Skip to main content
Normal View

Seanad Éireann debate -
Thursday, 12 Apr 2001

Vol. 166 No. 6

Housing (Gaeltacht) (Amendment) Bill, 2000: Committee and Remaining Stages.

Section 1 agreed to.
SECTION 2.
Question proposed: "That section 2 stand part of the Bill."

Feicim deacracht bheag san alt seo. Nuair a fhaigheann duine atá ina chónaí taobh amuigh den nGaeltacht deontas ón Roinn Comhshaoil agus Rialtais Áitiúil ní leagtar síos coinníoll ar bith fá dtaobh de na daoine atá ina gcónaí sa teach. Tá an t-alt seo ró-oscailte agus tabharfaidh mé sampla a léiríonn a bhfuil á rá agam.

Bhí teaghlach ina gcónaí ar Árainn Mhór, fear agus bean chéile gan páistí ar bith acu. Bhí deacrachtaí ag deirfiúr acu a bhí ina cónaí sa Bhreatain agus de bharr go raibh na seirbhísí sóisialta ansin chun a páistí a thógaint chun siúil, shocraigh an teaghlach ar Árann Mhór na páistí a thabhairt ansin agus a thógáil leo féin. Nia agus neacht acu ab ea na páistí. Ní raibh Gaeilge ar bith ag na páistí mar gur tógadh iad go dtí sin sa Bhreatain. Dá bhfágfaí na páistí sa Bhreatain bheadh an deontas iomlán le fáil ag an lánúin ar Árainn Mhór ach de bharr an bheart charthanach a rinne siad, chaill siad an deontas. Thug oifig áitiuil na Roinne ar na Doire Beaga seans dóibh deontas labhartha a fháil ach bhí deacrachtaí ag na páistí seo a tógadh sa Bhreatain an Ghaeilge a fhoghlaim.

Níl ansin ach sampla amháin de na deacrachtaí atá san alt seo. Mholfainn go gceanglófaí síos an míniú atá ar theaghlach do ghaol fola den chéad chéim, sé sin páistí an áititheora féin, agus gan daoine eile atá ag fanacht sa teach ar feadh tamaill bheag a ghlacadh san áireamh. Níl bhíonn coinníoll ar bith den chineál sin nuair a bhíonn duine ag fáil deontais on Roinn Comhshaoil agus Rialtais Áitiúil.

Bhí díospóireacht sa Dáil mar gheall ar an míniú a bheadh ar theaghlach. An bhunaidhm atá leis an Acht Tithíochta ná go mbeadh Gaeilge ag daoine a fhaigheann deontas. Tá a fhios agam an deacracht atá luaite ag an Seanadóir mar gheall ar bheirt pháiste a bhí thar lear agus atá ar ais anois ar Árainn Mhór agus in atmasféar Gaeilge, cé nach bhfuill na deontais á fháil acu sa scoil ag an am seo. Ach is é an phríomhaidhm ná go mbeadh iarracht á déanamh ag daoine an Ghaeilge a fhoghlaim. B'fhéidir i gcás mar sin má dhéanann na páistí Gaeilge a labhairt sa scoil agus ar an oileán go mbeidh an Roinn níos solúbtha mar gheall ar theaghlaigh speisialta. Ach níl daoine atá lonnaithe go sealadach i dtithe san áireamh anseo – lóistín nó daoine ar cuairt – daoine atá ina gcónaí go fadtéarmach amháin atá i gceist anseo.

Maidir le fostering, ní bhíonn sé sin fadtéarmach de ghnáth, ach tá eisceachtaí ann. Má athraímse an riail mar gheall ar an nGaeilge beidh sé deacair orm deontais a thabhairt do theaghlaigh áirithe ach i gcásanna speisialta mar a dhéantar iarracht agus go bhfuil an Ghaeilge á foghlaim ar scoil, rachaidh mé i gcomhairle leis na cigirí féachaint an féidir aon rud a dhéanamh. Aontaím go bhfuil sé deacair go leor foster parents a fháil agus ní theastaíonn uaim aon bhrú eile a chur ar theaghlaigh mar sin ach caithfear cloí le riail na Gaeilge agus amharcfaidh mé air arís.

Tá an Roinn solúbtha agus má bhíonn iarracht á déanamh ag na daoine seo – tá siad amuigh ar oileán agus beidh an Ghaeilge thart orthu – agus más í an Ghaeilge gnáth-theanga an tí b'fhéidir go mbeifear in ann rud éigin a dhéanamh.

An rud atá ag cur isteach ormsa anseo ná go bhfuil páistí ag caitheamh trí bliana déag ag dul ar scoil agus ar fhágáil na scoile dóibh níl Gaeilge ar bith acu. Cén seans atá ag páistí sé nó seacht mbliana d'aois ón Bhreatain Gaeilge mheasartha a fhoghlaim laistigh de shé mhí? Má chuireann an teaghlach isteach iarratas agus tá a fhios agam nach bhfuil sé ceadaithe fós ach go bhfuil aithbhreithniú le déanamh beidh sé deacair orthu Gaeilge a fhoghlaim chun an choinníoll sin a shásamh?

