Irish Language: Motion

I move:

That Seanad Éireann notes the Report of the Joint Committee on Tourism, Culture, Sport, Community, Equality and Gaeltacht Affairs entitled ‘20 Year Strategy on the Irish Language 2010–2030' which was laid before Seanad Éireann on 28 July, 2010.

Ba mhaith liom buíochas a ghabháil leis an Seanad as ucht deis a thabhairt dom labhairt ar an ábhar tábhachtach seo. Creideann na páirtithe sa Rialtas go bhfuil sé thar a bheith tábhachtach go mbeadh pobal labhartha láidir Gaeilge agus Gaeltachta againn chun saibhreas oidhreachta na teanga a choiméad beo agus a thabhairt slán don chéad ghlúin eile. Beidh an straitéis 20 bliain don Ghaeilge lárnach má táimid chun é seo a dhéanamh. Beidh tacaíocht na bpáirtithe ar fad san Oireachtas lárnach san iarracht seo. Is cúis dóchais dom an tacaíocht traspháirtí atá faighte ag an straitéis go dtí seo.

Aithnítear go h-idirnáisiúnta an fiúntas a bhaineann le h-éagsúlacht teangacha. Is iad teangacha na príomhuirlisí atá ag daoine le smaointe, mothúcháin, eolas, cuimhní agus luachanna a chur in iúl. Tá an ról fíorthábhachtach atá ag teanga, ó thaobh oidhreacht bheo a chur in iúl agus a chur ar aghaidh, aitheanta le fada. Braitheann beocht agus beatha oidhreacht chultúrtha ar theanga. Caithfear mar sin, ó thaobh éagsúlacht cultúr ar fud an domhain, teangacha ar nós an Ghaeilge a chosaint agus a chur chun cinn. Is é sin an dualgas atá orainn. Tuairiscíonn UNESCO go bhfuil leath de na 6,700 teanga a labhraítear faoi láthair i gcontúirt dul i léig roimh dheireadh an chéid. Ní féidir stop a chur leis an bpróiseas seo ach trí ghníomh práinne ó Rialtais agus ó na pobail a labhraíonn na teangacha. Cé go bhfuil an Ghaeilge ar cheann de na teangacha atá i gcontúirt, is fiú a rá go bhfuil stádas na Gaeilge feabhsaithe le tamall de bharr an méid a bhfuil déanta ag an Rialtas chun tacú léi.

Sar a labhraím faoin straitéis 20 bliain, is fiú féachaint ar an méid atá bainte amach roimhe seo. Is léir go bhfuil go leor rudaí tábhachtacha bainte amach i dtaobh na Gaeilge le blianta anuas. I measc na buaicphointí a bhí ann don teanga sna blianta atá thart, tá bunú agus bláthú Raidió na Gaeltachta agus TG4; achtú Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003; bunú Oifig an Choimisinéara Teanga, Údarás na Gaeltachta agus Foras na Gaeilge; an t-aitheantas a tugadh don Ghaeilge faoi Chomhaontú Aoine an Chéasta i dTuaisceart Éireann; an t-aitheantas oifigiúil oibre a baineadh amach don Ghaeilge san Eoraip; agus bunú Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge.

Má bhaineann an straitéis 20 bliain don Ghaeilge leis an aimsir atá amach romhainn, baineann go leor eile de thionscnaimh an Rialtais i leith na Gaeilge leis an aimsir láithreach. Is é Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003, atá ar an saol le beagnach seacht mbliana, ar cheann de na cinn is tábhachtaí díobh sin. Leagann an Bunreacht síos gurb í an Ghaeilge an teanga náisiúnta. Is í céad teanga oifigiúil an Stáit í. Is é an aidhm atá leis an Acht ná struchtúr a leagan síos chun feabhas a chur ar sheirbhísí poiblí trí Ghaeilge sa ghearrthéarma, sa mheántéarma agus san fhadtéarma. Tá an tAcht ann le go bhféadfar dualgais an Stáit a chomhlíonadh agus go ndéanfar dul chun cinn le himeacht ama i gcomhthéacs na n-acmhainní atá ar fáil. Tá sé i gceist go mbainfí amach spriocanna an Achta go príomha trí scéimeanna teanga a aontaítear idir an tAire Gnóthaí Pobail, Comhionnanais agus Gaeltachta agus comhlachtaí poiblí aonair. Is cáipéis phleanála reachtúil í gach scéim teanga. Bíonn tréimhse trí bliana aige. Bíonn sé le h-athnuachan nuair a bhíonn an tréimhse sin istigh. Go dáta, tá 105 céad scéim teanga a chlúdaíonn os cionn 190 comhlacht poiblí, daingnithe ag an Aire agus foilsithe, chomh maith le 26 dara scéim teanga. Ina theannta sin, tá 26 céad scéim teanga agus 57 dara scéim teanga eile á bplé leis na comhlachtaí poiblí. Tá súil agam go mbeidh siad daingnithe agus foilsithe a luaithe agus is féidir.

I Meitheamh na bliana 2005, chinn Comhairle na nAirí an Aontais Eorpaigh go mbeadh stádas mar theanga oifigiúil oibre de chuid an Aontais ag an nGaeilge. Tháinig an cinneadh seo i bhfeidhm i dtús 2007. Baineadh amach an stádas seo don Ghaeilge tar éis fheachtais láidir ón Rialtas a raibh tacaíocht aige ó na páirtithe uile i nDáil Éireann agus ó eagraíochtaí Gaeilge mar Chonradh na Gaeilge, Comhdháil Náisiúnta na Gaeilge agus Stádas. Tá an Rialtas ag obair le Coimisiúin na hEorpa chun a chinntiú go mbeidh acmhainní ar fáil chun freastal ar an stádas atá ag an teanga. Tá ciste ar leith bunaithe ag an Roinn Gnóthaí Pobail, Comhionannais agus Gaeltachta chun maoiniú a chur ar fáil le haghaidh sain-chúrsaí tríú leibhéal Gaeilge. Cinnteoidh na sain-chúrsaí seo go mbeidh dóthain ateangairí, aistritheoirí agus dlíodóirí-teangairí ar fáil chun freastal a dhéanamh ar riachtanais an Aontais ó thaobh na Gaeilge de.

