Skip to main content
Normal View

Seanad Éireann debate -
Wednesday, 11 Mar 2009

Vol. 194 No. 9

Irish Language: Statements.

Gabhaim buíochas leis an gCathaoirleach agus gach páirtí sa Seanad as ucht na díospóireachta seo a chur ar siul. Chomh maith leis sin, táim buíoch díobh ar fad as ucht cuireadh a thabhairt dom bheith i láthair anseo tráthnóna. Mar Phríomh-Aoire an Rialtais, fáiltím roimh an deis seo chun díospóireacht bríomhar a bheith againn ar an nGaeilge agus ar thodhchaí na teanga. Níl aon dabht ach ó thog sé an oifig, tá an Taoiseach, an Teachta Cowen, ag tabhairt sampla maith dúinn ar fad ó thaobh na Gaeilge a úsáid sna Tithe seo. Ba mhaith liom aitheantas a thabhairt chomh maith don dea-shampla a bhfuil daoine ar nós na Teachtaí Kenny, Gilmore agus Ó Caoláin, chomh maith le Seanadóirí éagsúla, ag tabhairt freisin. Tugann focail ár gceannairí muinín dúinn ar fad sa Dáil agus sa Seanad conas is féidir linn níos mó úsáide a bhaint as ár gcuid Gaeilge féin le linn na hoibre laethúil.

I dtús báire, ba mhaith liom a rá go gcreideann na páirtithe Rialtais go bhfuil rí-thábhacht ag baint le pobal labhartha láidir Ghaeilge a choinneáil beo sa Ghaeltacht agus taobh amuigh den Ghaeltacht. Is í mo thuairim agus tuairim an Rialtais gur acmhainn luachmhar í an Ghaeilge — acmhainn a féidir a threisiú agus a fhorbairt ar leas na tíre. Is sa chomhthéacs seo, sílim, go bhfuil an rún os comhair an tSeanaid ag tabhairt tacaíochta dúinn ar fad san obair atá ar siúl ó thaobh na Gaeilge a chur chun cinn. Chomh maith leis an nGaeilge a bheith againn mar sheoid chultúrtha, creidimid gur féidir an teanga a fhorbairt níos mó mar acmhainn eacnamúil. Tá mé cinnte gur féidir níos mó forbartha a dhéanamh ó thaobh leithéidí turasóireacht cultúrtha agus Gaeltachta de. Tugann aitheantas don Ghaeilge san Eoraip deiseanna breise fostaíochta i réimsí an aistriúcháin, na hiriseoireachta agus craolacháin. Thar aon ní eile, tugann sí deis dúinn teacht le chéile mar phobal teanga.

Nuair a bunaíodh an Stát agus arís le 50 bliain anuas, is iomaí dul chun cinn atá déanta ag an teanga. Is féidir le gach Rialtas i rith an ama sin cuid den mholadh a thógaint don dul chun cinn sin. Ar ndóigh, i measc na buaicphointí a bhí ann don teanga sa 50 bliain sin tá bunú Raidió na Gaeltachta, bunú TG4, achtú an Acht Teanga, bunú Oifig an Choimisinéara Teanga, Foras na Gaeilge agus Údarás na Gaeltachta, an t-aitheantas don Ghaeilge faoi Chomhaontú Aoine an Chéasta i dTuaisceart Éireann agus an t-aitheantas oifigiúil oibre don Ghaeilge san Eoraip. Thug na buaicphointí sin misneach nua do phobal na Gaeilge ar fud na tíre. Spreagadar daoine chun an Ghaeilge a fhoghlaim. Chinntíodar go mbeidh an Ghaeilge beo agus bríomhar nuair atáimíd ar fad sa Seomra stairiúil seo imithe ar shlí na fírinne. Má tá dul chun cinn déanta, níl aon dabht ach go bhfuil go leor dúshlán roimh an teanga sna blianta atá romhainn. Sílim go bhfuil an Rialtas, na páirtithe polaitiúila ar fad agus lucht na Gaeilge lán-ábalta na dúshláin sin a shárú.

Mar is eol daoibh, sheol an Rialtas ráiteas i leith na Gaeilge ag ócáid i dTeach bhFarmleigh i mí na Nollag 2006. Ba é seo an chéad ráiteas dá leithead a cuireadh amach le beagnach 40 bliain. Chreid an Rialtas, mar phríomh-ghné d'aon pholasaí Gaeilge, gur cheart ráiteas soiléir a dhéanamh maidir le haidhmeanna an Rialtais agus polasaithe an Rialtais i leith na Gaeilge. Sa ráiteas, leagadh síos go soiléir ar bhealach éasca agus simplí an bhunchloch ar a bhfuil polasaithe Gaeilge an Rialtais bunaithe. Ba mhinic a bhí sé le cloisint roimhe seo nach raibh aon stráitéis nó plean fadtéarmach náisiúnta ann don Ghaeilge agus nach raibh aon fhís ag an Rialtas maidir le forbairt na Gaeilge don ghlúin atá amach romhainn. Is chun dul i ngleic leis an dúshlán sin go bhfuil an Rialtas ag leanúint ar aghaidh le plean straitéiseach 20 bliain a fhorbairt. Is é sin an obair atá á leanúint ag an Taoiseach, ag an Aire, an Teachta Ó Cuív, agus ag daoine eile. Tá mé cinnte go mbeidh an stráitéis nua forleathan agus cuimsitheach. Níos mó ná sin, tabharfaidh sé treoir don teanga sna blianta atá amach romhainn. Tá mé cinnte go dtacaíonn sibh liom nuair a ghabhaim gach dea-ghuí ar an Taoiseach agus ar an Aire, an Teachta Ó Cuív, as an obair atá ar bun acu i leith plean don teanga a fhoilsiú.

Ba mhaith liom casadh ar na Gaeltachtaí ar fud na tíre. Foilsíodh tuarascáil i 2007 mar thoradh ar an staidéar teangeolaíocht a rinne Ollscoil na hÉireann, Gaillimh ar úsáid na Gaeilge sa Ghaeltacht. Déanann an staideár sin anailís ar úsáid na Gaeilge sa Ghaeltacht chomhaimseartha. Is é an príomh rud a thagann as an tuarascáil ná go bhfuil an Ghaeilge faoi bhrú ó athruithe sóisialta agus déimeagrafaíochta, fiú sna croí-ceantair Ghaeltachta. Tá a fhios agam go raibh go leor cainte i ndúichí Ghaeltachta maidir le catagóir A, B agus C. Mar chuid den tuarascáil, déanadh moltaí i leith nithe éagsúla a mbeadh tionchar dearfach acu don teanga sa Ghaeltacht. Ina measc, bhí moltaí maidir leis na ceantair Ghaeltachta, an córas pleanála, an córas oideachais, cúrsaí óige agus Údarás na Gaeltachta. Ag rith as sin, bunaíomar coiste Rialtais. Tá an Taoiseach mar chathaoirleach ar an gcoiste, atá ag breathnú ar cheisteanna a thagann as an staidéar. Tá an obair seo ag leanúint ar aghaidh. Tá súil agam go mbeidh plean gníomhaíochta socraithe chomh luath agus is féidir.