Tá a fhios ag an Aire Stáit gur ceantair bheaga atá sna ceantair Ghaeltachta agus go bhfuil aithne ag gach duine ar gach duine eile sa cheantar. An ceart go mbeadh córas éigin ann le go bhféadfadh cigire nach ón áit sin dó nó di aithbhreithniú a dhéanamh ar an gceist? Dúirt an tAire Stáit Ó Cuív liom go minic nuair a thóg mé an cheist seo nach bhféadfadh sé rud ar bith a dhéanamh mar go raibh gach rud scríofa síos sa chomhad ach ba cheart go mbeadh duine éigin in ann aithbhreithniú a dhéanamh ionas nach mbeadh rudaí pearsanta ag cur isteach air, cé nach deirim go bhfuil sé sin amhlaidh.

Luaigh na Teachtaí Dála an rud céanna ar an ábhar seo. Tá sár-obair déanta ag cigirí na Roinne cé go bhfuil brú orthu de bharr líon na scéimeanna agus líon na n-iarratas a thagann go dtí an Roinn. Níl sé féaráilte ar na cigirí a bheith ag dul ar ais arís agus arís eile go dtí an teach céanna.

Tá struchtúr ann faoinar féidir le cigirí fanacht ar feadh trí mhí, sé mhí nó bliain ar iarratas amháin ar dheontas. Ach táim ag smaoineamh anois go ndéanfar an aithbhreithniú áit éigin eile, nuair is gá sin, ionas nach mbeadh aon bhaint ag cigirí sa cheantar leis. Níl a fhios agam an féidir é sin a dhéanamh ach déanfaidh mé iarracht, cé go gciallódh sé go mbeadh níos mó cigirí ag teastáil.

Tá mo Roinn ag déanamh iarracht gach seans a thabhairt do achan duine cé go bhfuil brú oibre orthu. B'fhéidir go bhfuil sé in am socrú éigin a dhéanamh, ní go reachtúil, ach sa Roinn féin, le gur féidir scéim a thabhairt isteach nó duine a cheapadh d'achomharc. Tuigim nach gceapann daoine go bhfuil an scéim féaráilte i gcónaí ach de ghnáth tá an Roinn agus na cigirí solúbtha agus murab ionann agus an Roinn Comhshaoil tá an Ghaeilge mar choinníoll againn dár ndeontais. Tá na scéimeanna ann chun cothrom na Féinne a thabhairt do mhuintir na Gaeltachta, daoine a bhfuil an Ghaeilge á labhairt acu mar ghnáth-theanga.

Tá sé sin ceart go leor ach sa chás speisialta a luaigh mé leat, ní bheidh seans dá laghad ag na páistí Gaeilge mheasartha a fhoghlaim taobh istigh de bhliain. Ba cheart aithbhreithniú a dhéanamh taobh istigh de dhá nó trí bliana agus an comhad a choimeád oscailte go dtí sin.

Question put and agreed to.
SECTION 3.
Question proposed: "That section 3 stand part of the Bill."

I have a query, which I hope is relevant. This section proposes to amend the principal Act determining the current position on Gaeltacht areas. There is power under the Ministers and Secretaries Act, 1956, to determine their boundaries. It is said that the use of the Irish language has declined in certain areas, but it has also increased in others. Has there been a regular review of these areas since the enactment in 1956? It is important to monitor them because, in the Connemara Gaeltacht, I am told that the use of the language is growing, and it is also used widely outside Gaeltacht areas. To what extent are areas outside the boundaries of Gaeltachtaí expressing an interest in being brought within them? Will the Minister give a brief reply on that?

Ba mhaith liom soiléiriú a fháil ar an alt seo maidir leis an difríocht idir an Ghaeltacht agus an bhreacGhaeltacht. Roimh an Bhille seo, an raibh daoine sa bhreacGhaeltacht in ann deontais a fháil do thithe agus do labhairt na teangan? Tá deontais na dtithe le gearradh amach sa bhreacGhaeltacht agus tá a fhios ag an Aire Stáit go bhfuil Gaeilge mhaith i gcuid den bhreacGhaeltacht agus go mbeidh deacrachtaí ag na daoine ann leis an gcuid seo den Bhille.

Tá Gaeilge níos fearr anois ag cuid mhaith daoine taobh amuigh den Ghaeltacht ná ag muintir na Gaeltachta féin. Rinneadh athrú ar scéim dheontas na teanga i 1999 agus páiste ar bith a bhí ag dul roimhe sin ar scoil Ghaeltachta, cé go raibh cónaí air taobh amuigh den Ghaeltacht, bhí sé in ann an deontas a fháil. Agus clann ar bith a raibh duine acu ag dul ar an scoil sin, bhí an clann in ann an deontas a fháil fosta.

Tá deacracht faoi leith ag an príomhoide sa scoil i Mín Teineadh Dé. Cé go n-aithnítear mar scoil Ghaeltachta é, níl an talamh ar a bhfuil an scoil tógtha sa Ghaeltacht. Tá a fhios agam go raibh clanna i dteagmháil leis an Aire Stáit mar a bhfuil an chuid is mó dá gcuid talún sa Ghaeltacht agus nach bhfuil an píosa ar a bhfuil an teach tógtha sa Ghaeltacht. Bhí siad ag dul ar scoil Ghaeltachta freisin. Ba cheart relaxation a dhéanamh ar na rialacha i gcásanna mar sin.