Bunaíodh Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge le cúnamh ón Roinn chun soláthar oideachais tríú leibhéal trí mheán na Gaeilge a chur ar fáil. Tá struchtúr curtha ar fáil ag an acadamh chun forbairt a dhéanamh ar staidéar ag an tríú leibhéal trí mheán na Gaeilge ar bhealach comhtháite. Cuireann obair an acadaimh le cumas na hollscoile chun cur lena clár acadúil le, mar shampla, cúrsaí aistriúcháin agus cúrsaí na meáin chumarsáide chomh maith le raon leathan cúrsaí eile, ó dioplóma go leibhéal máistreachta. Tá na cúrsaí ar fáil ar bhonn lánaimseartha nó ar bhonn páirtaimseartha do mhic léinn thraidisiúnta agus neamhthraidisiúnta. Tá cuid mhór de chláir trí mheán na Gaeilge san ollscoil á reachtáil i dtimpeallacht labhratha Gaeilge ag campais na Gaeltachta i nGaillimh agus i nDún na nGall. Tacaíonn an cur chuige seo le forbairt pobail i gceantair Ghaeltachta, chomh maith le cabhrú le caomhnú agus neartú na Gaeilge. Tá ról ar leith ag Fiontar, Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath, ó thaobh ollscolaíocht trí Ghaeilge a chur chun cinn chomh maith. Tá dhá thogra ar leith ar siúl ag Fiontar i gcomhair le mo Roinn — bunachar logainm na tíre,www.logainm.ie, agus an obair atá idir láimhe chun tearmaíocht an AE a aistriú go Gaeilge mar áis d’aistritheoirí na Gaeilge.

Creideann an Rialtas go bhfuil tábhacht ar leith ag baint leis an nGaeilge do phobal, do shochaí, do chultúr agus do gheilleagar na hÉireann. Dá réir sin, foilsíodh ráiteas an Rialtais i leith na Gaeilge ag deireadh 2006, inar gealladh go gcuirfí straitéis 20 bliain don Ghaeilge i dtoll a chéile, bunaithe ar 13 cuspóir ar leith a chlúdaíonn nithe ar nós an Acht teanga, cúrsaí oideachais, tacaíocht speisialta do thuismitheoirí agus don Ghaeltacht agus mar sin de. Tríd an ráiteas seo, dearbhaíonn an Rialtas a tacaíocht d'fhorbairt agus do chaomhnú na Gaeilge agus na Gaeltachta. Ba é seo an chéad uair gur cuireadh amach ráiteas dá leithead le beagnach 40 bliain. Chreid an Rialtas go mba cheart ráiteas soiléir a dhéanamh maidir le haidhmeanna an Rialtais agus polasaí an Rialtais mar chrann taca d'aon pholasaí Gaeilge amach anseo. Sa ráiteas, leagadh síos go soiléir an bhunchloch ar a bhfuil polasaí Gaeilge an Rialtais bunaithe. Ba mhinic a bhí sé le cloisint roimhe seo nach raibh aon straitéis nó plean fadtéarmach náisiúnta ann don Ghaeilge agus nach raibh aon fhís ag leibhéal Rialtais maidir le forbairt na Gaeilge don ghlúin atá amach romhainn. Is chun dul i ngleic leis an dúshlán sin gur chinn an Rialtas gur cheart straitéis 20 bliain a fhorbairt.

Is é atá sa dréachtstraitéis ná plean gníomhartha, nó léarscáil bóthair, don Ghaeilge don 20 bliain atá amach romhainn. Beifear ag díriú ar an bpleanáil fhadtéarmach don Ghaeilge a theastaíonn ag an leibhéal náisiúnta le cinntiú go mbainfear amach an t-ollsprioc — go mbeidh Gaeilge á labhairt go laethúil ag 250,000 duine faoi cheann 20 bliain. Tá an straitéis seo ag iarraidh tógáil ar an obair atá déanta agus na haidhmeanna atá luaite trí phlean cuimhsitheach comhtháite a leagan amach le leas a dhéanamh don teanga agus don Ghaeltacht as seo go ceann 20 bliain. Creideann an Rialtas go mbaineann tábhacht faoi leith leis an nGaeilge do mhuintir, do shochaí agus do chultúr na hÉireann. Mar theanga labhartha pobail, is leis an tír seo amháin a bhaineann an Ghaeilge. Tá fíorthábhacht mar sin léi ó thaobh fhéiniúlacht mhuintir na hÉireann agus ó thaobh oidhreacht an domhain. Tá mórchuid oibre déanta le tamall anuas i bhforbairt an plean straitéiseach 20 bliain don Ghaeilge. Mar bhonntaca leis an straitéis, déanadh anailís ar an staid ina bhfuil an Ghaeilge faoi láthair. Meitheal de chomhairleoirí idirnáisiúnta, a bhfuil saineolas acu ó thaobh cheisteanna teanga, a rinne an anailís seo faoi stiúir na gcomhairleoirí ó Fiontar agus ar iarratas ón Roinn. Ó thaobh na Gaeltachta, tá aird ar leith tugtha sa dréachtstraitéis ar na moltaí a rinneadh sa staidéar cuimsitheach teangeolaíoch ar úsáid na Gaeilge sa Ghaeltacht, a rinne acadamh na hollscolaíochta i nGaillimh.

