Official Languages (Equality) Bill 2002: Committee Stage (Resumed). SECTION 12.

Question proposed: "That section 12 stand part of the Bill."

Tá ceist amháin agam. An rud is mó a d'fhoghlaim mé ón Seanadóir Quinn ná an tréimhse ama ina dhéanfar na rudaí seo. Is é a deirtear ann ná: "The Minister shall issue to public bodies guidelines", "Eiseoidh an tAire treoirlínte". Ní chím aon téarma ama taobh istigh de sin. An bhfuil aon chinneadh déanta ag an Aire ar cé chomh tapaidh agus a chuirfear na treoirlínte amach nó an mbeimid ag súil leo le blianta?

Tá súil agam go mbeidh treoirlínte againn an fómhar seo chugainn, ach tá ceist níos casta ná sin i gceist. Tiocfaidh sé aníos arís agus arís eile. Feicfear go bhfuil an Sceideal, a phléfimid ar ball,chomh leathan agus a d'fhéadfadh sé a bheith. An fhadhb phraicticiúil a bheidh againn, ní i gceist na treoirlínte mar déanfar iad sin a réiteach díreach tar éis don Bhille a bheith achtaithe agus ní don eisiúint ag an gcéad dream go mbeimid ag iarraidh pleananna uaidh, ach ansin beidh orainn iad a scrúdú agus níl aon mhaith pleananna a fháil muna mbíonn siad foirfe, muna dhéanann siad déileáil le ceist na Gaeltactha agus mar sin de. An fhadhb a bheidh ann go mbeidh sé an-deacair, leis an iliomad comhlachtaí agus na fo-eagrachtaí eile a thagann faoin Sceideal, scála ama cinnte a chur leis.

Tá mé ag ceapadh gurb é an faitíos a bheadh ar daoine ná go mbéadh leisce ar an Roinn nó gan mórán dúil ag an Aire dul ar aghaidh agus na pleananna seo a éileamh ar na heagraisí poiblí. Céard a tharlódh sa chás sin? Tá sé ráite agam go minic nuair a árdaítear an cheist go bhfuil súil agam go mbeidh mé sa bhFreasúra nuair a tharlaíonn sé sin.

Níl mórán ama ag an Aire.

B'fhéidir nach bhfuil, b'fhéidir go bhfuil, ach feicfimid. Beidh spraoi ann mar beidh ceist Dála ag chuile Theachta cathain go mbeidh sé i gceist treoirlínte a eisiúint go eagraíocht A agus cathain go mbeidh sé i gceist cur faoin bplean. Caithfimid ligean don daonlathas feidhmiú. Ní féidir scála ama a chur leis an méid atá sa Chéad Sceideal. Níl éinne anseo in ann a rá liom cén fhad a thógfaidh sé sin. Sin í an fhadhb.

Ansin bíonn daoine ag caint air go bhféadfadh cuid acu áirid a luadh agus go gcaithfear a dhéanamh taobh istigh de thréimhse ama. Cén chaoi a roghnófar iad? Mar shampla, bhéadh fonn orm go fíor-luath díriú ar na heagraíochtaí is mó atá ag plé le pobal na Gaeltachta go laethúil. Tá roinnt údaráis aitiúla i gceist ansin go mór, roinnt boird sláinte agus, dár ndóigh, roinnt Ranna Stáit, ar nós an Roinn Talmhaíochta agus Bia, an Roinn Gnóthaí Sóisialacha agus Teaghlaigh agus mar sin de. Sin é an chaoi go gcaithfear iad a phiocadh ach níor mhaith liom go dtabharfaí aon tuairim do dhreamanna áirid nach bhfuil tábhacht ag baint leo sin ach oiread. Sin í an fhadhb.

Bhí go leor cur is cúiteamh agus machnamh le déanamh faoi seo. Sílim féin dá mbéadh Aire faillíoch faoin rud seo a bhrú chun cinn, tá mé ag ceapadh go mbeadh an Freasúra ina dhiaidh go scioptha dá mbeadh aon mhaitheas leis. Tá me cinnte go bhfuil éifeacht leis an bhFreasúra atá againn i láthair na huaire.

Tá ceist amháin agam don Aire. Glacaim leis go bhfuil jab mór le déanamh chun na treoirlínte seo a chur le chéile agus a chur i bhfeidhm, ach tá liosta fada eagraíochtaí luaite – rud nach gcuirfinn ina choinne mar tá a lán eagraíochtaí go mbeadh tuairimí agam faoi. An mbéadh an tAire sásta a rá nach bhfanfaidh sé nó sí go dtí go bhfuil an eagraíocht is déanaí críochnaithe le chur thar n-ais chuige na tuairimí faoi treoirlínte agus nach mbeidh an Roinn Stáit is lú suime sa Ghaeilge ábalta moill a chur ar an rud go léir? Tá a lán eagraíochtaí agus is minic go gcuirtear moill ar reachtaíocht toisc nach dtaitníonn sé le Roinn amháin agus cuireann sé moill air trí bheith mall ag cur a chuid tuairimí a chur thar nais go dtí an issuing Department. Bhéadh eagla orm go mbeadh an-mhoill curtha ar an bpróiséas. An bhfuil aon tuairimí ag an Aire faoi sin?

Réiteofar na treoirlínte agus caithfear tuairimí a lorg. Muna dtagann siar ar ais, féadfar brú ar aghaidh. An rud a bheadh i gceist i dtosach báire ná na treoirlínte a réiteach agus éileamh a dhéanamh ar na dreamanna is mó a mbíonn plé acu go laethúil leis an bpobal, na pleananna a réiteach ag éirí as na treoirlínte. Tá sprioc iomlán ama i gceist ansin. Tá teorann leis an am gur féidir le daoine a thógáil ag réiteach na bpleananna sin. Mar sin, ní féidir leis an moilleadóireacht, a bhfuil faitíos ar an Seanadóir Ó Riain roimhe, tarlú.

An t-aon duine amháin go bhféadfadh moill a chur air ná an tAire. Ach acmhainn foirne a bheith agam, níl i gceist agam é sin a dhéanamh. Beidh aonad ag plé leis seo go leanúnach. Ní shin fhadhb. Ní féidir le héinne moill a chur ar seo seachas an fhadbh phraiticiúil ag plé le na pleananna agus déanamh cinnte go bhfuil siad foirfe. Ní bheadh aon mhaith bheith ag cur 300 pleananna tríd nach raibh aon mhaith leo. Caithfidh siad díriú ar sain-cheisteanna éagsúla. Má thógfaimid na heagraíochtaí atá ag plé leis an bpobal, beidh sain-cheisteanna áirithe i gceist i mBaile Átha Cliath, áit a bhfuil daonra an-mhór agus mar sin, cé gur céatadán an-bheag den daonra iad lucht labhartha na Gaeilge sa chathar, is pobal réasúnta mór iad san iomlán. Ansin, tá na Gaeltachtaí thiar agus mar sin de. Beidh ar na pleananna díriú ar sheirbhís a chur ar fáil. Tá roinnt áirithe staidéir déanta ar, mar shampla, an gcaoi go ndéantar a leithéid i gCeanada.