Ní bheadh sé ceart dom gan tagairt sonrach a dhéanamh do cheann de na scéimeanna is tábhachtaí atá á riaradh ag an Roinn Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta — scéim na bhfoghlaimeoirí Gaeilge. Anuraidh, d'fhreastal beagnach 28,000 foghlaimeoirí ar chúrsaí éagsúla ar fud na Gaeltachta. Taispeánann na figiúirí seo go bhfuil an-suim i gcónaí i bhfoghlaim na Gaeilge. Cabhraíonn na coláistí Gaeilge leis an nGaeilge a chur chun cinn — ní hamháin sa Ghaeltacht ach ar fud na tíre freisin. Tá na coláistí an-tábhachtach ní hamháin ó thaobh na Gaeilge ach freisin ó thaobh na heacnamaíochta áitiúla sna ceantair éagsúla ina bhfuil siad lonnaithe. Is tionscail ann féin iad na coláistí, a chuireann saothrú maith ar fáil dos na mná tí i rith an tsamhraidh. In ainneoin na géarchéime airgeadais, tuigtear dom go bhfuil na háirithintí sna coláistí do 2009 ag dul go maith. Mar aon leis na coláistí Gaeilge, atá ag dul ó neart go neart, tá mé cinnte go bhfuil borradh na gaelscolaíochta feicthe ag Seanadóirí ina gceantair féin. Ar fud na tíre, tá suim nua sa teanga. Is ábhar misnigh dúinn ar fad an tsuim nua seo. Sílim go gcinntíonn sí todhchaí na teanga. I mo dháilcheantar féin, tá leithéidí de Scoil an tSeachtar Laoch, Ghaelscoil Bhaile Munna, Ghaelscoil Uí Earcáin i bhFionnghlas, Ghaelscoil Cholmcille i Seantrabh, Scoil Chaitríona agus Scoil Mhobhí ag déanamh sárobair chun glúin nua Éireannaigh a dhéanamh líofa in ár dteanga náisiúnta. Tá scoileanna den tsórt sin ar fud na tíre. Chomh maith leis an obair atá ar siúl sna bunscoileanna, tá sárobair ar siúl ag an dara agus an triú leibhéal, go háirithe ag "Fiontar" in Ollscoil Chathair Bhaile Átha Claith, in Ollscoil Chorcaí agus in Ollscoil na Gaillimhe. Tá an Rialtas bródúil as an tacaíocht atá tugtha do ghluaiseacht na gaelscolaíochta agus sa chóras oideachas. Leanóimid le seo sna blianta atá amach romhainn.

Réimse eile gur mhaith liom tagairt dó ná an stádas mar theanga oifigiúil oibre an Aontais Eorpaigh atá bainte amach ag an nGaeilge. Baineadh amach an stádas seo don Ghaeilge tar éis fheachtais láidir ón Rialtas, a fuair tacaíocht ó pháirtithe uile an Oireachtais agus eagraíochtaí Gaeilge ar nós Conradh na Gaeilge, Comhdháil Náisiúnta na Gaeilge, Stádas agus Comhaltas Ceoltóirí Éireann. Tá an Rialtas ag obair le Coimisiún na hEorpa chun a chinntiú go mbeidh acmhainní ar fáil chun freastal ar an stádas atá anois ag an nGaeilge. Tá ciste ar leith bunaithe ag an Roinn Gnothaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta chun maoiniú a chur ar fáil le haghaidh sain-chursaí tríú leibhéal Gaeilge. Cinnteoidh na sain-chursaí seo go mbeidh ar ndóthain aistritheoirí ar fáil chun freastal a dhéanamh ar riachtanais an Aontais Eorpaigh ó thaobh na Gaeilge de. Tuigim go bhfuil an Roinn Gnothaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta ag obair le Óstaí an Rí chun cúrsa céime d'abhcóidí a chur ar fáil. Más féidir, tosnóidh an chúrsa fómhar na bliana seo. Tá dian-chúrsa téarmaíochta dlí agus grammadach Gaeilge á sholáthar le blianta beaga anuas ag Óstaí an Rí, le cúnamh na Roinne. Táim cinnte go neartóidh an stádas nua atá ag an nGaeilge san Aontas Eorpach a háit mar theanga nua agus saibhir — teanga gur féidir úsáid a bhaint asti i ngach gné de shaol na ndaoine agus teanga as a bhfuilimid bródúil sa bhaile agus thar lear.

Cé go bhfuil an Rialtas ullamh chun tacú go láidir le húsáid na Gaeilge a leathnú agus a threisiú, tá todhchaí na teanga ag brath go mór ar na daoine. Go díreach, braitheann an todhchaí ar dhaoine a bhfuil Gaeilge acu í a labhairt agus cúnamh a thabhairt dóibh siúd a bhfuil ag foghlaim na teanga. Tá orainn, anseo san Oireachtas ach go háirithe, timpeallacht a chothú ina mbraitheann daoine muiníneach a gcuid Gaeilge a úsáid, pé leibhéal atá acu, gan eagla orthu go gceartofaí iad nó go mbeidís míshuaimhneach. Tá sé riachtanach go n-úsáidfeadh daoine le Gaeilge an teanga nuair atá an deis acu, í a chur ar aghaidh chuig a bpáistí agus tacú lena húsáid laistigh den phobal. Tá mé muiníneach go leanfaidh an Ghaeilge ag déanamh go maith le hiarrachtaí dearfacha i measc pobal na tíre. Geallaim don Teach seo go mbeidh an Rialtas lan-páirteach sna hiarrachtaí sin. Go raibh míle maith agaibh.

Cuirim fáilte roimh an Aire Stáit. Ar an gcéad dul síos, tréaslaím le Ceannaire an tSeanaid as ucht na díospóireachta seo a leagan síos, go háirithe le linn seachtain na Gaeilge. Tá áthas orm an deis seo a bheith agam ráiteas a dhéanamh ar an nGaeilge, go háirithe agus muid i lár sheachtain na Gaeilge.

Is mór an trua nach ndéantar iarracht cás na Gaeilge a ardú níos minice le linn na bliana. Ní ceart go bhfanfaimid go dtí mí na Márta gach uile bhliain chun ár dteanga a phlé agus a labhairt. Ag deireadh na seachtaine seo caite d'fhoilsigh UNESCO tuarascáil a chuir in iúil go bhfuil teanga na Gaeilge i mbaol. Ní scéal nua é seo. Mar a dúirt an tAire Stáit, sa staidéar ar stádas na Gaeilge sa Ghaeltacht a fhoilsíodh i 2007, léiríodh nach raibh ach idir 15 agus 20 bliain fágtha ag an nGaeilge mar theanga pobail agus teaghlaigh sa Ghaeltacht.

Two years later, what has the Government done? Cad atá déanta ag an Rialtas? Tá coiste bunaithe aige chun an tuarascáil seo a phlé. Níl am againn chun a thuilleadh cainte a dhéanamh. Dá mbeadh an Rialtas dáiríre faoin teanga agus faoi thacaíocht a thabhairt do mhuintir na Gaeltachta bheadh moltaí na tuarascála curtha i bhfeidhm cheana féin. B'fhéidir go bhfuil níos mó déanta ag Des Bishop, an fear grinn as na Stáit Aontaithe, ar son na teanga. Sin ceist. Look at what Des Bishop has done agus ar an bhéim a leag sé ar labhairt na teanga, go mórmhór ag daoine óga ins na scoileanna. Chomh fada agus atá an teanga á labhairt tá sí beo agus sin an rud is tábhachtaí. Chomh fada agus atá an teanga á labhairt tá sí beo.

Ba cheart, go háirithe agus muid i lár chúlú eacnamaíochta, breathnú arís ar Acht na dTeangacha Oifigiúla. Cuireann an tAcht dualgas ar chomhlachtaí pobail, Ranna Stáit, comhairlí contaetha agus comhlachtaí ar nós Leader na milliúin euro a chaitheamh ag aistriú cáipéisí ó Bhéarla go Gaeilge, cáipéisí nach léitear i mBéarla fiú, gan trácht ar an nGaeilge. Many documents which are translated into Irish are not read in either English or Irish. We might review that requirement.

Ba chóir dúinn cinntiú go bhfuil gach uile tacaíocht á fháil ag scoileanna sa Ghaeltacht chun an Ghaeilge a chaomhnú agus ag scoileanna taobh amuigh den nGaeltacht chun an Ghaeilge a mhúineadh i mbealaí éifeachtacha. Ba chóir an t-airgead sin a chaitheamh ar scéimeanna a chuireann an teanga labhartha chun cinn agus chun tacú le coláistí samhraidh, naíonraí agus gaelscoileanna.

Ta meoin an phobail i dtaobh na Gaeilge athraithe go mór le cupla bliain anuas. Tá daoine báúil don teanga agus ag iarraidh í a labhairt. Is é an t-aon rud a chuireann as do dhaoine ná an Ghaeilge a bheith á brú orthu. Rinne Gaeilge éigeantach go leor dochair do chás na teanga agus déanfaidh aistriúchán éigeantach i bhfad níos mó dochair.

I am a product of an education system in which I did honours Irish. I am ashamed that I have lost so much of my Irish. Ní dhearna mé cleachtadh uirthi agus tá sí caillte agam. Rinne an t-Aire Stáit tagairt don Taoiseach agus do cheannairí na bpáirtithe eile. It is important that our language be a living and spoken language.

I thank the Leader of the Seanad for allowing this debate and I thank the Minister of State for coming to the House. It is important we debate our language as a living language.