Bhain cuid mhór den réiteach den straitéis le dul i gcomhairle leis an bpobal. Eagraíodh cruinnithe ar fud na tíre chun deis a thabhairt do dhaoine a dtuairimí a thabhairt. Bhí suirbhé ar-líne dóibh siúd nach raibh ar a gcumas freastal. Chuaigh na comhairleoírí i dteagmháil le na príomhgheallsealbhóirí freisin. Mar thoradh ar an gcomhairliúchán, eisíodh plépháipéar agus tugadh deis don bpobal aiseolas a thabhairt i dtaobh na gceisteanna tábhachtacha a bhí ardaithe. Comhthreomhar leis seo, bunaíodh coiste Rialtais, ar a bhfuil an Taoiseach mar chathaoirleach, chun próiseas ullmhúchán na straitéise a stiúradh. Tá cúram ar an gcoiste Rialtais chomh maith scrúdú a dhéanamh ar na saincheisteanna a tháinig chun cinn i gcomhthéacs na hanailíse agus na moltaí a bhí déanta sa staidéar teangeolaíoch ar úsáid na Gaeilge sa Ghaeltacht. Thug an staidéar léargas ar úsáid na Gaeilge sa Ghaeltacht sa lá atá inniu ann. Leagadh cúram ar an gcoiste teacht ar chomhaontú maidir le plean gníomhaíochta comhtháite chun todhchaí na Gaeilge mar theanga phobail sa Ghaeltacht a chinntiú.

Ar 11 Samhain 2009, d'aontaigh an coiste Rialtais gur cheart an dréachtstraitéis a chur ar aghaidh chuig an Comhchoiste um Ghnóthaí Turasóireachta, Cultúir, Spóirt, Pobail, Comhionannais agus Gaeltachta le tuilleadh comhairle a lorg agus moltaí a dhéanamh roimh cheadú agus fhoilsiú na straitéise go foirmiúil. Bhí cruinnithe ag an gcomhchoiste le páirtithe leasmhara, cruinniú amháin sa Ghaeltacht ina measc. I ndiaidh na gcruinnithe seo, d'aontaigh an comhchoiste aighneacht le 39 moladh inti. Fuarthas moltaí an chomhchoiste ar an 28 lúil 2010 agus faoi láthair táthar á mbreithniú ag an Roinn Gnóthaí Pobail, Comhionannais agus Gaeltachta i gcomhair le Ranna ábharacha eile. Ba mhaith liom buíochas a ghabháil leis an Seanadóir Ó Murchú a bhí mar Chathaoirleach ar an bhfo-choiste a rinne cuid mhaith oibre.

Gabhaim buíochas freisin le baill eile an coiste — an Cathaoirleach, an Teachta Tomás Ó Ceit, ina measc — as ucht a ndúthracht agus a gcuid oibre ar an tuarascáil maidir leis an ndréachtstraitéis. Dúirt an Cathaoirleach ina thuairisc go bhfuil an straitéis ar cheann de na céimeanna is suntasaí i bpleanáil teanga an Stáit le 90 bliain agus go mba onóir dóibh tabhairt faoin obair. Thugadar deis do líon mhór eagrais agus daoine aonair a bhfuil suim acu i gcaomhnú agus i bhforbairt na teanga a gcuid tuairimí a thabhairt. Tugadh cuireadh do ghrúpaí agus daoine aonair ó na Gaeltachtaí éagsúla, chomh maith le gach páirt eile den tír, dul i ngleic leis na ceisteanna a ardaíodh maidir leis an gcur chuige is fearr le tabhairt faoi na dúshláin atá romhainn i dtaobh na teanga. Scrúdaíodar na haighneachtaí a rinneadh agus chuir siad a moltaí le chéile bunaithe ar na haighneachtaí sin. Dúirt an Cathaoirleach freisin gur ábhar dóchais don todhchaí an tacaíocht traspháirtí don tuarascáil. Táimid ag súil mar thoradh ar an straitéis go mbeidh polasaí soiléir cuimsitheach ag an Rialtas a chuimseoidh gach réimse den saol do na blianta amach romhainn agus go mbeidh tacaíocht iomlán aige ó na páirtithe éagsúla.

Sa tuairisc a chuir an comhchoiste ar fáil, dúradh gurb í an cheist is práinní ó thaobh todhchaí na Gaeilge ná ceist na nGaeltachta. Tugann Gaeltacht láidir cosaint don Ghaeilge ar fud na tíre trí fhoinse teanga agus timpeallacht nádúrtha chumarsáide a sholáthar. Ar an gcaoi céanna, braitheann todhchaí na Gaeltachta ar phobal níos leithne de chainteoirí Gaeilge. Tugann an Ghaeltacht agus an chuid eile den tír tacaíocht dá chéile. Tá said ag brath ar a chéile agus cothaíonn said a chéile. Deireann an seanfhocal, "Is ar scáth a chéile a mhaireann na daoine", ach sa chás seo is ar scáth a chéile a shlánófar an teanga. Tá sé aitheanta sa tuarascáil go bhfuil ról lárnach ag na heagrais dheonacha na Gaeilge i gcosaint agus i gcothú na Gaeilge. Is cuid lárnach de thodhchaí na teanga iad agus beidh rath na straitéise ag brath ar thacaíocht na n-eagrais seo.

