Skip to main content
Normal View

Seanad Éireann debate -
Tuesday, 8 Apr 2008

Vol. 189 No. 1

Calafoirt agus Céanna.

Ba mhaith liom fáilte a chur roimh an Aire, an Teachta Ó Cuív, go dtí an Teach chun freagra a thabhairt dom ar an tábhar seo, a d'ardaigh mé ar dtús sa Teach ar 11 Nollaig 2007. Ó shin ar aghaidh, bhí coiste forbartha Inis Bó Finne, iascairí na hoileáin — go háirithe — agus lucht cónaithe na hoileáin i dteagmháil liom roinnt uaireanta maidir leis an fhorbairt atá beartaithe a dhéanamh ar an ché atá ar an oileán. An fhorbairt atá i gceist ná síneadh a chur le cé Inis Bó Finne agus obair dheisiúcháin iompar amach a dhéanamh ar an gcé freisin. Tá géarghá leis an obair sin os rud é go bhfuil pobal an oileáin ag brath ar an gcé nuair atá siad ag dul isteach agus amach ón oileán. Tá na hiascairí a úsáideann cé oileán Inis Bó Finne ag brath ar an gcé. Tá sé tábhachtach do chursaí turasóireachta ar an oileán. Baineann an ché leis an tseirbhís farantóireachta a théann ón oileán go dtí an mórthír, srl. Tá an cé an-dainséireach faoi láthair. Tá sé ag titim as a chéile. Rinneadh cuid mhaith damáiste don ché le linn an gheimhreadh, go háirithe sa chéad cúpla mí don bhliain, de bharr an droch-aimsir a bhí againn. Chuir an aimsir isteach go mór ar an gcé.

Agus muid ag plé cúrsaí oileánda inniu, ba mhaith liom buíochas a chur in iúl don Aire as ucht an commitment atá tugtha aige do fhorbairt na hoileáin, go háirithe oileáin Chontae Dhún na nGall, ó tháinig sé isteach mar Aire Stáit i 1997. Tá airgead substaintiúil caite ag an Rialtas ar na hoileáin — oileán Inis Bó Finne ina measc. Cuirim béim arís ar an ghéarghá a bhaineann le forbairt na gcé seo. Dúirt an tAire i mí na Nollag seo caite go bhfuil iarratas faighte ag an Roinn Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta. Dúirt sé go bhfuil Comhairle Chontae Dhún na nGall ag lorg 75% den airgead atá ag teastáil chun forbartha a dhéanamh ar an gcé. De réir na meastacháin atá faighte ag an chomhairle chontae, chosnóidh an obair seo €481,000. Tá an chomhairle chontae sásta 25% — thart ar €125,000 — den chostas sin a chur ar fáil. Tá sé sin ceadaithe agus aontaithe ag an chomhairle chontae. Níl á lorg againn anois ach cead ón Aire an airgead a chaitheamh am éigin i mbliana.

Tuigim go bhfuil brú ar an Roinn ó gach oileán agus gach ceantar, ach ba mhaith liom a chur in iúl don Aire go díreach go bhfuil an cé seo i ndrochstaid. Tá géarghá ann deisiúcháin a dhéanamh air. Ba cheart an obair sin a dhéanamh i mbliana, más féidir. Más rud é go gceadófar an tairgead seo lastigh de sé nó ocht seachtaine, is féidir leis na húdaráis dul ar aghaidh leis an obair le linn an tsamhraidh. Beidh an chomhairle chontae agus an rannóg mara in ann an obair a riaradh agus a iompar amach le linn an aimsir mhaith. Tá a fhios agam go nglacfaidh an tAire leis an ghá a bhaineann leis an obair seo, go háirithe i gcomhthéacs an obair atá déanta ag cathaoirleach coiste oileán Inis Bó Finne — an tAthair Brian Ó Fearraigh — chun a impí orainn uilig brú a chur ar an Roinn agus labhairt leis an Aire maidir leis an cheist seo. Is é sin an fáth go bhfuilim ag iarraidh an ábhar seo a ardú inniu. Tá lúcháir orm go bhfuil an tAire anseo inniu. Ciallaíonn an chaoi ina bhfuil sé i láthair go bhfuil commitment againn uaidh.

Ba mhaith liom buíochas a ghabháil leis an tSeanadóir as ucht an cheist seo a ardú. Déanaim iarracht i gcónaí, má chuirtear rún síos ar an Athló, bheith ann go pearsanta len é a fhreagairt.