An phríomhaidhm atá ag an mBille seo ná neartú na Gaeltachta ach i gcomhthéacs na Gaeilge. Muna bhfuil an Ghaeilge chun tosaigh níltear ag cabhrú leis an nGaeltacht. Bíonn an-díospóireacht ann ó am go chéile faoi cé chomh dáiríre is atáimid faoin nGaeilge sa Ghaeltacht. Caithfimid a bheith cúramach faoi seo. Nílim ag cur i gcoinne moltaí an tSeanadóra anseo agus caithfimid a bheith cúramach nach bhfuil aon dallamullóg i gceist. Beidh daoine i gcónaí ag faire ar aon pholasaí eisceachtúil atá ann don Ghaeilge agus is cinnte nach mbeadh siad sásta muna raibh an Ghaeilge mar chroílár an pholasaí sin.

Luadh an dul chun cinn atá á dhéanamh ó thaobh na Gaeilge taobh amuigh den Ghaeltacht an lá faoi dheiridh. Tá súil agam go mbeidh seans ag an Aire Stáit é sin a phlé linn lá eile – tá a fhios agam nach mbaineann sé leis an mBille seo. An dóchas is mó atá ann don Ghaeilge i láthair na huaire – agus nílim ag déanamh aon neamairt den Ghaeltacht agus tuigim an stádas atá aici – ná an dea-thoil atá ann don Ghaeilge, na gaelscoileanna agus na teaghlaigh nua le Gaeilge atá á mbunú i láthair na huaire. Má bhíonn an bunchloch seo ceart, beimid in ann athchuairt a dhéanamh ar an gceist seo féachaint cad is féidir a dhéanamh chun cur leis an bhforbairt seo.

Caithfimid a bheith cúramach nach ndéanaimid aon laghdú ar an nGaeilge le rud ar bith atá i gceist againn don Ghaeltacht. Ní chabhródh sé sin leis an nGaeltacht.

B'fhéidir gur féidir liom freagra dátheangach a thabhairt ar seo. The Housing (Gaeltacht) Act, 1929, explained the limits of the Gaeltacht areas. To answer Senator Bonner's question there are breacGhaeltachtaí who are entitled to obtain a housing grant only under the Act. We are now consolidating limistéir na Gaeltachta for all deontais. The 1956 limistéir na Gaeltachta included for the purposes of a housing grant the 1929 breacGhaeltachtaí. We are now putting it all together under the 1956 limistéir na Gaeltachta. That is being looked at by Coimisiún na Gaeilge which hopes to address some of the problems where parishes are split, similar to the school in Mín Teineadh Dé. I hope people from that area have written to the commission to have that looked at because that leads to difficult situations in parishes where often tá an Ghaeilge lag sa Ghaeltacht agus níos fearr taobh amuigh, sa pharóiste céanna. That is the reason I would like to see a complete consolidation of the Gaeltacht limits and, I hope, through Coimisiún na Gaelige we will be able to address some of the problems that arise which people regard as unfair.

There were – I had not been aware of it – many areas outside the Gaeltacht areas, even in our own county, where people who had the language were entitled to apply for the Gaeltacht housing grant in areas such as Killybegs and in my own parish and places such as Lough Eske, Townawilly and so on, but there were few applications to the Department. There were 13 applications nationally last year, the cost of which was £16,000. We are trying to consolidate the 1956 limistéir na Gaeltachta agus nuair atá seans againn agus go mbeidh an Coimisiún a rá linn gur féidir níos mó áiteanna a chur isteach sa Ghaeltacht. Ba mhaith linn go mbeadh achan duine sásta faoi limistéir na Gaeltachta i dtús báire agus b'fhéidir go mbeidh tuarascáil an Choimisiúin againn roimh dheireadh na bliana.

It is some considerable time since limistéir na Gaeltachta have been considered. At the end of the year we hope to have proposals to look at the Gaeltacht limits to take into consideration that often one hears, rightly or wrongly, that in small enclaves of Dublin and other areas the language has become very strong and people wish to be considered in the context of Gaeltacht Bills with a view to access to the language.

An bhfuil an tAire Stáit á rá go bhfuil ceantair ann a bhí in ann deontais a fháil roimhe seo, agus atá á ngearradh amach leis an mBille seo? B'fhéidir go dtiocfaidh siad ar ais arís.

Níl fhios agam. Nuair a fhéachaim tríd an liosta ní dóigh liom go bhfuil Gaeilge ar bith á labhairt mar ghnáth-theanga sa chuid is mó de na ceantair. I mo Dháilcheantar féin, níor tháinig iarratas ar bith ón gceantar atá taobh amuigh den Ghaeltacht de réir Acht 1956.

Question put and agreed to.
SECTION 4.
Question proposed: "That section 4 stand part of the Bill."

This section is probably the most important in the sense that it sets out clear definitions as to how the Bill will operate. There is a number of issues I would like to raise which are probably more relevant to Second Stage. Part of the section relates to thatched roofs. We all need to do what we can to restore thatched roofs to the landscape, especially in the Gaeltacht areas.

Gaeltacht landscapes are, by and large, the most sensitive, spectacular and beautiful landscapes in the country. That is certainly true of those in counties Mayo, Galway and Donegal as well as of the Ring Gaeltacht and the Gaeltachts in Cork and Kerry. The only pastoral landscape in the Gaeltacht is probably that at Rathcairn in County Meath and I do not mean to take anything from it by describing it as pastoral while describing the others as highly sensitive or spectacular.

