Skip to main content
Normal View

Seanad Éireann debate -
Thursday, 5 Dec 1996

Vol. 149 No. 12

Resignation of Member of Government and Appointment of Member of Government.

Tá orm a chur in iúl don Teach go bhfuarthas litir dar dáta 3 Nollaig 1996 ó Rúnaí an Rialtais maidir le Comhalta an Rialtais a éirí as a oifig, Comhalta an Rialtais a cheapadh agus sannadh Roinn Stáit. Leagfar amach na litreacha ar an ngnáthmhodh i gCín Lae an Tí agus, do dhroim an chraolta seo, clófar é freisin i dTuairisc Oifigiúil na nDíospóireachtaí.

I have to inform the House that a letter dated 3 December 1996 has been received from the Secretary to the Government regarding the resignation of a Member of the Government, the appointment of a Member of the Government and the allocation of a Government Department. The letter will be set out in the usual manner in the Journal of the House and, consequent on this announcement, it will also be printed in the Official Report of Debates.

Roinn an Taoisigh

Department of the Taoiseach

Baile Átha Cliath 2

Dublin 2

Uimhir Thagartha

Ref. No. S.28291

3 Nollaig 1996.

Cléireach an tSeanaid

Tá orm a chur in iúl duit

(1) gur thairg Mícheál Ó Labhraí T.D., a n-éirí as oifig mar chomhalta don Rialtas don Taoiseach ar an 30 Samhain, agus gur ghlac an Uachtaráin, ar chomhairle an Taoiseach, leis ar an lá chéanna;

(2) go ndearna an Taoiseach an 30ú lá de Shamhain, 1996, i bhfeidhmiú na gcumhachtaí a thugtar dó le fo-alt (1) d'alt 4 den Acht Airí agus Rúnaithe (Leasú), 1946, An Roinn Iompair, Fuinnimh agus Cumarsáide a shannadh dó fhéin;

(3) go bhfuil an Commisiún atá comhdhéanta mar a shocraítear in alt 2 d'Airteagal 14 den Bhunreacht, ag gníomhú dóibh ar ainmniú an Taoisigh, le comhaontú Dháil Éireann roimh ré, tar éis

Alan Dukes

comhalta de Dháil Éireann, a cheapadh inniu mar chomhalta den Rialtas; agus

(4) go bhfuil an Taoiseach, i bhfeidhmiú na gcumhachtaí a thugtar dó le halt 4 den Acht Airí agus Rúnaithe (Leasú), 1946, inniu tar éis sannadh an Roinn Iompair, Fuinnimh agus Cumarsáide dó féin a fhoirceannadh agus an Roinn sin a shannadh do

Alan Dukes

comhalta den Rialtas.

Frank Murray

Rúnaí an Rialtais

Top
Share