Ar ndóigh, mar atá ráite ag an tSeanadóir, pléadh an t-ábhar seo le gairid, ar an 11 Nollaig 2007. Mar chuid de m'fhreagra ar an ócáid sin, thug mé léargas faoin infheistíocht mhór, os cionn €6.2 milliúin atá déanta ag rannóg na noileán do chuid mo Roinne i ndáil leis na hoileáin amach ó chósta Dhún na nGall le cúig bliana anuas. Bhain €4.2 milliúin, nó 68%, den infheistíocht seo le caiteachas caipitil ar fhorbairt infreastruchtúir, ar nós tograí móra ag céibh Reannaigh ar Árainn Mhór, céibh Machaire Rabhartaigh ar an mórthír agus heileapad ar Árainn Mhór. Cuireadh oibreacha caipitil eile i gcrích ar na hoileáin freisin, i gcomhar le Comhairle Chontae Dhún na nGall, ar nós bóithre áise, céibheanna beaga, athnuachan baile agus cúrsaí timpeallachta. Bhain os cionn €2 mhilliúin le seirbhísí iompair go dtí na hoileáin, sin seirbhísí farantóireachta go dtí Tóraigh agus Árainn Mhór, mar aon le seirbhís ingearáin do Thóraigh. Sa chomhthéacs seo is fiú a lua go bhfuil mo Roinn faoi láthair i mbun socruithe chun seirbhís rialta lastais a chinntiú d'Oileán Tóraigh. Dar ndóigh tá infheistíocht eile déanta ag an Stát trí scéimeanna eile faoi choimirce mo Roinne ar nos scéimeanna Gaeltachta, CLÁR, cláracha LDSIP, agus araile. Chomh maith leis sin, baineadh buntáiste as scéimeanna agus cláracha eile atá faoi choimirce Ranna Stáit eile, Údarás na Gaeltachta agus Comhairle Chontae Dhún na nGall.

Ag diriú isteach anois ar Inis Bó Finne, tuigtear dom nach bhfuil buanchónaí ar an oileán áirithe seo in imeacht na bliana ach go mbíonn conaí air i rith an tsamhraidh. Mar sin féin, ar mhaithe le freastal ar an daonra sealadach seo, ní miste dom a mheabhrú go bhfuil infheistíocht déanta ar an oileán beag seo le blianta beaga anuas.Mar shampla, caitheadh beagnach €150,000 sa bhliain 2001 ar thograí a bhain le cosaint cósta, bóithre agus an ché. Caitheadh beagnach €90,000 arís i 2003 ar bhóithre agus dreideáil agus thart ar €25,000 i 2004 ar an halla pobail a athchóiriú mar aon leis an sleamhnán agus bóithre a dheisiú. Fiú anois, tuigim go bhfuil roinnt tograí a bhaineann leis an mballa farraige agus soilse poiblí a cheadaíodh le cúpla bliain anuas fós le cur i gcrích. Maidir leis an gceist shonrach atá ardaithe arís ag an tSeanadóir Ó Domhnaill agus mar a mhínigh mé i mí na Nollag seo caite, rinne Comhairle Chontae Dhún na nGall iarratas i mí Lúnasa 2007 ar mhaoiniú 75% den chostas chun obair fheabhsúcháin a dhéanamh ar an gcéibh seo. Tuigim gur costas measta €500,000 a chuireadh ar an obair seo cúpla bliain ó shin.

I measc na gcúinsí ábhartha a chuirtear san áireamh agus cinntí á ndéanamh faoi chúnamh airgeadais a chur ar fáil do thograí oileánda, caithfear breathnú ar dtús ar bhuiséad na bliana agus an soláthar a bheidh ar fáil do na blianta beaga amach romhainn. Ina dhiaidh sin caithfear breathnú ar na gealltanais chonartha atá i bhfeidhm cheana féin agus an tionchar a bheidh acu siúd ar an mbuiséad. Ansin caithfear tosaíocht a thabhairt do thograí de réir na bpríomhchritéar, ina measc, buiséad, an leibhéal práinne a bhaineann leis an obair, luach airgid, costas, rioscaí, daonra, eacnamaíocht an oileáin agus cursaí amchláir chun na hoibreacha a chur i gcrích. Tar éis na cúinsí uile a mheas agus i gcomhthéacs an líon iarratais atá ar lámh ag mo Roinn ó oileáin a bhfuil buanchónaí orthu ó cheann ceann na bliana, is é an staid reatha nach mbeidh mo Roinn ag tabhairt tosaíochta don obair ar ché Inis Bó Finne sa ghearrthéarma. Dar ndóigh, coinneofar an togra faoi bhreithniú má tharlaíonn aon athrú suntasach ar chúrsaí sa todhchaí.

Ba mhaith liom a mheabhrú don Seanadóir gur caitheadh mórchuid airgid ar chéibh Mhachaire Rabhartaigh agus gur cuireadh feabhas mór uirthi. Bhí sin ina bhuntáiste do mhuintir Oileán Thóraí, ach tá sé ina bhuntáiste an-mhór do mhuintir Inis Bó Finne mar is í an chéibh is gaire don oileán sin. Mar a dúirt mé ar Raidió na Gaeltachta ar maidin, dá gcuirfeá ceist go lom fírinneach orm céard é an tosaíocht i dTír Chonaill faoi láthair, déarfainn aerstráice ar Oileán Thoraí mar go bhfuil buan chónaí ar an oileán agus gá práinneach go gcuirfear aerstráice ar fáil. Táim ag súil go dtiocfaidh Comhairle Chontae Thír Chonaill ar aghaidh leis an obair phleanála ar an aerstráice ar Oileán Thóraí le gur féidir linn dul ar aghaidh leis sin go luath.

Top
Share