Skip to main content
Normal View

Seanad Éireann debate -
Wednesday, 9 Apr 2003

Vol. 172 No. 10

Official Languages (Equality) Bill 2002: Committee Stage (Resumed). SECTION 9.

Question proposed: "That section 9 be deleted from the Bill."

Caithfidh mé mo leithscéal a ghabháil don Teach ós rud é nach raibh mé anseo. An bhfuil sé de cheart agam fós Gaelainn a labhairt nó an é go bhfuil cead agam? Tá difríocht bunúsach idir an dá fhocal agus tchím nuair nach raibh mé anseo gur athraíodh an Bille. An mbeidh sé de cheart agam Gaelainn a labhairt nó an bhfuil orm cead a fháil chun príomhtheanga na tíre a úsáid, agus ceapaim fós gur príomhtheanga na tíre atá i gceist?

Níl aon ghearán agam leis an Rialtas faoi alt 9. Tá an cuma ar an scéal gurbh é bunús an Bhille cearta daonna agus go bhfuil cuid mhaith díofa scriosta. Má tá píosa beag eile scriosta, ní dhéanfaidh mé mórán argóint faoi.

Pléadh seo ar fad inné – is comhairle dlí ó thaobh an Bhunreachta a bhí i gceist leis an athrú a cuireadh ar an alt a thagair an Seanadóir dó. Tá an focal "comhionannas" bainte as an mBille mar go bhfuil comhairle dlí eile bunreachtúil faighte nach féidir sin a lua ó tharla gurb í an Ghaeilge an phríomhtheanga oifigiúil sa tír.

Question put and agreed to.
SECTION 10.
Amendments Nos. 25 to 27, inclusive, not moved.
Question proposed: "That section 10 stand part of the Bill."

B'fhéidir go mbeidh an tAire ábalta a mhíniú dom conas gur féidir an dá fhealsúnacht a chur le chéile. Tá athrú bunúsach curtha isteach in ionad alt 8 agus anois tá próiseas fada ann le "seirbhísí a bheartaíonn an comhlacht poiblí a chur i láthair trí mheán na Gaeilge amháin, trí mheán an Bhéarla amháin agus trí mheán na Gaeilge agus an Bhéarla araon". Má tá eagraíocht poiblí ceadaithe a chuid ghnó iomlán a dhéanamh trí Bhéarla, níl ach seafóid sa reachtaíocht go mbeidh air an dá theanga a úsáid ar aon staisiúineoireacht. Cad is brí le gesture politics den saghas seo, nuair a thabharfaimid an cead dó gnó a dhéanamh trí Bhéarla amháin ach ar an dtaobh eile a rá leis go bhfuil air an dá theanga a úsáid ar an staisiúineoireacht? Tá mé den dearcadh go dtugann a leithéid lip service don Ghaelainn.

Tá míthuiscint thar a bheith bunúsach ar an Seanadóir.

Is minic a bhíonn.

An rud atá i gceist ná in aon chomhlacht, ag brath ar an gcomhlacht agus na dualgaisí atá air, beidh dualgaisí ar leith air i leith na Gaeilge. Ní shin le rá go mbeidh air gach seirbhís a chur ar fáil trí Ghaeilge nó trí Bhéarla. Tá nós ag mo Roinnse nach gcuireann sí ach leaganacha Gaeilge den fhoirm dheontais tithíochta ar fáil i nGaeilge, ar tharla gur deontas tithíochta Gaeltachta atá i gceist agus go bhfuil cailíocht Gaeilge ag teastáil leis an ndeontas a fháil sa gcéad dul síos. Sin seirbhís a chuirtear ar fáil as Gaeilge amháin ach is seirbhís scríofa í. Thiocfadh leis an Roinn duine a fhiosrú faoin ndeontas i mBéarla. Má labharann an iarrthóir i mBéarla, labhartar ar ais leis i mBéarla.

Má thógaimid ospidéal mar shampla, beidh ar ospidéal i nGaillimh riarsheirbhísí a chur ar fáil nach bhfuil siad ag cur ar fáil trí mheán na Gaeilge nó trí mheán na Gaeilge agus an Bhéarla, ag brath ar an tseirbhís atá i gceist. D'fhéadfadh sé bheith istigh sa bplean nach gcaithfeadh an príomhanailísí ar rud éigin teicniúil seirbhís a chur ar fáil i nGaeilge go béal mura mbeadh Gaeilge ag an saineolaí áirithe sin.

Soláthraíonn an Bille seo deis déileáil leis na ceisteanna casta seo. Tá idirdhealú, ní amháin idir an tseirbhís a chuirtear ar fáil i nGaeilge agus i mBéarla, ach ar an mhó a chuirfear ar fáil i mBéarla agus i nGaeilge.

Mar a phlé muid inné, beimid ag éilimh má chuirtear comhfhreagas i nGaeilge go bhfaighfear freagra i nGaeilge agus beidh sin forleathan. Is rud éagsúil ar fad é agus duine ag caint ar sheirbhís ó speisialtóir mar ní féidir an t-éileamh céanna a dhéanamh mar muna bhfuil an teanga ag an duine sin, ní féidir a éilimh go labharfaidh sé teanga nach bhfuil aige. Is le teacht thar an dua leis an iliomad casta deiseanna agus fadhbanna sin go bhfuil an soláthar ann go ndéanfar go leor seo trí rialacháin ar lámh amháin de agus, ar an dtaobh eile den scéal, trí phleanáil. Níl aon mhíniú eile leis seo. Ní hé nach mbeidh dualgas é ar roinnt comhlachtaí aon seirbhísí a chur ar fáil i nGaeilge. Beidh sin ginearálta ó thaobh comhfhreagrais agus staisiúineoireachta de.

