Skip to main content
Normal View

Seanad Éireann debate -
Thursday, 15 Feb 2007

Vol. 186 No. 3

Seirbhísí do Dhaoine Óga.

Cuirim fáilte roimh an Aire.

Seans go bhfuil a fhios aige go bhfuil gaelscoil agus gaelcholáiste i gCeatharlach, agus ba mhaith le roinnt de na daltaí go mbunófaí áiteanna speisialta le haghaidh daoine óga ionas go mbeidís ábalta dul ann agus spraoi a bheith acu agus iad ag labhairt Gaeilge. Tá an laghdú atá ag teacht ar an méid Gaeilge a labhraíonn daoine óga go huafásach agus, faraor, ag éirí níos measa le gach cluiche Playstation nua. Tá an cumas atá acu í a labhairt ag laghdú, agus tá an tsuim atá acu inár dteanga dhúchais beagnach imithe.

Níl iarracht ar bith á cur isteach ag an Rialtas an fhadhb seo a réiteach. Níl éinne ag iarraidh, fiú, í a aithint, mar bheadh náire orthu dá bhfeicfidís an fhianaise agus an easpa oibre agus dul chun cinn atá á dhéanamh acu. Thit leibhéal Gaeilge sna bunscoileanna le blianta beaga anuas, agus níl an Ardteist oiriúnach do shaolta na n-óg. Tá daltaí ag iarraidh pointí agus grádanna arda a bhaint amach, ach bíonn sé an-deacair dóibh de bharr a gcaighdeáin Ghaeilge. Tá scrúdú béil le déanamh acu, ach níl aon taithí acu an teanga a labhairt. Mar sin, conas a gheobhaidh siad na 25% atá tuillte ag an chuid is mó acu agus iad ag dul a staidéar. Tá sé fíor-dheacair, agus tá an t-am sroicthe againn anois rud éigin a dhéanamh faoi seo.

Is é mo thuairim go bhfuil áit shóisialach ag teastáil ó dhéagóirí chun dul ann agus a bheith lena gcairde le seans Gaeilge a labhairt. Ní féidir leis na múinteoirí ach an méid a dhéanamh atá sa téacsleabhar. Mar sin, tá sé suas do dhaltaí, do thuismitheoirí, agus don phobal an chuid eile a dhéanamh. Chabhródh na háiteanna seo go mór lena gcumas Gaeilge agus an smaoineamh atá acu uirthi. Níl féin-mhuinín acu labhairt as Gaeilge sna ranganna. Is rud deacair é muna bhfuil taithí ag duine air. Bheadh seans ag déagóirí Gaeilge a labhairt i dtimpeallacht dheas. Bheidís in ann feabhas a chur ar a gcuid Gaeilge agus iad ag imirt cluichí lena gcairde. Tá fíor-riachtanas na háiteanna seo a chur ar fáil. Scaipfidís grá don teangain i measc aos óg na hÉireann aríst, agus dá mbeidís in ann an teanga a labhairt, bheidís ag iarraidh dul a dh'obair chun feabhas a chur ar a gcuid Gaeilge scríofa i gcónaí.

Ní féidir linn seasamh siar ag féachaint ar an lagar mór seo atá ag tarlú lenár dteanga dhúchais. Tá orainn an grá a chur ar ais i gcroíthe na ndéagóirí. Ní féidir le múinteoirí agus tuismitheoirí íde béil a thabhairt dóibh muna bhfuil caighdeán sásúil acu. Níl an milleán go hiomlán orthu, agus tá orainn lámh chabhrach a thabhairt dóibh. Mar a deireann an seanfhocal: mol an óige, agus tiocfaidh sí. Is iadsan na síolta, agus beidh na caifeanna Gaeilge seo mar uisce orthu.

Tá áthas orm an deis seo a fháil freagra a thabhairt ar an Seanadóir de Brún. Tá mo bhuíochas ag dul dó as ucht an cheist seo a ardú.

