Skip to main content
Normal View

Seanad Éireann debate -
Wednesday, 10 Mar 2010

Vol. 201 No. 8

Irish Language: Statements.

Gabhaim buíochas as ucht an deis seo chun labhairt ar pholasaí an Rialtais i leith na Gaeilge le linn Seachtain na Gaeilge.

Creideann an Rialtas go bhfuil tábhacht ar leith ag baint leis an nGaeilge do phobal, do shochaí, do chultúr agus do gheilleagar na hÉireann. Dá réir sin, foilsíodh ráiteas an Rialtais i leith na Gaeilge ag deireadh 2006 inar gealladh go gcuirfí Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge i dtoll a chéile, bunaithe ar thrí chuspóir déag ar leith a chlúdaíonn nithe ar nós an Acht Teanga, cúrsaí oideachais, tacaíocht speisialta do thuismitheoirí agus don Ghaeltacht agus mar sin de. Tríd an ráiteas seo dearbhaíonn an Rialtas a tacaíocht d'fhorbairt agus do chaomhnú na Gaeilge agus na Gaeltachta.

Tá an dréacht straitéis 20 bliain don Ghaeilge fréamhaithe i ráiteas an Rialtais i leith na Gaeilge. Is éard a fheiceann muid sa dréacht straitéis ná plean gníomhartha nó "léarscáil bóthair" don Ghaeilge don fiche bliain atá romhainn. Beifear ag díriú ar an bpleanáil fad-téarmach don Ghaeilge a dteastaíonn ag an leibhéal náisiúnta le cinntiú go mbainfear amach an ollsprioc, is é sin, go mbeidh Gaeilge á labhairt go laethúil ag 250,000 duine faoi cheann fiche bliain. Chun an deis is fearr a bheith ann an ollsprioc seo a bhaint amach, ní mór díriú ar an phríomh aidhm atá ag an straitéis, sé sin, go seachadfar an Ghaeilge ó ghlúin go glúin agus go mbeadh sé seo á dhéanamh go nádúrtha sa teaghlach. Tá súil, tríd na hidirghabhálacha a bheidh sa straitéis, go dtabharfar spreagadh agus tacaíocht do thuismitheoirí a gcuid leanaí a thógáil le Gaeilge, ní hamháin sa Ghaeltacht ach go mbeadh an cinneadh seo á ghlacadh níos forleithne taobh amuigh den Ghaeltacht freisin. Ní tharlóidh gach rud thar oíche, ach caithfimid a chinntiú go ndéanfar dul chun cinn chéimiúil lá i ndiaidh lae. Tógfaidh sé obair dhian dhiongbháilte thar thréimhse ama fada chun an fhís a fhíorú.

I ndiaidh an Bhunreachta féin — a bhronnann tús áite ar an nGaeilge mar theanga náisiúnta agus mar an chéad teanga oifígiúil — is é achtú Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003 an gníomh reachtaíochta is tábhachtaí a tharla don Ghaeilge. Is léir go bhfuil go leor rudaí tábhachtacha bainte amach i dtaobh na Gaeilge le blianta beaga anuas. Ina measc tá bunú Oifig an Choimisinéara Teanga; an t-aitheantas a tugadh don Ghaeilge mar theanga oifigiúil oibre den Aontas Eorpaigh; dul chun cinn ghluaiseacht na nGaelscoileanna ar fud na tíre; bunú agus bláthú TG4; bunaíodh Foras na Gaeilge mar chuid den Fhoras Teanga i gComhaontú Aoine an Chéasta chun an Ghaeilge a fhorbairt ar bhunús Thuaidh-Theas; bunú go leor scéimeanna beaga sa Ghaeltacht, ar nós scéim na gcampaí samhraidh agus scéim na gcúntóirí teanga; forbairt agus fás ar na coláistí Gaeilge; agus bunú Anocht FM agus Raidió Rí-Rá.

Tá sé tráthúil ag an am seo den bhliain, nuair a thugann pobail an domhain níos mó aird ar an oileán beag seo, tacaíocht an Rialtais do theagasc na Gaeilge sna hinstitúidí tríú leibhéal thar sáile a lua freisin. D'fhógair mé le gairid go bhfuil maoiniú ceadaithe agam chun cuidiú leis an Beijing Foreign Studies Universitysa Sín chun ranganna Gaeilge a chur ar fáil in lonad Léinn Éireannaigh na hollscoile sin. Tá an fhorbairt seo uile ag leathnú lorg na Gaeilge ar fud an domhain. Tá sí ag cruthú buntáistí fostaíochta freisin do phobail Ghaeltachta anseo sa mbaile mar go meallann sé daoine ón iasacht le dul ann chun Gaeilge a fhoghlaim. Tá an straitéis 20 bliain don Ghaeilge ag tógáil ar an mbunchloch seo ar fad le cur chuige cuimsitheach.

Tá mé airdeallach ag an am céanna go bhféadfadh Gaeltachtaí láidre sleamhnú uainn go han-scioptha muna dtugann muid faoi chreimeadh na Gaeilge sa Ghaeltacht a stopadh ar bhealach cuimsitheach. Tá roinnt imní léirithe ag roinnt tráchtairí gur polasaí gníomhach don chomhtheangachas atá beartaithe againn don Ghaeltacht. Ba mhaith liom an deis seo a thapú le rá nach é sin atá i gceist ar chor ar bith. Ba mhaith linn ar lámh amháin go mbeadh pobal uile na Gaeltachta dátheangach ach go mbeadh an Ghaeilge mar phríomh theanga i dteaghlaigh, i gcóras oideachais agus i saol gnó agus sóisialta na Gaeltachta.

Ba mhaith liom é a chur ar an dtaifead arís freisin go bhfuil córas creidiúnaithe d'aistritheoirí curtha ar bun againn le tamall le cinntiú go bhfuil caighdeán inaitheanta ann ó thaobh aistritheoirí de. Bíonn daoine ag gearán ó thráth go céile faoi chostas aistriúcháin cháipéisí. Ba mhaith liom aird an Tí seo a tharraingt freisin ar na deiseanna atá ann chun úsáid a bhaint as an teicneolaíocht nua chun an Ghaeilge a fhorbairt. Tá an Rialtas ag tacú le acmhainní ar-líne, cosúil le www.focal.ie, www,logainm.ie agus www.freagra.net a chuidíonn le foghlaimeoirí Gaeilge agus iad siúd atá ag obair leis an nGaeilge gach lá araon. Tá go leor dul chun cinn déanta le teicneolaíocht nua mar seo freisin chun aistriúchán a dhéanamh níos saoire agus níos tapúla. Tá cuimhní aistriúcháin leictreonacha á thabhairt suas chun dáta an t-am ar fad agus cabhraíonn sé sin chun obair aistriúcháin a dhéanamh níos saoire. Oibríonn siad seo ar bhealach an-chosúil leis an gcaoi go n-oibríonn an téacs thuarthach ar ghuthán póca. Is samplaí maithe iad seo den gheilleagar cliste ag feidhmiú sa ghnáthshaoil. Ar ndóigh, osclaíonn na forbairtí seo deiseanna don tír seo amach anseo chun seirbhísí teicneolaíochta mar seo a dhíol le tíortha eile.