Éiríonn fadhb shimplí eile. Phlé muid an cheist inné maidir le comharthaí a bheith i nGaeilge amháin. Bheadh sé sin iontach dá mba rud é go raibh an Ghaeltacht mar atá sé sainmhínithe in áiteanna ina bhfuil 90% den phobal ina gcainteoir Ghaeilge ó dhúchas. Tá áiteanna sa nGaeltacht faoi láthair nach bhfuil úsáid na teanga chomh forleathan. Tá mé ag díriú ar cheist na dteorannacha Gaeltachta mar tá áiteanna nach bhfuil ach 30% den phobal a labharann an Ghaeilge go laethiúil. Tá sin trí oiread níos airde ná an áit is airde taobh amuigh den nGaeltacht agus mar sin bhí tionchar ag an stádas Gaeltachta ar an cheantar sin. An bhfuil an Seanadóir a rá in áit mar sin má chuireann dochtúir in ionad sláinte comhartha dátheangach suas go mbeidh sé in aghaidh an dhlí? Sin an fhadhb atá agam leis seo agus sin an fáth go bhfuil an solúbthacht ann. Beidh sé leagtha síos agus cuirfear i bhfeidhm é trid an gcoimisinéir go mbeidh ar chomhlachtaí, ag brath air láidreacht na Gaeilge sa cheantar, seirbhís de leibhéalacha éagsúla a chur ar fáil taobh istigh den nGaeltacht.

Beidh seirbhís dá chomhionann i gceist taobh amuigh den nGaeltacht fosta. Leagfar amach é bunaithe ar an éileamh agus ar an soláthar daonna a bheidh ann do dhaoine leis na seirbhísí a chur ar fáil. Níl aon mhaith, mar a rinneamar cheana, a rá go mbeidh iliomad seirbhísí ann agus ansin gan daoine a bheith ann chun iad a chur ar fáil.

An Leas-Chathaoirleach

Is section 10 agreed to?

Tá ceist amháin agam don Aire. B'fhéidir gur ormsa atá an locht toisc nach dtuigim, ach cá bhfuil sé sa Bhille go soiléir go bhfuil sé de chead agamsa comhfhreagras a dhéanamh le gach eagraíocht Stáit agus comhfhreagras a fháil thar n-ais chomh maith? Tá teach samhraidh agam i gceartlár fíor-Ghaeltacht Chorca Dhuibhne. I mBéarla amháin a bhí litir a fuair mé ón bPost ag iarraidh orm an raibh ceadúnas teilifíse agam. An bhfuil aon rud sa Bhille seo a chinnteoidh go mbeidh litir i nGaeilge, i dtús báire, má scríobhann eagraíocht cosúil leis An Post go dtí tithe atá i gceartlár na fíor-Ghaeltachta? Má teastaíonn ó dhaoine ina gcónaí in áiteanna mar siúd a chuid gnó a dhéanamh leis an bPost trí Bhéarla, an mbeidh sé de chead acu é sin a chuir in iúl dóibh. An mbeidh sé, i dtús báire, de dhualgas ar eagraíochtaí cosúil leo siúd déileáil le daoine a bhfuil tithe acu i fíor-Ghaeltachtai agus an mbeidh sé de chead acu a bheith ag súil le chomhfhreagras trí Ghaeilge?

Má scríobhaim chuig eagraíocht Stáit, eagraíocht poiblí, nó eagraíocht atá in ainm is a bheith mar eagraíocht poiblí, an mbeidh sé mar san? Cuirim i gcás eagraíocht cosúil le Eircom. Bhíodh sé de cheart agamsa comhfhreagras trí Ghaeilge a dhéanamh le Eircom. An mbeidh sé mar san? Tá an oiread Gaeilge sa telephone directory laghdaithe go mór le blianta anuas. An mbeidh sé de chead ag duine cosúil liomsa – nó aon duine eile, taobh istigh nó taobh amuigh den Ghaeltacht –comhfhreagras a dhéanamh i nGaeilge le heagraíocht nó le comhlacht Stáit agus a bheith cinnte go bhfaighfear thar n-ais comhfhreagras trí Ghaeilge chomh maith?

Tá soláthar ann leis na rialacháin agus na scéimeanna sin ar fad a dhéanamh. Bí cinnte de sin. Ní bheadh aon fheidhm leis an mBille muna d'fhéadfaí a leithéid a chur i bhfeidhm. An dara rud atá ann ná go bhfuil an coimisinéir ann chun cearta a gcosaint. Beidh treoirlínte leagtha síos faoi na pleananna agus ansin, ar ndóigh, má chuirtear chomhfhreagras chugat, caithfidh tú chomhfhreagras a chur ar ais.

Chomh maith le sin, beidh an rud nach raibh ann cheana. Beidh an plean ann ag éirí as na treoirlínte agus daigneófar é sin. Tuigimse go laethiúil agus tuigimid uilig go raibh rud éigin in easnamh. Má chlis ar éinne go dtí seo, a dhualgas ó chomhlíonadh, cé a bhí ann chun an dlí a chur i bhfeidhim? Mar shampla, tá comhartha bóthair taobh amuigh de Uachtar Ard, i gContae na Gaillimhe, atá in aghaidh an dlí. Cé atá ann? Ní theastaíonn ón gnáth-dhuine dul chun cúirte. Sin an áit a thagann an coimisinéir teanga i gceist, mar níl le déanamh agat ach scríobh chuige. Chomh maith le sin, tá cumhacht fé alt 28, más buan mo chuimhne, scéim cúitimh le cead na Roinne Airgeadais a chur in áit. Sin rud atá éirithe coitianta, mar shampla, le Bord Soláthar an Leictreachais. Má ghearrtar an cumhacht níos mó ná an oiread seo ama, gheobhaidh tú cúiteamh mar ní cheart go dtarlódh a léithéid.

