainiúil ann chun brú a chur orainn féin an teanga a úsáid.

Molaim an Aire as seo — is mó argóint a bhíonn againn ach tá sé seo déanta aige, beidh sé ann i gcónaí dó agus táimid uilig buíoch de as an méid atá déanta aige. Táim cinnte go mbeidh i bhfad níos mó den dul chun cinn atá feicthe againn tar éis seachtaine ann. It will be a great success agus go n-éirí leis.

Fáiltím roimh Theilifís na Gaeilge agus déanaim comhgháirdeas leis an Aire as ucht as an méid obair atá déanta aige agus leis an iar-Aire, Cathal Ó hEochaidh: sílim gur chuir siad beirt Teilifís na Gaeilge ar fáil dúinn. Nuair a bheas an stair scríofa, feicfidh na daoine sa tír seo gurb iad an bheirt pholaiteoir sin a chuir Teilifís na Gaelige chun cinn.

Déarfainn go mbeidh Teilifís na Gaelige antábhachach don Ghaelige agus do na Gaeltachtaí. Go háirithe, beidh tionchar an-láidir ag an Teilifís ar an nGaeilge labhartha. Freisin, tabharfaidh Teilifís na Gaelige tacaíocht do dhaoine atá ag iarraidh an Ghaeilge a spreagadh tríd an tír. Ar ndóigh, caithfimid cuimhniú arís ar an dream tríd an tíra bhí leis na blianta anuas ag troid chun Teilifís as Gaelige a chur ar fáil sa tír seo. Déanaimid comgháirdeas leis na daoine sin as ucht Teilifís na Gaelige a bheith againn anois.

Deirtear in áiteacha nach bhfuil i Teilifís na Gaeilge ach airgead á chur amú. Ní aontaím le sin ar chor ar bith. An méid airgid a chaithfear ar Theilifís na Gaeilge, beidh sé chomh tábhachtach le haon airgead eile a bheidh caite sa tír seo. Tá sé in am dúinn airgead ceart a chur isteach i spreagadh na Gaeilge agus, ar ndóigh, i athbheochan na Gaeilge agus is í an teilifís ceann de na caoínna gur fearr é seo a dhéanamh.

Ó thosaigh sé an tseachtain seo caite, cuireann sé iontas orm go bhfuil an caighdeán chomh maith sin do sheirbhís nua. Is deas an sprid atá ag an bhfoireann atá ag obair air: tá siad óg, tá fuinneamh agus spiorad acu; tá dearcadh úr acu agus tá súil agam — agus táim cinnte de — go n-éireoidh go han-mhaith leo.

Caithfimid freisin ár mbuíochas a thabhairt de RTÉ as ucht an tacaíocht a thug RTÉ don tseirbhís nua. Ní deacair a rá go mbeidh na daoine óga seo i gcomórtas leis na daoine — b'fhéidir níos aosta — i RTÉ. Beidh seansanna ag na daoine óga ar Theilifís na Gaeilge agus b'fhéidir i RTÉ in éineacht le Teilifís na Gaelige.

Taispeáineann sé rud eile duinn, sé sin go bhfuil seansanna nua le fáil ag na comhluchtaí neamhspleácha atá ag déanamh scannáin sa tír seo. Beidh an-seans agus an-deis acu níos mó scannáin agus cláracha a dhéanamh agus mar sin de. Tá sé sin an-tábhachtach mar ní raibh an seans ag na comhluchtaí seo go dtí seo. Bíonn baint agam le ceann de na comhluchtaí sin atá ag déanamh cláir do Theilifís na Gaelige agus bhí sé go h-iontach domsa a fheiceál an méid oibre a bhí le déanamh acu agus le fáil acu as na cláracha a bhí á dhéanamh acu.