Seo an cheist is tábhachtaí atá á phlé againn anois maidir leis an mBille – conas is féidir é seo a chur i gcrích agus cé chomh tapaidh agus cé chomh héifeachtach agus is féidir linn é a dhéanamh? Tá tuairim agam nach treoirlínte amháin a bheidh i gceist ná ag teastáil ó na comhlachtaí poiblí seo. Beidh cabhair ag teastáil chomh maith le gach rud eile. Táim cinnte nuair a bheidh an tAire ag smaoineamh ar an bplean seo a chur i gcrích go bhféadfaimis féachaint air cad díreach a bheidh ag teastáil ó na comhlachtaí.

Tá scéim amháin cheana féin, mar shampla, gur féidir le daoine go bhfuil suim acu sa Ghaeilge agus gur bhreá leo freastal ar an nGaeltacht, saoire a fháil chun é sin a dhéanamh. Ceapaim gur ag Gaeleagras atá sé sin á láimhseáil. Is fiú smaoineamh freisin amach anseo go mbeadh Gaeleagras, agus b'fhéidir daoine eile sásta féachaint air, seans a thabhairt do dhaoine a bheadh ag feidhmiú ins na comhlachtaí chun an phlean a chur i gcrích freastal ar an nGaeltacht, ní chun Gaeilge a fhoghlaim ach chun téarmaíochta agus modh oibre a fhoghlaim trí Ghaeilge maidir le é seo a chur i bhfeidhm. Muna bhfuil cabhair mar seo ar fáil, is cuma cad é an dea-thoil atá ann sa gcomhlacht, beidh deacrachtaí aige.

Tá súil agam go mbeidh an tAire in ann roinnt mhaith airgid a fháil ón Roinn Airgeadais chun cur leis an Roinn aige féin sa dóigh is go mbeidh foireann speisialta aige sa Roinn chun seo a dhéanamh. Tá sin an-tábhachtach. Beidh foireann ag teastáil on choimisinéar. Beidh an-díoma orainn más rud é go dtiocfaidh sé thar n-ais i gceann dhá bhliana a rá nach bhfuil foireann aige mar gheall ar easnamh airgid.

Sin iad na ceisteanna is tábhachtaí. Conas is féidir seo a dhéanamh? Cad iad na dúshláin agus na deacrachtaí? Cad é an t-ábhar a bheidh ag teastáil? Tá mé cinnte go mbeidh sin á phlé leis an Aire Airgeadais agus a Roinn. Beidh sé á phlé i dTithe an Oireachtais fosta.

Acting Chairman

Does Senator Ryan wish to speak again?

Acting Chairman

I thought the Minister was clear in his reply about how difficult it would be to bring all these schedules together.

Tá time limit molta sa reachaíocht d'eagraíochtaí Stáit. Nuair a chuirfidh an tAire na fógraí scríofa chuig ceann chomhlachta phoiblí ar lorg scéime chun na Gaeilge a chur cinn, caithfidh an comhlacht an scéim a chur le chéile taobh istigh de sé mhí. Tá dualgas ar na comhlacthaí Stáit rudaí a dhéanamh i dtréimshe ama ach níl sé de dhualgas ag an Aire nó ag an Rialtas rudaí a dhéanamh taobh istigh thréimhse ama. Seo rud a tharlaíonn go minic i reachtaíocht. Bímid an-dhian ar dhaoine ach an-solúbthach dúinn féin.

Ní bheidh ar an gcomhlacht, ag tógáil na céille san reachaíocht le comhlacht, ach plean amháin a réitiú – beidh treoirlínte réitithe dóibh. An fhadhb atá an Roinn ná go mbeidh air iarraidh ar liosta grúpaí nach bhfuil fiú áireamh orthu sa Chéad Sceideal mar go bhfuil fo-alt (5) ann. B'fhearr linn déileáil leo ina n-iomlán mar tá sé i bhfad níos deacra sceideal ama a chur air sin ná mar atá sé le comhlacht.

Dúirt an Seanadóir nach bhfuil an Rialtas ag cur an dhualgais céanna air féin. Sa gcuid is mó beidh sé ag plé le Ranna Rialtais nó fochuideachtaí de chuid an Rialtais. Tá an-difríocht ann má deir an Roinn le comhlacht plean Gaeilge a réitiú taobh istigh de sé mhí, tá sé i bhfad nios eascaí scál-ama a chur leis sin ná mar atá sé ag dul siar do don gCéad Sceideal agus a rá cén scál-ama a bheidh i gceist i réiteach plean do gach aon cheann de na heagraíochta sin. Go mór mór, nuair atá na forálacha breise ann, "aon chomhlacht, eagraíocht nó grúpa a bheidh forordaithe", bheadh sé dodhéanta go praicticiúil scál-ama a chur leis sin mar chaithfeadh sé bheith chomh fada is nach mbeadh aon chíall leis.

Tá riail thábhachtach ann i gcruth an daonna. Tá a fhios againn uilig go bhfuil 80% den phobal ag plé le thart ar 20% de na heagraíochtaí seo go laethiúil. Má iarrtar ar an gcuid is mó lena mbíonn plé ag an bpobal leo – tá eagraíochtaí ansin nach raibh aon phlé agam féin leo, ní shin atá tábhachtach – bheadh Ranna agus comhlachtaí cosúil leis an Roinn Talmhaíochta, Bia agus Forbartha Tuaithe agus Bord Soláthair an Leictreachais tábhachtach. Sin iad an dream a iarrfar orthu i dtosach. Má dhéanfaimid ar an mbealach sin é, beidh éifeachtas cuimsitheach leis an reachtaíocht an-scioptha, fiú nuair nach mbeidh ach riar beag de na heagraíochtaí clúdaithe againn mar beimid ag díriú isteach ar an áit ara bhfuil plé laethiúil ag an bpobal léi.

Question put and agreed to.
SECTION 13.
Mr. Coghlan: I move amendment No. 34:
In page 20, subsection (1), line 12, to delete "may" and substitute "shall".

Tá sé tábhachtach d'fheidhmiú éifeachtach na reachtaíochta seo go mbeadh discréid ag an Aire maidir le feidhmiú fhorálacha áirithe atá sonraithe sa mBille. Tá sampla amháin san fhoráil áirithe ina bhfuil sé riachtanach go mbeadh discréid ag an Aire maidir le feidhmiú na fhorála. Ag cur san áirimh an saincheist maidir le hacmhainní agus an liosta cuimsitheach de chomhlachtaí atá sa Chéad Sceideal, an bhfuil sé réadúil nó praicticiúil oibleagáid a chur orm mar Aire, nó ar mo chomharba, fógraí a scríobh do chinn na gcomhlachtaí poiblí ar fad a luadh sa Sceideal ag iarraidh orthu dréachscéim a ullmhú agus a chur faoi mo bhráid i sé mhí do mo Roinn a bheith in ann gach scéim dá leithéid a scrúdú laistigh de sé mhí nó do mo Roinn a bheith in ann gach scéim dá leithéid a scrúdú agus a dheimhniú tar éis comharleachaí a ghlacadh? Ní bheadh sé praicticiúil.