Tá deis agam anois an méid atá á dhéanamh ag an Roinn Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta agus ag comhlachtaí áirithe a thagann faoina scáth maidir leis an chúram fíorthábhachtach seo i leith na hóige a chur ar thaifead an Tí.

Maidir le hóige na Gaeltachta, tá cláir ar leith á stiúradh ag an Roinn le deis a thabhairt do dhaoine óga dul agus spraoi a bheith acu agus iad ag labhairt na Gaeilge. Is é an chéad cheann acu ná scéim na bhfoghlaimeoirí Gaeilge. Faoin scéim seo, tugann daoine óga as gach cearn den tír — breis agus 25,000 acu anuraidh — cuairt ar na Gaeltachtaí le trí seachtaine a chaitheamh ag foghlaim na Gaeilge, mar aon le himeachtaí taitneamhacha eile ar nós cúrsaí spraoi agus spóirt de gach uile chineál. Cuirtear an cúnamh seo ar fáil le cabhrú le muintir na Gaeltachta na scoláirí óga a choinneáil ar íostas ina dtithe cónaithe le go mbeidh deis acu teacht isteach ar bhlas agus líofacht nádúrtha na Gaeltachta.

Chomh maith leis sin, tá scéim na gcampaí samhraidh ann. Faoin scéim seo, faigheann páistí na Gaeltachta féin — breis agus 5,000 acu anuraidh — deis sóisialú a dhéanamh agus caithimh aimsire éagsúla a bheith acu trí Ghaeilge i seisiúin a mhaireann ar feadh seachtaine, nó i gcásanna áirithe coicíse. Tá sé mar aidhm ag na campaí seo an Ghaeilge a threisiú trí réimse d'imeachtaí oideachasúla agus spóirtiúla a eagrú, mar shampla, ríomhaireacht, ceardaíocht, drámaíocht, ceol, stair shóisialta áitiúil, seanchas agus gach cineál spóirt.

Tá áiseanna caitheamh aimsire ann fosta. Tá scéim deontas ag an Roinn freisin le deis a thabhairt do phobal na Gaeltachta áiseanna caitheamh aimsire a chur ar fáil mar infrastruchtúr d'imeachtaí na hóige. Cuirtear cúnamh ar fáil do choistí áitiúla le páirceanna imeartha, hallaí pobail, coláiste Gaeilge agus mar sin de a chur ar fáil.

Tá ról tábhachtach ag Údarás na Gaeltachta chomh maith maidir le seirbhísí óige sa Ghaeltacht. Is é an príomhchuspóir atá leis na seirbhísí seo ná forbairt phearsanta an duine óig a threisiú trí mheán na Gaeilge. Chun an cuspóir sin a bhaint amach, tá tacaíocht shubstaintiúil á cur ar fáil do choistí le cuidiú leo iarratais a ullmhú le deontas caipitil a aimsiú d'fhoirgnimh i gcomhair cúram leanaí. Go dtí seo, tá sé cinn acu seo tógtha sa Ghaeltacht, agus tá airgead ceadaithe do chúig cinn eile le tacaíocht ó Údarás na Gaeltachta. Tá comhlacht neamhspleách bunaithe le freastal ar an aoisghrúpa trí go dtí a cúig, is é sin, Comhar Naíonraí na Gaeltachta Teoranta. Tá breis agus 75 naíonra cláraithe leis an chomhlacht, a dhéanann freastal ar bhreis agus 1,000 páiste. Cuireann Údarás na Gaeltachta maoiniú suntasach ar fáil do Chomhar Naíonra na Gaeltachta gach uile bhliain.

Tá Óige na Gaeltachta Teoranta bunaithe. Is comhlacht neamhspleách eile é seo, atá ag freastal ar óige na Gaeltachta san aoisghrúpa seacht ar aghaidh. Tá an comhlacht á riaradh ag ógcheannairí agus á mhaoiniú ag Údarás na Gaeltachta. I gcásanna faoi leith, cuireann Údarás na Gaeltachta foirgnimh nó suíomh ar fáil le freastal ar éilimh na hóige.

