Skip to main content
Normal View

Seanad Éireann debate -
Tuesday, 11 Dec 2007

Vol. 188 No. 1

Adjournment Matter.

Harbours and Piers.

Cuirim fáilte roimh an Aire Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta anseo tráthnóna. Bhí sé anseo cúpla seachtain ó shin fosta agus tá lúcháir orm go bhfuil sé anseo arís tráthnóna.

Ba mhaith liom ceist a chur ar an Aire maidir le dhá thogra i nDún na nGall. Is é an chéad togra cé oileán Inis Bó Finne. Tá géargá an cé a fhorbairt ann faoi láthair. Tá an cé atá ann ag titim as a chéile. Níl sé úsáideach do na hiascairí atá ag iascaireacht amach ón oileán, nó na báid farantóireachta atá á úsáid chun daoine a thabhairt ón mór-thír go dtí an oileáin. Tá sé tábhachtach do phobal an oileáin agus cúrsaí turasóireachta ann go ndéanfaí forbairt ar an gcé. Tuigim go bhfuil plé leanúnach ar siúl idir an Roinn agus an gcomhairle contae maidir leis an gcé agus go bhfuil luacháil de €481,000 curtha ar an obair atá i gceist a dhéanamh. Bhí comhairleoirí ceaptha ag an gcomhairle contae chun an réamh-obair a dhéanamh. Tar éis tuaraisc na gcomhairleoirí, cuireadh an jab ar e-tender. Tháinig an luacháil de €481,000 ar ais agus roghnaíodh conraitheoir. Bhí an conraitheoir sásta fanacht leis an bpraghas sin go dtí deireadh na bliana seo. Tuigim ó na cainteanna atá ar siúl idir an Roinn agus an chomhairle contae go bhfuil 25% den airgead le teacht ón gcomhairle contae, agus 75% den airgead le teacht ón Roinn. Tá €125,000 ceadaithe ag an gcomhairle contae don togra seo. Molaim gur chóir don Roinn cuid den airgead a cheadú anois, cé go bhfuil sé beagnach ro-dhéanach aon obair a dhéanamh idir seo agus deireadh na bliana. Tá súil agam go mbeimid in ann dea-scéala a fháil ón Aire go luath chun tús a chur leis an obair thábhachtach seo.

Ba mhaith liom labhairt mar gheall ar an dara thogra — balla cosanta ar Oileán Thoraí. De thairbhe an teagmháil idir an Roinn agus an gcomhairle contae, tá iarratas úr á ullmhú ag an gcomhairle contae, ag cur san áireamh an obair atá de dhíth ar an mballa atá ann faoi láthair — é a shíneadh níos faide agus a ardú. Sílim go bhfuil luacháil €65,000 ar an mballa atá ann a chosaint, €115,000 ar an mballa a shíneadh agus €140,000 ar an mballa a ardú agus a láidriú. Tá súil agam go mbeidh sé ar chumas an Aire machnamh a dhéanamh ar an iarratas atá á ullmhú faoi láthair ag an gcomhairle contae agus an plé leanúnach idir an Roinn agus an gcomhairle contae, agus ansin cinneadh a dhéanamh dul ar aghaidh leis an dtogra úd. Tuigim go dtiocfaidh 50% den maoiniú ón gcomhairle contae agus 50% ón Roinn. Tá chomhmhaoiniú de €50,000 ceadaithe ag Comhairle Contae Dhún na nGall faoi láthair ach tá an chomhairle ag fanacht le hairgead ón Roinn. Tuigim go raibh briseadh-síos cumarsáide idir fheidhmeannaigh na gcomhairle contae agus feidhmeannaigh na Roinne ó thaobh an iarratais seo de. Tugadh le fios dúinn mar ionadaithe poiblí go raibh an iarratas déanta chuig an Roinn, ach sílim anois nach é sin an chás. Tar éis dom soiléiriú a fháil, tá a fhois agam anois go bhfuil iarratas úr le déanamh agus go bhfuil sé á ullmhú ag feidhmeannaigh na comhairle contae. Gheobhaidh cigire na Roinne an t-iarratas úr chomh luath agus is féidir. Tá súil agam go mbeidh an tAire in ann an airgead tábhachtach sin a chur ar fáil dúinn.

Ba mhaith liom leithscéal a ghabháil faoi mo dheireanaí. Cheap mé go raibh an díospóireacht seo le tosnú ag a seacht a chlog. Cé gur chuir an Seanadóir an cheist síos i mBéarla, tuigim go mb'fhearr leis, mar ball den Údaráis, freagra a fháil uaim i nGaeilge. Mar sin, tabharfaidh mé an fhreagra i nGaeilge. Tá sé mar nós agam go hiondúil ceisteanna a cuirtear síos i mBéarla a fhreagairt i mBéarla agus ceisteanna a cuirtear i nGaeilge a fhreagairt i nGaeilge. Déanfaidh mé eisceacht sa gcás seo mar tá mé cinnte go mb’fhearr leis an Seanadóir go bhfreagróidh mé i nGaeilge é.