Chuala mé i mBaile Átha Cliath nó leigh mé sa pháipéir nach mbeidh ann sar i bhfad ach teilifís áitiúil, nach mbeidh sé ag plé ach leis na Gaeltachtaí nó leis an deisceart nó an iarthar. Ní aontaim le sin. Beidh Teilifís na Gaeilge chomh tábhachtach i mBaile Átha Cliath agus beidh baint ag Teilifís na Gaelige ansin sa chaoi chéanna in a mbeidh baint aici i gach áit eile sa tír. Tá súil agam nach mbeidh sí ina teilifís áitiúil ach go mbeidh sí ag breathnú tríd an tír go léir. An méid atá feicthe againn chomh fada le seo, is seirbhís náisiúnta í a bheas go han-mhaith.

Beidh sí go han-tábhachtach do na Gaeltachtaí. Tá mise ag plé le Gaeltacht Chonamara le bliain go leith anuas i bhfad níos mó ná bhí mé cheana ó athraíodh an chomhairle Dáilcheantair. Tá fuinneamh agus spiorad iontach le fáil sa Gaeltachtaí anois. Tá sé i bhfad níos fearr ná mar a bhí sé deich mbliana nó cúig bliana déag ó shin. Beidh Teilifís na Gaelige an-tábhachtach leis an sort fuinnimh agus spioraid seo atá sa Ghaeltacht a chur chun cinn agus do dhaoine atá ina gconaí sa Ghaeltacht, mar tá deacrachtaí acu agus beidh seans acu na deacrachtaí sin a léiriú ar an teilifís. Tá súil agam go mbeidh daoine i mBaile Átha Cliath in ann a fheiceáil chomh deacair agus atá sé do dhaoine atá ina gcónaí in áiteanna cosúil le Conamara, deisceart Chiarraí nó ar na hoileáin thart ar an gcósta.

Ós rud é go bhfuil an tAire anseo anocht, caithfidh mé a rá go bhfuil deacrachtaí sa Ghaeltacht. Tá súil agam go mbeidh seans againn go léir na deacrachtaí seo a phlé agus níl aon dabht agam ach go mbeidh sé againn. Tá sé go dona nach bhfuil daoine in ann uisce a ól in a lán áiteanna i gConamara ag an am seo, agus go háirithe ar na hOileain Árainn. Tá imbalance idir an méid airgid atá á chaitheamh i mBaile Átha Cliath ag teacht ón Eoraip agus an méid atá á chaitheamh in áiteanna iargúlta ar fud na tíre. Tá súil agam go mbeidh an teilifís in ann an imbalance seo a thaispeáint. Níl aon dabht ann ach go bhfuil an tseirbhís seo go han-mhaith don Ghaeltacht, don Ghaeilge agus don tír go léir. Tá sé thar a bheith in am don tseirbhís seo. Déanaim comhgáirdeas leis an bhfoireann go léir — Cathal Goan, Pádraig Ó Ciardha agus gach duine eile atá ag obair ann. Tá súil agam go n-éireoidh go han-mhaith leo agus níl aon dabht agam ach go mbeidh an t-ádh leo.

Ní labharfaidh mise ach ar feadh cúpla nóiméad. Ní hé nach bhfuil bá agam le Teilifís na Gaelige ar ndoigh: tá sin ráite agus scríofa agam minic go leor cheana, ach tá beagnach gach rud ráite cheanna féin a ba mhian liomsa a rá agus é ráite níos fearr ag daoine eile.

Creidim gur éachtach ar fad an obair atá déanta acu siúd go léir a raibh lámh acu i dtabhairt an bheartais seo chun críche. Luadh ainm Cathal Ó hEochaidh agus ainm an Aire atá anseo anocht — fearaim fáilte roimhe. Tá árdmholadh tuillte ag an Aire, an Teachta Ó hUiginn, as an ngaisce atá déanta aige. Mura ndearna sé rud ar bith eile i rith a Aireacht — agus tá ráflaí ann go bhfuil rud nó dhó déanta agus beartaithe aige a dhéanamh — cuimhneofar air amach anseo as ucht Teilifís na Gaelige a thabhairt i gcrích. Tá gach moladh atá faighte aige tuillte go maith aige.