Ag déanamh mugadh magadh den mBille ar fad é dá scríobhfainnse do chuile chomhlacht a rá seo iad na treoirlinte, cuir plean isteach. Tá a fhios ag an Teach cad é a tharlódh. Bheadh cnápacha pleananna ina luí thart san oifig go gceann i bhfad agus sinn ag déileáil leis an chuid is tábhachtaí díofa. Má tá muid i ndáiríre faoi seo is fearr i bhfad a rá leis an Aire, agus glacaim leis aon dhuine a bheidh sa job áirithe seo go mbeadh sé díograsach faoin nGaeilge, agus má tá an duine sin i mullach na ceirde, sé an rud atá muid ag tabhairt dó ná deis aige na pleananna seo a éilimh de réir mura mbeadh sé in ann déileáil leo le go mbeadh se in ann lán-éifeacht a chur leis na pleananna.

Beidh go leor mionobair i gceist anseo. Ní phlean "ba mhaith linn" a bheadh súil ag an Roinn leis, tá rud i bhfad níos cuimsithe ná sin i gceist. Má tá Roinn Stáit aga bhfuil plé mór leis an bpobal, beimid ag éilimh rudaí simplí ar nós go mbeadh uimhir speisialta ann má theastaíonn ó Ghaeilgeoir ó áit ar bith sa tír glaoch agus seirbhís trí Ghaeilge a fháil ó thaobh eolais ghinearálta. Ní raibh riamh cúis ar bith ó tháinig an teicneolaíocht nua i bhfeidhm nach mbeadh oifig éigin de chuid na Roinne Gnóthaí Sóisialacha agus Teaghlaigh agus go mbeadh duine i gcónaí ar fáil le ceisteanna faoi seirbhísí ginearálta a fhreagairt. D'fhéadfaí seirbhís mar sin a chur ar fáil i gcroílár Chonnemara ná ceann de na hOileáin Arainn. Níl aon fhadhb ach an cur chuige.

Beimid ag éilimh rudaí praicticiúla mar sin mar tá siad indéanta. Caithfidh na pleananna seo dhul isteach i sonraíocht. Mura mbeidh sonraíocht, níl aon mhaith leis na pleananna mar ní bheidh an coimisinéar in ann iad a chur i bhfeidhm.

Más éard atá sna pleananna ná "dea-mhéin", "ba mhaith linn", "tá súil againn", cen mhaith? Tá muid ar ais ag an rud a bhí ann ó bunaíodh an Stát seo. Sin an difríocht. Beidh obair i gceist leis na pleananna ach trí díriú ar na Ranna sin ar an liosta beag sin a pléann lá i ndiaidh lae le pobal na Gaeilge i dtosach, beimid in ann i dtréimhse an-ghairid an difríocht a dhéanamh. Má bhreathnaítear, mar shampla, ar chuid de na comhlachtaí atá luaite anseo, cé acu is tábhachtaí, go mbeadh plean de shaghas éigin caite isteach acu siúd nó go mbeadh plean ceart i bhfeidhm ag Roinn nó ag údarás atá ag plé de shíoraí leis an bpobal, agus go mórmhór le pobal na Gaeilge agus pobal na Gaeltachta.

Bheadh súil agam go mbeadh muinín ag an Teach seo an discréid seo a fhágáil ag an Aire, cibé Aire a bheas ann, agus go dtuigfeadh Seanadóirí, dá ndéanfadh Aire ar bith faillí sa ghnó seo nach fada go mbeadh Freasúra ar bith, ar mb'fhiú Freasúra a thabhairt air, sa mullach ag éileamh gnímh.

Amendment, by leave, withdrawn.
Amendment No. 35 not moved.
Question, "That section 13 be deleted from the Bill." put and agreed to.
SECTION 14.
Mr. Ryan: I move amendment No. 36:
In page 20, subsection (2)(d), line 43, after “met” to insert “by declaring specifically that the working language of the body in Gaeltacht areas shall be Irish”.

Gabh mo leithscéal, a Leas-Chathaoirligh.

An Leas-Chathaoirleach

The amendment has already been discussed.

Ba mhaith liom rud beag teicniúil a mhíniú. Ó tharla go bhfuil alt 13 bainte den mBille, beidh leasuithe eile teicniúla á moladh ar Chéim na Tuarascála agus tosaímid ag tabhairt foláirimh go mbeidh rudaí ag teacht isteach arís mar tá tagairtí áirithe don alt sin.

Amendment, by leave, withdrawn.
Government amendment No. 37:
In page 22, subsection (3), line 2, to delete "and no other matter".

Is leasú teicniúil é seo atá á mholadh ar an mbonn nach bhfuil na focail, agus na nithe den tsórt sin amháin, riachtanach le brí an fhoráil áirid seo a thuiscint.

Amendment agreed to.
Section 14, as amended, agreed to.
SECTION 15.
Mr. Coghlan: I move amendment No. 38:
In page 22, subsection (1), line 4, to delete "may" and substitute "shall".

Tá sé fíor-thábhachtach do fheidhmiú éifeachtach na reachtaíochta seo go mbeadh discréid ag an Aire maidir le feidhmiú fhoráileach áirid atá sonraithe sa Bhille. Is sampla amháin an fhoráil áirithe seo ina bhfuil sé rialta go mbeidh discréid ag an Aire maidir le feidhmiú an fhoráil. Mar atá curtha in iúl agam cheana, is é príomhchuspóir an Bhille ná soláthar níos mó, agus ar chaighdeán níos airde, de sheirbhísí Stáit i nGaeilge a chur ar fáil. An cur chuige atá á roghnú don Bhille ná meicníocht a chur i bhfeidhm chun go mbainfear amach an cuspóir seo ar chaoi réasúnach ar bhonn céimnithe, comh-pháirtíochta leis an mbéim ar chomhaontú a bhaint amach. Chun go bhfeidhmeodh an próiséas páirtíochta seo go sásúil tá sé tábhachtach go bhfuil discréid ag an Aire dul i gcomhairle le daoine eile a cheapann sé gur chóir dul i gcomhairle leo roimh aon dréacht-scéim ar leith a dheimhniu.