One difficulty which is not mentioned in the Bill, probably because it relates to planning law, is the proliferation of houses in certain Gaeltacht landscapes. The Minister's area of Donegal is probably one of the most beautiful parts of the world. However, in areas of Gweedore there is a huge density of housing, much of it highly inappropriate from a design and architectural point of view. It certainly is not what is nowadays referred to as vernacular architecture. The houses are of inappropriate colour and design. One often sees Californian style hacienda houses and so forth. These were built years ago when planning regulations were less stringent and when we were less aware of the need to blend a structure with the landscape, especially in a sensitive landscape. The thatched roof and whitewashed walls were very much part of that landscape.

It is regrettable that in this Bill we cannot address the issue of laying down guidelines on the design and density of houses in these sensitive areas. We must do everything we can to encourage people to move to and live in these areas and we are doing that. The Gaeltacht area around Gweedore must be the most densely populated area one could find that would still be regarded as rural. If one looks over the area from a nearby high point, one can see that it is dotted with houses. The houses contain families who speak the Irish language which is a good thing. However, it is unfortunate that much of what one sees is inappropriate to the landscape in which it is located in terms of architecture and density.

Perhaps the Minister would comment on the fact that these issues are not mentioned in the Bill. There is a reference to thatched houses and to the fact that they will be subject to grant assistance. Grant assistance is available throughout the country for building or restoring a thatched house. I understand the grant is £4,000. The figure is not mentioned in the Bill and will probably be determined by the Minister from time to time.

It should be noted that the price of housing in the Gaeltacht, like the rest of the country, has increased enormously in recent years. The cost of providing an ordinary dwelling house has more than doubled in the last six years in labour and material costs but the grant does not take account of that huge increase. Perhaps the Minister will discuss that matter as well.

Do mhuintir na Gaeltachta, is é seo an t-aon chuid den Bhille a dhéanfaidh maitheas dóibh. Ach níl ach leath an réitigh anseo. Bhí mé féin agus an tAire Stáit le chéile ag cruinnithe mar a chualamar daoine ag gearán go raibh siad ag obair i mBaile Átha Cliath nó i nGaillimh agus nuair a tháinig siad ar ais ag an deireadh seachtaine gur mhaith leo teach cónaithe a bheith acu ina gceantar féin. Déanfaidh an fhoráil seo maitheas do dhaoine aonair mar is iad féin a rachaidh os comhair an chigire. Corruair bíonn Gaeilge mhaith ag beirt atá pósta ach do chuid mhaith daoine a bhí ar imirce tá siad pósta le daoine nach bhfuil Gaeilge acu. Daoine a dhéanfaidh sé maitheas dóibh ná daoine atá ag éirí as an obair agus ag teacht ar ais go dtí an Ghaeltacht in Árainnmhór agus áiteanna mar sin. Tá a gclann tógtha agus níl ann ach iad féin.

Tá a fhios agam go gcaithfidh an fhoráil seo a bheith ceangailte leis an nGaeilge ach tá deacrachtaí fós ann. Ach tá mé buíoch den Aire Stáit as an rud seo a thabhairt isteach.

Deacracht eile a fheicim ná nach mbeidh an deontas le fáil ag daoine go dtí go mbíonn siad ina gcónaí sa teach. Cuid mhaith de na daoine seo, tá siad ó shiúil, tagann siad abhaile do na laethanta saoire agus cuireann siad duine ag obair ag tógáil tí dóibh. Cén uair a bheidh siad sa bhaile, dar leis an Roinn? An rud atá i gceist agam ná go m'fhéidir nach mbeidh na daoine seo sa bhaile an lá a thagann an cigire amach agus bheadh an teach tosnaithe faoin am seo. Caithfidh solúbthacht mhillteanach a bheith ann dá bharr mar ní bhíonn na daoine seo sa bhaile cosúil le daoine eile a bheadh ag cur isteach ar an ndeontas. Chím deacracht phraiticiúil anseo agus ba mhaith liom go mbeadh siad in ann an teach a thosú fiú munar bhuail an cigire leo. B'fhéidir nach mbuailfeadh an cigire leo go dtí an chéad uair eile a mbeadh siad sa bhaile.

Ba mhaith liom buíochas a ghabháil as ucht an tacaíocht atá ann don chuid seo den Bhille. Ní mór dúinn a bheith cúramach anseo. Nílim ag caint faoi theach saoire do dhuine a chaitheann a laethanta saoire sa Ghaeltacht. Táimid ag caint faoi dhaoine atá ag filleadh ar an nGaeltacht chun cónaí ann. Tá a fhios agam go bhfuil daoine ag obair ón nGaeltacht sna cathracha mar shampla ach má tá an chlann ina ngnáthchónaí sa teach, beidh siad ábalta an deontas a fháil.

Maidir leis an deacracht eile, aontaím gur deacracht phraiticiúil é. Tá daoine ag filleadh ar an nGaeltacht atá pósta le daoine atá gan Ghaeilge. Tá scéimeanna againn sa Roinn a chuidíonn le daoine, go mór mór leis na páistí – an scéim cúnta teanga i scoileanna éagsúla mar shampla. Táthar ag caint freisin ar scéim chúnta teanga a chur ar fáil do dhaoine fásta, fosta, agus tá súil agam go gcuideoidh sé sin le hiarrthóirí atá ag iarraidh an Ghaeilge a fhoghlaim.