Fáiltím roimh an Aire Stáit agus roimh an ráiteas dearfach ilghabhálach a chuir sé os ár gcomhair. Cabhraíonn sé i gcónaí tuiscint a bheith againn ar dhearcadh an Rialtais i leith na Gaeilge. Tá sé tábhachtach a fheiceáil go bhfuil straitéis 20 bliain i gceist don Ghaeilge. Tá áthas orm go bhfuil sé sin ag tarlú.

Tréaslaím leis an gcoiste atá ag eagrú sheachtain na Gaeilge. Níl amhras faoi go bhfuil sár jab á dhéanamh acu. Tá sé le tabhairt faoi deara ins na meáin cumarsáide agus i measc an phobail i gcoitinne. Rud a chuaigh i bhfeidhm go mór orm ná gur daoine óga is mó atá taobh thiar den iarracht seo. Cruthaíonn sé sin go bhfuil spioraid ins na daoine óga fós maidir leis an nGaeilge agus go bhfuil siad sásta treoir a thabhairt. Níl aon amhras ná go bhfuil samhlaíocht taobh thiar den obair atá ar siúl acu.

Ní bheadh éinne in ann a rá 20 nó 30 bliain ó shin go mbeadh stádas láidir ag an nGaeilge fós sa tír. Tá an-chuid rudaí tar éis tarlú agus bhí siad luaite ag an Aire Stáit. Smaoiním ar Raidio na Gaeltachta, TG4, na gaelscoileanna agus mar sin de. Deirtear liom go gcaithfidh daoine fanacht chun a bpáistí a chur isteach ins na gaelscoileanna, tá éileamh chomh mór san orthu. Seo rudaí atá thar a bheith dearfach. Chomh maith leis sin, feicim go bhfuil dea-thoil ann don Ghaeilge anois, rud nach raibh le tabhairt faoi deara ins na 1950aidí agus na 1960aidí. Bhí díospóireacht an-nimhneach ag tarlú ag an am sin maidir leis an nGaeilge. Níl aon amhras ná gur dhein an díospóireacht sin dochar agus gur tharla deighilt sa phobal ag an am. Is trua gur tharla sé sin. Ach baineann sé sin leis an stair agus is rí-annamh anois a chloistear ó éinne nach cóir duinn ár dteanga féin a chur chun tosaigh.

Bhí mé féin agus an tSeanadóir Buttimer ag cruinniú de chomhchoiste Oireachtais níos luaithe inniu ag a raibh cúrsaí ealaíona agus cultúrtha á bplé ann. Fáiltíomar roimh toscaireacht ón gComhairle Ealaíon. Bhí na hargóintí céanna á dhéanamh ag an gcruinniú sin agus atá á dhéanamh anseo. Is é sin, go mbaineann ár gcultúr agus, ar ndóigh, ár dteanga lenár bhféiniúlacht náisiúnta. Is beag tír a bheadh sásta ligint dá cultúr nó dá féiniúlacht náisiúnta imeacht le sruth mar bhaineann sé le gach rud atá idir láimhe againn i láthair na huaire.

Má fhéachtar siar ar stair na hÉireann, nuair a bhí cruachás le fulaingt againn tar éis an Ghorta Mhór nó le linn gach éirí amach, nuair a bhí brú á dhéanamh ar an tír cuireadh béim i gcónaí ar an gcultúr agus ar an nGaeilge. An cúis a bhí leis sin ná gur thuig daoine sna hamanna sin go mbaineann ár gcultúr, an Ghaeilge ina measc, le anam an náisiúin. Spreag ár gcultúr daoine áirithe chun iarracht a dhéanamh ar a son féin agus ar son an ghnáth-phobal. Tá sé tábhachtach go dtuigfimís cé hiad na daoine a sheas an fód le blianta fada anuas chun an Ghaeilge a chosaint.

Nuair a labhraim mar gheall ar na daoine óga atá ann i láthair na huaire, níl mé ag rá go bhfuil gach rud slán sábháilte. Ní mar sin atá sé. Chomh fada is atá an Ghaeltacht ann, agus daoine ag úsáid na Gaeilge go laethúil ina saolta féin, beidh tuiscint againn ar an mbrí a bhaineann leis an nGaeilge mar theanga bheo. De bharr an tionchar atá ag an Ghaeltacht ar an chuid eile den tír, tá an méid daoine a labhraíonn an teanga ag fás in an-chuid áiteanna, ní hamháin sa Deisceart ach sa Tuaisceart freisin. Tá an-bhéim á chur ar an nGaeilge i mBéal Feirste, go háirithe.

Is maith an rud é go bhfuil Seachtain na Gaeilge ann. Ní hionann é sin agus a rá nach cóir dúinn ach an Ghaeilge a úsáid ag an am seo den bhliain. Tugann Seachtain na Gaeilge seans dúinn go léir bheith aontaithe maidir leis an ábhar seo. Is cuma má tá Gaeilge lag nó láidir ag duine — ba cheart dó nó di an teanga a úsáid. Ní cheart d'éinne brú a chur ar dhaoine maidir le cúrsaí gramadaí nó aon rud den tsaghas sin. Ba chóir dúinn bheith áthasach nuair atá duine ag déanamh iarrachta an Ghaeilge a labhairt. Tá an-áthas orm go bhfuil Seachtain na Gaeilge ar siúl agus go bhfuil aitheantas á thabhairt do Seachtain na Gaeilge ag an Rialtas agus ag an Teach seo. Nuair a bhí an seisiún seo á phlé ar Riar na hOibre ar maidin, thug mé faoi deara gur labhair seacht nó ocht Seanadóir, ar an dá thaobh den Teach, i nGaeilge. Níl aon amhras faoi ná nach bhfuil aon deighilt sa Teach seo maidir leis an nGaeilge. Táimid go léir aontaithe. Nuair a bhí an tír seo ag iarraidh stádas oibre don Ghaeilge san Eoraip a bhaint amach, is cuimhin liom go raibh an Teach seo go mór chun tosaigh san iarracht sin.

Cuirim fáilte roimh an Aire Stáit. Níor mhaith liom cur i gcoinne aon rud a dúirt an Seanadóir Ó Murchú, ach caithfidh mé a rá nach "Gaeilge" a labhraim ach "Gaelainn". Go minic, agus mé ag féachaint siar ar aon rud atá curtha i gcló ón Seanad, bíonn sé deacair dom an méid atá ráite agam a léamh os rud é go mbíonn sé caighdeánaithe "i nGaeilge" seachas a bheith scríofa "i nGaelainn". Is mór an trua é go mbíonn an deacracht sin agam i gcónaí. Caithfidh mé a rá gurb í an deacracht is mó a bhaineann le polasaithe Gaeilge ná go bhfuil siad dírithe i bhfad níos mó ar na Galltachtaí ná ar na Gaeltachtaí. Braithim i gcónaí go bhfuil i bhfad níos mó spéise ag an Rialtas — níl mé ag féachaint amháin ar an Rialtas atá ann faoi láthair ach ar gach aon Rialtas ó bhunú an Stáit — i gcúpla focal Gaeilge a bheith in úsáid sna Galltachtaí ná sa teanga a chothú, a mhéadú agus a fhorbairt sna Gaeltachtaí. Is ceann de na deacrachtaí é sin.

Is cuimhin liom nuair a d'fhoghlaim mé conas a chuireadh an Ghaeilge chun cinn sna scoileanna nuair a bhunaíodh an Stáit. Rinneadar rud an-simplí an uair sin. Chuireadar múinteoirí go dtí na Gaeltachtaí le haghaidh trí nó sé mhí. D'fhan na múinteoirí i dtithe na ndaoine. Bhíodar mar bhaill de na Gaeltachtaí ar feadh an tréimhse sin. Nuair a tháinig na múinteoirí thar n-ais, chuir an dream sin an Ghaeilge chun cinn sna bunscoileanna agus ar fud scolaíocht na tíre seo. Bhí sé sin thar a bheith tábhachtach. Míneoidh mé an fáth ar shocraigh mé ar é sin a úsáid mar shampla. I 1980, trí scór bliain ina dhiadh sin, d'foilsigh John Wilson, a bhí mar Aire Oideachais ag an am, Páipéar Bán chun polasaithe Rialtas na linne sin i dtaobh na Gaeilge a chur chun tosaigh. I measc a raibh sa Phaipéar Bán, bhí moladh chun seans a thabhairt do mhúinteoirí agus scoláirí dul go dtí na Gaeltachtaí.

