Skip to main content
Normal View

Seanad Éireann debate -
Wednesday, 28 Feb 2001

Vol. 165 No. 9

Irish Language: Statements (Resumed).

I wish to share time with one of my colleagues.

Is that agreed? Agreed.

Tá an-áthas agus bród orm fáilte a chur roimh mo chomhleacaí as Dáilcheantar Dhún na nGall Thiar Theas as ucht a toghadh mar Aire Stáit. Taobh amuigh den phost atá ag an Teachta Ó Maoildhia, tá an dara post is tábhachtaí ag an Aire Stáit nua mar tá seans aici tionchar millteanach a bheith aici ar shaol mhuintir na Gaeltachta agus ar na daoine sin sa Ghalltacht a bhfuil Gaeilge acu. Tá a fhios agam go n-éireoidh go geal lei mar tá aithne agam uirthi le ceithre bliana déag agus bhí aithne agam ar a hathair agus ar a huncail roimhe sin. Rinne siad obair bhreá i gcúrsaí oideachais. An chéad phost a bhí ag an hathair ná mar oide scoile ar oileán Gola. Beidh mé ag cur brú millteanach uirthi an t-airgead a scaipeadh ar an nGaeltacht atá ar mo thaobhse tíre.

Tréaslaím leis an iar-Aire as an obair a rinne sé fad a bhí sé sa Roinn. Rinne sé a lán athruithe le linn a sheal ann go háirithe maidir le cuid mhaith de na deontais a thabhairt ar ais, deontais atá iontach tábhachtach do mhuintir na Gaeltachta. Ba é an bochtanas an chéad rud a samhlaíodh i gcónaí leis an nGaeilge agus go fóill i Litir Ceanainn deir siad liom go dtagaim as áit iargúlta mar go dtagaim ó cheantar Gaeltachta, ceantar na Rossan.

Rinne Éamon Ó Cuív sár-obair go háirithe nuair a ghlac sé na hoileáin isteach sa Roinn. Tá na hoileáin go léir i dTír Chonaill sa Ghaeltacht agus tá trí cheathrú de na daoine atá ina gcónaí ar oileáin amach ó chósta na hÉireann i gceantair Ghaeltachta.

Rinne sé feabhsúcháin ar scéim labhairt na Gaeilge agus tá súil agam go bhféachfaidh an tAire Stáit ar an scéim seo mar tá deacrachtaí againn le leanaí atá ag teacht ar ais le tuismitheoirí chun cur futhu ann. Nuair a rugadh duine de na tuismitheoirí lasmuigh den Ghaeltacht, tá deacrachtaí acu le deontais tithíochta agus Ghaeilge.

Rinne sé a dhícheall ar son na coláistí samhraidh freisin agus cé go ndeir na mná tí nach bhfuil siad ag fáil a dhóthain go fóill rinne sé an-fheabhsúchán air agus thug sé isteach deontas eile fá choinne feabhsúcháin tithe.

Ní chuirfidh mé aon rud eile ar an liosta ach beidh mé ag caint leis an Aire Stáit.

Tá an bhliain 2001 ceaptha mar Bhliain Eorpach na dTeanga chun daoine a spreagadh chun teanga eile seachas a máthairtheanga a fhoghlaim. Is maith go bhfuilimid ag plé ceist na Gaeilge anseo inniu. Cé gur Béarla an príomhtheanga atá ag formhór na tíre seo is féidir an bhliain seo a úsáid chun spreagadh a thabhairt do dhaoine Gaeilge a fhoghlaim agus a labhairt.

Níl a fhios agam an bhfuilimid ag tabhairt lip service amháin don teanga anseo inniu mar seo an chéad uair riamh a raibh mise in ann labhairt ar an nGaeilge ó tháinig mé isteach anseo mar ní raibh dóthain ama ann roimhe seo.

Seo an tríú huair a raibh díospóireacht faoin Ghaeilge anseo ach seo an chéad uair a bhi mise in ann labhairt faoin teanga ó tháinig mé go dtí an tSeanad. Ní raibh mórán ama tugtha don ábhar agus bhí barraíocht cainteoirí ann, ach tá seans agam inniu. Thógamar é ar dtús i mí Márta 1999. Thánamar ar ais ar an ábhar i Márta 2000 agus an lá deireanach dúirt an Seanadóir Ó Murchú go raibh daoine eile ag fanacht le labhairt ach dúirt an Teachta Ó Cuív nach mbeadh orainn fanacht bliain eile go dti go mbeadh seans eile againn ach faraor, ghlac sé bliain.

Is ceart go mbeadh seans againn labhairt faoi theanga na Gaeilge agus faoin Ghaeltacht anseo agus is ceart go n-úsáidfeadh daoine an dá theanga, mar a dúirt an Seanadóir Connor. Sílim gurb é an fáth go bhfuil barraíocht ama idir díospóireacht amháin agus díospóireacht eile, mar tá faitíos orainn nach bhfuil go leor daoine ábalta labhairt i nGaeilge. Ach is féidir an dá theanga a úsáid.