D'éistíos leis an Aire agus ghlacas lena raibh á rá aige faoi discréid. Ach caithfimid áit a shroisint ina bhfuil ar an Aire cinneadh a dhéanamh. Nuair atá an oiread sin cainte críochnaithe agus tar éis dul i gcomhairle le daoine eile fágann an Bille fós ag an Aire an seans nach mbeidh air dréacht-scéimeanna a chur i bhfeidhm.

I will revert to English for a moment because sometimes my Irish lets me down. I agreed with the Minister on section 13, when we discussed the phrase, "the Minister may", and was quite happy to accept his argument. That a Minister, having consulted whoever he wishes and making whatever amendments he wishes to make, should still should have the discretion not to make a draft scheme is beyond me.

Tuigim cén fáth go mbeadh solúbthacht aige ar an gcéad dul síos. Ach nuair atá sé tar éis comhairle a fháil nár chóir é bheith de dhualgas air rud éigin a dhéanamh leis, agus gan bheith in ann an scéim a fhágáil ar leataobh gan aon rud a dhéanamh leis? Cén fáth gur chóir go mbeadh an cumhacht aige, tar éis an oiread sin ama a chaitheamh agus comhairle a fháil, gan aon rud a dhéanamh? Sin an fáth go n-aontáim leis an leasú seo.

Tá cúis leis. Tá fo-abairtín bheag amháin nach bhfuil tógtha faoi deara. Is é sin, "le toiliú cheann an chomhlachta phoiblí lena mbaineann—

Tá leasú a bhaineann leis sin ag teacht.

Bhí plé fada faoin gceart a bheith ag an Aire a rá, "Tough luck. Seo é". Bhí daoine ag fiafraí cad air a chaitheamar an t-am le cúig bliana anuas ag plé na ceiste seo. Ach nuair a bhí an rud ar fad pléite againn ba é ár dtuairim nárbh fhiú plean a chur i bhfeidhm ar chomhlacht muna n-éireodh linn an comhlacht sin a thabhairt linn. Ag an am gcéanna muna raibh comhlacht sásta aontú linn ar phlean a bhí réasúnta agus feidhmiúil, caithfimid a bheith in ann rud éigin a dhéanamh. Is é an rud atáim in ann a dhéanamh ná diúltú an plean a chur i bhfeidhm muna bhfuilimid sásta leis. Is é sin le rá go n-eiseoimid na treoirlínte, go gcuirfimid go dtí an comhlacht iad, go réiteoidh sé an plean agus go gcuirfidh sé ar ais é. Caithfimid aontú ar an bplean leis an gcomhlacht ansin mar tá sé tábhachtach go mbeadh úinéireact ag an gcomhlacht ar an bplean mar plean s'aige féin. Ag an am gcéanna caithfidh an plean teacht chun caighdeán na Roinne. Muna bhfuilimid sásta go dtagann sé chun caighdeáin na Roinne agus muna bhfuil an comhlacht sásta an rud a cheapaimid ar cheart dó a dhéanamh, a dhéanamh ní cheart go mbeadh dualgas orainn géilleadh agus glacadh leis an bplean.

Tá súil agam go dtiocfar ar réiteach sa bpróiseas seo mar beidh brú ann. Beifear ag cur na ceiste cá bhfuil an plean agus cén fáth nach bhfuil plean eagraíochta X ar fáil agus beidh an tAire ag rá nach bhfuil sé sásta go bhfuil an plean feidhmiúil de réir na dtreoirlínte. Ansin toshófar ag cur ceiste ar an Aire atá freagrach cén fáth nach bhfuil sé an in ann plean a chur ar fáil atá sásúil. Caithfimid ligint don phróiseas daonlathach. Muna bhfuil an tAire sásta leis an bplean tá sé in ann a thuairim a chur in iúl do Thithe an Oireachtais.

Tá mé ag úsáid an bhrú atá thar a bheith tábhachtach agus a bhfuil tionchar aige i gcómhthéacs an Ombudsman, is é sin go bhfuil rudaí áirithe nach féidir le comhlachtaí Stáit a bheith feicthe ag déanamh mar nach mbreathnódh sé go maith dóibh nach bhfuil siad ag comhlíonadh a ndualgais faoin dlí.

Tá an tAire in ann a rá nach bhfuil plean sásúil agus seasamh siar agus roinnt eyeballing – mar a deirtear san mBéarla – a dhéanamh go dtiocfar ar chomhréiteach.

Amendment, by leave, withdrawn.

I move amendment No. 39:

In page 22, subsection (1), lines 6 and 7, to delete "with the consent of the head of the public body concerned,".

We are back to goodwill which has failed us in the past. I am concerned by the phrase "with the consent of the head of the head of the public body concerned". If the public body has prepared a draft scheme for the Minister's attention I cannot see why he needs the consent of the head of that public body to confirm it.

Tacaím leis an leasú seo. Tá sainmhíniú ar cheann an chomlachta phoiblí sa dara halt agus cuireann sé imní orm gurbh é an chief executive officer i gcónaí a luaitear mar atá anseo: "i ndáil le haon chomhlachtaí poiblí, duine atá i seilbh nó a chomhlíonann feidhmeanna phríomhoifigeach feidmhiúcháin". Nach é cathaoirleach bhord an chomhlachta atá i gceannas? D'fhéadfadh sé tarlúint go mbeadh tuairim amháin ag bord na heagraíochta faoi seo agus tuairim eile ag an phríomhoifigeach feidhmiúcháin agus go mbeadh sé de chumhacht aige cur i gcoinne tola an bhoird agus an chathaoirligh go speisialta.

Níl sin ceart, ní chóir go mbeadh veto ag an phríomhoifigeach. Ní eagraíocht daonlathach comhlacht poiblí agus d'fhéadfadh duine bheith an-éifeachtach mar phríomhoifigeach agus gan dea-thoil aige don nGaelainn. D'fhéadfadh sé bacanna a chur sa tslí agus tá muid ag tabhairt seans dó sin a dhéanamh gan gá.

I am anxious to clarify certain issues. This is similar to points that have been raised throughout the debate on the Bill and in regard to other amendments. I do not agree with the amendment. This is consistent with what I said earlier. It is all to do with where one is now and where one wants to go. As I see it, the core and spirit of the Bill is partnership – reaching out and embracing public bodies in a spirit of partnership in order to give them ownership of as much as possible of this Bill and what the Minister intends to do. This section, as with others, is about implementing that approach. If the amendment was to be followed to the letter I believe that ownership would be taken back.

The Minister is giving out a very important message in this section. By including the powerful phrase "with the consent of the head of the public body concerned", he is inviting all the agencies involved to assist him in moving forward with this policy. I would not be in favour of anything that dilutes the strength of this message. It is consistent with what the Minister is doing and with the spirit he wishes to engender among the public bodies and it would be very unwise to consider withdrawing it at this stage.