Is cuimhin liom gur chuaigh mé, in éineacht leis an INTO, i dteagmháil le hoifigigh ón Roinn Oideachais an uair sin ag iarraidh go gcuirfí an moladh sin chun cinn. Is mór an trua é nár déaneadh é sin riamh. Dá mbeadh an toil pholaitiúil ann chun é a dhéanamh, cuireadh sé instealladh eacnamaíochta i saol na nGaeltachtaí, instealladh misnigh i muintir na nGaeltachtaí agus, is dócha, instealladh muiníne i bpolasaithe Gaeilge an Rialtais. Is dóigh liom go mbeadh a lán rudaí, ar nós fostaíochta, tionlactha le sin. Tá múinteoirí ar fud na tíre a bheadh thar a bheith sásta ráithe nó tréimhse sé mhí a chaitheamh sa Ghaeltacht. Is fíor nach bhfuil dóthain Gaeilge ag cuid acu faoi láthair. Tá an-ghrá ag cuid acu don teanga. Níl siad i gcoinne na teanga in aon tslí. Dá mbeadh seans acu dul go dtí na Gaeltachtaí, agus deontais agus acmhainní ar fáil chun cúnamh a thabhairt dóibh, braithim go mbeadh an-dul chun cinn déanta.

Ba mhaith liom aird an Aire Stáit a dhíriú ar rud nach dtuigim. Is mór an trua nach bhfuil an tacaíocht céanna ar fáil dos na scoileanna Gaeltachta is atá ar fáil dos na gaelscoileanna sna Galltachtaí. Tá sé deacair an tábhacht a bhaineann le tacaíocht a thabhairt dos na scoileanna Gaeltachta a chreidiúnt. Tá páistí i gceartlár na Gaeltachtaí nach bhfuil Gaeilge acu ón gcliabhán. Tá mé ag caint mar gheall ar leanaí a rugadh i mór-roinn na hEorpa, mar shampla. B'fhéidir go raibh a dtuismitheoirí ina gcónaí i Sasana go dtí gur tháinig siad thar n-ais anseo. Tá páistí ag foghlaim na Gaeilge sna scoileanna sin nach gcloiseann an teanga in aon áit eile. Ba chóir go mbeadh na hacmhainní agus an tacaíocht céanna ar fáil dóibh siúd is atá ar fáil sna Gaelscoileanna. Is mór an trua é nach bhfuil an fóirithint dírithe ar na scoileanna sin. Caithfear rudaí praiticiúla den tsórt seo a chur chun cinn.

Aontaím leis an Seanadóir Ó Murchú go bhfuil níos mó bá ann don Ghaeilge anois ná mar a bhí riamh. Braithim féin é sin. While I do not want to mention the war, is cuimhin liom na deacrachtaí a bhí agam nuair a bhí ainm mo áit dhúchais fhéin á phlé. Tá an troid sin fós ar siúl. Tá dul chun cinn déanta. Dé réir dealramh, tá athrú aigne tagtha ar an Rialtas. Rinne siad iarracht ainm an bhaile a athrú go dtí "An Daingean", cé go raibh trí aimneacha — "An Daingean", "Daingean Uí Chúis" agus "Dingle" — i ceist i gcónaí. Bhí sé de nós ag daoine aon ainm a úsáid, ag brath ar pé acu a bhí oiriúnach don chomhthéacs ag an am. Mar shampla, "An Daingean" a deirimís i gcónaí eadrainn fhéin. D'úsáidfimís "Daingean Uí Chúis" i measc strainséirí agus "Dingle" as Béarla. Úsáidtear "Dingle" i nGaeilge chomh maith, uaireanta. Níor chuir sé isteach nó amach orainn riamh, go dtí gur cheap fear éigin taobh thiar de bhinse i mBaile Átha Cliath that it would be a good idea to change it all. That is the kind of thing that drives people mad. Is é sin an sórt ruda a chuireann isteach ar dhaoine. Níl aon dul chun cinn ann. Ba chóir dúinn misneach agus tacaíocht a thabhairt do dhaoine. Ba cheart dúinn polasaithe praiticiúla, thar aon rud eile, a thógaint isteach. Tá súil agam go n-éireoidh linn an méid sin a chur chun cinn in éineacht leis an Rialtas.

Is mian liom fáilte a chur roimh an Aire. Tá Seachtain na Gaeilge ar siúl faoi láthair. Cuirim fáilte roimh na díospóireachta atá ar siúl sa Teach inniu. Tugann an ócáid seo deis dom mo obair bhaile a dhéanamh. Téann mé go dtí rang Gaeilge gach seachtain sa Teach seo. An tseachtain seo caite, d'iarr an múinteoir orainn Gaeilge a labhairt sa Seanad. B'fhéidir nach bhfuil a fhios ag an Teach go mbíonn 20 Seanadóirí agus Teachtaí Dála ag freastal ar ranganna Gaeilge gach seachtain. Ba mhaith linn a bheith dátheangach i mBéarla agus i nGaeilge. Cinnte, tá a lán oibre le déanamh sula mbím ábalta Gaeilge a labhairt go líofa, ach tá tús maith déanta againn.

Ta a fhios againn go bhfuil níos mó daoine ábalta Gaeilge a labhairt anois ná 20 bliain ó shin. Tá cúpla cúis leis seo. An chéad chúis ná go bhfuil a lán gaelscoileanna ann anois. Nuair a bhí mé féin ag dul ar scoil ní raibh an ghaelscoil ann mar rogha. Ní raibh deis againn an Ghaeilge a úsáid ach amháin ar scoil nó sa Ghaeltacht sa samhradh, má bhí an t-airgead againn chun dul ann. Tá obair iontach déanta ag daoine áitiúla ar fud na tíre chun a ngaelscoil féin a oscailt agus tá an fás le 25 bliain anuas ar fheabhas.

Chomh maith leis sin tháinig Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003 i bhfeidhm chun tacaíocht a tabhairt don teanga. Anois, tá ar Ranna Stáit agus an earnáil phoiblí tuarascáil a fhoilsiú i mBearla agus i nGaeilge. Mar gheall ar an Acht teanga tá níos mó deiseanna ag daoine le Gaeilge obair a fháil mar aistritheoirí agus a leithéid.

Anois tá Raidió na Gaeltachta, Raidió na Life agus TG4 ann agus tá cláracha i nGaeilge ar go leor statisiúin eile freisin, mar shampla, ar Spin 103 agus ar Today FM. Ach an rud is tabhachtaí don teanga ná go bhfuil daoine áitiúla ar fud na tíre ag déanamh obair iontach chun an teanga a choinneáil beo. Tá na daoine sin an-thábhactach ar fad.

Anois, ta cúlú eacnamaíochta ann agus beidh sé níos deacra airgid a fháil chun tacaíocht a thabhairt don teanga agus chun í a chur chun cinn. I mí na Samhna bhí mé ag caint le muinteoirí as gaelscoileanna i mBaile an Bhiataigh i gContae na Mí. Bhí mé ann chun plean straitéiseach Gaelscoileanna Teoranta a sheoladh. Ba bhreá leo scoileanna nua a bhunú ach níl an t-airgead acu.

Freisin, tá gá ann do mheánscoileanna dátheangacha nó meánscoileanna Gaeilge a oscailt. I mo cheantair féin níl ach scoil amháin ann. Tá páistí ábalta dul go dtí an bhunscoil Gaeilge ach nuair a chríochnaíonn siad ansin níl aon mheánscoil Gaeilge ar fáil dóibh sa bhaile chéanna. B'fheidir go bhfuil eolas ag an Aire Stáit faoin cheist seo mar tá an fhadhb chéanna i mbaile Chill Dheagláin. Deireann tuismitheoirí na háite liom go bhfuil géar gá le meánscoil Gaeilge. Bheadh tacaíocht de dhíth ó na páirtithe go léir chun níos mó airgid a chur isteach i meánscoileanna Gaeilge.

Cinnte, tá a fhios againn go bhfuil fadhb an-mhór leis an eacnamaíocht anois agus tá eagla ann sa tír go mbeidh an tAire Airgeadais ag gearradh siar ar bhuiséad an Aire Stáit. Ba cheart don Aire Stáit an tAire Airgeadais a chur ar an eolas go bhfuil feabhas an-mhór déanta ó thaobh cúrsaí Gaeilge de agus go bhfuil sé an-thábhachtach an fheabhsú seo a chosaint.