Mar a dúirt an Seanadóir Connor, bhí Gaeilge aige ar scoil agus tharla an rud céanna dom féin. Bhí Gaeilge agam sa bhaile agus ar an mbunscoil ach nuair a chuaigh mé go dtí an mheánscoil d'fhág mé mo bhaile ar feadh 35 bliain. Ní raibh seans agam ansin Gaeilge a úsáid mar ní raibh mé i mo chónaí sa Ghaeltacht a thuilleadh agus ní raibh mé ag bualadh le daoine ón Ghaeltacht san obair a bhí agam. Nuair a thosaigh mé sa pholaitíocht trí nó ceithre bliain ó shin thosaigh mé ag teagmháil le daoine arís ón Ghaeltacht agus ag déanamh agallamh ar Raidio na Gaeltachta. Tagann an Ghaeilge ar ais le húsáid agus ní ceart faitíos a bheith ar éinne an Ghaeilge a úsáid cé nach mbeadh sé go maith aige; tagann sé ar ais le húsáid.

Tá athrú milteanach tagtha ar an saol anseo le 30 nó 40 bliain anuas a chuir isteach ar an Ghaeilge. Cé go ndúirt an Seanadóir O'Toole go raibh an Ghaeilge curtha síos sna scórnaigh againn nuair a bhíomar ar scoil, sílim go bhfuil athrú tagtha ar sin anois. B'fhéidir go bhfuil an Ghaeilge ag dul i laige sa Ghaeltacht mar dar le staidéar atá deanta ar sin níl ach ceathrú de na daoine sa Ghaeltacht ag úsáid na teanga gach lá. Dúirt an tAire Stáit – agus an Teachta Ó Cuív roimhe sin – go bhfuil ar a laghad 150,000 daoine ag úsáid na teanga gach lá agus tá suas le 500,000 ag úsáid í b'fhéidir gach seachtain nó gach mí. Tá "foundation" ansin.

Tá athrú tagtha. Tá gaelscoileanna ann anois agus tá a lán Gaeilge á labhairt anois sa Ghaeltacht, rud nach raibh ann 30 nó 40 bliain ó shin. Cuirim fáilte roimh an cuidiú agus roimh an t-airgead atá curtha ar fáil do na gaelscoileanna a scaipeann an Ghaeilge ar fud na tíre. Fiú amháin anois tá scoileanna dara leibhéal oscailte, ceann amhain i Leitir Cheanainn i mo cheantar fein ina bhfuil múineadh á dhéanamh trí Ghaeilge agus tá scoil lán-Ghaeilge i mBallinamore atá íontach tábhachtach.

Sílim go bhfuil níos mó aird á thabhairt do na scoileanna seo ná mar atá á thabhairt do scoileanna sa Ghaeltacht. Ba cheart an cuidiú céanna a thabhairt do na scoileanna sa Ghaeltacht mar, faoi mar a dúirt mé cheana, níl ach 25% de na daoine sa Ghaeltacht ag úsáid na teanga gach lá ach tá daoine óga ag teacht suas tríd na scoileanna sin. Tá deacrachtaí ag an scoil i mBallinamore leis an gcóras taistil agus ba cheart gach seans a thabhairt dóibh a bpáistí a chur go dtí scoil lán-Ghaeilge mar tá cuid de na teaghlaigh ansin ag cur a bpáistí go Ballybofey agus an scoil Béarla mar tá an bus ag tógaint na bpáistí ann. Níl mise ag déanamh gearán faoi na gaelscoileanna ach ba cheart an tacaíocht chéanna a thabhairt do na scoileanna sa Ghaeltacht.

Bhí an Seanadóir O'Toole ag caint faoi mhúinteoirí agus nílim chun drochmheas a chur ar mhúinteoir ar bith ach nuair a bhí mé ag fás suas agus ag dul ar scoil bhí duine éigin as gach dara theach i nGaeltacht Thír Chonaill ag dul ar aghaidh don mhúinteoireacht agus bhi coláistí ullmhúcháin ann. Cuireadh an-bhéim ar an Ghaeilge sna coláistí sin. Fiú amháin taobh amuigh den Ghaeltacht tháining daoine ó Chiarraí, ó Ghaillimh agus ó Thír Chonaill ag múineadh i scoileanna ar fud na tíre agus bhí Gaeilge den chéad scoth acu. Tá na múinteoirí uilig anois i gcoláiste amháin agus níl an béim céanna ar an Ghaeilge. Ba mhaith liom go mbeadh athrú ar sin.