Tá moltaí láidir déanta ag an gcomhchoiste faoi earnáil an oideachais, go háirithe má tá an sprioc de 250,000 cainteoirí laethúil faoi cheann 20 bliain le baint amach. Baineann na moltaí le gnéithe éagsúla ar nós an curaclam, gaelscoileanna agus scoileanna Gaeltachta, idirdhealú a dhéanamh idir cainteoirí Gaeilge, cothú na Gaeilge i saol na hollscoile, an tumoideachas agus oiliúint mhúinteoirí na Gaeilge. Tá an oideachas mar cheann de na hábhair is mó a tháinig chun cinn sa phróiseas comhairliúcháin. Tá mo Roinn i gcomhráití leis an Roinn Oideachais agus Scileanna maidir leis na moltaí sin. Aithnítear sna moltaí a rinne an comhchoiste an ról tábhachtach atá ag coláistí samhradh, ceann do na scéimeanna is tábhachtaí atá á riaradh ag an Roinn Gnóthaí Pobail, Comhionannais agus Gaeltachta. I mbliana, d'fhreastal beagnach 25,000 foghlaimeoirí ar chúrsaí éagsúla ar fud na Gaeltachta. Taispeánann na figiúirí seo go bhfuil an-suim i bhfoghlaim na Gaeilge i measc dhéagóirí na tíre. Cabhraíonn na coláistí Gaeilge leis an nGaeilge a chur chun cinn — ní h-amháin sa Ghaeltacht ach ar fud na tíre chomh maith.

Tá na coláistí an-tábhachtach, ní hamháin ó thaobh na Gaeilge ach freisin ó thaobh na heacnamaíochta sna ceantair éagsúla ina bhfuil siad lonnaithe. Is tionscail ann fhéin iad na coláistí, a chuireann saothrú maith ar fáil do na mná tí i rith an tsamhraidh in ainneoin na géarchéime airgeadais.

Tá na moltaí éagsúla atá déanta sa tuarascáil á mbreithniú faoi láthair agus táthar ag súil leis an gcuid seo den obair a thabhairt chun críche a luaithe agus is féidir. Nuair atá an obair sin déanta, beidh an dréacht dheiridh den straitéis á thabhairt ós comhair an Chomhchoiste Rialtais agus, ina dhiaidh sin, ós comhair an Rialtais féin. Tá beartaithe go mbeidh an chéad chruinniú eile den comhchoiste á thionól ar an 17ú Samhain 2010 ar mhaithe le dréacht dheiridh a aontú roimh an straitéis a chur faoi bhráid an Rialtais go foirmiúil agus, tar éis cead an Rialtais, í a fhoilsiú.

Cé go bhfuil an Rialtas lán-thiomanta gach ar féidir linn a dhéanamh chun an Ghaeilge a chaomhnú agus a chur chun cinn, tá todhchaí na teanga ag brath go príomha ar na daoine. Tá a fhios againn go ginearálta go bhfuil tromlach na ndaoine, idir dhaoine a labhraíonn agus nach labhraíonn Gaeilge, dearfach i leith na teanga. Tá orainn timpeallacht a chruthú a spreagann daoine agus a thugann muinín dóibh a gcuid Gaeilge a úsáid, pé leibhéal atá acu. Tá sé riachtanach go n-úsáidfeadh daoine le Gaeilge an teanga nuair atá an deis acu agus tá sé riachtanach go ndéanfadh daoine í a cur ar aghaidh chuig a bpáistí. Tabharfaidh an Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge 2010-2030 an spreagadh agus an rogha do dhaoine é sin a dhéanamh.

Cuirim fáilte roimh an Aire agus gabhaim comhghairdeas leis an Seanadóir Ó Murchú as ucht an obair a dhéan sé mar chathaoirleach ar an bhfo-choiste.

Chuala mé a bhí le rá ag an Aire agus oráid an-mhaith a bhí innti. Tá muintir na Gaeltachta faoi bhrú agus tá ár dteanga faoi bhrú. Ag an am gcéanna, má tá na fadhbanna ag méadú tá suim an-mhór i gcúrsaí Gaeilge agus i gcultúr na Gaeilge, go mórmhór ins na gaelscoileanna. Tá suim mhór in oideachas tré Ghaeilge.

Tá díomá orm nach bhfuil Gaeilge go flúirseach agam ach tá mé ag iarraidh í a chleachtadh. Ba bhreá liom fáilte a chur roimh an díospóireacht seo ar thuarascáil an fho-choiste ar Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge 2010-2030. Cúis onóir dom bheith pairteach sa phróiseas tuarascála seo. Tá moladh tuilte ag mo chomhghleacaithe ar an bhfo-choiste, agus go háirithe ag foireann an fho-choiste, as ucht an tréan oibre atá déanta acu le déanaí ar an tuarascáil seo. I pay particular tribute to cathaoirleach an fho-choiste, Senator Ó Murchú, for his great work in steering the sub-committee and bringing a cross-party group together. I also commend Deputy Dinny McGinley.

Mar a luaigh cathaoirleach an fho-choiste i réamhrá na tuarascála, chaitheamar seacht mí ag plé an ábhair uilig. Bhí fáilte mór roimh gach grúpa agus roimh gach duine a rinne tairiscint. Tá dea-thioncar an chomhoibriú sin le feiscint i réamhrá na tuarascála, áit a bhfuil na ráitéisí seo a leanas:

Tá comhthuiscint ann nach féidir polasaí teanga a rialú go lárnach gan pobal na Gaeltachta agus na Gaeilge, na heagrais dheonacha ina measc, a bheith á gcur i bhfeidhm.