Sin, dar liomsa, an áit bhunúsach go bhfuil difríocht idir an rud seo agus rud ar bith a rinneadh cheana. Nuair a cuirtear an plean in áit, ní plean dea-thola a bheidh ann níos mó ach plean a thabharfaidh ceart do shaoránach dul do dtí an coimisinéir agus a rá gur sáraíodh an plean i gcás áirithe. Beidh an cumhacht céanna ag an gcomisinéir agus atá ag an Ombudsman, agus beidh air dul agus cás an tsaoránaigh a throid gan aon dua don saoránach agus, ar ndóigh, déanamh cinnte nach dtarlóidh a leithéid arís. Nuair a choimsíonn tú an t-iomlán sin, feiceann tú gur cineál jigsaw é seo. Nuair a chuireann tú le chéile é tá pictiúr iomlán ann agus tá an rud nach raibh ann go dtí seo, an cur i bhfeidhm, ann. Go dtí seo, bhí na pleananna ann. Bhí an tír lán de phleananna maidir leis an Ghaeilge ach ní raibh aon bhealach ag an saoránach a dhéanamh cinnte go raibh seasamh leis an bplean ach é a bheith ann.

Tá nithe bunúsacha ardaithe, i ndáiríre, ag an Seanadóir Ó Riain. Más rud é nach bhfuil ar ár gcumas an rud atá i gceist ag an Seanadóir a dhéanamh maidir leis an nGaeilge, glacaim gur ionann é sin agus a rá nach bhfuil ag eirí linn. Bhí dhá rud lárnach sa díospóireacht a bhí againn inné. I dtosach, an stádas atá ag an Ghaeilge sa Bhunreacht, nó an ceart atá ag an saoránach ó thaobh na Gaeilge. An dara rud a bhí i gceist ná go bhfuil beart uileghabhálach i gceist sa reachtaíocht seo. Sé sin le rá, insan obair a bheidh á dhéanamh, go mbeidh bunchloch reachtúil ag dul leis.

Ní féidir, i ndáiríre, labhairt faoi seo gan féachaint ar an gcóras atá luaite ag an Aire. Beidh orainn teacht thar n-ais do dtí an córas sin i ngach díospóireacht a bheidh ann inniu agus amárach, má leanann an díospóireacht ar aghaidh go dtí amárach, chun féachaint an bhfuil sé sin láidir go leor, indéanta agus solúbtha, mar níl éinne atá i bhfábhar na Gaeilge a deir gur féidir a bheith righin iomlán maidir le rudaí. Ag an am gcéanna, caithfimid a rá nach raibh cothram na Féinne á fháil ag daoine gur mhaith leo Gaeilge a úsáid. Tá taithí phearsanta againn go léir. Is cinnte go raibh taithí phearsanta agamsa le blianta fada anuas agus is minic gur ghlac mé leis mar mhasla cuid de na rudaí a tharla nuair a dhein mé iarracht gnó a dhéanamh trí Ghaeilge; caithfidh mé é sin a rá.

Thug mé cúpla sampla inné le cruthú gur féidir leis an gcoras seo a bheith éifeachtach. Luaigh mé na Coimisinéirí Ioncaim – tá tuiscint agus eolas ag an Seanadóir Ó Riain maidir le sin. Caithfidh mé a rá go bhfuair mé seirbhís iomlán trí Ghaeilge ó na Coimisinéirí Ioncaim i gcónaí, gan aon iarracht ró-mhór uaim féin, ó Aonad 88. Bíonn sé i gcónaí an-chabhrach ar fad, an-tuisceanach agus an-bháúil, caithfidh mé a rá. Is é an smaoineamh sa chóras seo ná gur féidir é sin a thógaint mar shampla, agus an rud céanna a dhéanamh i ngach comhlacht phoiblí. Chun é sin a dhéanamh, caithfidh tú féachaint cad atá ag teastáil, cad é an t-ábhar, cad iad na hoifigí a bheidh a teastáil agus cad é an modus operandi a bheidh i gceist.

Thug mé sampla amháin. Má thógaimid aon chomhairle chontae, bárdas nó Roinn Stáit sa tír, caithfimid a ghlacadh i dtosach nach mbeidh Gaeilge ag gach duine sna comhlachtaí sin. Ní hionann é sin agus a rá nach féidir seirbhís iomlán a chur ar fáil. Caithfimid a thaispeáint, sna pleananna atá i gceist, conas is féidir córas a chur isteach, mar shampla i gComhairle Chontae Tiobraid Árann Theas, á rá seo a leanas: má chuireann duine go bhfuil seirbhís uaidh nó uaithi i nGaeilge glaoch nó cáipéis ag lorg eolais nó aon rud eile, bíodh daoine taobh istigh den chóras atá in ann é sin a dhéanamh gan aon leithscéal nó, a mhalairt, gan aon compliment ag gabháil leis. Ní féidir linn a glacadh a thuilleadh nach bhfuil na daoine ann chun é sin a dhéanamh. Caithfimid cinntiú go bhfuil sé ann agus caithfidh sé sin a bheith sa phlean.

Tá cosaint ann dúinne atá i bhfábhar na Gaeilge sa phlean seo, mar go mbeidh tuarascáil i gceist. Beidh ar an Aire an tuarascáil sin a chur os comhair Tithe an Oireachtais. Tá coimisinéir i gceist. Beidh an coimisinéir sin neamhspleách agus beidh air gníomhaíocht a thabhairt dúinn cosúil le gnáth-Ombudsman, agus tuigimid cé chómh héifeachtach is atá an Ombudsman. Beimid ag brath ar an gcóras iomlán. Tá sé an-deacair cuid bheag den chóras nó den phlean seo a thógaint gan féachaint ar an phlean iomlán. Glacaim agus aontaím leis an Seanadóir Ó Riain gur rudaí bunúsacha atá á ardú aige. Caithfimid a bheith cinnte go bhfuil an córas in ann na rudaí sin a chlúdú agus a láimhseáil.

Rinne mé iarracht inné cúpla focal a chur le chéile le mo smaointe a leíríu don Teach ach ní raibh an t-ádh liom.

I will revert to Irishman's English. A fundamental issue is being raised in terms of the current position of the Irish language and how the Minister envisages the evolution of the programme for its ongoing development. It begs the fundamental question that has existed down through the decades about the promotion of Irish by the State, State bodies and successive Ministers. It also begs the question as to which is the best method, namely, to direct and dictate or enable and facilitate.