Is díospóireacht thábhachtach í seo maidir le cúrsaí Gaeilge faoi láthair agus faoi thodhchaí na Gaeilge, ní hamháin don ghlúin seo ach dos na glúine atá le teacht. Téann ceist na Gaeilge siar na blianta. Nuair a bhí go leor againn ag fás aníos bhíomar ag foghlaim na Gaeilge ar an scoil agus ag teacht abhaile áít a raibh an Ghaeilge ar fáil i go leor des na tithe, go háirithe sa Ghaeltacht. Déantar go leor cainte faoin nGaeilge sa Ghaeltacht agus taobh amuigh di. Le roinnt blianta anuas, tá an-fhorbairt déanta ar an teanga taobh amuigh den Ghaeltacht, go háirithe leis an obair atá déanta ag eagrais cosúil le Conradh na Gaeilge, Comhaltas Ceoltóirí Éireann, TG4 agus Raidió na Gaeltachta. Tá obair mhór déanta ag na gaelscoileanna agus ag na páistí go léir atá ag freastal orthu. Áit ar bith taobh amuigh den Ghaeltacht a bhfuil gaelscoil inti agus tuismitheoirí toilteanach páistí a chur inti, bíonn na tuismitheoirí báúil don nGaeilge agus bíonn sí á labhairt sa bhaile. Tagann na páistí abhaile ón scoil agus an Ghaeilge leo agus bíonn na tuismitheoirí sásta an Ghaeilge a labhairt dá bharr sin. Rud follán is ea é sin. Tá buíochas tuillte ag na heagrais go léir a bhfuil baint acu leis an nGaeilge sa tír, go háirithe na heagrais atá taobh amuigh den Ghaeltacht. Bunaíodh eagrais úra mar pháirt de Chomhaontú Aoine an Chéasta agus tháinig forbairt dá bhrí sin, ní hamháin ar an taobh seo den Teorann ach ar an taobh eile fosta agus tá an Ghaeilge á fhorbairt sna Sé Contaetha.

Fáiltím roimh na hoibre atá ag dul ar aghaidh faoi láthair. Mar a dúirt an Seanadóir Ó Murchú, tá an Taoiseach ag tabhairt sampla maith don phobal. Tá an-obair déanta aige mar chathaoirleach ar an gcoiste Rialtais atá bunaithe aige. Fáiltím chomh maith roimh na hoibre atá déanta ag an Roinn Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta agus ag an Aire, an Teachta Éamon Ó Cuív, le blianta anuas leis an nGaeilge a cur chun cinn, go háirithe ó 1997 nuair a cheapadh é mar Aire Stáit sa Roinn sin.

Tá fás substaintiúil tagtha ar an nGaeilge ins na bailte fearainn go léir san tír, go háirithe san Ghaeltacht. Tá an cheist le cur i gcónaí, an bhfuil an Ghaeilge ag fás nó ag fáil báis ins na Gaeltachtaí? Mar chomhalta de Údarás na Gaeltachta agus mar dhuine atá ina chónaí sa Ghaeltacht, is féidir liom a rá go bhfuil an Ghaeilge lán bríomhar ins na ceantracha Gaeltachta agus go bhfuil sí fós iontu.

Is féidir leis an Stát gach cuidiú a thabhairt don Ghaeilge ach ag deireadh an lae, is ceist í dos na daoine féin, agus go háirithe dos na teaghlaigh, an Ghaeilge a labhairt. Tá ról ag cúrsaí oideachais i dtodhchaí na Gaeilge, ins na bunscoileanna ach go háirithe. Tá sé níos fusa ag páistí óga an Ghaeilge a fhoghlaim ag leibhéal íseal ins na réamhscoileanna, na naíonraí agus na bunscoileanna. Más féidir leo an Ghaeilge a fhoghlaim ag an aois ghrúpa sin is ea is fearr. Tá thart faoi 86,000 duine ina gcónái ins na ceantracha Gaeltachta agus lear mór acu ag labhairt Gaeilge go laethúil. Deirtear go bhfuil thart fá 250,000 duine faoi 20 bliain d'aois sa tír ar fad atá in ann Gaeilge a labhairt.

Tá súil agam go bhfoilseofar plean an Rialtais go luath. Beidh deis íontach ag an teanga ins na blianta amach romhainn de bhrí go bhfuil an Rialtas ag cur plean fadtéarmach le chéile don Ghaeilge. Is féidir jabanna a chruthú as an teanga féin. Is buntáiste mhór fosta an stádas úr atá ag an teanga san Eoraip anois.

Ta súil agam go mbeidh deis againn díospóireacht eile a bheith againn ar an ábhar seo go luath. Tá lúcháir orm go bhfuil an t-Aire Stáit sa Teach inniu, fear atá breá ábalta Gaeilge a labhairt. Bím ag éisteacht leis go minic ar Raidió na Gaeltachta nuair a bhím ag taisteal sa charr. Tá Gaeilge den chéad scoth aige.

Ba mhaith liom fáilte an Tí a chur roimh an Aire Stáit. Tá sé íontach tábhachtach béim faoi leith a chur ar an teanga labhartha ins na scoileanna ar fud na tíre. Tá a fhios agam go bhfuil an teanga labhartha lárnach sa chúrsa scoile. Tá fhios agam go bhfuil an teanga labhartha lárnach i gcuraclam na mbunscoileanna anois agus is cóir go mbeadh sé. Molaim don Aire agus don Roinn Oideachais agus Eolaíochta an cineáil béime ar an teanga labhartha a choimeád beo.

Sílim chomh maith go bhfuil sé iontach tábhachtach do leanaí óga tréimhse a chaitheamh sa Ghaeltacht agus go bhfuil sé sin an-riachtanach. Ba chóir go mbeadh seans ag gach dalta dul ar thréimhse go dtí an Ghaeltacht. In ainneoin go bhfuil na ciorraithe i bhfeidhm anois, molaim don Aire agus don Rialtas airgead a chur ar leataobh agus a chur ar fáil do dhaoine óga chun deontais a thabhairt do dhaltaí óga ó theaghlaigh nach bhfuil ró-shaibhir chun dul go dtí an Ghaeltacht. Molaim an chabhair sin a thabhairt dóibh mar níl rud níos tábhachtaí, níos fearr ná níos forbartha do dhaoine óga ná dul ar thréimhse go dtí an Ghaeltacht.

Má théann daoine óga go dtí an Ghaeltacht ar feadh tréimhse agus má labhraíonn siad an teanga agus bíonn siad ag imirt cluichí agus ag tógáil páirt i saol sóisialta ansin, faigheann siad grá don teanga, grá don chultúr, do oidhreacht na tíre agus tá an cineáil grá don teanga acu de dheasca é sin a dhéanamh, nach mbeadh acu tar éis Gaeilge a fhoghlaim i seomra ranga acu féin. Mar sin, tá sé sin an-tábhachtach agus cuireadh mise an-béim ar sin, daoine óga a mholadh agus a spreagadh chun dul go dtí an Ghaeltacht agus cabhair a thabhairt dóibh é a dhéanamh.

Chuir an Seanadóir Ó Tuathail béim faoi leith ar sheans a thabhairt do na múinteoirí, na hoidí scoile, dul go dtí an Ghaeltacht fosta agus ár ndóigh tá sé sin tábhachtach chomh maith. Tá sé iontach go mbeadh an grá don Ghaeltacht, an grá do oidhreacht na tíre, an grá do lucht na Gaeltachta agus dá dteanga féin a bheith ag na daoine sin. Tá sé an-tábhachtach go mbeadh seans ag na múinteoirí an teanga a labhairt agus a bheith páirteach in imeachtaí na Gaeltachta. Molaim é sin a dhéanamh agus molaim don Aire Stáit anseo, scéimeanna a chur ar siúl agus smaoineamh go dian ar an ábhar seo, conas a mbeadh sé oiriúnach scéimeanna a chur ar siúl chun na daltaí a mholadh don Ghaeltacht gach dálta agus na múinteoirí ár ndóigh.

Tá sár obair déanta ag teilifís na Gaeilge sa tír seo, TG4. Is iontach an obair atá déanta ag an stáisiúin sin chun grá don teanga a fhorbairt agus a chothú sa tír. B'fhéidir go bhfuil sé riachtanach go mbeadh béim níos mó ar na stáisiúin áitiúla. Tá clár ana mhaith ar mo stáisiúin áitiúil, Northern Sound, gach seachtain as Ghaeilge agus is maith an rud é ach tá sé riachtanach go mbeadh níos mó béime ar sin.