Ní amháin go bhfuil deiseanna nua foghlamtha agus oibre cruthaithe ag an teicneolaíocht nua don Ghaeilge, ach tá "Gaeilge nua" cruthaithe aici freisin. Tá go leor focail nua tagtha isteach sa Ghaeilge de bharr forbairtí sa teicneolaíocht nua, rud a tharraingíonn ár aird ar chaighdeán oifígiúil na Gaeilge. Is cúis mhóir áthais dom í a fhógairt don Teach inniu, le linn seachtain na Gaeilge, go mbeidh an t-athbhreithniú ar an gcaighdeán oifígiúil, bunaithe ar chinneadh Rialtais, á thosú an mhí seo chugainn. Tá sé thar am go ndéanfaí an t-athbhreithniú seo. Tá an teanga ag forbairt agus ag fás níos scioptha ná ariamh, ach is é an leagan céanna den chaighdeán, nach mór, atá i bhfeidhm inniu is a bhí nuair a céadfhoilsíodh é i 1958. Tá sé tar éis freastal ar riachtanais na teanga le os cionn 50 bliain anuas, ach aithnítear go forleathan gur cheart dúinn tabhairt faoin athbhreithniú seo i gcomhthéacs na bhforbairtí suntasacha sa tír agus ag leibhéal na hEorpa le cúpla bliain anuas. Tá mé ag caint ach go háirithe ar stádas na Gaeilge mar theanga oibre san Aontas Eorpach, Acht na dTeangacha Oifigiúla agus ar thionscadal an fhoclóra nua Béarla-Gaeilge atá á stiúrú ag Foras na Gaeilge. Tá an dá chéim seo ag cur go mór lena bhfuil á éileamh ag pobal an lae inniu ar an teanga, go háirithe agus iad ag plé leis an Stát, agus cuirfídh siad leis go leanúnach amach anseo.

Beidh boird stiúrtha ann a dhéanfaidh an t-athbhreithniú a stiúrú. Tiocfaidh ballraíocht an choiste ó réimsí éagsúla den saol — foclóireacht, oideachas, dlí, aistriúchán, téarmaíocht, meáin agus léann agus, ar ndóigh, cainteoirí dúchasacha. Is ceart dúinn smaoineamh go speisialta ar an ról stairiúil lárnach atá curtha díobh acu ag foireann rannóg an aistriúcháin i dTithe an Oireachtais maidir leis an gcaighdeán. Is féidir liom a dheimhniú go mbeidh mé ag tabhairt cuireadh speisialta, tríd an Ceann Comhairle, le go mbeidh ionadaíocht ag an rannóg ar an gcoiste seo. Is fíú smaoineamh chomh maith ar an obair mhór atá déanta ag Foras na Gaeilge, ag an Roinn Dlí agus Cirt, Comhionannais agus Athchóirithe Dlí, agus ag an Roinn Oideachais agus Eolaíochta maidir leis an teanga scríofa, agus gheobhaidh siadsan cuireadh chomh maith a bheith ar an gcoiste stiúrtha.

Pléifídh an coiste seo moltaí agus ansin eiseoidh sé a chuid moltaí chuig an bpobal a mbeidh deis acu tuairimí a nochtadh ina dtaobh. Eiseofar na moltaí chuig an gComhchoiste Oireachtais um Ghnóthaí Ealaíon, Spóirt, Turasóireachta, Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta agus gheobhaidh baill an chomhchoiste sin tuairiscí rialta ar dhul chun cinn na hoibre. Déanfaidh an coiste stiúrtha moladh deireanach don Aire ansin, tar éis na tréimhse comhairliúcháin. Mar sin, is léir gur próiseas céimnithe tomhaiste a bheidh i gceist anseo.

Ní hamháin go mbeidh tionchar torthúil láithreach ag an bpróiseas seo ar an teanga, ach tá mise mar Aire ag iarraidh a chinntiú go mbláthfaidh an síol seo arís is arís eile thar na blianta atá romhainn. Ginfidh an t-athbhreithniú seo múnla gur féidir a úsáid le hathbhreithnithe a dhéanamh gach cúig bliana nó mar sin. Tá mé cinnte go mbeidh Seanadóirí sásta a chloisteáil go bhfuil sé i gceist agam mar Aire go mbeidh gach deis ag an bpobal a bheith rannpháirteach sa phróiseas stairiúil seo, bunaithe ar an teicneolaíocht nua-aimseartha. Fógrófar ar-líne ag tús an phróisis gur féidir le haon duine clárú do na tréimhsí comhairliúcháin a bheidh mar chuid lárnach den phróiseas athbhreithnithe. Ar an gcaoi seo, cuirfear ar an eolas iad go huathoibríoch nuair atá moltaí eisithe ag an gcoiste stiúrtha le haghaidh comhairliúcháin. Chomh maith leis sin, fógrófar na moltaí seo go poiblí de réir mar a thiocfaidh siad chun cinn. Tá sé i gceist agam go dtosóidh obair an choiste stiúrtha an mhí seo chugainn agus go dtabharfaí obair an choiste féin chun críche faoi cheann Meitheamh na bliana seo chugainn. Tá súil agam go mbeidh leagan athbhreithnithe de chaighdeán oifígiúil ar fáil le foilsiú don bpobal faoi cheann Mheitheamh 2011.

Ar an gcaoi seo, tá sé mar sprioc agam go mbeidh an caighdeán leasaithe sách cruinn agus sách láidir le cothromaíocht tomhaiste a bhaint amach idir stádas na teanga a chaomhnú agus beocht na teanga a chothú. Tugaim cuireadh do na Seanadóiri agus don bpobal an deis stairiúil seo a thapú i gcomhpháirt le chéile le go bhfágfaimid seoid eile don teanga agus do lucht a húsáidte thar na glúinte a thiocfaidh inár ndiaidh. Tá mé buíoch arís do Bhaill an Tí as ucht an deis a thabhairt dom an fógra seo a dhéanamh inniu sa Seanad agus go mórmhór an deis sin a thabhairt dom le linn seachtain na Gaeilge. Go raibh míle maith agaibh.

Cuirim fáilte roimh an díospóireacht tráthúil seo agus sinn i lár seachtain na Gaeilge. Is bua mór é an deis atá againn Éire agus a cultúr a chur i láthair. Is bua faoi leith í an Ghaeilge a chaithfimid a chothú. Is tábhachtach an beart é mar sin ár ndíogras i leith na Gaeilge a athnuachan. Ní foláir dúinn é seo a dhéanamh, ní hamháin toisc go n-ainmnítear í sa Bhunreacht mar chéad teanga na tíre ach toisc gur siombail láidir na hÉireannachais í leis. Is gnéithe tábhachtacha den Éireannachais iad ár gcultúr, ár n-oidhreacht agus ár dteanga. Is ag eascairt as an mbród atá againn dár dtír, a fhaighimid leis an mbainne cíche, a thagann chugainn caomhnú teanga ársa na Gaeilge. I very much welcome the Minister's cradle to the grave approach. It is important for young people to be immersed in Irish from an early age.