My understanding is that this is the central issue and I ask the Minister to correct me if I am mistaken. Everybody in favour of the Irish language would be warmly and enthusiastically supportive of what Senator Ó Murchú has said, namely, that when a person communicates in Irish, either orally or in writing, with a public body, the State should make a positive effort that the communication is responded to in the Irish language. I am in favour of that proposal and I know in recent times there has been a warming of attitude and response to the promotion of Irish outside the Gaeltacht. However, I must acknowledge reality. I am a teacher and I am reluctant to admit that at all levels of the public service and even within the teaching profession there is a reluctance and a shyness – it could, perhaps, be called a lethargy – towards making a spontaneous response in Irish, whether orally or in writing.

The Minister's strategy has been well articulated by Senator Ó Murchú. The Minister has set out an overall framework in the Bill. There are mechanisms within that framework such as the scheme, the commissioner and the arrangement for reporting back. The Minister has established an ability for all schemes from the public bodies and local authorities to be examined by him. The Bill gives him the power to scrutinise and to make further recommendations to the relevant bodies and local authorities. That is the right approach, the bealach ceart that he should follow.

I am aware that Senator Ryan has always promoted the Irish language and that his heart is in the right place in that regard. I wish that, like the Senator, I had the ability to express myself in Irish. Mistakes have been made too often in the past such as in pre-Bord na Gaeilge days. All too often there was an enticement to be dictatorial. Those who were so anxious and so committed to the promotion of the use of the Irish language sometimes had an attitude that smacked of elitism and arrogance towards the poor souls like me and others who are anxious to speak Irish, even though we are not able to be articulate in the Irish language. I have a vocabulary that I am unable to put together in the form of structured speech.

Senator O'Toole referred on numerous occasions yesterday to féinmhuinín – self-confidence. Many people who are motivated to speak Irish are not self-confident in their ability. We must try to encourage people and tap into the goodwill that exists. This is my interpretation and if I am wrong I will be delighted for the Minister correct me. I do not agree with a dictatorial approach that tells people they must reply in Irish on all occasions to a communication made in Irish. I am familiar with people in public bodies, Government Departments and local authorities, who will be put off by such an approach. We must encourage and enable the use of the language to build on the goodwill that exists for the Irish language. I do not wish to take away from the sound principles enunciated by Senator Ryan.

I realise this is an important section, but a great deal of time has been given to the debate on it. Is the section agreed to.

Question put and agreed to.
SECTION 11.
Acting Chairman: Amendments Nos. 28 and 59 are related and may be discussed together by agreement. Is that agreed? Agreed.

I move amendment No. 28:

In page 18, to delete from and including "(other" in line 19, down to and including "schedule" in line 22.

I am standing in for Senator McHugh. I agree with the views expressed by Senator Fitzgerald. There is a great fund of goodwill towards the Irish language. We are all trying to catch up on what we have forgotten. Senator Fitzgerald and I have taken some practical steps in that regard and we are awaiting a further call.

We are awaiting further orders.

I agree with the Senator. We do not wish to see any arrogance or elitism because it is only through love of the language and not by any recurrence of failed past policies that it will advance.

The reason for this amendment is that the First Schedule of the Bill refers to public companies which may be privatised in the future. From our experience of the privatisation of Eircom, people who had always received an Irish language service from Telecom Éireann had to fight hard to retain even a limited service. We cannot understand why the State, which has invested heavily in public bodies since its foundation, should not attach a condition in favour of our national language when disposing of these companies. Rights are again being denied and that is the argument Senator McHugh has asked me to advance on his behalf.

An phríomhaidhm leis an Bhille seo ná seirbhísí poiblí trí Ghaeilge a chur ar fáil ar bhunús níos forleithne agus ar chaighdeán i bhfad níos airde. Tá ceist chasta ann faoi iar-chomhlachtaí agus comhlachtaí príobháideacha. Ba é mo thuairim agus mé ag réiteach an Bhille gurbh fhearr déileáil i dtosach báire leis an 300 comhlacht – eagraíochtaí, Ranna Stáit, údaráis áitiúla agus a leithéid – a thagann faoi réimse an Stáit. Ní féidir le aon cheist a bheith air sin. Tá foráil sa gCéad Sceideal den Bhille go leanfaidh réimse an Achta amach seo d'earnálacha seachas an earnáil phoiblí.

Níl chomhlachtaí príobháideacha san áireamh go sonrach san fhoráil atá muid ag plé ar chúis atá leagtha amach cheana féin. Tá muid ag tógáil san áireamh na costais a bheidh ag baint agus an t-ualach airgid míreasúnta a bhféadfadh a bheith i gceist do na comhlachtaí seo.

Má tá muid ag dul déileáil leis na hiar-chomhlachtaí Stáit atá príobháideach anois, is dócha nach bhfuil aon bhealach sin a dhéanamh ach i gcomhréir leis na comhlachtaí a bheadh in iomaíocht leo. Luaigh an Seanadóir Eircom ach, go fadtéarmach, ó tharla gur comhlacht príobháideach sin, ní bheadh sé reasúnta plé leis ar bhealach a bheadh difriúil ó chomhlachtaí eile teileachumarsáide atá ag cur na seirbhísí ceannan céanna ar fáil. Tuigimid freisin ón mBille Míchumais nuair atá ualach mór costais i gceist do chomhlachtaí phríobháideacha go dtagann ceisteanna áirithe eile suas fosta. Mar sin, tá an chuid den Bhille dírithe ar rud atá muid ag tabhairt comhlacht poiblí air. Cuimsíonn sé sin na heagraíochtai ar fad atá luaite sa sceideal. Má cuirfear an méid sin i gcrích fágfaidh mé ag comharba de mo chuid an chuid eile a dhéanamh, mar feicfidh na Seanadóirí go bhfuil leathanach i ndiaidh leathanaigh de eagraíochtái a bheas orainn a Ghaelú, a bheag nó a mhór, i gceist sa mhéid sin amháin.