Taobh amuigh den Ghaeltacht, tá an fhreagracht maidir leis an bpobal a ghríosú i leith na Gaeilge ar Fhoras na Gaeilge. Cuireann Foras na Gaeilge maoiniú ar fail do ghrúpaí chun campaí samhraidh lán-Ghaeilge lasmuigh den Ghaeltacht a eagrú. Is bunchritéar é go mbeadh sé mar phríomhaidhm ag na campaí samhraidh an Ghaeilge a threisiú trí imeachtaí oiriúnacha a eagrú trí mheán na Gaeilge do dhaoine óga. Tuigim gur fhreastal beagnach 1,400 daoine óga ar 32 campa samhraidh le linn 2006 faoin scéim seo.

Tá scéim nua fógartha ag an bhForas i mbliana: sceim na hóige, le himeachtaí trí Ghaeilge don aos óg a chur chun cinn. Bhí na fógraí sna meáin an tseachtain seo caite agus is féidir iarratas a chur isteach chuig an bhForas suas go dtí deireadh an Mharta. Molaim do ghrúpaí iarratas a chur isteach.

Sa scéim nua seo, tá béim ar imeachtaí óige trí mheán na Gaeilge lasmuigh den Ghaeltacht. Ní mór go mbeidh sé mar phríomhaidhm ag na himeachtaí seo deiseanna cumarsáide a chruthú do dhaoine óga trí mheán na Gaeilge. Fáiltím go mór roimh an tionscamh nua seo ó Fhoras na Gaeilge agus tá suil agam go mbeidh torthaí fiúntacha air.

Ta céimeanna stairiúla curtha i gcrích le déanaí ó thaobh thodhchaí na Gaeilge ar fud na tíre de: tháinig forálacha uile an Achta Teanga i bhfeidhm i mí lúil seo caite; tháinig stádas mar theanga oibre agus oifigiúil an Aontais Eorpaigh i bhfeidhm don Ghaeilge ar 1 Eanair 2007; agus foilsíodh ráiteas an Rialtais i leith na Gaeilge díreach roimh an Nollaig.

Tá se beartaithe ag an Rialtas plean 20 bliana a chur le chéile thar thréimhse dhá bhliain, plean a leagfaidh amach céimeanna praiticiúla chun an Ghaeilge a láidriú mar urlabhra agus teanga chumarsáide sa tír. Tá cóipeanna de ráiteas an Rialtais á scaipeadh ag an Roinn faoi láthair ar eagraíochtaí deonacha, scoileanna, leabharlanna agus araile, d'fhonn aighneachtaí agus moltaí i leith an phlean straitéisigh a lorg. Tá mé cinnte go mbeidh go leor daoine agus eagraíochtaí sásta a moltaí a nochtú agus a chur isteach chuig an Roinn.

Sa chomhthéacs seo, glacann an tAire, an Teachta Ó Cuív, go hiomlán leis an bpointe atá taobh thiar de cheist an tSeanadóra. Is gné lárnach den chúram seo an Ghaeilge a láidriú mar theanga pobail taobh amuigh den Ghaeltacht, go háirithe i gcomhthéacs naisc a chruthú idir pobail a labhartha, na daoine óga agus gaelscoileanna áitiúla. Tá sé ag súil leis an díospóireacht a bheidh le Fóram na Gaeilge agus an plean straitéiseach a ullmhú. Tá sé ag súil go mór freisin le moltaí agus aighneachtaí a fháil ón bpobal agus ón lucht spéise uile ar fud na tíre. Ta súil aige go mbeidh roinnt moltaí fiúntacha i leith an ghné áirithe seo ar fáil dó agus arís gabhaim mo bhuíochas agus buíochas an Aire leis an Seanadóir as an cheist seo a ardú agus déis a thabhairt domsa, ar son an Aire, an freagra cuimsitheach seo a chur os bhur gcomhair.

Top
Share