Cé go maítear in áiteanna gur ag meath atá an Ghaeilge agus lucht a labhartha, léiríonn na figiúirí daonáirimh is déanaí gur i méad atá lucht labhartha na Gaeilge ag dul. Is féidir linn a bheith buíoch leis do ghluaiseacht na gaelscolaíochta as cuid mhaith den athbheochan seo. Tá sé tábhachtach go n-aithnítear dea-obair ár múinteoirí, a saothraíonn go dian ar son na hóige agus ar son na teanga, agus tá sé tábhachtach leis go dtréaslaímid lena gcuid iarrachtaí. Caithfimid leanúint leis an tacaíocht a thugtar do mhúinteoirí sna scoileanna. Ón uair go foilsíodh curaclam 1999, tá béim an-láidir á chur ar chumarsáid le Gaeilge sna seomraí ranga. Tá tacaíocht churaclaim nach beag á thabhairt ag an tSeirbhís um Fhorbairt Ghairmiúil do Bhunscoileanna nó an Primary Professional Development Service. Ní foláir do bheathú na teanga go gcloífear leis an dea-obair seo a bhfuil difríocht an mhór á dhéanamh aici ar dhul chun cinn na Gaeilge inár scoileanna.

I am concerned that the Minister's namesake, the Minister for Education and Science, Deputy Batt O'Keeffe, through his imposition of an embargo on professional development in schools, would do a disservice to the work the Minister present has been doing in promoting the Irish language. There is a cross-party consensus on the need to improve the use of Irish but I am concerned the approach of the Minister for Education and Science is regressive in terms of primary development services, which has become a great instrument of the Irish language in bunscoileanna.

Cé go raibh an Ghaeilge in ísle brí tráth, tá borradh agus fás nua ag teacht uirthi. Sé sin le rá go bhfuil sé ag éírí níos faiseanta anois an Ghaeilge a labhairt, a bhuíochas san do leithéid Des Bishop agus do chláracha de chuid TG4 ar nós "Paisean Faisean". The Minister referred to the new Irish radio stations and to TG4. It is important to pay tribute to the role of TG4 and to Dublin city's Irish language radio station, both of which help to promote the Irish language. Tá sé de dhualgas ar Rialtas na hÉireann áit lárnach laethúil a chruthú don Ghaeilge, i ngnáth saol an duine.

The Minister referred to the Joint Committee on Arts, Sport, Tourism, Community, Rural and Gaeltacht Affairs, of which Senator Ó Murchú and I are members. I visited the Gaeltacht recently, and will meet today with Údarás na Gaeltachta which plays an important role in the development of policy for the Irish language. In the modern world, it is incumbent to bring change to the manner in which the Irish language is used. As I stated previously, I studied Irish at honours leaving certificate level but subsequently lost some of my command of the language, which I am trying to reclaim at present. As such a person, I consider it important to bring Irish to the level of the people. While I do not wish to give an advertising plug to Meteor, it has launched a new innovative Irish voicemail service. It was launched with the gaeilgeoir, Síle Seoige, and the new messaging service allows Meteor customers to use the cúpla focal gach lá. This is to be praised and welcomed and there should be more such developments. Perhaps this can be used in schools, where many students have mobile telephones, as a way to help promulgate the use of Irish in a simple and practical way. Such a simple methodology allows people to become more comfortable with the use of Irish.

Maidir le Fine Gael, léirigh Enda Kenny, sa bhliain 2006, an fhís atá aige don Ghaeilge sa bhfiche haonú aois agus faoi conas a mhúintear an Ghaeilge. Is furasta fís Fhine Gael a mhíniú. Ba cheart dúinn ár muintir, agus ár leanaí ach go háirithe, a mhúineadh conas cumarsáid a dhéanamh i nGaeiIge. Caithfimid cur chuige na Gaeilge a athrú ó na fréamhacha aníos, sa chóras oideachais agus i measc an phobail araon. Tá dúshláin ar leith curtha os comhair comhlachtaí Gaeltachta agus tá roinnt pobail Ghaeltachta ag strácáil leo ar a ndícheall chun teacht amach as an ngéárcheim eacnamaíochta. Tá géar gá ann go gcruthódh an Rialtas poist sna ceantair sin. Tá cuid mhór de mhuintir na Gaeltachta faoi bhrú. The Minister's speech referred to the importance of the Gaeltacht communities in the creation of employment. Ireland is privileged to have Gaeltacht regions which stand as proud symbols of Irishness and we must never allow the Gaeltacht to die. It is important to create and bring industry to Gaeltacht areas and I am concerned about the future role for Údarás na Gaeltachta. It is important to listen to the Gaeltacht communities which have a genuine concern regarding the development of their localities. It is important to have a vibrant and proud Gaeltacht community. That said, were the Minister to accept a cross-party approach to this view, he would secure support from this side of the House.

Is iad seo a leanas mo chuid tuairimí faoi conas forbairt a dhéanamh ar úsáid na Gaeilge; béim a chur ar an teanga labhartha ó aois an-óg; naíonraí a mhaoiniú agus a fhorbairt i gceart; agus cúrsaí i labhairt na Gaeilge a bhunú do thuismitheoirí. The development of the naíonra and the support for the Irish language among parents through the model of immersion, tumoideachas, is very important. I know from my involvement in Cumann Lúthchleas Gael, whereby my club at Baile an Easpaig has hosted a naíonra for a long time, from seeing the growth of the gaelscoil movement and of having a sister who teaches trí Ghaeilge in Gaelcholáiste Choilm, Corcaigh, that it is important to bring parents and children with us.

Maidir le aitheantas a thabhairt d'ionaid Ghaeilge inár mbailte agus ár gcathracha, the recognition of new Irish language centres in our towns and cities should be considered. In the city of Cork, the docklands could be an area in which such a centre could be located. It could act as a centre of excellence or a centre of usage. The Minister also made reference to the Internet. Caithfear níos mó béime a chur ar an nGaeilge sna meáin cumarsáide agus sna hilmheáin. Ba mhaith liom dá mbeadh an teanga a úsáid lasmuigh den churaclam féin, mar shampla, cócáireacht, spórt, corpoideachas agus na hamharcealaíona ins na bunscoileanna. For example, my nieces, Sinead and Éabha, attend gaelscoil, at which they use arts and crafts and play sports through Irish. They even have the ability to correct my grammar when I speak as Gaeilge to them in my broken, bad Irish. Moreover, I encountered in the corridor today a group from a school in Dublin, who were enthused to learn that Members were having a debate today as Gaeilge. Even though they were in sixth class, they were disappointed that they could not be here for the debate.

Ba mhaith liom dá ndéanfaí forleathnú leanúnach ar sheirbhísí TG4 agus Raidió na Gaeltachta. Ba mhaith liom freisin dá n-úsáidfaí an Ghaeilge láimh leis an bhfiontraíocht don turasóireacht. Mar fhocal scoir, mar a dúirt an tAire ina oráid, is léir go bhfuil go leor rudaí tábhachta bainte amach i dtaobh na Gaeilge le blianta beaga anuas. Mar sin féin, tá fadhbanna ann. Tá fadhbanna ag muintir na Gaeltachta maidir le dífhostáiocht de bharr cúrsaí eacnamaíochta agus maidir le Gaeilge a labhairt sna Gaeltachtaí.