An Ghaeilge an rud is tábhachtaí anseo mar tá daoine ábalta deontais do thithe úr a fháil ón Roinn Comshaoil. Má bhíonn siad ábalta Gaeilge a fhoghlaim tig leo deontas breise a fháil ó mo Roinn, de thart ar £800. Ní haon mhíbhuntáiste é dóibh a bheith sa Ghaeltacht gan Ghaeilge mar tá siad ábalta an deontas eile a fháil. Ach i gcás deontais fheabhsúcháin agus mar sin de tá buntáiste ag na daoine sin a bhfuil Gaeilge acu mar níl na scéimeanna sin le fáil taobh amuigh den Ghaeltacht.

Tá súil agam go mbeidh daoine ag filleadh ar ais chun gnáthchónaí a dhéanamh sa Ghaeltacht. The grant for thatched houses has been increased in Gaeltacht areas from £2,300 to £2,796 up to £5,500.

The other matters referred to on Second Stage related to planning. If I had the chance to deal with planning in the Gaeltacht, I would be very happy, but the Roinn has consulted every county council regarding development plans and has had an input into the planning Acts. When one comes from a place like County Donegal, one can appreciate this. In places like Tory Island one is taken aback by the colour of the houses, but that is the tradition of the people and it would be wrong of me or anyone else to say that we think the particular shade of purple being used is a horrible colour. That is the nature of the people and what makes them unique. This tradition has been accepted in many planning offices.

It is very difficult, if one represents a constituency like mine and that of Senator Bonner, when people are characterised and designated in areas in which they have lived all their lives and where they would like to live. Those coming home from America and England also want to live in such areas and find it more than difficult to get planning permission. We have tried to support them by targeting the planning laws and development plans towards them. Those coming on a day trip or for a couple of weeks' holiday might think that it is a desecration to build a house in a certain area, but we must be balanced in supporting those who live in these areas and encouraging people to return to Gaeltacht areas while at the same time being cognisant of their beauty given that most are on the west coast. It is difficult to achieve that balance, which is a matter for county councils and local councillors. When it comes to the idiosyncrasies of island people and those who have lived all their lives on the west coast, we must view them as being unique and support them. That is the reason the Gaeltachtaí are different and we should encourage people to visit them and support tourism.

This is a planning matter on which I would not care to interfere with my colleague, the Minister for the Environment and Local Government, or locally elected representatives on county councils.

I thank the Minister of State who is doing everything she can to be helpful. While we have singled out thatched cottages and expanded the grant available, it is, however, a pity that we have been unable to give an additional incentive to those who use natural materials in building stone fronts or the external walls of their homes in nominated stone. It looks very appropriate to its background, though it is three or four times more expensive to construct a stone wall compared to a concrete wall. The visual impact is, however, more pleasing than some of the more garish colours. Though I have never been there, I accept the point made about Tory Island.

The Senator would be very welcome.

I do not doubt it. I have been to most of the islands off the west coast and Scotland where the scenery in the Highlands is rather like the spectacular scenery along our west coast. One finds this new use of colour on the Orkney and Shetland Islands also, which seems to characterise the difference of island life. We might find it garish, but one accepts it.

The Minister of State should look at giving another incentive for external finishes to those constructing their homes with native materials such as stone or timber in certain areas. I am also glad that there is to be consultation with local authorities on county development plans in order that what happened in the 1950s and 1960s and sometimes the 1970s and 1980s regarding the proliferation of houses and different designs of houses in the same landscape will not happen again. It can be very jarring to see houses that would be more appropriate to the centre of a city or town in the countryside among a mixture of houses with one, two or three storeys in a bewildering kaleidoscope of colours. There is also the density problem. One must balance this, however, against the fact that in all these houses live people who speak the language. If one views Gweedore from a height, it looks like a little city. One sees the density of houses and it is wonderful that they are all Irish-speaking houses. As we move forward, we should try to make what is constructed appropriate to the landscape.

Ba mhaith liom soiléiriú a fháil ar rud amháin. Nuair a chuir an Seanadoir Connor an cheist faoi deontas tí. Ta an dara deontas, deontas don dara teach, ag imeacht sa Bhille seo agus don deontas feabhsúcháin caithfidh tu bheith i do chónaí sa teach. Cad a tharla leis na tithe tréigthe, nó derelict houses? Má tá teach tréigthe agat an bhfuil deontas ar bith le fáil? Ní féidir leat bheith i do chónaí ann agus gan díon air.

Senator Connor referred to colour schemes. I am aware of a case in Gweedore where the paint on the outside of the house was not satisfactory to the inspector who held back the grant. Are there such conditions which mean people cannot decide on the colour of paint?

We are, perhaps, moving away from the thrust of the Bill which deals with housing and taking on board concerns which relate to planning. The purpose of the Bill is to deal specifically with houses and housing grants.

The problem is with what is termed good planning. As a young person, I am aware that young people want to live in the Gaeltacht, but they also want to live a modern, cosmopolitan lifestyle. Everyone will not sit in a little teach up a boreen making butter and live in the Dark Ages. That is all right for tourists, but we are a very modern nation and there are many young people living and working in the Gaeltacht. I am sure all Senators want what I want: a young, vibrant economy in the Gaeltacht. We have advantages in that we do not have the traffic of Dublin and there is easier access to housing. We, therefore, need modernity in our idea of the Gaeltacht.