Sa chlann agus sa scoil a fhoghlaimíonn an páiste an teanga. Tá áiteanna cosúil le Oideas Gael i nGleann Cholm Chille faoi Liam Ó Cuinneagáin. Ta seisean ag múineadh Gaeilge mar rud pléisiúrtha gan brú ar bith. Tagann daoine ó Mheiriceá ar feadh coicíse agus tagann siad ar ais ar feadh coicíse eile chun Gaeilge a labhairt. Bhí Uachtarán na hÉireann féin, Mary McAleese, ann agus molaim an t-Uachtarán as ucht an t-am a ghlac sí chun iarracht a dhéanamh feabhas a chur ar a cuid Gaeilge.

Níl na téacleabhair sna scoileanna chun Gaeilge a mhúineadh agus ba mhaith liom moladh a thabhairt do Ghael Uladh i mo chontae féin atá ag cur na leabhar sin ar fáil. Bheadh deich nó 15 nóiméad eile ag teastáil uaim chun rudaí eile a rá ach ba mhaith liom an-mholadh agus buíochas a thabhairt do Raidio na Gaeltachta agus TG4. Nuair atáim sa bhaile ní éistim ach le Raidio na Gaeltachta nó Highland Radio ach nílim ábalta Highland Radio a fháil nuair atáim amach as an contae. Tugann sin an-chuidiú chun mo Ghaeilge a chleachtadh. Mhol daoine eile TG4. Tá obair íontach tábhachtach á dhéanamh ag Coimisiún na Gaeltachta ach ba mhaith liom dá ndéanfaidís leathnú ar an Ghaeltacht. Tá dhá pharóiste inár gceantar, Ard a' Ratha agus na Gleannta ach níl ach píosa beag sa Ghaeltacht. Ta neart Gaeilge ag daoine eile sa cheantar sin atá suite idir Gleann Cholm Cille agus ceantar na Rossa. Ni ceart áit a tharraingt amach as an Ghaeltacht ach áiteanna mar sin a chur isteach ann.

Guím gach dea-rath ar an Aire Stáit.

Aontaím leis an fáilte atá curtha roimh an iar-Sheanadóir Dé Brún agus roimh na daoine ó Chomhaltas Ceoltóirí Éireann. Cuirim fáilte croíúil rompu uile. Cuirim fáilte roimh an tAire Stáit ar ócáid a céad óráid sa tSeanad mar Aire Stáit. Guím gach rath uirthi ina post nua. Guím buíochas leis an Aire Stáit, an Teachta Ó Cuív, agus ba mhaith liom gach rath a ghuí air ina dhualgais nua.

Tá bunshraith maidir le húsáid na Gaeilge i ngach gné den saol anois. Tá Raidio na Gaeltachta agus TG4 ag cur go mór leis an mbunadh seo. Tá cláracha tarraingteacha ann don lucht éisteachta agus féachana ar na stáisiúin sin. Admhaím nach bhfuil an Ghaeilge go flúirseach agam ach is féidir le gach duine, óg is aosta, saibhir nó daibhir, tacaíocht a thabhairt do atbheochaint na Gaeilge.

It is important to note the comments of previous speakers about what can be done for the language. We talk about the renaissance of Irish and fostering the language but much more can be done. The Minister of State is fortunate to have Gaeltacht Gaoth Dobhair i gcontae Dún na nGall. Unfortunately, in my native county, Westmeath, we do not have a Gaeltacht but I am pleased that my neighbouring county, Meath, does. The presence of the Gaeltacht in county Meath has had a ripple effect in fostering the language in the midlands.

Much could be done by various organisations to improve the usage of the language. The Minister for State might consider having discussions with the Vintners Federation of Ireland. Most people, drinkers and non-drinkers, go into a pub. It would be useful if she had discussions with them and restaurant owners. In Mullingar, there is one fast-food outlet, which has a bi-lingual menu. The owner is originally from Italy. Is fíor sin.

In my local authority, Westmeath County Council, we have a few items as Gaeilge – na miontuairiscí, comhfhreagras. However, I believe we could do much more. About three of us out of the 23 members sign our names as Gaelige. People will say that is a very small thing. A small beginning is very important. The most important step in a million mile journey is the first one. All those steps, of themselves, are important.

Many of the old place names here have been pushed to one side and replaced by new buzz names. We should, where possible, revert to the old place names. It is very important when going through a town or village to read the Irish version of the name, because the English one is purely an Anglicisation of the Irish version and means absolutely nothing.

I am pleased to inform the House that we have a flourishing gaelscoil in Mullingar – Gaelscoil an Mhuilinn – agus tá mé fíorbhuíoch don Aire Oideachais go bhfuil scoil nua á bhunú sa Mhuileann Cearra agus go bhfuil suíomh ann chun an scoil a bhunú air.

I agree with the comments made by Senator O'Toole. Everybody has a role and can contribute to the renaissance of the language, including the young and old, the rich and poor. The poorest man or woman would make a great contribution to society if they, in their own small way, could contribute to the renaissance of the language.