In conclusion, I would have liked to have been able to speak go léir trí Gaeilge ar an díospóireacht seo. As Senator Ó Murchú knows well, I am an example of where the Irish language has a willing advocate. Tá an Seanadóir O'Reilly in aice liom agus tá an Ghaeilge go flúirseach aige freisin. It is important to use the Irish language as a means to communicate our pride in being Irish. The language constitutes a great symbol of what it means to be Irish and we should never lose that. Mar a dúirt mé, tá an díospóireacht seo tráthúil agus cuirim fáilte roimpi. Ba chóir dúinn an Ghaeilge a úsáid ní hamháin le linn na díospóireachta seo i Seachtain na Gaeilge, ach i rith na bliana. Molaim an díospóireacht agus gabhaim buíochas leis an Aire as ucht a oráid.

Cuirim fáilte roimh an Aire agus oifigeach na Roinne freisin. Tá áthas orm go bhfuil an chaoi seo againn chun ráiteas a dheanamh i dtaobh na Gaeilge, go mórmhór ós rud é go bhfuil seachtain na Gaeilge ar súil i láthair na huaire. Molaim na daoine atá i mbun an fheachtais sin mar tá ag eirí go h-ana mhaith le Seachtain na Gaeilge, beagnach coicís na Gaeilge, anois. Tugaim faoi deara gur daoine óga is mó atá i mbun na hoibre. Tugann sé sin dóchas dúinn.

Nuair a bunaíodh coiste an Rialtais i leith na Gaeilge agus nuair a chuaigh an Taoiseach mar chathaoirleach ar an gcoiste sin, bhí sé soiléir go raibh stádas faoi leith á thabhairt ag an Rialtas don Ghaeilge agus go raibh an Rialtas dáiríre faoi aon rud a bheadh ag teastáil nó a bheadh le déanamh maidir le cur chun chinn na Gaeilge agus aitheantas a thabhairt don Ghaeilge freisin. Mar sin, is féidir linn bheith an-dóchasach i láthair na huaire maidir le stádas na Gaeilge. Ní raibh an scéal amhlaidh dar ndóigh sna 1960í agus sna 1970í. Bhí an-chuid rudaí diúltacha le clos ag an am sin. Go minic bhí naimhdeas ann i leith na Gaeilge, rud a chur an-díomá orainn go léir. Tá athrú iomlán ann anois maidir leis an t-atmaisféar i dtaobh na Gaeilge. Tá sin an-soiléir sa Teach seo. Tá an-dea thoil don Ghaeilge, tacaíocht don Ghaeilge agus comhoibriú maidir leis an nGaeilge sa Seanad. Níor chuala mé riamh focal cáinte i leith na Gaeilge sa Teach seo; a mhalairt ar fad atá ann ó ghach taobh.

Is cuimhin liom nuair a bhíomar ag lorg stádais oibre oifigiúil a bhaint amach don Ghaeilge san Aontas Eorpach gur sa Teach seo a thosaigh cuid den obair sin, le rún comhpháirtithe a ritheadh d'aonghuth. Ghlac an Dáil leis an dea-shampla a thugamar agus tharla díreach an rud céanna sa Dáil. Bhí gach páirtí ar thaobh an rúin. Ní dóigh liom go dtarlaíonn sin ró-mhinic. Cruthaigh sé go raibh ré nua ann don Ghaeilge agus nár bhain sí le polaitíocht pháirtí ná aon rud mar sin ach gur ghlacamar gur ár dteanga féin a bhí inti. Bhí sin níos soiléire fós nuair a ritheadh an Bille agus nuair a bhí an t-Acht nua againn, Acht na dTeangacha Oifigiúla. Arís, is cuimhin liomsa go raibh sin á phlé ag daoine. Ní dóigh liom gur chreid mórán ag an am go dtarlódh a leithéid, ach tá sé ann anois agus tá sé á chur i bhfeidhm. Tá breis agus 600 comhlachtaí poiblí luaite ann a bheidh in ann seirbhís dhátheangach a chur ar fáil. Go dtí seo, de réir mar a thuigim, tá 100 scéimeanna curtha i bhfeidhm agus 30 á n-ullmhú i láthair na huaire. Tá sé soiléir go bhfuil dul chun cinn an-tapaidh déanta maidir leis sin. Tá sin tábhachtach. Rud amháin é an Ghaeilge a mhúineadh sna scoileanna agus cumas Gaeilge a bheith ag daoine, ach muna mbeidh an timpeallacht féin á Ghaelú agus muna mbeidh seirbhísí ar fáil, beidh sé an-deacair an Ghaeilge a chothú agus a chaomhnú. Anois beidh daoine in ann dul isteach chuig oifig an phoist, nó an chomhairle contae agus gníomhaireachtaí eile agus seirbhís a fháil trí Ghaeilge. Bhí roinnt mhaith cainte maidir le aistriúchán ar cháipéisí, ach ní raibh aon bhunús le cuid de na ráitis maidir leis sin. Thug an tAire sampla den chostas a bhaineann le haistriúchán. Costas fíor-bheag atá ann dáiríre i gcomparáid le cuid de na figiúirí a bhí á fhoilsiú ag an am.

Tá cúis dóchais le feiceáil sna figiúirí ón daonáireamh deireannach freisin. Léirigh 42% de dhaoine go bhfuil cumas Gaeilge áirithe acu. Sin méid an-mhór — breis agus 1.5 milliún duine a bhfuil cumas sa Ghaeilge acu. Tá an dréacht straitéis atá againn an-chuimsitheach go deo. An sprioc atá leagtha amach inti ná go mbeidh 250,000 duine taobh istigh de 20 bliain ag úsáid na Gaeilge go rialta. Sin trí oiread níos mó ná mar a bhí léirithe ag an am sa daonáireamh deireannach. Is sprioc an-mhór í sin agus ní féidir í a bhaint amach gan plean cuimsitheach. Sin díreach atá sa straitéis. D'úsáid an tAire an téarma "léarscáil bóthair", agus sin mar ba chóir é a bheith. Ní obair shimplí í seo. Caithfimid a bheith cúramach gan an iomarca stró a chur ar dhaoine teacht isteach ar na pleananna atá sa straitéis. Caithfimid iad a mhealladh chomh maith le gach rud eile. Má tá muid chun líonras 250,000 a bhaint amach, is cinnte go gcaithfidh an plean a bheith céimnithe agus go mbeimid in ann é a bhaint amach céim ar chéim.

An rud is mó a chuaigh i bhfeidhm ormsa maidir leis an dréacht straitéis ná go bhfuair na grúpaí ar fad atá ag saothrú na Gaeilge agus an chultúir Ghaelach seans a dtuairimí a nochtadh. Mar shampla, tháinig seacht grúpa os comhair an chomhchoiste Oireachtais lá amháin. Beimid ag leanúint ar aghaidh le sin inniu agus beidh Údarás na Gaeltachta ina measc. Chuaigh an comhchoiste go Conamara freisin agus tháinig 30 grúpa isteach lena dtuairimí a nochtadh. Bhí beagnach gach grúpa a tháinig isteach báúil leis an straitéis agus dearfach ina taobh. Tá sin tábhachach mar muna mbíonn comhoibriú le feiscint ó ghach phairtnéir a bhaineann leis an nGaeilge, ní bheidh an neart ann gur féidir linn a bheith againn. Tá áthas orm gur ar an mbunchloch sin atá an straitéis á thógáil.