Senator Connor mentioned stone facing. There is a grant available under the deontas feabhsuchain. While stone facing is eligible for grant aid, it is very expensive. There is also the matter of what planning officers will accept. I am not sure what is acceptable in different areas, though, despite the expense, stone facing has become popular all over the country.

Regarding the matter raised by Senator Bonner, ta an deontas don dara teach ag imeacht anois agus sílim go bhfuil sé in am é sin a dhéanamh mar tá sé níos fearr go mbeidh teach ag gach duine ná go mbeadh dhá theach ag daoine áirithe.

Maidir le tithe tréigthe, is féidir deontas feabhsacháin a fháil ach tá fadhbanna i gceantair éagsula. Tá a fhios ag an Seanadóir faoi seo. Cuir i gcás go raibh seanteach ag teaghlach agus go bhfuair siad SI ón chomhairle chontae. Ní féidir deontas feabhsúcháin a fháil don teach sin mar go raibh ar an teaghlach é a ghlanadh suas. Tá a fhios agam go bhfuil cúpla cás mar sin ann. Ní féidir deontas feabhsúcháin a fháil má fuarthas an teach ón chomhairle chontae. Is féidir deontas feabhsúcháin a fháil mar gheall ar thithe eile ach ní bhfaighfear an deontas ina iomlán go dtí go mbeidh an teaghlach ina gcónaí sa teach.

Tamall ó shin nuair a bhíomar ag caint mar gheall ar na tithe agus na dathanna a bhíonn orthu, rinne an tAire ráiteas an-tábhachtach. Dúirt sí go raibh féiniúlacht faoi leith ag baint leis an nGaeltacht. Ní hí an Ghaeilge amháin atá mar chroí na féiniúlachta sin. Baineann sé leis an timpeallacht agus le traidisiún atá an-fhairsing. Baineann sé le dearcadh na ndaoine chomh maith, cé nach bhfuilimid sásta é sin a admháil i gcónaí. Dearcadh an-sláintiúil is ea é agus tá a lán le foghlaim againn ó dhearcadh agus ó fhealsúnacht mhuintir na Gaeltachta. Go minic, nuair a théann daoine chun na Gaeltachta, ní hamháin chun Gaeilge a fhoghlaim a théann siad. Tá rud éigin ann atá mealltach. Rud an-tábhachtach é sin ó thaobh ghnó freisin. Tá an-chuid áiteanna sa tír atá ag brath ar an rud difriúil chun turasóirí a mhealladh isteach.

Tuigim nach bhfuil baint ag a bhfuil á rá agam le tithíocht. B'fhéidir gur cheart díospóireacht níos leithne a bheith againn ar na ceisteanna seo lá éigin eile. A fhad is atá an Ghaeltacht ina bheo cheist, cabhróidh sin leis an nGaeilge. Nuair a phléitear ceist na Gaeltachta tugtar aird i gcónaí ar na deontais agus ar conas is féidir timpeallú a dhéanamh ar na rialacha. Níl mé ag caitheamh anuas ar aon chuid den díospóireacht sin, ach tá ceist i bhfad níos leithne agus rudaí i bhfad níos luachmhaire ag muintir na Gaeltachta féin. De ghnáth, ní bhíonn seans againn é sin a phlé mar go mbíonn Bille á phlé a bhaineann le hábhar cúng agus atá dírithe ar ghné amháin den cheist. Ní phléitear an mhórcheist ariamh. Tá súil agam go ndéanfar díospóireacht amach anseo ar an nGaeltacht féin.

Tá an-taithí agam ar na daoine thar lear a d'fhan dílis don Ghaeilge i mBoston nó i Chicago nó i Nua Eabhrach. Daoine iad seo a labhrann Gaeilge. Tá Gaeilge á labhairt i dtithe tabhairne áirithe i mBoston díreach mar atá i gConamara. Teanga bheo atá ann. Is minic a bhí náire orm féin nuair a thug mé faoi deara cé chomh maith is a bhíodar ó thaobh na Gaeilge de i mBoston agus gan an scéal a bheith amhlaidh sa bhaile. Sin an fáth go bhfuil an fhadhb seo thar a bheith tábhachtach.

Cé go mbíonn deacrachtaí áirithe nuair a bhíonn duine amháin sa chlann gan Ghaeilge, de ghnáth is daoine a bhfuil a gclann tógtha acu a bhíonn ag smaoineamh ar theacht abhaile. Má theastaíonn uathu teacht abhaile chun na nGaeltachta is ionann sin agus a rá go bhfuil meas acu ar an nGaeltacht agus ar a gcúlra agus gur mian leo an fód a sheasamh arís ar son na Gaeilge. Bíonn na daoine seo an-dáiríre. Bíonn siad i bhfad níos láidre ina dtuairimí ó thaobh na Gaeilge agus i dtaobh an chultúir Ghaeilge ná éinne sa bhaile. Is cinnte go gcabhróidh siad le neartú na Gaeltachta má thagann siad abhaile

Molaim an tAire Stáit agus an Roinn as ucht díriú, faoi dheireadh, ar na daoine seo. Cé go bhfuil deacrachtaí ann, beimid in ann iad a shárú le réasún agus le ciall. Tá córas cigireachta ann chun tabhairt faoi sin.

Question put and agreed to.
Section 5 agreed to.
SECTION 6.
Question proposed: "That section 6 stand part of the Bill."