Tacaím leis an leasú seo. Tá meon an Rialtais seo, agus b'fhéidir pé Rialtas a thiocfaidh ina dhiaidh, dírithe i dtreo príobháidiú chuid mhaith des na heagraíochtaí a chuireann seirbhísí poiblí ar fáil. Tá sé ar intinn Bord Soláthar an Leictreachais a phríobháidiú. Tá daoine in ard-bhainistíocht an chomhlachta san ag iarraidh go bpríobháideofaí é. Má déantar san agus má athraítear an eagraíocht san sa chaoi is gur eagraíocht príobháideach í, cad a tharlóidh don dualgas a cheapaimid atá uirthi faoi láthair gnó a dhéanamh trí Ghaeilge le pé duine a iarrann sin? Má leantar leis san beidh an córas teileafóin agus an córas soláthar leictreachais príobháidithe agus beidh siad ábalta éalú ó na dualgais atá ar comhlachtaí poiblí.

Ní dóthain a rá go bhfuil an cheist casta agus ní ghlacaim leis go bhfuil ceist bhunreachtúil ag baint leis – toisc go bhfuil príomh áit na Gaeilge leagtha amach sa Bhunreacht – ná go mbeadh comhlacht ábalta a rá go raibh rud éigin míbhunreachtúil á bhrú. Glacaim leis, nuair atá trí nó ceithre cinn de chomhlachtaí ann ar nós Esat agus na comhlachtaí eile, go mbeidh orainn a chinntiú go mbeidh na dualgais céanna ar na comhlachtaí go léir. Ní dóigh liom gur féidir liom gnó dhéanamh trí Ghaeilge le Vodafone, le O2 nó le Meteor. Sa sean-chóras nuair a bhí Eircell sa chóras poiblí ceapaim go raibh sé de chead agamsa gnó a dhéanamh trí Ghaeilge leis. Tá mé cinnte nach féidir aon cheann des na directory inquiries atá ar fáil sa tír seo a úsáid trí Ghaeilge, fiú amháin más uimhir teileafóin na meánscoile lán Ghaelach ina bhfuil mo mhac ag dul ar scoil atá á lorg. Nuair a bhí mé ag lorg uimhir teileafóin na scoile bhí orm an t-ainm a litriú go mall don duine a bhí ag freagairt an teileafóin dom agus é sin a dhéanamh dhá uair, toisc a laghad Gaeilge a bheith ag an tseirbhís san.

Níl an cheist seo simplí. Tá cúpla rud a dhein damáiste don Ghaeilge. Ceann amháin an iomarca béime ar bhrú ar dhaoine rudaí a dhéanamh nár theastaigh uathu a dhéanamh agus droch chaighdeán múinte Gaeilge agus na rudaí a théann leis. An dara rud ná an tseafóid agus an cur i gcéill ag na daoine a deir rud amháin agus a dhéanann rud eile. Go luath i ndiaidh bhunú an Stáit deineadh an Ghaeilge éiginteach do phost ar bith sa chóras poiblí, ach amháin i dTithe an Oireachtais. An t-aon jab go bhféadfá a lorg agus a fháil agus gnó a dhéanamh in iomlán trí Bhéarla ann ná ballraíocht Thithe an Oireachtais. Ní raibh an Ghaeilge éiginteach ariamh do Bhaill an Oireachtais ach shochraigh siad cinneadh go mbeadh sí éiginteach do gach éinne eile ach iad féin. Sin an rud a chuaigh a bhfeidhm ar dhaoine agus a dhein damáiste do chúis na Gaeilge. Má labhraímid faoi spriocanna agus ag an am gcéanna, má fhágaimid saor eagraíochtaí móra príobháideacha atá ag déanamh teagmhála leis an ghnáth duine gach lá, agus más rud é go mbíonn oifig an Bord Soláthar an Leictreachtais i nGaillimh, sa Daingean nó in áiteanna eile agus muna bhfuil sé soiléir, má déantar iad a phríobháidiú, go bhfuil sé de chead ag pobal na Gaeilge agus ag pobal na Gaeltachta gnó a dhéanamh go compordach trí Ghaeilge, ní fiú an Bille seo. Caithfear smaoineamh faoin gcóras poiblí áit is a bhaineann sé le seirbhísí poiblí.

Níl sé sásúil ná ceart nach féidir seirbhís a fháil trí Ghaeilge ar an mbonn. Tá an ceart ag an Seanadóir Ó Riain. Má bhíonn duine ag lorg cabhrach caithfear an rud a phlé as Béarla. Níl sé sin sásúil.

Nuair a bheidh comhlacht á dhéanamh príobháideach caithfimid féachaint go bhfuil coinníolacha áirithe ins an conradh le cinntiú go dtabharfar seirbhís trí Ghaeilge. Más rud é gur tharla sé in aon tír eile ní bheadh ionadh ar éinne go raibh a leithéid de choinníol ann. Muna féidir linn an timpeallacht iomlán a Ghaelú mar sin beimid i gcónaí ag teacht thar n-ais chun na ceiste seo a plé. Tá súil agam go mbeidh an tAire in ann smaoineamh ar sin am éigin taobh istigh dá Roinn agus moltaí a thabhairt don Rialtas do chásanna den saghas seo.

Bíonn comhlachtaí príobháideacha i gcónaí ag déanamh suirbhéanna ar dhearcadh a gcustaiméirí. Tá an-chuid daoine a bhfuil an Ghaeilge á úsáid acu agus roinnt eile atá báúil don Ghaeilge. Ba chóir go mbeadh comhlacht sásta féachaint air sin mar rud atá tairfeach dó féin. Ní rud diúltach atá i gceist anseo. Caithfimid a bheith sásta dul i gcomhairle leis na comhlachtaí seo, ar leibhéal an-ard, le míniú dóibh go mbeadh an Stát ag súil go mbeadh seirbhís den saghas sin ann. Ní leor ráiteas a chur amach ná litir a scríobh nó, fiú amháin, gearáin a dhéanamh ach comhairle bunúsach a chur chucu go bhfuilimid-ne dáiríre faoi stádas na Gaeilge agus gurb é an tuairm atá againn ná gur chóir go mbeadh seirbhísí den saghas sin le fáil. Tá súil agam go mbeidh an tAire, am éigin, in ann féachaint air sin. Tá súil agam nach bhfuíl ins an Bhille seo ach tús agus go bhfuil sé i gceist againn forbairt agus leathnú a dhéanamh amach anseo.