Maidir le hÚdarás na Gaeltachta, an moladh atá sa straitéis ná gur Údarás na Gaeilge a bheidh ann amach anseo. De réir mar a thuigim, ní hionann é sin agus a rá go mbeidh aon athrú bunúsach ar an obair a bhí á dhéanamh ag an údarás go dtí seo ach go mbeidh dualgais eile air freisin. Ós rud é go bhfuil roinnt oibre le déanamh i leith sin, tuigim nach mbeidh an toghchán don údarás ag tarlú díreach anois. Seans go dteastaíonn ón Aire níos mó ama a thabhairt i dtreo agus go mbeidh dul chun cinn ann maidir leis an údarás idir an dá linn.

Bhí an-áthas orm an méid a bhí le rá ag an Aire maidir leis an caighdeán oifigiúil agus an coiste atá á bhunú a chlos. Tá áthas orm go mbeidh rannóg an aistriúcháin lárnach san obair seo. Ba mhaith liom an rannóg a mholadh as an obair atá déanta aici go dtí seo. Gan rannóg den tsaghas sin agus téarmaíocht ag athrú chuile lá agus téarmaíocht nua-aimseartha ag leathnú, ní bheadh ar ár gcumas gnó a dhéanamh trí Ghaeilge go proifisiúnta. Nuair a bheidh an coiste ina shuí, tá súil agam go mbeidh an obair atá déanta ag an rannóg go dtí seo, agus atá le déanamh sa todhchaí, mar chuid lárnach den obair a bheidh ar siúl ag an gcoiste.

Ní bheadh sé ceart críoch a chur le ráitis ar an ábhar seo gan an cheist faoin reshuffle a lua. Tá súil mhór agam go mbeidh Aire sinsearach ann don Ghaeilge. Tá súil agam freisin go mbeidh Roinn faoi leith ann don Ghaeilge, ach ní hamháin don Ghaeilge. Molaim an Roinn iontach atá againn i láthair na huaire, ach tá cúrsaí pobail agus tuaithe i gceist chomh maith. Tá súil agam go mbeidh an Teachta Éamon Ó Cuív fós againn mar Aire, mar níl aon amhras faoi ach go bhfuil ard-mheas air ó Thuaidh agus ó Dheas, sa Ghaeltacht agus lasmuigh di. Ós rud é go bhfuil sé léirithe ag an Taoiseach agus an Rialtas go bhfuil siad go mór taobh thiar den Ghaeilge, beidh eolas acu ar an obair lárnach atá déanta ag an Aire, ach más rud é go mbeidh nithe eile á chur leis an Roinn, sin mar is fearr é.

Tá súil agam go mbeidh seans eile againn go luath leanúint ar aghaidh le ráitis mar seo mar tá an-chuid rudaí gur cóir dúinn a phlé agus staidéar a dhéanamh orthu. Nuair a bheimid ag caint leis an gCeannaire amach anseo, tá súil agam go mbeidh seans aige leanúint ar aghaidh ar an dul céanna ag tabhairt seans dúinne ráitis eile a dhéanamh.

Cuirim fáilte roimh an Aire Stáit agus tacaím go huile agus go hiomlán leis an méid atá ráite ag an Seanadóir Labhrás Ó Murchú, go háirithe lena dúirt sé maidir le tábhacht Aire sinsireach a bheith ann don Ghaeilge agus gach rud a bhaineann leis agus le tábhacht an róil atá á imirt at an Teachta Éamon Ó Cuív, ach go háirithe. Is siombail é siúd agus is pearsantacht é a sheasann do an-chuid rudaí atá go maith agus tábhachtach laistigh de Phairtí Fhianna Fáil agus i saol poiblí na tíre.

Bhí beirt Aire i láthair ag an díospóireacht seo agus Gaeilge mhaith ag duine amháin acu ar a laghad. Tá sé rí-thábhachtach go mbeadh daoine le Gaeilge imeasc cheannairí na tíre. Más rud é go bhfaigheann an Teachta céim in airde bheadh sin tuilte go mór aige. Tá a fhios agam go mbeadh sé in ann a chuid dualgais a chomhlíonadh ar bhealach chuimsitheach agus chomh fada agus bhaineann sé leis an teanga nach mbeadh aon chiall ansin ach an oiread

Fáiltím go mór roimh fhógra an Aire maidir leis an ath-bhreithniú i gcás an Chaighdeáin Oifigiúil. Tá géar gá leis seo, go háirithe i gcomhthéacs na hathraithe a luaigh an t-Aire féin. Tá sé tábhachtach freisin a rá, go bhful fadhbanna beaga sa Chaighdeán Oifigiúil mar atá sé faoi láthair. Tá rudaí in easnamh ón gCaighdeán agus rudaí go bhfuil sé amhrasach fúthu. Tá rudaí nár éirigh leis teacht ar réiteach na faidhbe a riamh maidir leo. Mar shampla nuair a thagann dhá ainmfhocal le chéile agus an chéad cheann baininscneach an ndeirtear "cúis mórtais" nó "cúis mhórtais"? Tá amhras sa Chaighdeán faoi rudaí mar sin agus tá liosta mór eisceachtaí ann. I gcónaí, bíonn gá le hobair leanúnach maidir le teanga agus faoi mar a athraíonn sé imeasc an phobail. Tá na fadhbanna ársa sheanchaite sa Chaighdeán mar atá sé faoi láthair agus beidh gá le hobair ansin. Guím gach rath orthu siúd a bheidh i mbun na hoibre sin.

Dúirt an Piarsach uair amháin, "The Irish people would do anything for the Irish language except learn or speak it." Tá súil agam nach bhfuil sin fíor sa lá atá inniu ann. Tuigimid uilig go bhfuil dea-mhéin imeasc an chuid is mó de phobal na tíre maidir leis an teanga Ghaeilge ach ní hionann sin agus cur chuige a bheith ann. Tá sé fíor thábhacht go mbeadh ceannaireacht leanúnach chuimsitheach chiallmhar ar fáil ón Stát maidir leis sin.

Sa chomhthéacs sin, luafainn an straitéis 20 bliain. Is íontach ann é agus an 13 mholadh atá ann. D'fhéadfaí a rá go bhfuil dhá rud in easnamh ann. Níl struchtúr ceart sa straitéis le cén chaoi a gcuirfear i bhfeidhm í. Ar leibhéal an Rialtais, mar shampla, an é Roinn an Taoisigh a bheidh i gceannas ar chur chun cinn na straitéise? Tá fíor-ghá le pleanáil agus tá sin in easnamh faoi láthair.

Tá an straitéis easnamhach chomh maith sa mhéid is nach bhfuil aon rud ráite inti faoi earcaíocht fóirne. Tá sé ceart go leor a rá go mbeidh seo siúd agus eile déanta maidir leis an nGaeilge, mar shampla i gcúrsaí oideachais i gcomhthéacs choláistí samhraidh agus mar sin de ach caithfimid díriú arís ar an Stát Seirbhís. Ó fuarthas réidh leis an riail go raibh Gaeilge riachtanach sa Stát Seirbhís i 1974, níl amhras ach go bhfuil teip agus meith maidir le húsáid na Gaeilge san earnáil phoiblí ó shin. Ní cóir nach mbeadh daoine in ann foirmeacha a fháil i nGaeilge nó seirbhís a fháil i nGaeilge más mian leo é. Tá an-chuid cainte faoi chiorraithe agus tá sin in-tuigthe, ach nuair a bhí an Ghaeilge riachtanach don earnáil phoiblí bhí daoine sa chóras a bhí in ann rudaí a dhéanamh trí Ghaeilge, foirmeacha a dhréachta agus a leagan amhach trí Ghaeilge agus mar sin de.