Ba chóir dúinn iarracht a dhéanamh san Oireachtas féin gach duine againn an Ghaeilge atá againn a úsáid go rialta. Sílim go bhfuil seans mór ag na leabharlanna timpeall na tíre imeachtaí nó oíche cheoil, oíche ghaelach sna leabharlanna agus ranganna speisialta agus oíche ag na coistí gairmoideachais a chur ar siúl. Tá an-tábhachtach leis an obair a dhéanann na coistí deonacha, na heagraíochtaí deonacha sa tír, mar shampla Comhaltas Ceoltóirí Éireann mar a bhfuil an Leas-Chathaoirleach páirteach ann — déanann sé an-obair ansin — an Cumann Lúthchleas Gael agus a lán eagraíochtaí mar sin. Ba chóir go mbeadh tacaíocht faoi leith tugtha do na heagraíochtaí sin chun an Ghaeilge a fhorbairt agus a chothú gach uair atá seans acu.

Ar dtús báire ba mhaith liom, admhaíl nach bhfuil neart Gaeilge agam, ach mar sin féin, tá an-suim agam sa teanga dúchais. Fáiltím roimh an deis chun díospóireachta a bheith againn as Gaeilge. Fáiltímid roimh an sampla maith atá tugtha dúinn uile ag an Taoiseach Brian Cowen ó cheapadh é. Is féidir linn uile níos mó iarrachta a dhéanamh chun an Ghaeilge a thabhairt isteach in ár gcuid oibre laethúil féin, ‘sé sin an Ghaeilge a úsáid sa séipéal, san oifig, sa ghairdín, ar an sráid, ar an trá, sa phort, ar an bpáirc agus ag imirt peile. Is cuma má tá Gaeilge agat labhair í. An fáth nach bhfuil an Ghaeilge go flúirseach sa tír seo ná na daoine a bhfuil Gaeilge acu níl siad á cleachtadh.

Cuirtear ranganna Gaeilge ar fáil do bhaill an Oireachtais agus b'fhéidir gur cheart go mbeadh níos mó dúinn ag freastal ar na ranganna sin. Tá sé tábhachtach go dtiocfadh fás na Gaeilge ó na bailte agus ó na cathracha agus ón bpobal i gcoitinne atá ag freastal ar Ghaelscoileanna agus ar Ghael choláistí mar shampla. Tá buntáistí anseo freisin don Ghaeltacht mar beidh níos mó daoine ag iarraidh dul ar chuairt chun na Gaeltachta chun Gaeilge a fhoghlaim agus feabhas a chur ar a gcuid Gaeilge. I mo thuairim ní thagann feabhas ar do chuid Gaeilge múna chleachtann tú í. Is rogha an phobail é ag deireadh an lae an Ghaeilge a labhairt agus tá sé tábhachtach go gcabhródh pobal líofa na Gaeilge le foghlaimeoirí i gcónaí chun muinín a thabhairt dóibh a gcuid Gaeilge a fheabhsú agus a chleachtadh.

An plean straitéiseach 20 bliain don Ghaeilge atá mar sprioc ag plean an Rialtais go mbeadh níos mó saoránaigh dátheangach sa Ghaeilge agus sa Bhéarla agus go méadófaí líon na gcainteoirí Gaeilge laethúla. Beidh forbairt na Gaeltachta mar phobal labhartha fíor thábhachtach san obair seo. Tá sé mar aidhm ag an Rialtas an méid daoine le Gaeilge a mhéadú ó 1.6 milliúin go dtí 2 mhilliúin duine. Tá sé mar aidhm ag an Rialtas freisin, líon na gcainteoirí laethúla Gaeilge a mhéadú ó 85,000 cainteoir laethúil go dtí 250,000 cainteoir faoi cheann 20 bliain. Beidh gníomhaíochtaí an phlean 20 bliain bunaithe ar ráiteas an Rialtais i leith na Gaeilge a d'fhoilsigh muid i 2006.

Is í an Ghaeilge ár dteanga dúchais, agus ní mhairfidh sí muna chuireann gach duine sár iarracht isteach chun í a choimeád mar ár dteanga dúchais, sé sin an teanga a úsáidtear i ngach slí, i ngach áit agus i ngach suíomh.

Cuirim fáilte roimh an Aire agus ba bhreá liom a rá go bhfuilim an sásta go bhfuil an deis seo againn an Ghaeilge agus cúrsaí Gaeilge a phlé sa Seanad go háirithe i gcomhthéacs Seachtain na Gaeilge a bheith tagtha. Is dócha go bhféadfaí a rá faoin nGaeilge go bhfuil ana chuid daoine sa tír ní hamháin buíochas le Dia go bhfuil go leor daoine go bhfuil Gaeilge líofa agus Gaeilge ar a dtoil acu ach sa tír ar fad is minic a bhuailfimid ar fad le daoine atá báúil leis an nGaeilge; go bhfuil rud éigin sa chroí ag daoine maidir leis an nGaeilge. Sa tír ar fad is minic a bhuailimid uilig le daoine atá báúil leis an nGaeilge, tá rud éigean sa chroí ag daoine maidir leis an nGaeilge. Is minic a deir duine liom gur deas leis an nGaeilge a chloisteáil nuair a labhraím Gaeilge ó ham go chéile, fiú nuair nach dtuigeann sé gach rud atá ráite. Bíonn daoine sásta go bhfuil an Ghaeilge á plé.

Sinn a bhfuil an Ghaeilge againn, tá fáthanna éagsúla leis sin. B'fhéidir gur tógadh le Gaeilge sinn nó bhí múinteoirí maithe againn nó deiseanna againn agus sinn ag an gcoláiste nó ar scoil. Sin a tharla i mo chás féin. Tógadh i dteach mé nach raibh mórán Gaeilge inti ach bhí mo mhuintir an-bháúil leis an nGaeilge agus bhí sé de smaoineamh againn gur rud maith í an Ghaeilge, cuid dár n-oidhreacht agus gur rud fiúntach é tréan-iarracht a dhéanamh chun í a fhoghlaim agus feabhas a chur uirthi. Bhí múinteoirí iontacha agam ar scoil a léirigh go raibh níos mó ná jab i gceist ach gairm acu an Ghaeilge a chur chun cinn agus rinne siad a seacht ndícheall sin a dhéanamh.

Le déanaí bhí sé d'ónóir agam bheith mar chathaoirleach ar chraobh na hÉireann de dhíospóireachtaí Ghael Linn i Ros Cré do na meánscoileanna lán-Ghaelacha. B'iontach an ócáid í agus bhí scíleanna díospóireachta agus Gaeilge den scoth ag na mic léinn. Is sean-teanga í an Ghaeilge ach, ar bhealach eile, tá an Ghaeilge an-óg. Má féachaimid ar na daoine atá ag labhairt na Gaeilge sa tír anois sna Gaelscoileanna, agus ar na himeachtaí atá eagraithe ag a leithéid de Choláiste na bhFiann agus coláistí samhraidh eile, is léir go bhfuil nasc idir bheith óg agus an Ghaeilge a fhoghlaim agus sin an bealach ceart. Is cuimhin linn uilig agus sinn ar scoil, bíodh gur fiúntach an rud é an litríocht a fhoghlaim, mar aon le stair na teanga agus na litríochta, go raibh rud éigin in easnamh, nach raibh an bhéim cheart leagtha ar fhoghlaim na Gaeilge mar theanga labhartha.

Bhí áthas orm go raibh deis agam le linn dom bheith ag an mheánscoil is go raibh múinteoir, Michael John Kilgannon, go háitiúil a d'eagraigh cúrsaí Gaeilge i mBéal Átha na Sluaighe i rith an tsamhraidh agus d'fhreastal mé féin orthu agus rinne siad an-mhaitheas dom. Bhí sé de phríbhléid agam bheith mar mhac léinn agus ard-chinnire ina dhiaidh sin le Coláiste na bhFiann, agus tréaslaím leis na coláistí samhraidh don obair iontach atá ar siúl acu. Chuir mé aithne ansin ar a leithéid de Phádraig Uí Cheatharnaigh, atá ag déanamh sár-obair le Comhdháil Náisiúnta na Gaeilge.