When I was in college, it was regrettable that there was a degree of elitism associated with the language. That elitism almost killed the language. Madraí ina gcodladh, fág ina luí iad. We will leave that where it is. I am glad that people now have a pride in the language, including those of us who do not have a natural talent for speaking it. I am very proud to appear on national radio and television in this House and utter my few words as Gaeilge.

I already referred to the VFI, the GAA is another organisation that has done much work but I believe it could do more. The Christian Brothers have made a great contribution to the fostering of the Irish language.

As someone living in Mullingar, it would be very remiss of me not to mention that Comhaltas Ceoltóirí Éireann was founded in the town 50 years ago. I am delighted that, as a member of Westmeath County Council, I submitted a notice of motion, which was unanimously accepted by the council, to accord an address of recognition to Comhaltas Ceoltóirí Éireann. I am delighted that the Seanadóir Labhrás Ó Murchú was there to receive that along with other members, including the president, An tUasal Ó Suibhne.

When Comhaltas Ceoltóirí Éireann was founded, some 50 years ago, it was almost an act of shame to play traditional Irish music. I am delighted that Comhaltas Ceoltóirí Éireann has now found its way into every country throughout the world. While he was not an Irishman, the passing of the late Jimmy Shand just before Christmas will be bemoaned by many an Irishman who spent time in Scotland.

The language can only be restored through the co-operation of everyone and it is true to say: "You can lead a Celt, you'll never drag him".

Senator Ryan has twenty minutes and the Aire Stáit wants to reply for a couple of minutes. Could I get the agreement of the House to continue until 1.45 p.m.?

Is it agreed that we extend this sitting until 1.45 p.m.?

Ba mhaith liom féin cúpla focal a rá.

Acting Chairman

Agreed.

Mr. Ryan

Cuirim fáilte roimh an Aire agus tá an post tuillte aici. Agus í ina bean óg nuair ba chóir di a bheith ag déanamh rudaí a bhfuil níos mó spóirt ag baint leo ná a bheith ag dul timpeall na háite seo le seandaoine, cuirim fáilte roimh an dul chun cinn atá déanta aici.

Léigh mé an méid a dúirt an tAire Stáit agus ní fhéadfaí cur ina choinne. Táimid ar aon aigne faoi thábhacht na Gaeilge agus tá dea-thoil don Ghaeilge ann go forleathan. Is cuimhin liom go raibh daoine áirithe ag iarraidh feachtas a eagrú i gcoinne Theilifís na Gaeilge ach ní fhéadfadh siad teacht ar pholaiteoir ar bith a bhí sásta aon rud a rá i gcoinne an phrionsabal go mba chóir go mbeadh córas teilifíse againn a bheadh dírithe ar an nGaoluinn a chur ar fáil. Is iontach an rud é.

Luaigh an tAire Stáit figiúr agus glacaim leis ach níor luaigh sí go bhfuil thart ar 6,000 teanga ar domhan. Den 6,000 sin gheobhaidh leath díobh bás taobh istigh d'achar gearr. Níl ach 3,000 teanga ann gur féidir a bheith dóchasach go mairfidh siad. Agus den 3,000 sin níl ach 300 díobh gur féidir glacadh leis go mairfidh siad. Agus tá an Ghaoluinn san áireamh sa 300 siúd. Sin an brú atá ar theangacha beaga ar fud an domhain. Tá suas le 95% díobh faoi bhrú agus d'fhéadfadh sé tarlúint taobh istigh de chaoga bliain nach mbeadh níos mó ná 300 in ionad 6,000 teangacha ann. Sin cultural diversity nó biodiversity agus mar a dúirt an tAire Stáit ina hóráid sin cailliúint mór é sin don domhan uilig.

Cuirim fáilte roimh an díospóireacht agus is iontach an rud go bhfuil an oiread sin daoine ag iarraidh labhairt nach bhfuil dóthain ama againn. An taobh eile den argóint sin ná go bhfuilimid sásta caint a dhéanamh faoi staid na Gaeilge agus a deacrachtaí as seo go deireadh an chéid ach is i réimse na gníomhaíochta is ea a theipeann orainn. An rud a tharla blianta ó shin nuair a bhí mé féin gníomhach i ngluaiseacht na Gaeilge, pé ábhar a bhí le plé ag cruinniú, b'í an Ghaeilge féin a bheadh á plé faoi dheireadh an chruinnithe, in ionad an ábhair.