Nuair atá post á fhógairt san earnáil phoiblí, i mBord Soláthar Leictreachais, RTE nó sa Stát Seirbhís féin, ba cheart socrú a dhéanamh an é go mbeadh an Ghaeilge úsáideach don phost, an buntáiste a bheadh sa Ghaeilge nó an é go mbeadh an Ghaeilge riachtanach. Tá ról anseo ag an Choimisiún um Cheapachan Poiblí go gcaithfear "Gaeilge proofing" a dhéanamh. Nuair atá poist á fhógairt san earnáil phoiblí ba cheart go mbeifear ag cur na ceiste seo. "An mbeidh an Ghaeilge riachtanach chun an jab seo a dhéanamh i gceart, go háirithe má tá aon idir-bheartaíocht leis an bpobal i gceist." Má tá aon duine ag deighleáil leis an bpobal ba chóir go mbeadh an Ghaeilge riachtanach dá phost. Caithfimid dul sa treo sin arís. Níl aon leisce orainn a éileamh go mbeadh an ardteistiméireacht nó céim sa Ghaeilge ag daoine. Bíonn riachtanais éagsúla ag baint le gach post. Cad chuige nach mbeadh an Ghaeilge lárnach imeasc na riachtanais sin.

Ba mhaith liom ceist Ollscoil Náisúnta na hÉireann, NUI, a lua. D'fhógair an tAire Oideachais agus Eolaíochta le déanaí go mbeifear ag fáil réidh leis an NUI, ach céard faoin ról atá ag an NUI i gcosaint na Gaeilge, go háirithe maidir leis an riail go mbeadh gá le Gaeilge chun freastal ar ollscoil de chuid NUI. Is é an NUI a chuir an riail sin i bhfeidhm i gcónaí, agus tá a fhios agam go bhfuil eisceachtaí ann. An bhfuil aon phlean chun an riail sin a chosaint agus a chur i bhfeidhm sa chás nach mbeadh an NUI ann. Níor chualamar aon rud ón Rialtas maidir leis sin.

Fáiltím leis an méid a léigh mé in The Irish Times inniu. Dúirt an t-úrlabhraí caoi, an Teachta Ring, go mbeadh aireacht iomlán don Ghaeilge dá mbeadh Fine Gael i gcumhacht, ach céard faoin méid atá ráite ag Fine Gael maidir leis an nGaeilge mar ábhar ardteistiméireachta? Má táimid dáiríre go mbeadh an Ghaeilge lárnach agus feiceálach sa tír agus go mbeadh dea-thoil ina leith caithfimid cinntiú go bhfuil an Ghaeilge riachtanach don ardteistiméireacht. Bheinn ag súil go mbeidh cúlú ag Fine Gael maidir leis an moladh polasaithe sin. Measaim go ndéanfadh sé an-damáiste don Ghaeilge dá mbeadh fáil réidh ann maidir leis an nGaeilge a bheith riachtanach mar ábhar ardteistiméireachta.

Cuirim fáilte mhór roimh an méid atá ráite ag an Aire. Cuirim fáilte chomh maith roimh na háiseanna nua atá le fáil. Mar shampla, úsáidim féin www.focal.ie nuair a bhím ag scríobh ailt i nGaeilge. Caithfimid díriú isteach ar cheist scríbhneoireacht sa Ghaeilge. Bheadh sé an-tábhachtach go mbeadh bog earra ríomhaireachta ar fáil le go mbeadh sé éasca síneadh fada a aimsiú, mar shampla. Chuala mé le déanaí go bhfaigheann daoine litreacha ón Roinn Gnóthaí Sóisialacha agus Teaghlaigh nach mbíonn aon síneadh fada iontu. Sa chás go bhfuil ainm Gaeilge ag duine úsáidtear an litir O agus uaschamóg in ionad O le síneadh fada. Ní chóir go mbeadh sé amhlaidh in aon Roinn nó in aon áit san earnáil phoiblí. Tá súil agam nach bhfuil sin fíor ach sin a chuala mé.

Beimid ag iarraidh go mbeidh an Rialtas ag tabhairt ceannaireachta chaoi agus go mbeidh sé ag iarraidh go mbeadh an Ghaeilge feiceálach agus go mbeadh polasaithe leanúnacha cuimsitheacha aige le sin a chur i gcrích. An rud is tábhachtaí ná go mbeadh an Ghaeilge feiceálach ar chomharthaí bóithre agus mar sin de agus ar ard-chaighdeán.

Tá deacracht againn anois. Níl ach nóiméad amháin fágtha agus tá triúr Sheanadóir ag iarraidh labhairt. An mbeadh na Seanadóirí sin sásta an t-am a roinnt agus labhairt ar feadh dhá nó trí nóiméad an duine. An bhfuil sin aontaithe? Aontaithe.

Ba mhaith liom fáilte a chur roimh an Aire Stáit. Mar is eol do mo chomhghleacaithe, tá seachtain na Gaeilge ar siúl anois agus caithfidh mé cúpla abairt a rá faoin bhféile. Tá féile sheachtain na Gaeilge ar siúl le blianta beaga anuas. Is í an céiliúradh is mó d'ár dteanga agus d'ár gcultúr dúchais a ritear in Éirinn gach bliain. Cuireann eagraíochtaí, comhairlí áitiúla, scoileanna, leabharlanna agus eagrais ceoil, spóirt agus cultúrtha imeachtaí ar fáil ar fud na tíre le linn seachtain na Gaeilge. The Seachtain na Gaeilge festival has built up incredible momentum in recent years, becoming the largest celebration of native language and culture held in Ireland each year. It is appropriate to congratulate all involved in organising events throughout the country.

I refer to an aspect of the debate that is often neglected, which is the status of the language in Northern Ireland. The 2001 census in the North showed that 10.4% of the people had some knowledge of Irish. The language received a degree of formal recognition in Northern Ireland from the UK Government under the Good Friday Agreement and in 2001 through its ratification in respect of the language of the European Charter for Regional or Minority Languages. The British Government has promised to create legislation encouraging the use of the language as part of the 2006 St. Andrews Agreement. As part of the new political landscape in Northern Ireland, the Irish language could become a truly cross-community and cross-Border means of bringing people together. I encourage the Minister of State to seek further ways to develop cross-Border projects where the language is prioritised and to put pressure on the UK Government to increase funding for Irish language education in the school system in the North to honour commitments given.

We are accustomed to a great deal of doom and gloom regarding the future of the language. However, there are a few causes for optimism. TG4 has offered Irish-speaking young people a forum for youth culture as Gaeilge through rock and pop and country music shows, travel shows, dating games and even an award winning soap opera. In this respect, the station has been a great success. The Government can be justifiably proud of its record in promoting the use of the official language.

I draw attention to an article in yesterday's edition of The Irish Times in which an Coimisinéir Teanga, Seán Ó Cuirreáin, welcomed the publication of a book reviewing case law entitled Súil ar an Dlí (An Eye on the Law). The book will be a resource for those who want to practise law through Irish. He also went to say:

[I]f you leave the language out of any domain, it reduces the chances of survival. It has to be facilitated in all areas of life, and the courts are very important in that respect.