Ar an dul céanna, tá comhthuiscint ann nach féidir le heagrais dheonacha straitéis teanga náisiúnta a chur i bhfeidhm gan an tacaíocht agus an saineolas pleanála teanga iomchuí.

Mar atá ráite sa tuarascáil, is dea-chomhartha an t-aitheantas seo do thodhchaí pleanála na tíre agus ba chóir na prionsabail seo a choimeád amach romhainn agus cursaí teanga a phlé.

Tá 39 moltaí luaite sa tuarascáil. Tá na moltaí seo bunaithe ar an straitéis amháin. Faraor, tá athraithe móra tagtha ar shaol na tíre seo ó fhoilsíodh an straitéis. Tógfaidh aon straitéis gealltanais airgeadais chun feidhmiú. Is oth liom a rá go bhfuil sé soiléir nach bhfuil an Rialtas toilteanach an infheistíocht a bheidh riachtanach a chur ar fáil chun an straitéis a chur i bhfeidhm. Despite the fact that we welcome the report, it is important to acknowledge that it is predicated on a Government commitment to provide funding, which is difficult in these times. Mar sin, táim buartha go dtitfidh an straitéis agus moltaí an fho-choiste go leataobh, mar atá tar éis tarlú le gach iarracht atá déanta leis na blianta ár dteanga Gaeilge a chosaint is a chothú.

Ba é todhchaí agus ról Údarás na Gaeltachta an phríomh ábhar a rinneamar tagairt dó le linn ár gcuid oibre ar an tuarascáil seo. Is léir go bhfuil na Gaeltachtaí ag brath go mór ar an údarás agus go bhfuil todhchaí na nGaeltachtaí ceangailte go mórmhór le staid Údarás na Gaeltachta.

Is léir ó mheastachán sholáthar chaipitil don Roinn Gnóthaí Pobail, Comhionannais agus Gaeltachta go mbeidh gearradh siar ollmhór don Roinn, agus mar sin don údarás, ins na blianta amach romhainn. Tá laghdú €65 milliún beartaithe ag an Rialtas ar chaiteachas chaipitil don Roinn idir 2010 agus 2016. Is droch-chomhartha é seo don údarás, don Ghaeltacht, don straitéis agus don teanga. Is fianaise í seo nach bhfuil an Rialtas i ndáiríre faoin straitéis.

Déanann an straitéis agus ár dtuarascáil tagairt don ionad náisiúnta oideachais. D'fhógair an Rialtas ar dhá ócáid go dtógfar an t-ionad i mBaile Bhúirne i gContae Chorcaí. Faraor, is léir anois ón méid atá ráite ag an Tánaiste nach dtarlóidh a leithéid anois. Is buille tubaisteach í seo don straitéis agus don chóras oideachais. Tá an achmhainn seo ag teastáil go géar ó mhúinteoirí agus ó dhaltaí na Gaeilge. An rud is measa faoi seo ná go raibh an deis ag an Rialtas dul chun cinn a dhéanamh leis an ionad seo nuair a d'fhógair an t-iar-Aire, Deputy Michael Woods, an tionscnamh sa bhliain 2002, nuair a bhí na billiúin á gcaitheamh ar gach saghas ruda ar fud na tíre. Ní fheadair cén fiúntas ab fhéidir a dhéanamh do chursaí teanga leis an €50 milliúin a chaitheadh ar e-vótáil.

An méid sin ráite, caithimid glacadh go bhfuil an geilleagar i mbaol agus nach bhfuil na hachmhainní céanna againn a thuillleadh. Chomh fada agus a bhaineann sé liomsa, caithfimid bualadh ar aghaidh leis an gcuid is mó den straitéis nach bhfuil costas airgeadais ag baint leis.

Tá moltaí sa straitéis agus inár dtuarascáil atá ciallmhar agus praiticiúil agus a dhéanfadh maitheas don teanga i gcoitinne. Tá an t-am ag sleamhnú uainn agus muna ndéanann an Taoiseach agus an Rialtas cinneadh maidir leis an straitéis tá an baol ann go rachaidh an straitéis agus an tuarascáil isteach sa chófra chéanna ina ndeachaigh na céadta foilseacháin atá déanta leis na blianta maidir leis an nGaeilge.

Táim ag lorg comhartha dóchasach ó mo chomhghleachaithe os mo chomhair go bhfuil an toil sa ghlúin seo buille a thabhairt ar son na teanga sula gcaillfimid an Ghaeilge agus an Ghaeltacht go deo.

It is a pity I cannot make my entire address in Irish. I am a product of bad learning. I was a bad student, even though I did honours Irish in the leaving certificate examination. Tá suim mhór agam i gcúrsaí Gaeilge agus i gcúrsaí cultúrtha. This is an innovative report which is worthy of debate in the House. It is important that we put our language and culture and the people of the Gaeltacht ahead of everything else. We are a proud people. That is why it is important we never lose sight of the fact that our nationalism set us apart in Europe. We should be proud of our Irishness and our language. In these difficult economic times I hope we can command a space for our language and the people of the Gaeltacht who are both innovative and proud. I was in Ballingeary recently on my way to Gougane Barra where the people are very resourceful.

I again welcome the report and hope the Government will not be found wanting. I compliment all those Members who were involved in the sub-committee and thank the Minister for his address.