Mar atá ráite go dtí seo, is féidir a bheith dóchasach faoi thodhchaí na Gaoluinne – ní gheobhaidh sí bás sa chéad seo mar tá Gaoluinn cumasach ag an oiread sin daoine. Ach ní fhéadfaí a bheith chomh dóchasach faoin nGaeilge mar theanga pobail sna Gaeltachtaí agus tá rudaí i bhfad níos measa sa Ghaeltacht ná mar a dúirt an tAire. Ba bhreá liom aontú lei go bhfuil 150,000 daoine sa tír seo ag caint Gaoluinn gach lá mar ghnáththeanga pobail. Ní aontaím lei. Déarfainn má tá trian den uimhir sin ag labhairt Gaoluinne chuile lá gurb é sin a mhéid. Déarfainn go gceapann 5,000 daoine sa tír seo a cheapann go bhfuil cónaí orthu i bpobal Gaoluinne.

Ní hionann sin is a rá go bhfuilim éadóchasach faoi na Gaeltachtaí. Tá an teanga ag dul i léig agus tá an pobal ag dul i nirt mar tá forbairt eacnamaíochta tar éis titim amach iontu cé nach bhfuil sé chomh maith is atá sé i mBaile Átha Cliath. Tá níos mó daoine idir óg agus sean ina gcónaí sna limistéir Ghaeltachta agus tá athrú bunúsach tagtha ar phobal Chorca Dhuibhne, an Ghaeltacht is mó atá ar aithne agamsa. Tá gnáthphobal ann arís – daoine óga, daoine ag pósadh, leanaí – ach ní hionann sin is a rá gurb í an Ghaoluinn atá á labhairt acu. Sin í an fhadhb go gcaithfimid tabhairt fuithi.

Níl aon réiteach simplí ar an gceist ach ba chóir cúpla rud a dhéanamh. Ba chóir go mbeadh duine ar bith arbh ón nGaeltacht di nó dó in ann teach a thógáil chun clann a thógáil sa Ghaeltacht. Sin rud nach féidir le daoine a dhéanamh anois. Na daoine sin a bhfuil cúlra feirmeoireachta acu tig leo suíomh a fháil ag an mbaile ach don chéad ghlúin eile nach mbeidh baint acu leis an talamh, má tá siad ag iarraidh suíomh a cheannach do theach sna cuid is mó de na Gaeltachtaí, ní bheidh siad in ann íoc as.

Sin an fáth gur chóir féachaint faoin gcóras tithíochta sna Gaeltachtaí ar dhá chúis – le go mbeadh muintir na Gaeltachta in ann fanúint sa Ghaeltacht más mian leo agus gan forbairt tithíochta míoiriúnach a chur ar fáil ann a tharraingeodh daoine gan Gaeilge isteach sa Ghaeltacht. Fadhb an-deacair í.

Is ar phobal na Gaeltachta atáimid ag brath chun an Ghaoluinn a choimeád beo. Cuireann Raidió na Gaeltachta agus TG4 tacaíocht ar fáil dóibh ach is é an easpa is mó ar TG4 ná easpa airgid agus ba chóir don Rialtas i bhfad níos mó airgid a chur ar fáil dóibh. Sin a deir TG4 i gcónaí agus ní féidir leo airgead a fháil ach ón Rialtas. Ní féidir leo a thuilleadh a dhéanamh gan méadú ar an airgead atá ag dul dóibh.

Braithim go bhfuil athrú le brath sa Ghaeilge sa chóras tráchtála sa Ghaeltacht – sna siopaí, sna pubs agus mar sin de. Tá daoine lasmuigh den Ghaeltacht a fheiceann gur féidir airgead a dhéanamh trí pub nó siopa a cheannach sa Ghael tacht agus is trí Bhéarla a dhéantar an gnó iontu. Caithfimid féachaint chuige gur féidir gach gnó a dhéanamh trí Ghaoluinn ach nílim ag caint faoin gcóras Stáit mar d'fhéadfaí é a dhéanamh ansin, ach ceist níos deacra maidir le siopadóireacht agus gach rud eile a dhéanamh trí Ghaoluinn ann. Tá trí siopa caifé i bhfoisceacht na háite seo gur féidir a bheith cinnte futhu gur féidir gnó a dhéanamh iontu trí Ghaoluinn. Tá siopa caifé i gCorca Dhuibhne agus ní fhéadfaí a bheith cinnte go mbeadh an freastalaí in ann freagra a thabhairt duit as Gaoluinn.

Bíonn coimhlint idir mé féin agus an Seanadóir Ó Tuathail i gcónaí faoi chúrsaí oideachais. Níl a fhios agam an fáth go ndeir sé nach ceart gur ar na múinteoirí atá an dualgas múinte teanga. Cé eile a mbeadh an dualgas sin orthu? Caithfimid dea-thoil a chothú ach taispeánann gach pobalbhreith sa tír seo go bhfuil daoine an-dáiríre faoin nGaoluinn agus an-dearfach fuithi. Ná cuirtear an milleán ar ghnáthdhaoine na tíre seo má tá ag teip ar an gcóras oideachais.