Anois, tá cáineadh faighte aige chomh maith. Faoi mar a dúirt an Seanadóir Ó Tuathail — agus aontaím go hiomlán leis — is seirbhís nua do dhaoine nua-aoiseacha a ba chóir a bheith anseo, do dhaoine a bhfuil neamhspláchas intleachtúil ag baint leo. Ach déanadh ionsaithe fíochmhaire ar Theilifís na Gaelige, ionsaithe a léirigh cé chomh doimhin agus atá an compléasc íslithe imithe i bhfeidhm ar dhaoine áirithe sa tír seo, fiú ar dhaoine go mba chóir fios níos fearr a bheith acu. Fiú, trí ghlúin tar éis imeacht na Sasanach as an Stát seo, tá a rian sin le feiscint anseo go fóill.

Is ócáid stairiúil í agus má éiríonn lei, gníomh stairiúil amach a bheas ann. Má theipeann uirthi agus ní féidir linn ligint di teip, mar craic uafásach a bheadh ann don saol Fódhlach agus don saol Gaelach: bheadh sé sin stairiúil chomh maith go mí-ámharach. Ar ndóigh, braithfidh sé sin ar go leor rudaí taobh amuigh de Theilifís na Gaeilge féin ach tá súil agam go n-éireoidh go geal leis agus guím gach rath ar an stáisiún agus ar gach duine atá ag obair inti agus ar gach rud atá beartaithe acu amach anseo.

Is mian liom fáilte a chur roimh an Aire anseo tráthnóna nuair atá díospóireacht ar siúl maidir leis an fhorbairt is suntasaí a tharla don Ghaeilge le blianta fada: tú craolta Theilifís dóibh siúd atá ar bheagán Gaeilge agus ar mian leo í a fheabhsú. Cuireann sé seo an Ghaeilge ar chomhchéim leis an mBéarla i gcúrsaí craolacháin sa tír seo mar is ceart.

Cén fáth go bhfuil RTÉ 1 agus 2 ar VHF agus Teilifís na Gaeilge ar UHF?

This is a big bone of contention in the country. It will cost me £80 to get Teilifís na Gaeilge in Sligo. It has been said that one can get an aerial for £12, and of course you can, but you have to be within a couple of miles of the mast. We can get RTÉ using a simple aerial in most parts of County Sligo but we cannot receive Teilifís na Gaeilge. This is also true for Dublin and many other parts of the country unless you are on the cable system. Many people, a bhfuil suim mhór acu sa Ghaeilge, are annoyed by this. Why could RTÉ not put all three stations out on the one wavelength? This has done, and will do, a lot of damage to Teilifís na Gaeilge. I appeal to the Minister to have this corrected because it will be the downfall of Teilifís na Gaeilge. People will not pay up to £80 for a special aerial to receive it. That is sad.

They will have to.

Cé mhéad de na 300 post a ghabhann leis an tseirbhís nua a chuirfear ar fáil dóibh siúd atá dífhostaithe agus go háirithe dóibh siúd atá dífhostaithe go fadtéarmach? Are all those new jobs doing anything for the long-term unemployed?

Soiléiriú atá ag teastáil uaim ón Aire ach fáiltím go mór roimh Theilifís na Gaeilge agus guím gach rath agus séan uirthi. Is breá liom an Ghaeilge agus tacaím le gach iarracht le hí a chur chun cinn.

Is mian liom buíochas a ghabháil le Seanad Éireann as an deis seo a sholáthar le fáilte a chur roimh thús craolacháin Theilifís na Gaeilge. Thug me aitheantas i gconaí don tacaíocht a tháinig ó gach taobh den Teach seo do choincheap Theilifís na Gaeilge agus don chabhair a thug an tacaíocht sin domsa mar Aire a raibh an fhreagracht tugtha dó gealltanas an Rialtais — an chéad chinneadh i mí Feabhra 1993 agus an dara cinneadh i mí Eanáir 1995 — go mbunótaí an stáisiún mar chainéal náisiúnta ar leith a thabhairt chun críche.