Ba mhaith liom fáilte a chur roimh an Aire agus tréaslaím leis as an chinnireacht atá á thabhairt aige, ní h-amháin don phróiseas seo ach ó thaobh na Gaeilge de i gcoitinne. Ócáid stairiúil í seo inniu. Is minic go raibh díospóireachtaí againn ar stádas na Gaeilge agus todhchaí na Gaeilge, ach tá an díospóireacht seo difriúil mar nuair a thosaigh an Rialtas ar an dréachtstraitéis 20 bliain a chur ar fáil, bhí sé soiléir ag an am go raibh dáiríreacht ag baint leis an obair. Bhí coiste Rialtais ann agus bhí an Taoiseach mar chathaoirleach ar an gcoiste sin. Ansin, nuair a thug an comhchoiste faoin obair seo, bhí sé soiléir go raibh dáiríreacht ag baint leis an gcomhchoiste chomh maith, mar thug sé faoin obair go praiticiúil — idir an Cathaoirleach, an Teachta Tomás Ó Ceit, agus gach uile duine ar an gcoiste — agus shocraíodar nach mbeadh sé ceart dul ar aghaidh leis an obair seo gan éisteacht leis na daoine a bhí ag saothrú na Gaeilge ar an dtalamh. Ní h-amháin gur bhuaileamar le seacht nó ocht n-eagras anseo i mBaile Átha Cliath, chuaigh an comhchoiste go Conamara agus bhuail sé le beagnach 30 eagras sa Ghaeltacht. Bhí seans ag na h-eagrais sin ar fad a dtuairimí a nochtadh, rud a dhein siad go soiléir agus go han-mhaith. Ag deireadh an phróisis sin sa Ghaeltacht, bhi tuiscint ag gach ball den chomhchoiste ar conas mar a bhí stádas na Gaeltachta ag an am sin agus na buanna a bhí inti. Ag an am céanna, thuigeadar an dúshlán cinnte atá ann don Ghaeltacht i láthair na huaire.

Chomh maith leis an straitéis, ceann de na rudaí is mó atá tar éis teacht chun tosaigh ná an comhoibriú traspháirtí atá le feiscint agus le mothú sa phróiseas seo. Bhí sé soiléir ón tús go raibh an comhchoiste agus an tAire ag iarraidh nach mbeadh aon choimhlint nó deighilt eatarthu maidir leis an obair seo. Ní hionann sin agus a rá go raibh gach éinne ar an tuairim céanna, agus ní chóir go mbeadh. Séard a bhí ag teastáil uainn ná go mbeadh éagsúlacht ann agus go mbeadh an taithí pearsanta a bhí ag gach duine ar fáil, agus ag an deireadh go bhféadfaimís a rá go raibh comhordú déanta ar an taithí sin agus go raibh an cháipéis a d'éirigh as praiticiúl, dáiríre agus fíreanneach.

Maidir leis an tuarascáil, tá 39 moltaí inti. Nuair a bhí an straitéis á phlé againn sa chomhchoiste i dtosach, tharla rud neamhcoitianta. Is é sin, tháinig foireann ó TG4 isteach agus chlúdaigh siad an díospóireacht iomlán ar feadh ceithre uair an chloig. Ní dóigh liom gur tharla sin riamh cheana. Cruthaíonn seo arís go raibh ní h-ámháín TG4 ach lucht na Gaeilge agus an náisiún i gcoitinne ag braith go mór ar an phróiseas seo chun tabhairt faoin obair atá le déanamh le cinntiú ní h-amháin go gcothófar stádas na Gaeilge ach go neartófar í amach anseo freisin.

Ní dóigh liom go gcuirfeadh an Rialtas dréachtstraitéis ar aghaidh ach amháin an dul chun cinn atá déanta ó thaobh na Gaeilge le breis agus 20 bliain anuas. Is féidir liomsa dul siar ar bhóithrín na smaointe go dtí am a raibh mé mar thimire le Conradh na Gaeilge sna 1960aidí. Ag an am sin, bhí naimhdeas an-láidir i gcoinne na Gaeilge. Bhí cúiseanna áirithe leis sin. Bhíodh daoine ag caitheamh anuas ar an nGaeilge, agus gach dochar nó dearmad a bhí déanta, cuireadh an milleán ar an nGaeilge ag an am. Ní féidir linn a rá go raibh comhoibriú traspháirtí ann sna blianta sin; ní raibh ach a mhalairt. Bhí an-éadóchas ann i dtaobh na Gaeilge, cé go raibh daoine áirithe ann a sheas an fód an t-am ar fad. Thuigeadar go maith go raibh géarghá le Gaeilge ó thaobh spiorad an náisiúin de.

Tá moladh an-mhór ag dul don Teachta Michael D. Higgins a bhí mar Aire nuair a chraolaíodh TG4 don gcéad uair. Is cuimhin liom go raibh díospóireacht ar RTE1 ag an am faoi ar cóir go mbeadh stáisiún teilifíse iomlán Gaeilge ann. Bhí slua mór daoine páirteach sa díospóireacht, daoine a raibh baint acu le gnó, cultúr nó spórt agus araile. Bhain an díospóireacht geit as an-chuid daoine mar bhí beagnach gach duine sa díospóireacht sin ar thaobh Teilifís na Gaeilge a bhunú. Sílim nach é amháin teilifís Gaeilge a bhí i gceist sa díospóireacht ach go raibh an Ghaeilge í fhéin i gceist. Nuair a ghlac na daoine sin páirt sa díospóireacht agus nuair a sheas siad an fód mar a dhein siad, thug siad cinnireacht agus treoir do dhaoine. Anois, mar a luaigh an tAire, tá Raidió na Gaeltachta againn, tá TG4 againn agus tá na gaelscoileanna againn. Is iadsan ceann de na rudaí is mó a thug dóchas dúinn ó thaobh todhchaí na Gaeilge de. Maidir leis an ngaelscolaíocht, is iad na daoine agus na heagrais iad féin a thug an treoir. Anois, is féidir leis an náisiún a bheith bródúil as an obair atá déanta ag na gaelscoileanna.

