Skip to main content
Normal View

Seanad Éireann debate -
Thursday, 18 Feb 2010

Vol. 200 No. 14

Appointment of An Coimisinéir Teanga: Motion.

I move:

That Seanad Éireann recommends Mr. Seán Ó Cuirreáin for reappointment by the President to be An Coimisinéir Teanga.

Ba mhaith liom buíochas a ghabháil leis na Seanadóirí agus Teachtaí a ghlac páirt i ndíospóireacht thar a bheith dearfach sa choiste Oireachtais inné. Tacaím go hiomlán leis an méid a dúradh faoi Oifig an Choimisinéara Teanga agus faoin gcoimisinéir. Tá ard-obair déanta ag Seán Ó Cuirreáin le sé bhliain anuas. Mar is eol don Teach, tá sé molta ag an Rialtas go n-iarraidh an dá Theach ar an Uachtarán an tUasal Ó Cuirreáin a athcheapadh nuair a thagann deireadh lena théarma Dé Luain seo chugainn. Is é sin atá ar bun againn inniu. Mar a dhéan mé inné, ba mhaith liom buíochas a ghabháil leis an tUasal Ó Cuirreáin as ucht na hoibre atá déanta aige. Silim go bhfuil tábhacht ar leith ag baint le Oifig an Choimisinéara Teanga. Má tá gearán ag daoine maidir le seirbhísí trí Ghaeilge, don chéad uair ó bhunaíodh an Stáit tá córas ceart ann le déanamh cinnte go gcuirfear na seirbhísí sin ar fáil. Tá bealach ag an bpobal a gcuid gearáin a chur in iúl agus leigheas a fháil orthu. Os rud é go bhfuil an tUasal Ó Cuirreáin coinsiasach faoin a gcuid oibre, ba mhaith liom moladh don Teach seo go nglacfaí faoin rún seo, go gceapfaí an tUasal Ó Cuirreáin mar Choimisinéir Teanga san athuair.

Cuirim fáilte roimh an Aire. Gabhaim comhghairdeas le Seán Ó Cuirreáin, atá le athcheapadh mar Choimisinéir Teanga. Is léir go bhfuil an-obair á dhéanamh aige agus a oifig chun Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003 a chur i bhfeidhm. Mar a dúirt an t-Aire, bhí díospóireacht an-mhaith ag an gcoiste inné. On behalf of the Fine Gael Party, I concur with the reappointment of Mr. Seán Ó Cuirreáin and commend him on his work.

Ba mhaith liom aontú go hiomlan leis an moladh go n-athcheapfaí Seán Ó Cuirreáin mar Choimisinéir Teanga. Go n-éirí an t-ádh leis.

Ba mhaith liom buíochas a ghabháil leis na Seanadóirí. Nílimid ag déanamh beag is fiú don ábhar seo. Pléadh é — it was discussed comprehensively yesterday. In fact, I cannot recall any discussion relating to the Irish language in which as many contributors took part as occurred at the committee yesterday. It was a good idea, therefore, to put the matter to the committee at which both Deputies and Senators could discuss it together. The motion was passed earlier in the Dáil after a very short debate, on the basis that we had had a good innings yesterday. I thank the Senators for their tremendous input into the debate and their support for this appointment.

Question put and agreed to.

When is it proposed to sit again?

Ag 2.30 p.m. Dé Máirt seo chugainn.

Top
Share