Ba mhaith liom a shoiléiriú go bhfuil níos mó ná €6 milliún infheistithe ag rannóg na n-oileán mo Roinn sna hoileáin i dTír Chonail ó 2002. Baineann ionann agus 68%, nó €4.2 milliún, de seo le hoibrithe capitil, agus is bun-struchtúir é sin. Mar shampla, tá obair áirithe déanta ar ché Machaire Rabhartaigh agus ar Chéibh Reannaigh ar Árainn Mhór. Roimhe sin, rinneamar obair ar ché an Leadhb Gharbh. Baineann an chuid eile den obair le rochtain agus bóithre, oibrithe beaga mara, caomhnú an chósta, athnuachan baile agus obair comhshaoil. Baineann cuid eile den chiste leis na mbáid farantóireachta atá ag freastal ar na hoileáin.

Ar ndóigh, tá seirbhísí i bhfad níos fearr ag dul go Oileán Thoraí agus Árainn Mhór ná mar a bhí roimhe seo. Tá seirbhísí héileacaptar ar fáil ar Oileán Thoraí freisin. Is fiú a luadh go dtarraingíonn na hoileáin an t-uafás airgid eile ó mo Roinn faoi scéimeanna ar nós CLÁR, na scéimeanna Gaeltachta, deontais tithíochta, Leader agus an local development and social inclusion programme. Mar sin, tá cuid mhaith airgid infheistithe ag mo Roinn go díreach sna hoileáin. Tá airgead á chur isteach ag Údarás na Gaeltachta agus Comhairle Contae Dhún na nGall freisin.

Tá an chaoi ina roghnaítear na tograí atá le déanamh bunaithe ar an méid airgid atá ar fáil ag an Roinn. Tá i bhfad níos mó airgead ná riamh ar fáil ag an Roinn. Tugtar tosaíocht de réir na bun-chritéir, mar shampla an phráinn a bhaineann le hoibreacha, cé mhéid duine atá ina gcónaí ar an oileán, luach airgid, an fiontar — na rudaí ar fad a bhaineann le cinneadh a dhéanamh mar Aire. Ar ndóigh, ní féidir liom níos mó tograí a cheadú ná mar atá de mhaoiniú agam — caithfimid é sin a coinneáil le h-intinn. Tá go leor tograí móra idir láimhe againn i láthair na huaire.

Maidir le cé Inis Bó Finne, fuair mé iarratas i mí Lúnasa na bliana seo ag iarraidh 75% den airgead atá ag teastáil le feabhas a chur ar an gcé. Tá an t-iarratas á scrúdú i láthair na huaire i gcomhthéacs an méid airgid atá ar fáil ag an Roinn agus na tosaíochtaí a luaigh mé. Ar ndóigh, déanfar an chás a mheas sa gcomhthéacs sin.

Maidir le Oileán Thoraí, ba mhaith liom a shoiléiriú go gcaitheadh €931,987 chun na tithe agus an cloigtheach, atá mar séadchomhartha náisiunta ón 6ú aois, a chosaint ó chreimeadh cósta. Bhí sé sin tábhachtach. Ar ndóigh, bhí infheistíocht áitiúil i gceist freisin ón gcomhairle contae. Idir 2001 and 2003, caitheadh os cionn €1 milliún chun creimeadh cósta ar Oileán Thoraí a stopadh. I 2005, cheadaigh an Roinn deontas eile de €32,500 chun na hoibre sin a chríochnú. Tuigtear dom go bhfuil dhá chéim eile den obair seo — síneadh 30 m leis an mballa atá ann i láthair na huaire agus an balla a ardú chun tonnta a chur siar ar ais isteach sa bhfarraige. Murach sin briseadh siad ar thalamh tirim. Pléadh é seo ag cruinnithe idir oifigigh na Roinne agus Comhairle Contae Dhún na nGall i 2007.

Tá polasaí láidir agam maidir le hoibreacha den sórt seo. Faighim go leor iarratais gach bliain, ó phobail ar na hoileáin agus ar an mórthír, le haghaidh airgid chun creimeadh cósta a sheachaint. Tá sé mar pholasaí ag an Roinn gan airgead creimeadh cósta a cheadú sa chás nach bhfuil tithe, bóithre nó saoráidí poiblí le cosaint. Ní tugaimid airgead creimeadh cósta muna bhfuil, mar shampla, talamh feirme le chosaint. Dá ndéanfaimid a leithéid, ní bheadh deireadh go deo leis an méid airgid a d'fhéadfaimid a chaitheamh.

Mar a dúirt mé mar fhreagra ar cheist parlaiminte ar 24 Deireadh Fomhair seo caite, ní raibh an obair seo clúdaithe, nó san áireamh, sa liosta a thug Comhairle Contae Dhún na nGall ar aghaidh le haghaidh na mionoibrithe i mbliana, ar na cúiseanna atá díreach mínithe agam. Bhí plé idir oifigigh na Roinne agus an gcomhairle chontae le gairid. Tuigtear dom go bhfaigheadh phríomh-iarratas ón gcomhairle ar 26 Samhain 2007 ag lorg €100,000 chun an balla farraige a ardú os comhair na dtithe agus balla speisialta a thógáil chun na tonnta a shroanadh thar n-ais sa bhfharraige. Tá an t-iarratas seo á scrúdú sa Roinn i láthair na huaire.

Tá súil agam go dtugann an méid atá ráite agam inniu lánléargas don Seanadóir agus don Teach faoin infheistíocht fhiúntach agus leanúnach atá ar bun ag an Stát i bhforbairt na n-oileáin, ní amháin i gcás na hoileáin amach ó chósta Dhún na nGall ach ar bhonn náisiúnta.

The Seanad adjourned at 6.30 p.m. until10.30 a.m. on Wednesday, 12 December 2007.
Top
Share