Labhair mé leis an Aire Stáit cheana fá dtaobh den riail seacht mbliana. An bhfuil a fhios aici cé mhéad airgid a chosnódh sé dá n-ísleofaí an treoirlíne seo? Tá a lán seantithe sa Ghaeltacht agus is féidir leo dul chun donachta go mór le linn tréimhse trí nó ceithre bliana. Ba cheart an treoirlíne a ísliú. Achar fada do shean-duine fanacht seacht mbliana eile. B'fhéidir nach mhairfeadh sé chomh fada sin. Pléadh an cheist seo sa Dáil agus luaitear an deacracht seo go minic i gceantair Gaeltachta. Tá aithne agam ar fhear amháin a fuair deontas sé bliana sula raibh an deontas nua i bhfeidhm. Tá air fanacht bliain eile ar an ndeontas nua ach b'fhéidir nach mbeidh sé beo i gceann bliana eile.

Tá súil agam go n-amharcfaidh an tAire Stáit ar an gceist seo arís agus go ndéanfaidh sí rud éigin fá dtaobh de.

Luadh an moladh seo sa Dáil agus sa choiste. Ar dtús bhí treoirlíne deich mbliana le bheith ann ach íslíodh é go seacht mbliana. Íslíodh an treoirlíne do dheontais fheabhsúcháin do na mná tí chomh maith. Cuidíonn seo go mór leis na mná tí, go mór mhór nuair atáthar ag caint faoi deontais fheabhsúcháin a bhaineann le moltaí an chigire dóiteáin.

Aontaím go bhfuil fadhb faoi leith ag sean daoine, go mór mhór maidir leis an ndeontas fá choinne uisce the a chur ar fáil. Ag an am céanna, nuair atáthar ag déanamh athchóiriú ar theach tá sé níos fearr an obair iomlán a dhéanamh. Dá mbéadh scéim úr againn, b'fhéidir go bhféadfaí athbhreathnú a dhéanamh maidir leis an riail seo.

Ba mhaith liom rud éigin a dhéanamh ar son na seandaoine ach bheadh deacrachtaí praiticiúla ag baint leis sin. Dá dtabharfaí deontas do sheandaoine ní bheadh fáth ar bith nach mbeadh sé le fáil ag daoine eile. Chomh maith leis sin tá deontais faoi leith ar fáil do sheandaoine faoi scéim eile atá faoi bhráid na Roinne Sláinte agus Páistí. Tá a fhios agam nach bhfuil go leor airgid sa scéim sin agus go bhfuil níos mó airgid i mo Roinn-se.

Bheadh na páistí marbh chomh maith má fhanann siad leis an scéim sin.

Buíochas le Dia ní ceist dom-sa é sin. Tá mo Roinn-se níos fearr ná sin.

Sin an fáth go bhfuil mé ag iarraidh an scéim a athrú.

De ghnáth, nuair a chuireann seanduine iarratas isteach bíonn siad ag iarriadh fuinneoga, doirse agus teas a chur isteach sa teach. Ach faigheann siad deontas de ghnáth. Ní bheinn sásta athrú a thabhairt isteach le go mbeadh daoine nach seandaoine iad in ann deontais a fháil laistigh de chúig bliana in ionad seacht mbliana. B'fhéidir go ndéanfaidh mé aithbhreithniú air ach ní féidir liom é a chur isteach sa Bhille seo. Bheadh costas breise i gceist, níl a fhios agam cé mhéad san iomlán ach tá a fhios agam go mbíonn deacrachtaí ag daoine mar gheall ar theidil agus mar sin. Ach ní seacht mbliana ó dháta an iarratais atá i gceist, ach seacht mbliana ó íocadh an deontas deiridh. Bhí fadhbanna ann mar gheall ar theidil ach bhíomar in ann iad sin a réiteach nuair a fuaireamar litir ón dlíodóir.

Ní féidir liom aon rud a dhéanamh don Seanadóir faoi riail na seach mbliana sa Bhille seo ach b'fhéidir go bhfuil sé in am dúinn casadh ar an Aire Stáit Ó Maoildhia mar gheall ar chás speisialta faoin Housing Aid for the Elderly agus faoin scéim atá againne fosta.

An deacreacht atá anseo ná deacracht a chruthaigh an Roinn mar gheall ar an teas lárnach. A lán de na daoine a fuair deontais faoina choinne, trí nó ceithre bliana ó shin, caithfidh siad anois fanacht seacht mbliana fá choinne an chéad deontas eile. Ní rud fadtéarmach é seo, ní leanfaidh an deacracht ach ar feadh trí nó ceithre bliana eile. B'fhéidir go n-amharcfaidh an tAire Stáit ar an riail seo go háirithe fá choinne an teas lárnaigh, go speisialta, do sheandaoine.

Tá súil agam go mbeidh mé in ann é sin a dhéanamh fiú nuair atá an Bille seo achtaithe. Caithfidh mé cead an Aire Airgeadais a fháil ar ndóigh ach beidh an chumhacht agam faoin mBille seo aithbhreithniú a dhéanamh ar scéimeanna gan dul ar ais ag Tithe an Oireachtais.

Ach nílim ag smaoineamh ar aithbhreithniú a dhéanamh ar éinne seachas seandaoine.