Caithfidh na Seanadóirí breathnú, i gCéad Sceideal, ar an sainmhíniú ar chomhlacht poiblí. Má dhéanann siad sin feicfidh siad go bhfuil na Ranna Stáit agus na heagraíochtaí Stáit ar fad luaite. Luaitear údaráis áitiula agus boird sláinte. Ansin déantar tagairt do na heagraíochtaí deonacha a fhaigheann an chuid is mó dá gcuid airgid ón gciste phoiblí. Beidh leasú a thabhairt isteach maidir le comhlachtaí a oibríonn faoi cheadúnas ón Stát. Nuair a bheidh sin ar fad cuimsithe, is mór an méid a bheidh déanta, ach níl comhlachtaí príobháideacha sa gcíall an gharáiste áitiúla agus mar sin luaite. Tá brí uafásach leathan a thabhairt i gCéad Sceideal ar an chiall a bhaineann le comhlacht poiblí.

Bhí imní orm nuair a bhí muid ag dréachtú an Bhille. Chuir mé ceist faoina heagraíochtaí deonacha ar fad atá ag fáil 90% dá gcuid airgid ón Rialtas. Tá go leor acu faoi chúram mo Roinn féin. Cá seasann siad? Tá soláthar déanta sa mBille don chineál eagraíochta sin, d'eagraíochtaí a dhéantar príobháideach agus d'eagraíochtaí a bhfuil feidhm i ndáil leis an phobal i gcoitinne acu. Tá seo clúdaithe. Níl muid ag dul na céime deiridh agus a rá leis an ngaráiste áitiúil plean Gaeilge a chur isteach.

Ní fhaca mé an fhomhír sin faoi. Ní chlúdaíonn atá ar siúl ag an Aire, áfach, Eircom nó na heagraíochtaí eile teileafóin. Tá Eircom príobháidithe cheana agus tá deacracht ann. Ní hé go bhfuil deacrachtaí teangan ag pobal na Gaeltachta, mar tá Béarla níos fearr ag a lán daoine sna Gaeltachtaí ná mar atá agam. Is minic a ceartaíodh mo chuid Bhéarla ag daoine ón nGaeltacht. Ní chóir go mbeadh orthu, afach, gnó a dhéanamh le córas chomh forleathan leis an gcóras teileafóin trí Bhéarla. Glacaim go bhfuil sé leagtha amach ag an Aire leis an todhchaí ach tá deacrachtaí ann anois.

Tuigim nach mbeadh sé ceart dualgas dleathach a chur ar eagraíochtaí beaga ach déarfaidh cuid mhór gurbh é an gheit is mó a bhaintear astu nuair a théann siad isteach i bpub, siopa nó bialann sa nGaeltacht ag iarraidh an Ghaeilge bheag acu a úsáid agus freagraítear as Béarla iad. Níl sé ró-olc nuair a thiteann sé amach gur eachtrannaigh atá ag obair sna bialanna agus na tithe tábhairne ach nuair atá daoine ón Ghaeltacht ag obair agus is cuma leo Béarla nó Gaeilge is rud difriúil é.

Seo ceist airgid. Má leanfaidh cúrsaí mar sin sna Gaeltactaí, caillfidh siad dea-thoil middle Ireland a cheapann go bhfuil rud éigin faoi leith sna Gaeltachtaí a tharraingíonn don áit iad. Tá daoine ann a dhéarfadh gurbh é ceann de na fáthanna go bhfuil Corca Dhuibhne ag tarraingt isteach níos mó cúirteoirí ná áiteacha eile atá chomh hálainn ná go bhfuil Gaelainn ann agus go gceapann daoine go bhfuil rud eile ann seachas an áilleacht agus an fharraige. Is fíor Gaeltacht í fós ach d'fhéadfadh duine dhul isteach i siopa in Iarthar Dhuibhne gan a bheith cinnte go gcloisfeadh sé Gaelainn. Tá daoine cosúil liom féin ann a bhfuil taithí acu cé acu siopa nó pub gur féidir Gaelainn a úsáid agus siopa nach fiú mar má labharann sé Gaeilge, ligeann siad orthu nach dtuigeann siad.

Ní ábhar a bhaineann leis an reachtaíocht seo é ach baineann sé le fealsúnacht an reachtaíochta – conas a spreagtar eagraíochtaí cosúil leo siúd rud a dhéanamh atá fiúntach ó thaobh tradála agus airgid. Bheidís ina suí go te dá mbeadh dearcadh níos fearr acu ar an Ghaelainn.

Tá nóta anseo faoin Sceideal agus freagróidh sé an cheist go cuimsitheach. Sé an aidhm atá ag fómhíreanna (1) go (5) an Chéid Sceidil ná meicníocht a chur ar fáil chun scóip an Bhille a leathnú amach anseo chuig earnálacha, seachas an earnáil phoiblí, a sholáthraíonn sheirbhísí go díreach don phobail – na bainc, cuideachtaí arachais, cuideachtaí teileachumarsáide agus mar sin. Beimid ag plé sin ar ball agus nuair a thiocfaimid go dtí sin, feicfidh an Seanadóir go bhfuil freagra don cheist sa Chéad Sceideal. Beimid ag teacht ar ais le leasú teicniúil air seo ar Chéim na Tuarascála.

Glacaim leis an gceist mar tá an líne a bhíodh ann idir seirbhísí poiblí agus seirbhísí príobháideacha ag athrú de shíor sa tír seo. Tá páirtnéireachtaí agus fo-eagraíochta atá ag soláthar seirbhísí don Stát ann agus tá méadú mór ar eagraíochtaí deonacha fosta. Tá an sceideal ann leis sin ar fad a chuimsiú. Ní chuirfidh seo isteach ar an ghruaigeoir áitiúil, ní bheidh air plean a réitiú, tá na réimsí móra i gceist anseo.