As a broadcaster, I have always tried to use cúpla focal as Gaeilge ar na cláracha a bhí mé presenting. All of us have come through the education system and I plead with broadcasters generally to use cúpla focal Gaeilge in their broadcasts. It would not be an imposition on them mentally or otherwise. They have it within them. If we could do that, it would make it more comfortable for the general population to perhaps use cúpla focal Gaeilge every day. Ultimately, we are looking at a bilingual population in the short to medium term.

Ar dtús, aontaím leis an méíd a bhí le rá ag Seanadóir Mooney. Caithfimid go léir níos mó iarrachta a dhéanamh chun an Ghaeilge a úsáid sa Seanad agus lasmuigh den Oireachtas. Déanann an Seanadóir Walsh, atá sa Chathaoir faoi láthair, an-iarracht a Ghaeilge líofa a úsáid. Ba chóir dúinn go léir níos mó oibre den chineál sin a dhéanamh. Cuirim fáilte roimh an fógra a dhéan an tAire, an Teachta Ó Cuív, le linn an méid a bhí le rá aige, maidir leis an athbhreathnú atá le déanamh ar an chaighdeán oifigiúil. Tá súil agam go n-éireóidh leis na hoifigigh an obair sin a dhéanamh. Ní saineolaí mé ar an chaighdeán ar chor ar bith. Ar nós na Seanadóirí eile, chuaigh mé ar scoil sna 1960í agus na 1970í. Tá suim mhór agam san obair atá á dhéanamh sa phróiseas seo. Tá súil agam go n-éireoidh leis.

Léigh mé an straitéis 20 bliain a luaigh an Seanadóir Mooney agus cainteoirí eile. Measaim go bhfuil go leor nithe suimiúla sa straitéis. Tá athbheochan na Gaeilge á phlé againn le blianta anuas. Luaigh an tAire na rudaí atá á dhéanamh ag an Rialtas nó atá déanta le blianta anuas. Caithfimid níos mó idéalachas a bheith againn ó thaobh athbheochan na Gaeilge de. Labhair an tAire mar gheall ar an obair agus an fhorbairt atá á dhéanamh sa Ghaeltacht.

Tá suim sa Ghaeilge ag a lán daoine nach bhfuil ina gcónaí sa Ghaeltacht. Tá sé an-tábhachtach go mbíonn daoine i mBaile Átha Cliath agus cathracha agus bailte eile ar fud na tíre ag foghlaim agus ag cleachtadh na teanga. Tá an obair bhunúsach atá á dhéanamh ag na gaelscoileanna an-tábhachtach i gcomhthéacs an oideachais. Tá deis againn na gaelscoileanna agus na gaelcholáistí a fhorbairt. Ba mhaith liom tacaíocht a thabhairt don bhfeachtas atá ar siúl i ndeisceart Átha Cliath chun gaelcholáiste nua a bhunú. Tá súil agam go dtabharfaidh an tAire roinnt cabhrach don bhfeachtas. B'fhéidir gur chóir do na scoileanna sin bheith mar lárionad Gaeilge don bpobal go léir, ní hamháin do na páistí ach do na tuismitheoirí agus an pobal go ginearálta freisin.

Mar a dúirt mé, caithfimid níos mó idéalachais a bheith againn sa chomhthéacs seo. Tá a lán oibre le déanamh againn. Ceapaim go bhfuil an dréacht-straitéis an-tábhachtach. Caithfimid tacaíocht a thabhairt don obair atá á dhéanamh. Tá i bhfad níos mó le déanamh.

Tá mé buíoch go bhfuil seans ag gach éinne páirt a ghlacadh sa díospóireacht seo. Cuirim fáilte roimh an Aire. Guím ádh mór air sna seachtain atá le teacht. Tá mé sásta páirt a ghlacadh sa díospóireacht tábhachtach seo. Is gnéithe mhóra d'oidhreacht agus saibhreas na tíre iad an teanga agus an cultúr atá againn sa tír seo. Is fiú í an Ghaeilge a úsáid. Tá saibhreas faoi leith i litríocht, béaloideas, ceol agus amhránaíocht na tíre. Tá dualgas ar an Teach ár dteanga agus ár gcultúr a fhorbairt. Ba chóir dúinn an Ghaeilge a labhairt sa Teach agus ar ócáidí poiblí. Tá na ranganna Gaeilge a bhíonn ar siúl san Oireachtas sár-mhaith. Tá deis ag gach Seanadóir agus Teachta páirt a ghlacadh iontu.

Tá straitéis an Rialtais don Ghaeilge foilsithe anois. Níl Fine Gael sásta béim a chur ar an nGaeilge éigeantach. Caithfimid béim a chur ar an dteanga labhartha agus grá don teanga a spreagadh. Tá sé soiléir gur theip ar na sean-pholasaithe os rud é nár tharla athbheochan forleathan go dtí seo. Tá sé an-tábhachtach tacaíocht a thabhairt do na coláistí samhraidh. Is sna coláistí sin a spreagtar grá don tír, don Ghaeilge agus don chultúr. Caithfimid na deontais do na mná tí agus na mic léinn a íoc ionas go mairfidh na coláistí a fheidhmíonn mar chliabhán na teanga.

Tá sé riachtanach freisin tacaíocht praiticiúil a thabhairt do na gaelscoileanna. Sa churaclam, tá gá le béim ar cheol, amhránaíocht, damhsa, an teanga labhartha agus an litríocht. Gabhaim comhghairdeas le lucht TG4. Mar a dúirt an Seanadóir Mooney, tá sár-jab déanta acu. Cabhraíonn TG4 go mór le gluaiseacht na teanga. Má tá Seanadóirí agus muintir na tíre i ndáiríre faoi athbheochan na teanga, tá dualgas orainn an teanga a labhairt sa bhaile, ag ócáidí sóisialta agus aon uair eile a fhaighimid an seans.

Ba mhaith liom focal pearsanta a rá. Is mian liom an fíor-iarracht éifeachtúil a dhéanann an Seanadóir Ó Murchú ar son ár gceol, ár n-amhránaíocht agus ár damhsa a mholadh. Tá mé an-dáiríre nuair a deirim go ndéanann sé an-jab ar son na Gaeilge. Tá an-mheas agam air mar dhuine agus ar a chuid oibre dhíograiseach ar son na teanga. Tá mé iontach sásta mo bhuíochas a ghabháil leis as ucht Fleadh Cheoil na hÉireann a thabhairt go dtí baile an Chábháin i mbliana. Táimid ag ullmhú don ócáid sin. Cuirfear an-fháilte roimh lucht na tíre sa Chábhán i mí Lúnasa seo chugainn.

Mar fhocal scoir, ba mhaith liom a rá cé gur fiú an díospóireacht seo, níl ann ach tús. Caithfimid leanúint ar aghaidh leis an obair seo agus gach iarracht a dhéanamh an Ghaeilge a labhairt anseo agus taobh amuigh den Teach. As seo amach, ba chóir dúinn cuir leis an tús atá déanta againn.

Gabhaim míle buíochas leis na Seanadóirí go léir a labhair faoin nGaeilge. Ní gá dom cuir leis an méid a dúirt an tAire, an Teachta Ó Cuív, faoin straitéis.