Question put and agreed to.
Section 7 agreed to.
SECTION 8.
Question proposed: "That section 8 stand part of the Bill."

Ba mhaith liom buíochas a thabhairt don Aire Stáit Ó Cuív do na scéimeanna nua agus don airgead a chur sé ar fáil do na hoileáin. Agus gabhaim buíochas leis an Aire Stáit anseo as an alt seo a chur isteach agus an t-ardú atá tuillte ag muintir na n-oileán mar tá saol crua acu i gcomórtas linne ar an mórthír.

Question put and agreed to.
Sections 9 to 14, inclusive, agreed to.
Schedule agreed to.
Title agreed to.
Bill reported without amendment and received for final consideration.
Question proposed: "That the Bill do now pass."

Tá ríméad orm a bheith anseo sa Seanad chun Céim na Tuarascála den Bhille seo a thógáil. Ní raibh mise ceaptha mar Aire Stáit nuair a thosaigh an Bille seo ar a bhealach tríd an Dáil i mí na Samhna seo caite. Ach táim an-sásta go raibh deis agam labhairt ar a shon ag an Dara Céim sa Dáil i mí Eanáir sular bronnadh mo fhreagracht nua orm. Mar sin, táim an-bhródúil as a bheith ag stiúradh an Bhille trí achan céim sa Seanad.

Ba mhaith liom a mhíniú arís nach bhfuil i gceist leis an mBille seo ach leathnú agus leasú a dhéanamh ar Achtanna na dTithe (Gaeltacht) chun iad a dhéanamh níos oiriúnaí don lá atá inniu ann. Níl polasaí eile i gceist. Is léir ón ndíospóireacht a bhí againn sa Seanad an tseachtain seo caite agus inniu go gcuirfidh an Bille seo go mór le héifeacht na scéimeanna tithíochta sa Ghaeltacht agus táim lánchinnte go mbainfidh muintir na Gaeltachta tairbhe as an mBille.

Léiríonn an Bille go bhfuil an Rialtas lándáirire faoi chur chun cinn na Gaeilge agus na Gaeltachta agus tagann sé leis na haidhmeanna bunúsacha atá leagtha amach i gClár Oibre an Rialtais don Mhílaois Úr i leith na Gaeilge agus na Gaeltachta. Ba mhaith liom mo bhuíochas pearsanta a ghabháil leis na Seanadóirí a chuir fáilte roimh an mBille an tseachtain seo caite. Bhí díospóireacht bhríomhar, fhiúntach ann ar an mBille seo agus bhain mé taitneamh agus tairbhe as. Tá na tuairimí a fuair mé thar a bheith suimiúil agus tréaslaím leo as a gcuid iarrachtaí leanúnacha ar son na Gaeilge agus na Gaeltachta. Gabhaim buíochas le mo chuid oifigeach a rinne sárobair ar an mBille seo, in oifig na nDréachtóirí Parlaiminte, Oifig na mBillí, i Rannóg an Aistriúcháin agus i mo Roinn féin. Táim buíoch as na moltaí atá os mo chomhair agus taobh amuigh den Bhille seo b'fhéidir go mbeimid ábalta aithbhreithniú a dhéanamh ar na moltaí sin.

Is mian liom buíochas a ghabháil leis an Aire Stáit as ucht a bheith chomh cabhrach agus chomh foighdeach fad a bhí an Bille seo os ár gcomhair. Bhí sé soiléir gur chuir sí suim sa díospóireacht agus b'fhéidir go dtiocfaidh sí ar ais chughainn go luath chun an Ghaeilge agus an Ghaeltacht i gcoitinne a phlé. Gabhaim buíochas le hoifigigh na Roinne chomh maith.

I thank the Minister of State, Deputy Coughlan, for bringing forward this legislation. I am sorry I was not available last week to contribute on Second Stage. This uncontroversial and beneficial Bill will not only improve living standards but increase the possibility that people will come to live in the Gaeltacht. The provisions in the Bill which will make it easier for people who are moving back to the Gaeltacht from abroad are welcome indeed.

I congratulate the Minister of State for her work on the Bill. I thank her sincerely for her helpfulness and courtesy, which is an innate quality she shows to all Members of the House when they raise questions with her here. Gabhaim buíochas lei.

Ba mhaith liom arís buíochas a thabhairt don Aire Stáit as ucht an Bille seo a thabhairt isteach agus gabhaim buíochas leis an Aire Stáit Ó Cuív freisin. Tá súil agam nár chuir mo chuid ceisteanna isteach ró-mhór uirthi ach seo iad na ceisteanna atá ag daoine sa bhaile agus tá mise anseo mar ionadaí do na daoine sin. Bhí seans againn an Ghaeilge a labhairt inniu ach is beag seans a bhíonn againn an Ghaeilge a chur chun cinn anseo sa Seanad. Uair ar bith a thagann sí isteach déanaimid ár ndícheall í a chur chun cinn. Gabhaim buíochas lei ní amháin mar gheall ar an mBille seo ach as gach atá á dhéanamh aici dúinne mar pholaiteoirí. Gabhaim buíochas lena rúnaí pearsanta freisin agus leis na daoine ina hoifig don chuidiú a thugann siad dúinn.

An Leas-Chathaoirleach

I add my congratulations to the Minister for steering her first Bill successfully through both Houses and wish her well.

Thank you, a Leas-Chathaoirligh.

Question put and agreed to.
Top
Share