Tréaslaím fosta le m'iar-ollscoil féin, Coláiste Ollscoil na Gaillimhe. Ní dhearna mé féin an Ghaeilge mar ábhar céime ach bhí scéim iontach curtha ar fáil ag Oifig na Gaeilge Labhartha faoi stiúradh an fhir iontaigh sin, Peadar Mac an Iomaire. Bhí deis ag mic léinn nach raibh Gaeilge á dhéanamh acu mar ábhar ollscoile dul chuig An Ceathrú Rua go dtí Áras Mhairtín Uí Chadhain chun cúrsaí Gaeilge a dhéanamh. Cén coincheap a bhí taobh thiar de sin? Le déanamh cinnte go mbeadh daoine amach anseo i gcúrsaí leighis nó innealtóireachta in ann seirbhísí a chur ar fáil trí Ghaeilge do lucht na Gaeilge.

Tréaslaím leis na daoine seo uilig a chinntigh ní hamháin go bhfuil an Ghaeilge bheo ach go bhfuil sí óg agus go bhfuil daoine meallta chun snás a chur ar a gcuid Gaeilge. Bhain mé féin an-tairbhe agus an-taitneamh as sin. Tá áthas orm go bhfuil a leithéid de Des Bishop ag díriú airde ar thábhacht na Gaeilge agus daoine óga á mhealladh aige. Gura fada buan na laocha seo ar fad toisc an tseirbhís atá déanta acu don tír, don chultúr agus do mhuintir na tíre as a gcuid grá don Ghaeilge a nochtadh agus daoine eile a mhealladh don Ghaeilge.

Tréaslaím freisim leis an Taoiseach agus an dea-shampla atá léirithe aige as an nGaeilge a úsáid chomh minic agus is féidir. Ní bhíonn sé furasta i gcónaí Gaeilge a labhairt sa Teach seo mar ní bhímid i gcónaí ag iarraidh brú a chur orthu siúd nach bhfuil Gaeilge ar a dtoil acu ach is fiú an iarracht a dhéanamh. Sinn a bhfuil an Ghaeilge againn, d'fhéadfaimis úsáid a bhaint aisti ar bhonn níos minice. Na daoine nach bhfuil mórán Gaeilge acu, is fiú dóibh iarracht a dhéanamh mar ní gheobhaidh siad ach fáilte uainn.

Cuirim fáilte roimh na díospóireachta seo. Bhí mé ag cuartú díospóireachta ó tháinig mé isteach go dtí an Teach seo ar chúrsaí Gaeilge agus Gaeltachta. Cé go gcuirim fáilte roimh na díospóireachta seo, níor chóir don Ghaeilge bheith curtha sa choirnéal le linn Seachtain na Gaeilge. Níl go leor ama tugtha don díospóireacht agus ní cheart dúinn bheith ag plé cúrsaí Gaeilge as Gaeilge, ba cheart dúinn na cúrsaí uilig a bhíonn le plé againn, ó stát na tíre go dtí cúrsaí iacaireachta, cúrsaí fostaíochta agus cúrsaí eacnamaíochta, a phlé trí Ghaeilge. Chuir mo chomhghleacaithe sa Dáil rún síos ar Riar na hOibre ansin mar gheall air sin go mbainfaimis úsáid as an nGaeilge 50% den am le linn an lae seo agus an lae amárach. Chuir mé féin agus Seanadóir O'Toole an rún céanna síos sa Seanad.

Ag leanúint air sin, ba cheart go mbeadh sé aontaithe ag na páirtithe go léir céatadán go bhféadaimis amach anseo le linn 2009 an Ghaeilge a úsáid sa Teach seo agus sinn ag plé ceisteanna eile.

Sin ráite, cuirim fáilte roimh na díospóireachta agus tá mé buíoch den Cheannaire ach, mar a dúirt mé, caithfimid an Ghaeilge a úsáid agus sinn ag déanamh gnáth obair na dTithe seo agus ní amháin nuair a bhíonn cúrsaí Gaeilge á phlé againn.

Ag díriú isteach ar an méid atá ráite ag an Aire Stáit, tá cúpla pointe ann. Nuair a luaitear na Gaelscoileanna, ceann de na neamairtí móra atá á dhéanamh ag an Rialtas seo ná an ciorcalán 0044/2007 agus go bhfuil an tAire Oideachais agus Eolaíochta go fóill dubh in éadan an tumoideachais agus ag iarraidh deireadh a chur leis. Go dtí an pointe seo, tá gníomhairí na teanga ag tabhairt cás cúirte in éadan an Stáit le cosaint a thabhairt don mhodh teagaisc seo, modh teagaisc a oibríonn ar fud an domhain. Is scannal é má fhéachann daoine ar cad é tá ag tarlú anseo nuair atá cosaint bhunreachtúil ag an nGaeilge mar phríomh-theanga na tíre seo. Má fhéachann daoine ar cad é atá ag tarlú sa Chomhthionól sna Sé Chontae, áit nach bhfuil an chosaint chéanna ag an nGaeilge, tá an tumoideachas mar pháirt lárnach i bpolasaí an Rialtais ansin ó thaobh cúrsaí oideachais de. Bheadh sé go maith le linn Seachtain na Gaeilge dá bhfógródh an tAire Oideachais agus Eolaíochta go dtarraingeodh sé siar an ciorcalán sin agus go ligfeadh sé don tumoideachas dul ar aghaidh agus go gcuirfeadh sé stop leis an ionsaí atá an Rialtas seo á dhéanamh ar na gaelscoileanna ar fud na tíre, scoileanna atá ag déanamh obair ar dóigh.

Ó thaobh an staidéir teangeolaíocht de, a luaigh an tAire Stáit sa ráiteas, rud atá ardaithe agam sa Teach seo go minic, ní thuigeann an Rialtas cé chomh práinneach agus atá sé. Tá se foilsithe anois ó 2007 agus chosnaigh sé níos mó na €500,000. Tá sé ráite go soiléir, i ndubh agus bán, sa staidéar go mbeidh an ceantar is láidre sa Ghaeltacht ag fáil bháis taobh istigh de 15 bliana mura gcuirfear na polasaithe atá sa staidéar i bhfeidhm. D'fhógair an tAire go mbeadh plean gníomhaíochta ag an Rialtas roimh dheireadh na bliana 2008. Tháinig sin agus d'imigh sé agus go fóill níl an plean sin againn. Nuair a chuir mo chomhghleacaithe sa Dáil ceist síos don Aire le fáil amach cé mhéad uair a bhuail an coiste aireachta ar a bhfuil an Taoiseach ina chathaoirleach, dhá uair ba fhreagra don cheist. Ó 2007, bhuail an coiste le chéile aireachta dhá uair chun plé a dhéanamh ar na moltaí sin. Nil sé sin maith go leor, nuair atá sé le feiceáil i staidéar a rinne an Rialtas go bhfuil an Ghaeltacht faoi bhrú — gheobhaidh sí bás muna gcuirfear na moltaí seo i bhfeidhm. Caithfidh an tAire Stáit agus a chomhghleacaithe an staidéar seo a ghlacadh, i ndáiríre. Tá a fhios agam go bhfuil brú eile ar an Rialtas agus ar an Taoiseach, ach caithfidh siad déileáil leis an bhfadhb seo go práinneach. Caithfidh siad plean gníomhaíochta a fhógairt agus a thacú.

Luaigh an tAire Stáit an tábhacht a bhaineann leis na coláistí Gaeilge. Tá a fhios agam, os rud é go dtagaim ó cheantar Gaeltachta, mar gheall ar na buntáistí a bhaineann leis na coláistí, ní hamháin don Ghaeilge ach d'eacnamaíocht na Gaeltachtaí freisin. Tugann na coláistí an-tacaíocht dos na ceantair sin. Chuir an Rialtas droch-chinneadh i bhfeidhm i mbuiséad 2009, áfach, nuair a ghearr sé an €50 a bhí le fáil do gach scoláire chun freastal a dhéanamh ar na coláistí Gaeilge. Is sampla é sin, mar aon leis an ionsaí ar an tumoideachas, don dearcadh ata ag an Rialtas ar an nGaeilge. Níl an Rialtas ag déileáil leis an staidéar teangeolaíocht mar ba chóir. Anois tá sé ag gearradh an €50 a tugadh do gach scoláire chun freastal ar an nGaeltacht agus an Ghaeilge a fhoghlaim. Tá an Rialtas ag déanamh ionsaí ar an nGaeilge. Caithfidh sé tarraingt siar ar sin.