Ós rud é go bhfuil 39 moltaí sa tuarascáil, níl mé ach chun labhairt go ginearálta faoi trí nó ceithre cinn. Labhartar faoin nGaeltacht agus an obair atá le déanamh chun an Ghaeltacht a chaomhnú agus a neartú. Maidir leis na moltaí i dtaobh na Gaeltachta, má chuirtear i bhfeidhm iad, tá gach seans ann ní h-amháin go gcaomhnófar an Ghaeltacht, ach go bhféadfaimís an Ghaeltacht a neartú agus a láidriú. Tagann na moltaí sin ó mhuintir na Gaeltachta iad féin mar tá muinín fós acu agus tá siad dáiríre faoin nGaeltacht a neartú agus a chur chun cinn. Baineann ceann de na moltaí is mó leis an oideachas. Bhí roinnt mhaith díospóireachtaí sa Teach seo maidir le tumoideachas sa Ghaeilge agus léiríodh tuairimí áirithe faoi sin. Ach mar a dúirt mé, is iad na gaelscoileanna iad féin a chruthaigh go raibh ar a gcumas na scoileanna seo a chur ar fáil agus a threorú. Tá sé thar a bheith tábhachtach éisteacht leis na daoine atá i mbun na hoibre sin ós rud é gur thugadar an treoir agus gur chruthaigh siad go raibh éileamh ar na scoileanna sin. Ag an am céanna, chruthaigh siad go raibh na scoileanna sin thar a bheith tábhachtach ó thaobh stádas na Gaeilge de amach anseo.

Tá tuairimí difriúla ann agus chuir sin isteach ar an dul chun cinn a bhí á dhéanamh. Chothaigh sin míthuiscint agus deighilt. Tá sé thar a bheith tábhachtach, ní h-amháin don Roinn atá ag baint leis an nGaeilge ach don Roinn Oideachais agus Scileanna chomh maith, go mbeidh comhthuiscint agus ceangailt eatarthu. Ceann de na moltaí atá sa straitéis ná gur cóir stádas reachtúil a thabhairt don Chomhairle um Oideachas Gaeltachta agus Gaelscolaíochta. Creidim gur sin ceann de na moltaí is fearr sa tuarascáil. Táim ag súil go mór nach gcuirfear ar leataobh é mar muna dtugtar comhordú, aitheantas, cumhacht agus údarás den saghas sin di, tiocfaidh laghdú ar an ngaelscolaíocht agus ar oideachas trí Ghaeilge sa Ghaeltacht. Táim ag súil go mór nach ndéanfar neamhaird ar sin.

Tá súil agam freisin nach mbeidh aon laghdú ann ó thaobh caighdeán an oideachais sa Ghaeilge. Tá sé tábhachtach go mbeidh siollabas nua againn ó bhun go barr le cinntiú go bhfuilimid ag cabhrú leo siúd atá ag iarraidh oideachas Gaeilge a chur ar fáil. Uaireanta bíonn ráflaí ag dul thart agus fuair mé féin cúpla glaochanna gutháin ó na páipéir nuachta á rá liom go raibh sé i gceist i slí éigin an caighdeán san ardteistiméireacht a athrú go bunúsach. Níl mé ag rá go bhfuil níos mó ann ná ráfla. Tá súil agam nach dtarlóidh a leithéid go dtí go ndéanfaí mionscrúdú agus machnamh ar an siollabas nua. Ba chóir go mbeadh an obair sin ar bharr an liosta.

Bhí an tAire láncheart nuair a dúirt sé go mbraitheann an cheist seo go hiomlán ar an bpobal. Is cuma cén reachtaíocht, airgead nó tacaíocht Stáit atá ann muna bhfuil tacaíocht an phobail ann. Caithfimid a chinntiú go bhfuil an cabhair atá á thabhairt don bpobal chun an Ghaeilge a chur chun tosaigh flaithiúil. Ba chóir don Rialtas labhairt le gach éinne a bhfuil baint acu leis an nGaeilge.

Aontaím go hiomlán leis an méid a dúirt an tAire in óráid a thug sé le déanaí. Chuir sé béim faoi leith ar thuismitheoirí. Má thugann tuismitheoirí an treoir agus an cabhair ceart, beidh sé ar ár gcumas timpeallacht cheart a chur ar fáil. Is é sin an laige is mó a bhíonn ann, i ndáiríre, ó thaobh cur chun cinn na Gaeilge de. Iarrtar go minic conas is féidir le daoine freastal ar scoil ar feadh 14 bliain agus teacht amach gan muinín a bheith acu an Ghaeilge a úsáid. Bhuail mé le beirt mhúinteoir óg le déanaí — daoine atá an-chabhrach ó thaobh cur chun cinn cultúr na Gaeilge. Ní raibh sé de mhuinín ag an mbeirt acu abairt amháin a rá sa teanga. Níl mé ag cur an milleán ar na múinteoirí óga seachas ar an dtimpeallacht. Tugann múinteoirí a mhúineann an Ghaeilge faoi deara nach bhfuil an timpeallacht díreach lasmuigh de dhoras na scoile cabhrach ó thaobh cur chun cinn na Gaeilge de.

Tá seirbhísí cabhracha á sholáthar ag Raidió na Gaeltachta agus TG4. Tá Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003 againn anois. Tá stádas oifigiúil oibre ag an nGaeilge san Eoraip. Tá an Ghaeilge chomh aitheanta anois gur féidir l'éinne a bhfuil dá theanga acu jab a bhaint amach san Eoraip. Tá an obair sin déanta. Caithfimid anailísiú a dhéanamh go bunúsach, gan mórán ama a chaitheamh air, chun a dhearbhú cad is féidir linn a dhéanamh chun an timpeallacht a chothú. Ag an am céanna, caithfimid a chinntiú go bhfuil seans ag daoine an Ghaeilge a úsáid nuair a fhágann siad an scoil.