Níl ach sé lá imithe ón gcéad chraolacháin. Tá na céimeanna tosaigh feicthe againn, tá súil agam, in aistear a bheidh fada agus torthúil. Ní féidir liomsa, mar Aire atá freagrach as polasaí craolacháin, bheith bainteach le cúrsaí cláir ó lá go lá ach ní dóigh liom go mbeinn ag dul thar na teorainneacha reachtúla dá ndéanfainn tagairt do ché chomh féin-mhuiníneach a bhí nacéimeanna tosaigh sin agus don úireacht, ilghnéitheacht agus beocht a bhí le brath ó na cláir a léiríodh i dtaca an ama sin.

Tá Teilifís na Gaeilge mar cheann scríbe ar mhór-iarrachtaí a bhí á ndéanamh ag a lán daoine thar tréimhse blianta. Ba mhaith liom aitheantas a thabhairt do Mheitheal Theilifís na Gaeltachta a dhírigh aird an phobail ar an riachtanais a bhí ann. Ceist cearta a bhí ann go mbeadh stáisiún teilifíse ar fáil do mhuintir na Gaeltachta agus do chomhluadar na Gaeilge ar fud na tíre. Ó 1993 bhí bunú an stáisiúin mar chaineál náisiúnta ar leith mar chuspóir de pholasaí an Rialtais agus, ar mhórán cúiseanna, bhraith mé i gcónaí go raibh cur i gcrích an pholasaí sin ar cheann de na cúramaí ba mhó a bhí le comhlíonadh agam.

Ba mhaith liom lánaitheantas a thabhairt do na daoine a chuaigh romham agus a raibh an coincheap seo acu is a thug tacaíocht don choincheap sin.

Ní amháin go bhfuil Teilifís na Gaeilge mar chuid bhunúsach de pholasaí cultúrtha, craolacháin agus teanga: téann sé níos doimhne ná sin. Tá bunú stáisiúin náisiúnta teilifíse, lena cheanncheathrú i mBaile na hAbhann, mar shampla den chaoi inar féidir na teicneolaíochtaí is nua-aimseartha a chur chun fónaimh dár saoránaigh uile agus é sin a dhéanamh ar imeall na hEorpa chun postanna buana a chur ar fáil do dhaoine óga. Ní hé go bhfuil an teicneolaíocht á brú orainn ach go bhfuilimid ag baint úsáid aisti chun ár saoil a iomlánú agus chun fostaíocht a chruthú.

Tacaíonn sé le coincheap an chraolacháin seirbhíse poiblí ag am nuair atá an coincheap sin faoi mhór-bhrú. An tseachtain seo chugainn beidh mé ag tabhairt léacht in onóir Raymond Williams agus cuimhním i gcónaí ar an méid a scríobh sé, go mbeadh seans againn i ré na teicneolaíochta dul i gcumarsáid lena chéile ar shlí nach raibh ar fáil go dtí sin. Scríobh sé é sin sna seachtóidí iCulture and Society agus fiú ansin bhí an bagairt ann go mbeadh na hollchomhlachtaí i gceannas ar an rud ar fad agus nach mbeadh fáil ag éinne eile ar an nuatheicneolaíocht chéanna.

Mar atá ráite agam go minic, baineann Teilifís na Gaeilge ag an leibhéal is bunúsaí le cearta daoine a úsáideann an Ghaeilge mar ghnáth-theanga laethúil: teacht a bheith acu sa teanga sin ar an meán cumarsáide is cumhachtaí a bhfuil forbairt déanta air go dtí seo. Baineann Teilifís na Gaeilge le cearta, saoránacht agus daonlathas.

An fáth go bhfuil an oiread sin suime san Eoraip i mbunú Theilifís na Gaeilge ná go bhfuilimid ag crosbhóthar craolacháin. An bhfuil na seirbhísí nua agus an teicneolaíocht nua ag imeacht i dtreo na tráchtála agus na n-ollchomhlachtaí nó an mbeidh sé ar fáil chun na bunfhiúntais a bhí mar bhunús le cúrsaí craolacháin sa tír seo, sa Bhreatain agus i dtíortha eile ar a tugadh an teideal polyservice broadcasting? An mbeidh sé ar fáil dóibhsean agus cén treo i ndeireadh na dála a roghnóimid?