Is féidir linn go leor a dhéanamh ó thaobh na Gaeilge de. Is rud mhaith é an plean 20 bliain. Ba chóir dúinn dearcadh fad-téarmach a bheith againn, ar bhonn náisiúnta. Ba cheart dúinn tacaíocht a thabhairt don Acht Teanga sna Sé Chontae. Cén áit atá ann d'Fhoras na Gaeilge taobh istigh den phlean 20 bliain? Sílim gur fhoras iontach tábhachtach é. Tá imní orm go gcuirfí ciorraithe i bhfeidhm ar an maoiniú a thugtar d'Fhoras na Gaeilge. Tá sé fógartha ag an Rialtas go ndéanfaí ciorraithe taobh istigh de chúpla seachtain. An bhfuil an tAire Stáit ábalta a rá leis an Seanad inniu nach mbeidh gearradh siar ar bith ar mhaoiniú Foras na Gaeilge?

Cuirim fáilte roimh na díospóireachta seo. Caithfimid i bhfad níos mó a dhéanamh. Bhuail mise, an Seanadóir Ó Murchú agus ceannairí na páirtithe eile leis an Aire, an Teachta Ó Cuív, níos mó ná bliain ó shin chun iarradh air conas gur féidir an Ghaeilge a chur chun tosaigh i dTithe an Oireachtais agus muid ag comóradh 90 bliain ón Chéad Dáil. Ba í an Ghaeilge an phríomh-theanga an lá úd i 1919. Caithfimid níos mó a dhéanamh. Má chuirimid an teanga i gcoirnéal beag, táimid ag déanamh neamhaird di. Ní féidir an jab a dhéanamh go simplí trí chúpla focal a rá le linn Seachtain na Gaeilge, agus sin é. Caithfimid níos mó plé a dhéanamh ar an nGaeilge chun í a chur chun cinn. Caithfidh an Ghaeilge bheith mar pháirt d'obair an Oireachtais gach lá. Ba mhaith liom comhoibriú leis an Rialtas agus na páirtithe eile sa dóigh is go mbeimid ábalta é sin a chur i gcrích.

Tá an-áthas orm bheith anseo. Tá mé i ndáiríre mar gheall ar sin. Is pribhléid dom é bheith anseo i bhur measc. Ar nós a lán Seanadóirí, fuair mé mo chuid bunoideachais agus meánoideachais trí mheán na Gaeilge ar fad, nach mór. D'fhoglaim mé Laidin trí Ghaeilge. Tá mo chuid Gaeilge imithe chun donais, faraor, ón lá gur chuaigh mé go dtí na ollscoile.

Aontaím leis an Seanadóir Doherty agus Baill eile a dúirt go gcaithfimid an Ghaeilge a úsáid i ghnáth-obair an Oireachtais — an Dáil agus an Seanad. Tá an-mheas agam ar Seachtain na Gaeilge mar thionscnamh, go mórmhór na daoine óga atá taobh thiar de. Cé go bhfuil sé tábhachtach, bheadh sé i bhfad níos sásúla dá mbeadh Question Time sa Dáil trí Ghaeilge go rialta. Bhí sé meascaithe idir Gaeilge agus Béarla i rith na seachtaine. Bheadh sé i bhfad níos sásúla dá bhféadfaimis é sin a dhéanamh.

Is léir os na cainteoirí difriúla go bhfuil an-suim ag an Seanad sa Ghaeilge, nó an "Ghaelainn", mar a dúirt an Seanadóir O'Toole. Is dóigh liom gurb í an "Ghaelainn" Gaeilge na Ríochta. Labhair Seanadóirí mar gheall ar stádas na teanga. Tá an ceart ag Seanadóirí a dúirt go bhfuil na Gaeltachtaí faoi bhrú. Tá an Rialtas ag obair chun tionchar an Bhéarla sna Gaeltachtaí a laghdú. Táimid socraithe ar thacaíocht a thabhairt do phobal na Gaeltachta timpeall na tíre, i dtoibreacha na Gaeilge ar nós Dún Chaoin, Leitir Mór agus Gaoth Dobhair. Tá sé de dhualgas orainn an Ghaeilge a chaomhnú agus a threisiú sa Ghaeltacht. Tá an Rialtas i ndáiríre go bhfuil sé chun gach cabhair is féidir leis a thabhairt don Ghaeilge, taobh istigh agus taobh amuigh den Ghaeltacht. Tá sé tábhachtach freisin cabhrú leis an mborradh atá tagtha ar ghluaiseacht na gaelscolaíochta i mbailte agus cathracha ar fud na tíre.

Dúirt roinnt Seanadóirí go bhfuil gá níos mó cabhrach a thabhairt do mhúinteoirí agus daltaí sna bunscoileanna agus sna meánscoileanna. Tá na cuiditheoirí a oibríonn faoin scéim "Tús Maith" ag obair go maith, i mo thuairim. Tuigim go bhfuil múinteoirí an-sásta leis agus go bhfuil tuismitheoirí an-báúil leis. Tá níos mó oibre le déanamh, ceart go leor. Táimid chun leabhráin agus uirlisí a chur ar fáil, faoin scéim "Séideán Sí", chun fás na teanga a chothú. Tá sé sin á leathnú ag an Rialtas. Labhair an Seanadóir O'Reilly mar gheall ar an scéim scoláireachta, atá an-tábhachtach. Aontaím leis an Seanadóir O'Toole gur cheart dúinn scéim a fhorbairt chun ligint do mhúinteoirí tréimhse a chaitheamh sa Ghaeltacht. Déarfainn go mbeadh an tAire i bhfábhar scéime den tsórt sin. Bhí sé ar fáil nuair a bhí na coláistí ullmhúchán fós oscailte. Botún mór ab ea é nuair a dúnadh iad go luath sna 1960í, ach ceist staire atá ann anois. Bheadh tréimhse sa Ghaeltacht an-tábhachtach do mhúinteoirí nach bhfuil Gaeilge flúirseach acu, cosúil linn féin.

Tá an Rialtas ag obair ar threoirplean chun úsáid na Gaeilge a leathnú, ní hamháin san Oireachtas ach i ngach pobal, mór nó beag, ar fud na tíre. Labhair an Seanadóir Hannigan mar gheall ar Chill Dheagláin i gContae na Mí. Tá Gaelscoil na Cille sa bhaile sin mar cheann de na scoileanna lán-Gaelacha is sine sa tír. Bíonn campa samhraidh ann gach bliain. Meascann na tuismitheoirí, na múinteoirí agus na páistí le chéile agus iad ag foghlaim na Gaeilge, ag rince agus ag dul ar dheireadh seachtaine saoire. Tá caighdeán an-árd Gaeilge sa dhúiche sin. Tá a fhios agam go bhfuil éileamh déanta ag muintir na háite gaelcholáiste a chur ar bun ann. Tá fás beag tagtha ar ghaelcholáistí sa chathair seo. Tá daoine ag lorg níos mó dóibh.

Labhair roinnt Seanadóirí mar gheall ar Seachtain na Gaeilge. Ba mhaith liom go mbainfí níos mó úsáide as an nGaeilge taobh amuigh de Seachtain na Gaeilge. Aontaím leis na daoine a labhair faoi, mar shampla, an tionchar atá agus an dea-obair atá á dhéanamh ag TG4 agus Raidió na Gaeltachta. Tá suim níos mó ag daoine, i mo thuairimse, i "Ros na Rún" ná mar atá acu i "Fair City", mar shampla. Tá tionchar an-mhór ag daoine ar nós Des Bishop ar shaol dhaoine óga go mórmhór.

Geallaim don Teach go ndéanfaidh an Rialtas gach cúnamh agus spreagadh a thabhairt chun an Ghaeilge a chur chun cinn sna Tithe seo agus ar fud na tíre. Ba cheart dúinn i dTithe an Oireachtais ceannasaíocht a thabhairt dos na daoine tríd an teanga a labhairt go laethúil mar is beatha teanga í a labhairt. Tiocfaidh mé ar ais chuig roinnt de na Seanadóirí le freagraí níos cruinne mar gheall ar Fhoras na Gaeilge agus an obair atá ar siúl mar gheall ar cheist an tumoideachais. Beidh an tAire i dteagmháil leo mar gheall ar na ceisteanna sin agus cinn eile nach raibh seans agam iad a fhreagairt.

Top
Share