Tá ceist agamsa ar an Seanadóir Ó Tuathail. An féidir leis a rá go bhfuil sé cinnte gur féidir le gach múinteoir atá ag múineadh Gaoluinn sna bunscoileanna ábalta comhrá leanúnach a dhéanamh trí Ghaoluinn. An anecdotal evidence atá agam féin ná cuid mhaith de na bunmhúinteoirí sin, ní fhéadfadh siad leanúint leo ag caint Gaoluinne. Ní orthusan atáim ag cur an locht ach ar an gcóras múinte a chuireann dualgas ar dhaoine nach bhfuil ábalta comhrá a choimeád ar siúl Gaoluinn a mhúineadh do leanaí óga. Ní féidir le daoine mar sin Gaoluinn labhartha a mhúineadh, ach is í an Ghaoluinn labhartha an rud is tábhachtaí atá le múineadh.

D'fheadfaimis leanúint ar aghaidh ag caint faoin gcóras oideachais agus faoi chórais eile nach iad ach tá sé in am againn caint faoi Ghaoluinn sa Teach seo agus sa Dáil. Tá mé bréan de bheith a rá má táimid ag moladh don phobal gach seans a ghlacadh chun a gcuid Gaoluinne a úsáid ba chóir dúinn córas a chur ar fáil anseo a mheallann daoine chun Gaoluinn a úsáid. Na moltaí a chuir mé os comhair an Tí seo na mílte uair ná ábhar sa bhreis a chur ar an athló gach lá agus é a bheith as Gaoluinn – ní faoin nGaoluinn ach as Gaoluinn – le go mbeadh seans eile ag baill an Tí seo rud éigin a ardú ar an Athló agus go mbeadh an t-ábhar agus an freagra i nGaoluinn. Agus an rud céanna sa Teach eile.

Freisin, ba cheart go mbeadh ag Teachtaí Dála ceisteanna a chur ar Airí Rialtais ach iad a bheith as Gaoluinn. Ba cheart spreagadh agus cúis a thabhairt do mhuintir an dá Thí chun an Ghaoluinn a úsáid. Dá ndéanfaí sin, bheadh dea-chomhartha á tabhairt againn don phobal gur tír dhátheangach í Éire agus gur Oireachtas dátheangach atá againn anseo. D'fhéadfaimis a rá go raibh rud beag déanta againn ar son na Gaoluinne agus go raibh sé faoi dhaoine eile rud beag eile a dhéanamh.

Cuirim fáilte fé leith roimh an Aire Stáit ina post nua. Tá a fhios agam go dtuigeann sí na deacrachtaí atá ag muintir na Gaeltachta.

Ba mhaith liom mo bhuíochas a ghabháil le hÉamon Ó Cuív as ucht an méid a rinne sé ar son na Gaoluinne agus na Gaeltachta. Agus ba mhaith liom aitheantas a thabhairt do na daoine atá sa ghailearaí inniu – an t-iarSheanadóir, Séamus de Brún, a rinne sárobair ar son na Gaeilge i rith a shaoil agus don chultúr. Leis tá Ciarraíoch eile, Éamon Ó hAragáin, Rúnaí Bhord na Gaeilge. Tá fáilte rompu uilig.

Tá deacracht agam le cuid den méid a dúirt an Seanadóir Ó Riain mar gheall ar na daoine óga sna Gaeltachtaí. Tá an-deacrachtaí iontu, ní leis an teanga agus sna ceantair féin. Tá daoine ag teastáil le go mbeadh teanga ann agus chuige sin tá slí bheatha ag teastáil do na daoine sin. Níl slí bheatha acu faoi láthair.

An talamh atá i ngach Gaeltacht beagnach is é an talamh is measa sa tír é. Níl faic ag fás ann agus is léir anois nach mbeidh rud ar bith sna Gaeltachtaí i gceann tamaill ach seandaoine agus neantóga. Sin é a dúirt an fear sna Blascaoidí. Dúirt sé go dtiocfadh an lá nuair nach mbeadh san oileán sin ach neantóga. Agus bhí an ceart aige.

Caithfimid slí bheatha a thabhairt do na daoine ann chun an Ghaoluinn a choimeád beo. Tá sárobair déanta agus á déanamh ag Bord na Gaeilge, Comhaltas Ceoltóirí Éireann – déanaim comhghairdeas leis an Seanadóir Ó Murchú toisc go bhfuil caoga bliain á chomóradh ag Comhaltas. Tá TG4, Raidió na Gaeltachta agus Údarás na Gaeltachta againn ach níl an tÚdarás ag déanamh an obair chun jabanna a chur ar fáil sa Ghaeltacht do na daoine óga. Tá triúr clainne agam féin agus ba mhaith leo slí bheatha a bheith acu i gCorca Dhuibhne. Tá beirt ag obair anseo i mBaile Átha Cliath agus duine i nGaillimh. Téann siad abhaile gach aon Satharn le bheith sa mbaile mar is ansin atá a gcroí.