Ba mhaith liom féin an t-atmasféar a fheiceáil ag athrú. Sé mo thaithí féin ná cibé áit a théim sa nGaeltacht gur labhartar Gaeilge liom ach lena cheartú do mhuintir Chonnemara, ní smaoiním go rachfaidís isteach i bpub ag labhairt Béarla le muintir an tí i bhfíorGhaeltacht Chonnemara mar ní shin an nós atá againn mar phobal.

Tuigim, áfach, a dúirt an Seanadóir agus is rud é a chuireann imní orm mar go minic. Braithim nár éirigh linn fós a chur in iúl do phobal na Gaeltachta an buntáiste atá acu agus an Ghaeilge a bheith acu ó dhúchas. Níl aon ghasúr sa nGaeltacht nach bhfuil Béarla aige, níl siad ar nós fiú 30 bliain go bhféadfadh duine a fhás suas gan mórán Béarla. Mar thuismitheoir Ghaeltachta, níl fadhb ag mo ghasúir ná aon ghásúr a tógadh le Gaeilge sa nGaeltacht an Béarla a shealbhú ag aois scoile.

Dá bhféadfainn meon an dátheangachais a bheith againn, meon nach bhfuil ag iarraidh a rá nach mbeidh éinne gan Béarla sa tír seo, ní bheadh buntáiste ar bith a rá go bhfuil rogha ag daoine go mbeadh pubanna Gaeltachta dhátheangach ná aontheangach Gaeilge. Is fearr i bhfad go mbeidís dhátheangach, trítheangach agus ceithretheangach ach go mbeadh an nós ann atá ag go leor de an tíortha san Eorap – an Iorruaidh agus an tSualainn agus an Fhionlainn – a dteanga féin a labhairt eatarthu féin ach an Béarla agus teangacha eile ar a dtoil acu freisin. Sin an bóthar ba cheart dúinn bheith ag iarraidh a dhul.

Amendment, by leave, withdrawn.
Government amendment No. 29:
In page 18, line 28, after "1997"; to insert "and".

Is leasú teicniúil é seo gur feidir linn a dhéanamh gan díospóireacht. Níl ann ach rud beag dréachta.

Amendment agreed to.
Government amendment No. 30:
In page 18, line 33, to delete "Government" and substitute "Government,".

An rud a deir sé nach i leathanach 18, líne 33 "Rialtas" a scriosadh agus "Rialtas," a chur ina áit.

Tá camóg i ndiaidh "Rialtas,". Níl a fhios agam cén brí atá leis sin.

Tá camóg breise ann agus cé nach saineolaí gramadaí mé, glacaim go bhfuil comhairle iontach curtha orm.

Amendment agreed to.
Amendment No. 31 not moved.
Question proposed: "That section 11, as amended, stand part of the Bill."

Ar alt 11, is é mo thuairim go nglacann gach éinne go bhfuil dúil agam sa Gaelainn agus go bhfuilim ana-bhádhúil di, ach ní fhéadar an fiú brú a chur ar eagraíochtaí cuntais iniúchtha nó ráitis airgeadais a fhoilsiú trí Gaelainn. Is ceist ana-theicniúil í. Níl aon mheas agamsa, mar shampla, ar bhrú a chur ar an EPA Gaeilge a chur ar pháipéar teicniúil faoi staid abhna ó thaobh truallithe de. Tá an oiread sin focal taobh istigh de leagan Gaeilge mar seo nach dtuigfeadh duine ar bith sna Gaeltachtaí é. Fiú má scríobhtar tuarascáil teicniúil den saghas seo as Gaelainn, má léitear sna Gaeltachtaí é, is i mBéarla a léifear é, mar is i mBéarla i ndáiríribh a scríobhadh é. Ansin, déantar aistriúchán go Gaelainn. Níl mé chun argóinte fhada a chur ar siúl faoi seo, ach is cóir dúinn bheith praticiúil.

Thugas faoi dheara, nuair a bhíos ag déanamh taighde ó thaobh comhshaoil de le mo chairde ón Danmhairg, gur athraíodar ón Danais go Béarla go rialta. Ba fhocail Bhéarla iad cuid mhaith de na focail theicniúla a d'úsáideadar faoi cheisteanna comhshaoil. Ó thaobh airgid a chaitheamh ar chur chun cinn na Gaelainne de, níl mé cinnte an bhfuil mórán maithis á dhéanamh don Gaelainn trí tuarascála teicniciúla a aistriú go Gaelainn. Níl mé chun ceiste fhada a dhéanamh di, ach mholfainn don Aire smaoineamh faoi seo. Ní fiú tuarascála teicniciúla a aistriú. Má tá duine ag cur amach tuarascála faoi the intricacies of microwave technology, cad is fiú am agus airgead a chur amú trí iad a aistriú go Gaelainn? Ní thuigfeadh fiú amháin muintir na Gaeltachta iad.

Níl a fhios agam cé chomh tábhachtach is atá sé díreach ag an am seo, ach i gcónaí, éiríonn leis an Seanadóir Ó Riain rud a rá a spreagann diospóireacht. Níl mé 100% ar a thaobh sa rud seo, ach tuigim an rud atá i gceist aige ag an am gcéanna.

Is breá liomsa tuarascáil a fheiceáil i nGaeilge, fiú munar féidir liom í a thuiscint. Ar slí, cabhraíonn sé leis an perception ó thaobh na Gaeilge de. Tá sé cosúil le comharthaí bóithre atá dátheangach. Tá daoine ann a fhiafraíonn cad ina thaobh a bhfuil Gaeilge ann más rud é go bhfuil Béarla ann chomh maith. An rud a deirimse i gcónaí ná, nuair a bhíonn Gaeilge ar na comharthaí bóithre, ar slí éigin, tá an timpeallacht Gaelaithe.