Ó ham go chéile bíonn seans againn sa Seanad labhairt faoi rudaí áirithe i rith na bliana, ní amháin ar an Ord Gnó gach maidin ach fosta bíonn ráitis ann agus tagann an tAire isteach, mar a tharlaíonn leis an nGaeilge go minic. Is rí-annamh a bhíonn seans againn labhairt faoi phríomfheidmeannaigh chomhlachtaí phoiblí ach dá mba rud é go raibh mé féin i mo phríomhfheidhmeannach ar chomhlacht phoiblí agus chuir mé dréach scéim chuig an Aire, agus gur tháinig an Roinn ar ais dom a rá nach bhfuil sí ró-shásta leis agus gur cheart smaoineamh air arís, ba chóir dom smaoineamh má dhúiltím, beidh an scéim sin am éigin á phlé san Oireachtas mar níl aon mhaith sa reachtaíocht seo muna bhfuil sé á scrúdú againn go rialta. Más nach ndéarna duine áirithe a fuair comhairle ón Roinn a leithéid a dhéanamh, is beag duine atá báúil leis an nGaeilge nach labharfaidh faoi sin. Caithfimid féachaint go fadradharcach ar an gcóras seo agus sinn á chur i gcríoch.

Tá sé tábhachtach. Tá muid ag iarraidh dhá rud a dhéanamh anseo. Is leis an gcomhlacht an scéim. Caithfidh sé é a réiteach de réir treoirlínte agus nuair atá an scéim aontaithe tá sé tábhachtach go mothaíonn an comhlacht gur leis an scéim. Sin an fáth go bhfuil sé socraithe gur cheart go mbeadh comhaontú idir an eagraíocht agus an Aire. Cen fáth gurb é an príomhoifigeach feidhmiúcháin? Sin an duine sinsearach lán aimsire a bhíonn ag plé le rudaí mar sin. Tá gach príomhfheidhmeannach freagach do bhord agus faoina gcuid rialacha féin, ní fhéadfadh an príomhfheidhmeannach feidhmiú amhail is nach raibh bord ann. Beidh dualgas aige faoina rialacha leagtha amach ag an eagraíocht dona bhfuil sé ag obair bheith freagrach don bhord faoi gach nigh, ceist na Gaeilge san áireamh, sa ngnáthbhealach.

Tá sé tábhachtach go bhfuil cumhacht ag an Aire gan a aontú. Má tá comhlacht ag cur plean ar aghaidh nach bhfuil féiliúnach ar chor ar bith, cad é a tharlaíonn ansin? Téann an tAire ar aghaidh chuig alt 18. Sa gcás go ndiúltaíonn comhlacht plean a chur ar fáil, nó sa gcás nach féidir leis an Aire nó an comhlacht teacht ar chomhaontú, déanfaidh an tAire an mhainneachtain sin ar an diúltú nó an neamhábaltacht sin a thairisciú do gach Teach den Oireachtas.

An féidir leis an Seanadóir a shamhlú an raic a tharlódh sna meáin dá mbeadh orm fógra oifigiúil a chur isteach go Seanad Éireann gur theip ar Roinn X nó comhlacht Y teacht ar chomhaontú le mo Roinn faoi phlean Ghaeilge agus go raibh mise chomh deimhin go raibh sé míshásúil agus gur chuir mé faoi bhráid Thithe an Oireachtais nach raibh mé in ann teacht ar chomhréiteach? Tharraingeoidh Seanadóirí agus Teachtaí sna Tithe seo raic gur theip ar chomhlacht rud a chuir ar fáil a bhí sásúil don Aire.

Má tá aon mheas againn ar dhá Theach an Oireachtais, tá mé ceart nuair a deirim gur céim láidir a bheadh ann in aghaidh aon chomhlachta nó eagraíochta Stáit dá gcaithfimis tuarascáil oifigiúil a chur faoi bhráid Tithe an Oireachtas a rá gur theip orm teacht ar chomhréiteach sásúil leis an gcomhlacht. Ba mhaith liom bheith ann don díospóireacht sin. Ní shamhlóinn go nglacfadh éinne an dúshlán sin. B'fhéidir nach dtuigeann an dream taobh amuigh cé chomh tromchúiseach agus a bheadh a leithéid ach tuigimid cé chomh tromchúiseach agus atá sé don Oireachtas nuair a chuireann an t-Ombudsman tuairimí láidre amach faoi rudaí áirithe.

Amendment, by leave, withdrawn.

Before we move on, as far as I can see, there is a printing error. Amendment No. 40 is to section 16.

Question proposed: "That section 15 stand part of the Bill."

Ba mhaith liom dearcadh an Aire a fháil ar conas a thángthas ar thrí bliana mar thréimhse ama do scéim. Braithim, agus an athrú fealsúnachta atá á lorg ó eagraíochtaí Stáit, go bhfuil sé begáinín gearr.

Bhí an plé céanna ar bun maidir leis na conartha do na báid farrantóireachta. Pléadh an cheart go leanfadh siad ar feadh bliana, ar feadh cúig bliana nó ar feadh deich mbliana. Sa chéad phlean a chuirfear ar fáil beimid ag tosú ar bhóthar. Bheadh súil agam go ndéarfadh cuid de na heagraíochtaí Stáit go gcuirfidís oifig nó aonad faoi leith ar bun ag plé leis an nGaeltacht agus go mbeadh orthu cinnithe a dhéanamh maidir le earcú agus mar sin de. Tar éis trí bliana bheadh súil agam go mbeadh go leor den obair sin curtha i gcrích acu agus go mbeidís in ann dul go dtí an chéadh chéim eile. Próiséas leanúnach atá i gceist. Is é sin, ní bheidh an chéad phlean mar an gcéanna leis an dara plean ná leis an tríú plean. Beifear ag leathnú amach na seirbhísí a chuirfear ar fáil de réir mar a bheimís ag cur leo agus ag cruthú an éilimh. Mar sin, tá sé tábhachtach go mbeadh an tuiscint ann gur próiséas é seo agus nach bhfuil sé i gceist plean a chur ann agus gurb shin deireadh an scéil.

Abair go ndúirt údarás áitiúil go raibh i gceist aige an tríocha fhoirm is mó a úsáidtear a chur ar fáil go dhá theangach sa chéad phlean. Bheimís ag súil, nuair a bheadh an méid sin slánaithe aige, go ndéanfaidís oiread áirithe eile sa dara plean. Tá gá go mbeadh an próiséas seo á thógáil ar bhunshraith agus nach próiséas reoite a bhéas ann.

B'fhéidir go bhfuil an Seanadóir Ó Riain ag moladh ceithre bliana? Níl aon rud miorúltach faoi thrí bliana ach caithfidh teorainn a bheith leis. Beifear ag súil go dtógfar sa dara plean ar an méid a deineadh sa chéadh cheann, go mórmór ag na heagraíochtái a bhfuil plé ag an gnáth-phoball leo ó lá go lá.

Question put and agreed to.
SECTION 16.
An Leas-Chathaoirleach: Amendment No. 40 is to section 16, not section 15, as printed.