Ní leor scoileanna lánGhaelacha agus mar sin de a bhunú. Caithfimid poist a chur ar fáil freisin. Tabharfadh an tAire Stáit slí bheatha do mhuintir na Gaeltachta agus níl aon dabht ann ansin ach go mairfidh an Ghaoluinn.

Tréaslaím leis an Aire Stáit nua agus tá a fhios agam go ndéanfaidh sí jab maith. Bhí an post tuillte aici ní amháin ar son na hoibre atá déanta aici féin agus ar son an méid a rinne a hathair, Cathal, agus a huncail, Clement, Teachtaí Dála do Thír Chonaill. They were two of the greatest men I have ever met, two of the greatest Teachtaí Dála, two incredibly hard workers and very true friends. The Minister has taken up the baton and proved herself in her own right, and her commitment and hard work has been rightly recognised by the Taoiseach. I wish her every success in her new post.

Tá súil agam go leanfaidh an tAire Stáit leis an gcumann fial atá á thabhairt do Chomhaltas Ceoltóirí Éireann ag a Roinn. Tá obair iontach ar bun acu le fada, ní amháin leis an gceol, ach ag tabhairt grá don chultúr Gaelach go ginearálta.

Comhaltas is a unique organisation which, from humble beginnings, sends the masters of Irish culture to the four corners of the earth. Irish music, dancing and the Irish language are evident in vibrant pockets all over the world, even in countries as far away as Taiwan and Korea. Much of its success must be due to the sterling work of its guiding light, Senator Labhrás Ó Murchú. It is an organisation that cannot get enough help from the Minister's Department, if there is any to give. I am sure the Minister recognises the potential it has for spreading Irish culture throughout the world.

I compliment the Minister's predecessor, now Minister of State at the Department of Agriculture, Food and Rural Development, Deputy Éamon Ó Cuív, who did sterling work.

Níl a lán Gaeilge agamsa ach is féidir liom comhghairdeas a dhéanamh leis an Aire Stáit nua. I would also like to speak in English because I think it is important to have a balance in this debate and that the impression is not given in the record that it is confined to Irish speakers. I know that the Minister will take into account in her brief those of us who do not speak as much Irish as we would like.

I endorse what has been said, especially by my friend and long-standing colleague, Senator Ó Murchú. My family's association with the Senator goes back a long way. I do not wish to age the Senator as he looks far younger than he actually is, as is the case for myself. I also endorse the welcome that has been extended to our former colleague Seamus de Brún, to the Bord na Gaeilge members present and to Bean Uí Murchú. She is an active member of the Arts Council and in her time there has ensured that balance has been injected into that organisation, especially where Irish culture is concerned.

The Minister should take a proactive stance in furthering the bilingualism that is evident in this country. There is no doubt that a great love of the language exists which is a total contrast to the motivation of the so called Language Freedom Movement of 30 years ago. The movement got a lot of publicity but it would look stupid if it were to unfurl its banners in the current environment where there is a pro-active and sympathetic view of the Irish language.

More people are speaking the language and TG4 has made a major contribution. I hope the Minister will bring her unique approach to ensuring that more of us get the opportunity to speak the language by using the media and TG4 more. I compliment Bord na Gaeilge on its excellent television advertisement depicting a young man entering a restaurant and upsetting the conversation of two young ladies who think he cannot speak Irish. That is the way things are going and long may it continue.

An tAire Stáit anois agus déanaim comhghairdeas leat i do phost nua.

Tá mé an-bhuíoch do achan duine a bhí páirteach sa díospóireacht seo. Tá sár-obair déanta ag an Seanadóir Ó Murchú agus ag Comhaltas Ceoltóirí Éireann. Bhí siad caoga bliain ag fás, tá siad faoi bhláth anois agus go n-éirí leis an obair. Tá a fhios agam faoin obair mhór atá déanta acu anseo agus thar lear agus faoin tsuim atá ag achan duine sna fleánna. Baineann an-chuid daoine sult mór as an sprid agus an traidisiún atá ceangailte le Comhaltas.

Tá a fhios agam go bhfuil go leor leor moltaí os ár gcomhair inniu agus déarfaidh mé cúpla rud futhu. Ní as an Ghaeltacht domsa, ach ón nGalltacht ach sílim nach bhfuil Galltacht ar bith ann. Cosúil le daoine eile anseo, d'fhoghlaim mé í ar scoil. Bhí suim mhór ag mo chlann sa Ghaeilge – bhí m'athair ag teagasc ar oileán Gola agus is Gaeilge ar fad a bhí ansin. Taobh amuigh de sin is beag nár chaill mé mo shuim sa teanga mar ní dheachaigh mé ar scoil sa Ghaeltacht agus nuair a tháinig mé anseo go dtí an ollscoil is beag nár chaill mé an giota beag atá agam. Ach nuair a toghadh mé bhí a fhios agam go raibh sé an-tábhachtach an Ghaeilge a bheith agam mar Theachta Dála agus chun cabhair a thabhairt do mhuintir na Gaeltachta i mo Dháilcheantar féin. Tá a fhios agam go ndéanaim go leor botúin ach leanfaidh mé ar aghaidh agus dá mbeadh cleachtadh ag achan duine bheadh daoine níos compordaí faoi Ghaeilge a úsáid sa Dáil agus sa Seanad agus sa chomhairle contae.