Tá sé sin tábhachtach mar is é sin an laige is mó atá ann ó thaobh dul chun cinn na Gaeilge de – gur féidir le duine breis agus 12 bhliain a chaitheamh ar scoil gan muinín a bheith aige nó aici dhá abairt a chur le chéile lasmuigh den scoil. Is ceann de na deacrachtaí é ná an timpeallacht atá lasmuigh den scoil féin, áit nach bhfuil mórán Gaeilge le feiceáil. Níl mé ró-chinnte cé chomh tábhachtach agus atá sé, ach ba bhreá liom an méid sin a rá. Ar aon nós, tá cáipéis bhreise ann as Gaeilge, nó táimid ag cabhrú leis an perception go bhfuil an Ghaeilge mar ghnáth-theanga labhartha agus úsáideach sa tír, ach is í an cheist an mbeadh i bhfad ní ba mhó ama ag teastáil chun a phlé.

Tá áthas orm gur ardaigh an Seanadóir an cheist seo, mar shíl mise go mbeadh daoine caite nach bhfuil á ndóthain doiciméad leagtha síos ansin. Chonaic mé daoine agus iad á rá go mba cheart dom éileamh go n-aistreofaí chuile fhocal a deirtear i gceachtar an dá Thí agus sna cúirteanna thar bharr ó Bhéarla go Gaeilge nó ó Ghaeilge go Béarla. Tá a fhios againne mar Bhall an dá Thí an méid labhartha a chuirtear amach, agus is cuma cé chomh minic nó a mhalairt agus a léitear iad.

Ag dul ar ais go dtí an fhealsúnacht a bhí ann 20 bliain ó shin, nuair a cuireadh an cheist seo orm, bhí mé féin agus m'athair mór, Dónall Ó Móráin – go ndéana Dia grásta ar a anam – ag argóint faoin gceist seo. Bhíodh muid ag sárú faoi cé acu ba thábhachtaí – reachtaíocht na tíre a aistriú go Gaeilge nó go mbeadh Gaeilge ar a phaicéad Cornflakes. Bhí mise i gcónaí i bhfabhar an phaicéad Cornflakes. Dúirt mé go léadh chuile dhuine sa tír é sin. Ní mórán daone, i measc mo charad ar aon bhealach, a chaitheann am ag léamh Achtanna agus iad ag dul a chodladh san oíche nó i rith an lae. Bhí mise i gcónaí dírithe ar an rud is mó a mbeadh tionchar aige ar an ngnáth-phobal ó lá go lá.

Ar an dtaobh eile den sceal, ghlac mé leis i gcónaí go raibh rudaí bunúsacha ann, agus sin an fáth go bhfuil an focal "reachtaíocht" luaite. Sin an fáth go bhfuil bundoiciméid agus bunpholasaí poiblí luaite. Tá an ceart aige nach bhfuil aon dualgas anseo per se gach doiciméad den EPA nó gach rud teicniúil a aistriú. Ni hé sin an public policy statement. Bheadh orthu, áfach, an straitéis phoiblí – an bundoiciméad a leagann amach cad a dhéanann an EPA – a chur ar fáil i nGaeilge chomh maith le Béarla – an tuarascáil bhliantúil.

Tugaimse é sin faoi deara anois go bhfuil i bhfad níos mó eagraíochtaí ag cur ráitis ó chathaoirligh amach i nGaeilge is i mBéarla ar a laghad. Ní fadhb an-mhór í an tuarascáil bhliantúil a chur amach go dátheangach. Má chuirtear an tuarascáil amach, go hiondúil bíonn na cuntais in éineacht léi. Is iad na audited accounts na cúntais a bhfuil muid ag tagairt dóibh – na cuntais iniúchtha. Bíonn siad ar chúl na tuarascála, agus beidh sé sin dátheangach. Ní dóigh liom go mbeadh polasaí stráiteisiach faoin Public Service Management Act 1997 agus na rudaí eile a chuala muid á gcur ar fáil. Ní dóigh liom go bhfuil an iomarca ann sin, agus is dóigh liom go leagann sé síos bunús. Déanfaimid rudaí eile ina dhiaidh sin, de réir a chéile agus de réir úsáide.

Bhí plé ollmhór gur cheart go mbeadh chuile fhoirm sa tír dátheangach. Tá rian foirmeacha ann nach mbaintear úsáid astu ach trí huaire sa bhlian, agus b'fhéidir 100 leathanach iontu. Ba cheart dúinn tosacht leis na foirmeacha sin a úsáideann chuile dhuine. Mar shampla, is beag duine fostaithe sa tír nach bhfuil ceadúnas tiomána aige nó aici. Tá go leor daoine ann a bhfuil carranna acu. Bíonn ar dhaoine cáin bhóthair a íoc. Tagann an fhoirm iniúchta sa bpost. Bíonn orm fios a chur orthu, agus tagann sé i nGaeilge. Tá sé chomh simplí sin nach fadhb ar bith é an rud a líonadh. Sin an cineál bealaigh agus cur chuige, ach, cé go nglacaim leis na pointí atá déanta, sílim go bhfuil rudaí áirithe bunúsacha ann ar cheart dúinn iad a dhéanamh go dátheangach ón tús. Is é sin atá leagtha síos sa mBille mar atá.

Aon phointe atá déanta, beidh mé ag déanamh machnaimh air, ach níl muid ag cur an uafáis ualaigh ar aon chomhlacht na cuntais iniúchtha a chur amach go dátheangach in éineacht leis an tuarascáil bhliantúil uair amháin sa mbliain.

Question put and agreed to.
SECTION 12.
Amendments Nos. 32 and 33 not moved.

Are we not discussing amendment No. 32?

Acting Chairman

It was discussed with amendment No. 23.

Mr. Ryan: It was never discussed before.

Acting Chairman

It was already discussed with amendment No. 23.

It is mentioned twice on the list of amendments to be discussed together. It is discussed with amendments Nos. 24, 25, 31, 33 and 35 and with amendments Nos. 32, 33 and 36.

Permission was sought last night to discuss those together and they were discussed together by agreement of the House.

Have amendments Nos. 32 and 33 been discussed?

Amendments Nos. 31, 32, 33, 35 and 36 were discussed together.

Progress reported; Committee to sit again.
Top
Share