Tá an cinneadh chun dul ar aghaidh le bunú an stáisiúin nua mar chaineál náisiúnta ar leith ina chomhartha muiníne i gcumas agus i dtalainn ár gcraoltóirí agus ár ndéantóirí clár. Aontaím leis na Seanadóirí faoin tionchar a bheidh ag na milliúin atá caite ar an bpróiséas coimisiúnaithe do chomhlachtaí ar fud na tíre a bhfuil daoine óga ag obair iontu a chuirfidh cláir ar fáil don tseirbhís nua. Is comhartha muiníne í freisin i mbeocht agus in ábharthacht ár dteanga féin agus muid ag druidim i dtreo na milaoise nua. Dá mbeimis inár seasamh anseo i mí na Samhna, 1996 ag plé todhchaí na Gaeilge agus dá dtógfaí cinneadh an t-airgead a bhaint as Teilifís na Gaeilge agus gan dul ar aghaidh lei, cén sórt atmasféir a bheadh ann agus an cinneadh sin tógtha gan seans a thabhairt di agus é soiléir nach mbeadh an seans sin ann go deo.

Thóg muid an cinneadh chun í a chur ar fáil agus cuireann sé gliondar croí orm féin. Is iontach an fháilte fhial atá curtha roimh an tseirbhís ag gach taobh den Teach seo.

Tá amhail mar a bheadh pléascadh ar siúl ar bhonn domhanda sna meáin leictreonacha agus sna seirbhísí a dtéann leo, agus sa chomhthéacs sin, tugann bunú Theilifís na Gaeilge aitheantas don ghá atá le seirbhís theilifíse inár dteanga féin atá préamhaithe go daingean inár bpobal féin agus atá Gaelach ar bhealach sainiúil. Is féidir úsáid a bhaint as an oidhreacht agus as an gcaomhnú atá ag seasamh taobh thiar de agus ag an am gcéanna, bheith in ann freastal ar an samhlaíocht a bheidh ar fáil don todhchaí. Coincheap ama fíor-thábhachtach atá i gceist.

Is comhartha soiléir í Teilifís na Gaeilge nach bhfuilimid sásta glacadh gan ceist le brú ó mhórchomhluchtaí tras-náisiúnta, atá bunaithe ar chúrsaí brabúis amháin, chun go bhfeidhmeodh saoránaigh mar thomhaltóirí fulangacha gan spéis ar bith acu i leas a chéile. Is ráiteas é Teilifís na Gaeilge nár chóir na teicneolaíochtaí nua-aimseartha a úsáid ach don aon chúis amháin, sé sin, chun níos mó seirbhísí den chineál céanna a sholáthar d'fhonn an lucht féachana is mó is féidir a mhealladh ag an bpraghas is ísle don lucht fógraíochta. Is léir ó Theilifís na Gaeilge go bhfeictear dúinn gur rud ábharthach, beo agus luachmhar é an craolachán gur féidir le saoránaigh a úsáid i múnlú a dtodhchaí agus a gcultúr féin.

Ní féidir an iomarca creidiúna a thabhairt do na daoine uile a raibh baint acu le saolú Theilifís na Gaeilge. Tá buíochas ag dul do RTÉ as a gcuid iarrachtaí chun an bunstruchtúr teicniúil a chur ar fáil laistigh den scála ama cuí. Molaim go mór na hinnealltóirí a bhí ag obair ar an gcuid sin de.

Ba mhaith liom aitheantas a thabhairt do thacaíocht ghinearálta RTÉ agus do ról Comhairle Theilifís na Gaeilge: tá an t-ádh linn go bhfuil an fhoireann fé cheannaireacht Chathal Goan. Tá áthas orm go bhfuil duine den fhoireann sin i láthair inniu, Pádraig Ó Ciardha. Ba mhaith liom aitheantas a thabhairt freisin do iarrachtaí na n-oifigeach i mo Roinn féin a d'oibrigh go díograiseach chun an ceann scríbe seo a bhaint amach.