Nílimid ag cur brú ar dhaoine agus táimid ag caint faoin dátheangachas taobh amuigh den Ghaeltacht agus faoi Ghaeilge amháin sa Ghaeltacht. Tá saibhreas ann agus sin an difear idir muid inne agus na Sasanaigh agus daoine eile – tá Gaeilge againn agus tá go leor leor buntáistí ag gabháil lei.

Tá súil agam go mbeidh níos mó díospóireachtaí againn ar an nGaeilge. Beidh Bille úr againn anseo i gceann cúpla mí – Bille Tithíochta – agus beidh Gaeilge le clos sa Seanad ansin. Tá súil agam go mbeidh an Bille Teanga againn go luath fosta.

Nuair a amharcaim ar an teilifís anseo sa Teach feicim go bhfuil an clár i mBéarla. Is mór an trua é. B'fhéidir go mbeidh córas dátheangach againn do gach óráid sa Dáil agus sa Seanad amach anseo – rud beag é na fógraí, na logainmneacha agus tá siad tábhachtach ag an am céanna.

D'éist mé leis an gcaint faoi chúrsaí oideachais – faoin difear idir an chabhair a fhaigheann an gaelscoileanna agus an chabhair a fhaigheann scoileanna Gaeltachta – agus molaim iad uilig. Tá súil agam go mbeidh mé in ann é sin a phlé leis an Aire Oideachais agus is botún é nach raibh na téacsleabhair ann nuair a bhí an curaclam nua á thabhairt isteach.

Aontaím go bhfuil sárobair déanta ag Údarás na Gaeltachta agus tá athrú mór anois ar an mbéim ar fhostaíocht do mhuintir na Gaeltachta. Tá daoine ar ardchaighdeán ag teacht amach as scoileanna na Gaeltachta agus téann an chuid is mó acu chuig na hollscoileanna agus na hinstitiúidí agus ní ghlacfaidh siad le poist gan airgead. Mar sin tá sé ríthábhachtach go mbeadh poist sa teicneolaíocht nua agus mar sin de le fáil sna Gaeltachtaí. Tá seans an-mhaith againn é sin a dhéanamh anois agus t súil agam go leanfaidh mo Roinn ar aghaidh ag tabhairt seirbhíse don Ghaeltacht go háirithe maidir leis an Idirlíon agus ISDN agus mar sin de chun fostaíocht úr a chur ar fáil iontu. Teastaíonn uainn go mbeadh daoine sásta obair sa Ghaeltacht agus cur futhu ann agus ní sna cathracha agus sna bailte móra.

Go raibh maith agaibh as na moltaí agus rachaidh mé tríothu nuair a bheidh am agam. Tá súil agam go mbeidh mé ar ais i gceann cúpla mí. Is iomaí uair a chloisim Gaeilge á labhairt anseo ach is faoi mhuintir na Gaeltachta nó an teanga atá siad ag labhairt agus caithfimid rud a dhéanamh faoi sin. Roimhe seo ba ghnách cuid d'óráid a thabhairt i nGaeilge.

Tá mé óg ach tá súil agam go leanfaidh mé leis an obair a thosaigh an t-iarAire Ó Cuív ach go mbeidh difear ann mar go bhfuilim óg agus go bhfuil suim mhór ag an aos óg sa cheol agus sa Ghaeilge. Tá suim ag an aos óg i dteangacha eile mar feiceann siad gur Eorpaigh iad. Tá súil agam go n-éireoidh liom rud éigin a dhéanamh le go mbeidh níos mó suim acu sa Ghaeilge agus go mbeadh sí le cloisteáil achan áit.

Go raibh maith agaibh as an gcuireadh agus déanaim comhghairdeas le Comhaltas Ceoltóirí Éireann agus tá súil agam go leanfaimid ar aghaidh leis an obair go dtí an chéad toghchán eile.

Can we reconvene at 2.30 p.m. since we added 15 minutes to this debate? Some of us wish to contribute to the next debate and would like to have lunch.

The House agreed the time on the Order of Business and I am not in a position to change it.

The House amended that arrangement and it could do so again.

Acting Chairman

I have no such proposal from the Acting Leader.

Sitting suspended at 1.50 p.m. and resumed at 2.15 p.m.
Top
Share