I move amendment No. 40:

In page 22, subsection (1), line 17, to delete "may, at any time" and substitute "shall periodically".

This subsection seems reasonable on first reading but it would be better if reviews took place at regular periods rather than at any time, which may mean regularly or not at all.

Tá sé cóir dá mba éifeachtach an reachtaíocht seo go mbeidh discréid ag an Aire maidir le feidhmiú fhorálach áirithe atá sonraithe sa Bhille. Is sampla eile an fhoráil áirithe seo ina bhfuil sé riachtanach go mbeadh discréid ag an Aire maidir le feidhmiú an fhoráil.

Ag cur san áireamh an sain-cheist maidir le hachmhainní agus an liosta chuimsitheach de na comhlachtaí sa Chéad Sceideal, níl sé réadúil nó praiticiúil uimhir a chur orm mar Aire, nó ar mo chomharba, fógra a eisiúint go tréimhsiúil i scríbhinn do chinn na gcomhlachtaí poiblí a bhfuil scéim i bhfeidhm acu ag iarraidh ar na comhlachtaí an scéim a ath-bhreithniú. Tá mé sásta go bhfuil an fhoráil sa Bhille ag iarraidh orm a leithéid de fhógra a eisiúint laistigh de shé mhí roimh thréimhse na scéime a bheith caite dóthaineach agus réadúil.

Amendment, by leave, withdrawn.
Government amendment No. 41:
In page 22, subsection 1, line 17, to delete "at any time" and substitute "at any time,".

Is leasú teicniúil é seo freisin. Tá súil agam go n-aontófar leis gan díospóireacht. Táimid ar ais arís ag na camógaí.

Even I could not start a debate about this.

Amendment agreed to.
Question proposed: "That section 16, as amended, stand part of the Bill."

Seo adeir alt 16:

Féadfaidh an tAire. . . trí fhógra i scríbhinn chuig ceann comhlachta phoiblí a cheangal ar an gcomhlacht sin aon scéim atá i bhfeidhm i ndáil leis a athbhreithniú laistigh de cibé tréimhse a bheidh sonraithe san fhógra.

Nuair a bhfaighidh an tAire an dréacht-scéim nua an mbeidh air dul i gcomhairle leis na hAirí Rialtais agus le pé duine eile? De réir alt 15 tá air dul i gcomhairle nuair a ghlacann sé le dréacht-scéim ach an gcaithfidh sé dul i gcomhairle arís nuair a ghlactar le hathrú ar an dréacht-scéim de réir alt 16, nó an mbeidh cead aige cinneadh a dhéanamh gan dul i gcomhairle le héinne? Más rud é gur féidir leis é sin a dhéanamh d'fhéadfaí an rud céanna a dhéanamh maidir le halt 15.

Glacaim leis go mbeidh ar an Aire dul i gcomhairle maidir le hathrú. I saol an lae inniu tá sé thar a bheith tábhachtach dul i gcomhairle. Mar shampla, dá mba rud é go raibh scéim le hathru agus go leor coinníolacha Gaeilge ann, bheadh go leor daoine ar mhaith leo go dtiocfaimís i gcomhairle leo sula ndéanfaimís a leithéid.

Tá a fhios agam go mbeadh a lán daoine ag éileamh go raghfaí i gcomhairle leo ach ní dóigh liom go bhfuil dualgas reachtúil ar an Aire. Ach glacaim leis an méid a deir an tAire.

Tá. Téitear ar ais go halt 15 i gcomhar na meicníochta.

Question put and agreed to.
SECTION 17.
Question proposed: "That section 17 stand part of the Bill."

Déantar tagairt san alt seo do scéimeanna a leasú. Deirtear go bhféadfadh an tAire " ar a thionscnamh nó ar a tionscnamh féin, nó ar iarraidh ón gcomhlacht poiblí lena mbaineann, trí fhógra i scríbhinn chuig an gcomhlacht, leasuithe a mholadh ar an scéim".

Ní chím in áit ar bith in alt 17 aon rud a deir go gcaithfidh ceann an chomhlachta aontú leis na leasaithe. An bhfuil deighilt idir alt 15 agus alt 17?

I bhfo-alt 17(2) deirtear:

Féadfaidh an tAire, tar éis dul i gcomhairle le cibé daoine eile, lena n-áirítear cibé Aire eile (más ann) den Rialtas, a measfaidh an tAire gur chóir dul i gcomhairle leo, agus le toiliú cheann an chomhlachta phoilí lena mbaineann, scéim a leasú sa tslí atá beartaithe in aon fhógra faoi fho-alt (1).

Tá brón orm.

Question put and agreed to.
Sections 18 to 20, inclusive, agreed to.
SECTION 21.
Mr. Coghlan: I move amendment No. 42:
In page 24, subsection (3), line 33, after "person." to insert "The appointment of the Commissioner by the President shall be made on a date not later than 3 months after the enactment of this Bill.".
It is stated in section 1(2) that this Bill may not come into operation for up to three years after it has been passed into law. As a result, another period could elapse before the office of commissioner would be able to function efficiently. The commissioner should be appointed immediately after the Bill has been passed in order that his or her office will be ready to function as soon as the provisions of the Bill come into operation.

Tá an ceart ag an Seanadóir go bhféadfadh sé tarlú go dtógfadh sé trí bliana chun an Achta a chur i bhfeidhm. Shíl mé go raibh sé tábhachtach – mar go bhfuil codanna éagsúla den Acht i gceist – go mbeadh teorainn ama faoi achtú an Achta. Maidir leis an gcoimisinéir, ar an bpointe go gceapfar an chéad phlean, fiú muna bhfuil an Bille ar fad feidhmithe, beidh orainn coimisinéir a cheapadh mar beidh orainn an plean a thabhairt dó. Tá sé i gceann de na haltanna go gcaithfear an plean a thabhairt don gcoimisinéir. Muna mbeidh coimisinéir ann, ní bheimid in ann sin a dhéanamh. Ar an bpointe go bhfeidhmeofar an Bille seo agus é ina Acht, beidh orainn an coimisinéir a cheapadh mar beidh ar an Aire na pleananna a thabhairt dó.

Caithfar cuimhniú gur cuireadh Bille trid an Oireachtas faoi Ombudsman na leanaí agus dúradh linn go raibh an-bhrú leis an reachtaíocht sin ach níl Ombudsman na leanaí ceaptha fós. Níl a fhios agam cén fáth go bhfuil moill ann. Ní dhéanfainn aon argóint dá n-iarrfadh an tAire orainn sé mh nó bliain a thabhairt ach é a fhágáil ar oscailt? Beidh gach seans go mbeidh moill ann tar éis an reachtaíochta seo dhul trid an dhá Theach. Féach ar an dáta ar an mBille – 2002. Níl sé ag rith ró-ghasta trid na Tithe.