Ní mór comhghairdeachas a dhéanamh le foireann an stáisiúin a thug múnla d'fhís Theilifís na Gaeilge. Ní mór comhghairdeachas a dhéanamh leo freisin as díogras agus dea-thoil i leith an stáisiúin a chothú, ní amháin i measc cainteoirí Gaeilge ach tríd an tír i gcoiteann agus go deimhin, níos faide chun siúl. Thug cinneadh an Rialtais go mbunófaí an stáisiún agus an tacaíocht a fuair an cinneadh sin ó pháirtithe an Oireachtais, aitheantas don dea-thoil agus don chion sin — in ainneoin go raibh roinnt beag cáineadh ciniciúil ann. Tá foireann Theilifís na Gaeilge tar éis croílár a thabhairt don dea-thoil sin agus modh chun é a chur in iúl, agus dá réir sin, tá léirithe acu gurb é an cinneadh ceart a bhí ann. Ó thaobh an Rialtais de, tá socraithe go ndéanfar airgeadú ar an stáisiún ar bhonn leanúnach.

Maidir leis an struchtúr don todhchaí, pléifear é sin nuair a thugaim reachtaíocht maidir le cúrsaí craolacháin os comhair an Oireachtais i 1997.

Tá obair nach beag le déanamh ag foireann óg Theilifís na Gaeilge agus ag na déantóirí clár, a bhfuil coimisiúin tugtha dóibh, chun dul ar aghaidh agus tógáil ar an tosach iontach atá bainte amach acu. Beidh líon mór seirbhísí san iomaíocht leo chun an lucht féachana a mhealladh.

Tá mé dóchasach, áfach, go nglacfar le Teilifís na Gaeilge laistigh d'achar gearr mar chuid bhunúsach den phobal a dhéanann an chraoltóireacht in Éirinn freastal air. Tá sainordú ag an stáisiún plé lena lucht féachana mar dhaoine meabhracha seachas mar ghrúpaí tomhaltóirí a ndéanfaí airgead orthu. Is féidir leis an stáisiún caighdeán nua a leagan síos do chláir den scoth agus cruthúnas a chur ar fáil, creidim, go mb'fhearr leis an lucht féachana go rachfaí i ngleic leo agus go dtabharfaí dúshlán dóibh ar bhealach ciallmhar, seachas tuilleadh a chur ar fáil dóibh den síor-phrislíneacht a nglactar lei mar chruthaitheacht ar go leor de na seirbhísí eile atá ar fáil.

Beidh seans ag muintir na Gaeltachta na deacrachtaí atá acu a nochtadh, mar a dúirt an Seanadóir Fahey. Ó thaobh na n-aeróga, má táthar ag súil le RTÉ 1 agus 2 a fháil, tá an t-aistriú ó VHF go UHF ag tarlú, is cuma faoi Theilifís na Gaeilge agus má chaitear an t-airgead beifear in ann Teilifís na Gaeilge a fháil freisin.

Ba mhaith liom tacú go hiomlán leis an rún atá ós ár gcomhair inniu agus mo bhuíochas phearsanta agus buíochas an Rialtais a ghabháil leis na Seanadóirí faoin rún ata os ár gcomhair inniu: fáilte a chur roimh an gcomhalta nua den chlann craolacháin in Éirinn. Tá lán-dóchas agam go mbeidh páirt iomlán le himirt ag an stáisiún nua i saol cultúrtha agus sóisialta oileáin uilig na hÉireann agus go mbeidh sé ina ábhar bróid dúinn go léir. Fearaim fíor-chaoin fáilte roimh Theilifís na Gaeilge agus guím chuile rath ar na daoine a bheidh ag obair ann agus ar na daoine a bheidh ag féachaint uirthi.

An Leas-Chathaoirleach

Before I put the question I wish to inform the House that Senator Norris indicated he wished to speak after I had called on the Minister to conclude. I regret that I could not accede to Senator Norris's request.

Cuireadh agus aontaíodh an cheist.

Top
Share