Ní raibh mé anseo nuair a labhair an Seanadóir Buttimer, toisc go raibh vóta sa Dáil. Tréaslaím leis as a bheith sásta tabhairt faoi Gaeilge a labhairt. Faoi mar is gnáth, tá an Ghaeilge i bhfad níos líofa aige ná mar a chreideann sé. Tá sé thar a bheith coitianta go mbíonn an Ghaeilge i bhfad níos fearr ag daoine ná mar a cheapann siad.

Aontaím go láidir leis an Seanadóir Ó Murchú a dúirt go raibh sé dóchasach go raibh daoine óga sásta an Ghaeilge a labhairt. Is dócha go bhfuil siad bródúil faoin teanga. Luaigh sé toradh an daonáirimh is déanaí, go bhfuil cumas na Gaeilge ag an méid sin daoine. Go minic, cuireann sé ionadh orainn nuair a chloisimid na staitisticí. Rinne an Seanadóir Mooney tagairt don daonáireamh sa Tuaisceart. Dúirt sé go bhfuil an Ghaeilge ag breis is 10% de phobal an Tuaiscirt. Ní chreidfimis é sin muna mbeadh sé curtha os ár gcomhair.

Bhí an-suim agam sa mhéid a bhí le rá ag an Seanadóir Mullen. Aontaím go láidir lena chuid focal faoin Aire, an Teachta Ó Cuív. Dúirt an Seanadóir Ó Murchú an rud ceanainn céanna. Ceapaim go n-aontaímid go léir le sin.

Dúirt chuid mhaith Seanadóirí go bhfuil sé thar a bheith tábhachtach go bhfuil daoine sásta tabhairt faoin nGaeilge a labhairt. Ba cheart dúinn tacaíocht a thabhairt dóibh agus iad a spreagadh chun é sin a dhéanamh. Caithfidh mé a admháil nach raibh a fhios agam cheana go bhfuil www.focal.ie ar fáil. Dá mbeadh an t-eolas sin agam cheana féin, ba mhór an buntáiste a bheadh ann dom. Is dócha gur mhór an buntáiste é do dhuine ar bith a bhíonn ag iarraidh focail a aistriú ó Bhéarla go Gaeilge. Tá sé thar a bheith deacair cáipéisí a aistriú. Má éiríonn le duine na smaointe atá acu a léiriú go díreach sa Ghaeilge, nil sé ró-dheacair. Cuireann na deacrachtaí seo isteach orainn go léir nuair atáimid ag déanamh aistriúcháin. Aontaím leis an méid a dúirt an Seanadóir Mullen faoi bogearraí ríomhaireachta. Bheadh sé go hiontach dá mbeadh a leithéid ar fáil níos mó ná mar atá.

Luaigh mé cheana an méid a dúirt an Seanadóir Mooney faoin mbreis is 10% de phobal an Tuaisecirt a bhfuil cumas na Gaeilge acu. Dúirt an Seanadóir Alex de Faoite gurb é an rud is tábhachtaí ná iarracht a dhéanamh an Ghaeilge a úsáid. Luaigh sé go bhfuil athbheochan na Gaeilge á phlé le fada. Níor úsáid sé na focail "leis na cianta", ach sin a thuig mé uaidh. Tá an ceart aige. Chuir sé ceist faoi an bhfuil deis á fháil ag daoine lasmuigh den Ghaeltacht tabhairt faoi Ghaeilge sa chaoi gur mhaith leo sin a dhéanamh. Ceapaim nach mbíonn an deis sin acu uaireanta.

Luaigh an Seanadóir Ó Raghallaigh an saibhreas iontach atá ag baint leis an nGaeilge: an ceol, an traidisiún agus gach rud a bhfuil baint ag an nGaeilge leis. Ní aontaíonn sé leis an Seanadóir Mullen go mba chóir go mbeadh an Ghaeilge éigeantach sna scoileanna. Is ceist an-thábhachtach í seo. Dá mba rud é go bhféadfaí daoine a spreagadh agus an tacaíocht ceart a thabhairt dóibh an Ghaeilge a labhairt, bheadh an scéal i bhfad níos fearr. I láthair na huaire, níl sin á dhéanamh nó ní léir go bhféadfaí sin a dhéanamh, ach is ceist thábhachtach í agus is maith an rud é go bhfuil sí á phlé. Uaireanta bíonn deis agam labhairt trí Ghaeilge nuair a bhím ag cruinnithe de Chomhairle na nAirí sa Bhruiséal. Is iontach an rud é cé chomh bródúil agus a mhothaíonn duine as an nGaeilge nuair a bhíonn siad thar lear. Ní bhíonn ar dhuine í a labhairt, ach nuair a bhíonn deis ag an duine í a labhairt agus é ag suí ag bord le hAirí ó 27 tír, tapaítear an deis. Gach uair a dhéanaim sin, feicim Airí ag fágáil an tseomra chun an t-aistriúcháin a fháil. Is maith leo freisin éisteacht le blas na teanga agus is maith leo iarracht a dhéanamh í a thuiscint.

Cuireann daoine ionadh orthu féin freisin nuair a bhíonn siad thar lear ar ghnó nó ar saoire cé chomh minic agus a bhaineann siad úsáid as an nGaeilge. Uaireanta bíonn siad ag caint eatarthu féin agus ag iarraidh a dhéanamh cinnte de nach dtuigfidh daoine a bhfuil Béarla acu iad. An rud is mó a thugann siad faoi deara sa chás sin ná go dtuigeann siad beagnach gach rud a bhíonn le rá eatarthu féin. Uaireanta bíonn sé níos deacra dóibh an méid atá ina n-intinní féin a rá, ach éiríonn leo agus dá mbeifeá ag éisteacht leo, thuigfeá cad go díreach a bhí ina n-intinní acu. Is mór an trua é go bhfuil an cumas sin ann agus nach bhfuilimid ábalta an spreagadh beag a bheadh riachtanach a thabhairt chun teacht ón stádas sin go dtí stádais ina mbeadh daoine sásta labhairt trí Ghaeilge i bhfad níos minicí ná mar a labhrann siad.

Labhraim Gaeilge sa Teach agus timpeall an Tí go minic, go háirithe leis an Aire, an Teachta Ó Cuív, an Seanadóir Ó Murchú agus ar uile. Le daoine áirithe, is annamh a labhraim leo trí Bhéarla. Ar shlí amháin, is í sin an t-aon deis a bhíonn agam mo thaithí ar an nGaeilge a choimeád beo. Ceann de na deacrachtaí a bhaineann le teanga ar bith ná go gcailltear í muna n-úsáidtear í. Cuireann sin isteach go mór orm.

Tá go leor rudaí eile gur mhaith liom a rá, ach feicim go bhfuilimid imithe thar am. Ba mhaith liom buíochas ó chroí a ghabháil leis na Seanadóirí go léir a labhair as Gaeilge agus trí Ghaeilge. Is iontach an rud é don Aire agus do ghach éinne a bhfuil suim acu sa Ghaeilge a fheiscint go bhfuil daoine sásta tacaíocht a thabhairt don teanga agus go bhfuil siad ag smaoineamh ar na polasaithe is fearr gur féidir a chur chun cinn chun go mbeidh deis ag gach duine a bhfuil suim acu sa Ghaeilge í a labhairt.

Sitting suspended at 1.10 p.m. and resumed at 2 p.m.
Top
Share