Croí an Bhille go mbeidh duine cumhachtach ann a bheith ábalta ceartanna phobal na Gaelainne a chosaint. Fiú amháin muna bhfuil aon dhréachtscéim ann ach go bhfuil an siombalaíocht ann go mbeidh coimisinéir na dteangacha i réim, ní thuigim cén fáth nach gcuirtear teorann ama de shaghas ar bith isteach.

Níl an t-airgead a bhíodh ar fáil ag an Rialtas ar fáil fós agus tá eolas againn ar áiteacha eile a gealladh do dhaoine agus níl siad ag fáil airgid mar gheall ar na giorruithe siar atá an Rialtas ag cur i bhfeidhm. Conas is féidir linn bheith cinnte nach dtarlóidh an rud céanna leis an bpost tábhachtach seo muna bhfuil teorann ama ann? Chabhródh sé go mór leis an Aire dá mbeadh teorann ama ann.

Seo an foráil chéanna atá ann i ndlí a bhaineann leis an Ombudsman agus Acht um Shaoráil Fáisnéise. Go bunúsach, tá ceangal idir alt 15 agus alt 21. Deir alt 15 (2):

Déanfaidh an tAire, tar éis aon dréacht-scéim a dhaingniú faoin alt seo, cóip den scéim a chur ar aghaidh chuig Comisinéir na dTeangacha Oifigiula.

Ar an bpointe go mbeidh an chéad scéim aontaithe, caithfidh coimisinéir a bheith ann. Sin an teorann ama.

Muna bhfuil aon scéim ann le go gcuire an coimisinéir i bhfeidhm í, níl móran maith don choimisinéir a bheith ann. I ndáiríre, caithfidh coimisinéir a cheapadh go fíorluath mar tá sé i gceist leanacht ar dréacht-treoirlínte ar an bpointe. Nuair a bheidh sin déanta, tiocfaidh siad chuig na heagraíochta is mó a bhfuil plé acu leis an bpobal. Ansin daingneofar pleananna, tá teorann ama ag baint leis sin, agus ansin caithfear, ar an dheireannaigh, an coimisinéir a cheapadh. Níl aon bhaol ann nach gceapfar é. Má thugtar an Bille in iomlán, níl aon éalú as.

Amendment, by leave, withdrawn.
Section 21 agreed to.
SECTION 22.
An Leas-Chathaoirleach: Amendments Nos. 44 and 60 are related to amendment No. 43. Amendments Nos. 43, 44 and 60 may be discussed together by agreement. Is that agreed? Agreed.
Government amendment No. 43:
In page 24, paragraph (a), lines 39 and 40, to delete “provisions, purposes and spirit” and substitute “provisions”.

Tá na leasuithe seo a mholadh ar bhun comhairle atá faighe agam a thugann le fios nach déanann na focail "críocha" agus "meon" i gcomhthéacs na bhforálacha áirithe seo sa Bhille atá bainteach le feidhmeanna an choimisinéara agus le scéimeanna cúitimhe.

Thaitinn na focail seo go mór liom ach an chéad uair a léigh mé iad cheap mé go mbeadh deacrachtaí dlí leo mar is iontach an aspirations iad. Má tá cumhacht dleathach ag an choimisinéir is cuma go dtaitníonn na focail liom, ba cheart go leasófar iad.

Amendment agreed to.
Government amendment No. 44:
In page 24, paragraph (b) lines 42 and 43, to delete “provisions, purposes and spirit” and substitute “provisions”.

Seo an leasú céanna le leasú Uimh 43.

Amendment agreed to.
Government amendment No. 45:
In page 26, paragraph (e), line 12, after “Act,” to insert “and”.

Is leasú teicniúil é seo.

Amendment agreed to.
Government amendment 46:
In page 26, paragraph (f), line 15, to delete “into” and substitute “to ascertain”.

Seo leasú beag teicniúil eile ag leathnú na bhfocla. Caithfidh go bhfuil tábhacht éigin ag baint leis, cé nach dtuigim féin é.

Amendment agreed to.
Question proposed: "That section 22, as amended, stand part of the Bill."

Tá na deacrachtaí céanna ag an Ombudsman agus an Information Commissioner – easpa acmhainní. Tá moill mhór sa bheirt oifig mar gheall. Conas gur féidir linn bheith cinnte nach mbeidh na deacrachtaí céanna ag an gcoimisinéir? Cén saghas foirne a bheidh aige agus conas gur féidir leis bheith cinnte go mbeidh dotháin acmhainní ann dó lena phost a dhéanamh?

Ní féidir liom sin a chinntiú sa reachtaíocht. Glacaim leis an méid a dúradh ach tá iomarca béime ann ar bhreis acmhainní a bheith mar réiteach do chuile fhadhb. An rud is mó a chuireann isteach orm ná cé chomh deacair agus a bhíonn sé go minic freagraí a fháil ón Státchóras, sin meon go gcaithfimis a athrú. Cé acu ab'fhearr – go mbeadh triúr ag obair in oifig an Ombudsman ag cur ceithre litir meabhrúcháin ag iarraidh freagra nó go mbeadh an nós cothaithe sa Stát go bhfaighfaí an freagra an chéad uair? Cuirim an-bhéim air seo. Ní dóigh go bhféadfaí a rá go bhfuil breis acmhainní i mo Roinn ó thaobh cúrsaí foirne de. Go deimhin, bhí mé ag breathnú ar bhuiséad riaracháin na Roinne le déana. Rud amháin a thugan an-suntas dom, agus déanaim é a sheiceáil go minic, an méid ceisteanna Dála a thagann isteach faoi cheisteanna meicniúla.

Déarfadh duine, mar shampla, gur scríobh sé ag Roinn agus nach bhfuair sé freagra. Le sár-chumas na fóirne atá againn – agus táimid ag obair i mBéarla agus i nGaeilge – corr uair ariamh a tharlaíonn sin mar go mbíonn scoth na seirbhíse ar fáil. Baineann sé seo le ceist an-leathan sa tseirbhís phoiblí. Tá sé in am againn foghlaim nuair a chuirtear scéala chuig duine go mba cheart scéala a fháil ar ais sciobtha agus an t-eolas mar atá sé ar fáil i láthair na huaire a thabhairt. Tá taithí agam ar bheith ag plé leis an Ombudsman, mar atá againn uilig, agus ar bheith ag fanacht go ceann sé mhí nó bliana ar fhreagra uaidh. Ní chreidim go bhfuil an tOmbudsman ag caitheamh an ama ag scrúdú na ceiste ach go bhfuil dua ar an Ombudsman an t-eolas atá uaidh a fháil leis an gceist a chíoradh. Sin, dar liom, an áit go gcaithfidh an t-athrú meoin teacht. Is ceist níos leithne í ná ceist an Bhille seo. Cén chaoi a éireoidh linn cur i gcionn ar an tseirbhís poiblí go ginearálta freagra a thabhairt nuair a chuirtear ceist.

Aontaím leis an gcuid is mó den méid adúirt an tAire. Nuair a théann daoine ag lorg eolais ó Roinn Stáit – eolas a bhfaighfí go neamh-oifigiúil go dtí seo – go bhfuil gach rud á chur faoin gcóras um shaoráil faisnéise. Tá sé sin ag cur moill ar dhaoine. Faoi láthair tá an tAcht um Shaoráil Faisnéise ag obair go maith ach tá sé á úsáid i gcónaí anois, de réir daoine, in áiteanna go bhféadfaí gan é a úsáid agus an t-eolas a chur ar fáil i bhfad níos tapúla.

Aontaím leis an Aire faoi chuid mhaith den chóras Stáit. Cuireann sé ionadh orm agus ar Bhaill eile den Oireachtas an oiread daoine a deir linn gur scríobh siad chuig oifig Stáit agus nach bhfuair siad freagra. Tá sé do-chreidte go mbeadh eagras ar bith sa Stát, idir Ranna Stáit agus eagraíochtaí poiblí, nach mbeadh sé de dhea-mheas acu ar dhaoine freagra a thabhairt ar dhuine a scríobh litir. Tá cleachtadh agam féin ar a leithéid. Is cuma teideal Seanadóra a bheith agat.

Bhí duine a bhí an-mhór i mBord Sláinte an Deiscirt uair amháin adúirt le duine a bhfuil aithne agam air gur cheap sé gurb é an rud is fearr ná aon litir a fheagairt le nach mbeifí i dtrioblóid ariamh. Ní leithscéal é sin ar oifig a fhágáil gan dóthain achmhainní chun an jab a dhéanamh.

Beidh sé thar a bheith tábhachtach go bhfaighfear na hacmhainní leis an jab a dhéanamh. Bheadh sé tábhachtach ag an gcoimisinéir teanga go n-usáidfeadh sé na cumhachtaí atá aige le tuairisc a chur faoi bhráid an Oireachtais muna bhfuil sé ag fáil freagraí ó Ranna agus ó eagraíochtaí Stáit. Beidh an cumhacht sin aige.

Tá an ceart ag an Seanadóir. I nGaeilge nó i mBéarla ba cheart do dhuine freagra a fháil. Is é an taithí atá agam maidir leis an Acht um Shaoráil Faisnéise, má tá duine sásta glacadh leis an eolas gan dul tríd an gcóras shaoráil faisnéise agus an t-iarratas a tharraingt siar, go bhfaigheann sé an t-eolas i bhfad níos scioptha mar go sábhalann sé anró ar féin agus ar an duine atá á thabhairt. Sin an faisean atá ag mo Roinn-se. Má iarrann duine eolas atá thar a bheith leathan go minic iarraimid air céard go baileach atá uaidh agus faighimid dó é. Go ginearálta is é an dearcadh atá agam go dtabharfar eolas agus freagraí do dhaoine agus, sa gcómhthéacs seo, an tseirbhís Gaeilge a thabhairt go pras. Má dhéanann duine dearmad agus gan é a thabhairt é sin a rá leis an gcomisinéir agus gan a bheith ag dul timpeall ag seachaint na ceiste.

Question put and agreed to.
SECTION 23.
Government amendment No. 47:
In page 28, between lines 6 and 7, to insert the following subsection:
"(6) Proceedings for an offence under this section may be brought and prosecuted by the Commissioner.".

Tá an leasú seo á mholadh le cumhacht a thabhairt don gcoimisinéir teanga imeachtaí i leith ciona faoin alt seo a thionscnamh agus a thabhairt ar aghaidh. Measaim go n-aontóidh Seanadóirí go mbeidh maoirseoireacht agus monaiteoireacht éifeachtach agus, nuair is gá feidhmiú mar chuid riachtanach, de rath an tionscnaimh seo. Cé gurb í an oll-mhian atá agam ná oibriú trí comhaontú a dhéanamh le comhlachtaí poiblí ar na feabhais a chuirfear ar fáil ar sheirbhísí mar thoradh ar achtú an Bhille seo agus chun a cinntiú go bhfreastalaíonn comhlachtaí poiblí ar chearta na gcainteoirí Gaeilge le toil agus go díograsach, beidh cumhachtaí de dhith ar an gcoimisinéir i leith na gcásanna fíor-eisceachtúla nach n-éireodh leis an cur chuige áirid sin.

Amendment agreed to.
Government amendment No. 48:
In page 28, subsection (8), line 19, to delete "this section" and substitute "this section shall".

Leasú ar an leagan Béarla atá ann. Tá an leagan Ghaeilge i gceart. Leasú teicniúil é agus tá súil agam go bhféadfaimís aontú air gan aon díospóireacht.

Amendment agreed to.
Government amendment No. 49:
In page 28, subsection (8), line 20, to delete "shall".

Seo leasú teicniúil eile mar a chéile le leasú uimh 48.

Amendment agreed to.
Question proposed: "That section 23, as amended, stand part of the Bill."

Beidh leasú teicniúil á mholadh agam ar Chéim na Tuarascála ar an alt seo.

Question put and agreed to.
SECTION 24.
Government amendment No. 50:
In page 30, subsection (3), line 2, after "Act," to insert "or".

Is leasú teicniúil eile é seo.

Amendment agreed to.

An Leas-Chathaoirleach

Amendment No. 51 is a Government amendment. Amendment No. 56 is related and amendments Nos. 51 and 56 may be discussed together, by agreement. Is that agreed? Agreed.

Government amendment No. 51:
In page 30, subsection (5), line 21, after "him" to insert "or her".

Leasaithe teicniúla iad seo.

Amendment agreed to.
Question proposed: "That section 24, as amended, stand part of the Bill."

Níl mé tógtha leis an gcinneadh go ndéanfar an t-imscrúdú i gcónaí ar shlí seachas slí poiblí é. Bhéadh sé suimiúil agus úsáideach go ndéanfar an t-imscrúdú go poiblí, go mórmór nuair atáthar ag plé le heagraíochtaí móra Stáit. Cad é dearcadh an Aire ar an gcinneadh seo, go ndéanfar an t-imscrúdú ar an tslí seo i gcónaí?

D'fhéadfainn a thuiscint agus glacadh leis go mbeidh uaireanta gur gá é a dhéanamh agus uaireanta nár gá, ach ceapaim go mbeidh uaireanta ann go mbeidh ceist chomh bunúsach faoi eagraíocht mór Stáit, b'fhéidir, a bhfuil sé soiléir go bhfuil sé ag briseadh an dlí de réir an choimisinéara. Bheadh sé i bhfad níos tábhachtaí, ó thaobh na Gaeilge de, go bpléifí an cheist go poiblí. Sin ceist atá agam don Aire.

Progress reported; Committee to sit again.
Sitting suspended at 1.30 p.m. and resumed at 2.30 p.m.