Theastaigh uaim é sin a rá os rud é gur luaigh an tAire an obair atá déanta ag na heagrais Ghaeilge. Ach amháin go rabhadar ann, tá mé cinnte nach mbeadh an díospóireacht seo againn, agus nach mbeadh an straitéis againn. Tá súil agam go mbeidh na heagrais a luaigh an tAire — Conradh na Gaeilge, Comhdháil Náisiúnta na Gaeilge agus Údarás na Gaeilge — go léir lárnach san obair atá le déanamh. Tá súil agam go mbeimid flaithiúil leo freisin.

Glacaim leis an méid a dúirt an Seanadóir Buttimer maidir le ganntanas airgid. Tá dea-shampla tugtha ag an Seanadóir ó thaobh cur chun cinn na Gaeilge, ní hamháin anseo ach sa chomhchoiste freisin. Ní féidir luach a chur ar chroí an náisiúin, nó ar an traidisiún atá againn. Iarraim ar an Aire, nuair atá sé ag lorg airgid don bhliain seo chugainn, a shoiléiriú go mbaineann an Ghaeilge agus an chultúr Gaelach le chroí an náisiúin.

Ba mhaith liom mo chuid ama a roinnt leis an Seanadóir Harris.

Is that agreed? Agreed.

Cuirim fáilte roimh mo shean-chara — an tAire — arís. Labhair an Seanadóir Ó Murchú mar gheall ar mhúinteoirí óga. Is féidir linn ceacht a fhoglaim ón stair sa chás seo. Go dtí 1922, bhí córas oideachais na tíre seo i mBéarla ar fad. Idir 1922 agus 1925, b'fhéidir, d'athraíodh an córas agus i gceann cúpla bliain, bhí sé fréamhaithe sa Ghaeilge. Cad a dhein na húdaráis ag an am chun é sin a dhéanamh? Braithim go bhfuilimid in áit an-chosúil leis sin faoi láthair. Ceapaim go bhfuil an teanga i gcontúirt marfach faoi láthair. Ní fheadar an bhfuil todhchaí don teanga, i ndáiríre.

Is cuimhin liom go raibh an t-ábhar seo á phlé le John Wilson nuair a bhí sé ina Aire Oideachais i 1980. Bhí an tAire agus mé féin ag obair i scoileanna éagsúla ag an am sin. Tháinig an tAire Wilson chun cinneadh gurb fhéidir linn a leithéid a dhéanamh arís. Bhí mé ag labhairt leis thar ceann an INTO ag an am. Mhol mé gur chóir go mbeadh seans ag gach múinteoir tréimhse ráithe a chaitheamh sa Ghaeltacht — ag maireachtáil, ag múineadh agus ag foghlaim ann. Dúirt mé gur cheart go mbeadh seans acu cultúr na Gaeltachta a thógaint isteach. Bhí an tAire tógtha leis an moladh sin agus d'aontaigh sé leis. Is féidir leis an Aire, an Teachta Carey, an Páipéar Bán a fhoilsíodh i 1981 a léamh. Tá an moladh sin ann. Is mór an trua nár cuireadh i bhfeidhm é riamh.

Ba mhaith liom díriú ar an méid a dúirt an Seanadóir Ó Murchú faoi múinteoirí óga na tíre. Ba bhreá liom go mbeadh seans ag múinteoirí óga tréimhse ráithe a chaitheamh sna Ghaeltachtaí. Cabhródh sé leis freisin an geilleagar áitiúil sna Gaeltachtaí a chur chun cinn. Iarraim ar an Aire scrúdú úr a dhéanamh ar an moladh sin. Thabharfadh sé fuinneamh nua do mhúinteoirí óga. B'iad siúd a tháinig ar ais os na Gaeltachtaí sna 1920aidí a chur an Ghaeilge chun cinn sna scoileanna agus sa chóras oideachais sna blianta ina dhiadh sin.

Ba mhaith liom comhghairdeas a dhéanamh leis an gcomhchoiste a chur an tuarascáil seo ar fáil. Tá a fhios agam go bhfuil cúpla ball den gcoiste i láthair inniu. Rinne siad jab maith. Tá an Seanadóir Ó Murchú ag éisteacht liom sa Teach seo le 20 bliain, nach mór. Don gcéad uair riamh, tá níos mó tábhacht tugtha dos na Gaeltachtaí ná dos na Galltachtaí sa straitéis atá os ár gcomhair. Tá sé thar a bheith tábhachtach. Tá sé tábhachtach na Gaeltachtaí a chothú mar fhoinse na teanga. Tá sé thar a bheith tábhachtach freisin an Ghaeilge a leathnú amach os na Gaeltachtaí. Go dtí seo, bhí iomarca béime ar na hiarrachtaí daoine a spreagadh cúpla focal Gaeilge a labhairt sna Galltachtaí. Tá sé sin tábhachtach, ach tá sé níos tábhachtaí go dtabharfaí tacaíocht dos na Gaeltachtaí. Thar na blianta, bhí mé míshásta go raibh níos mó tacaíochta á thabhairt dos na gaelscoileanna ná dos na scoileanna Gaeltachta. Tá sé deacair é sin a thuiscint, go mórmhór os rud é nach bhfuil Gaeilge ón gcliabhán ag 50%, b'fhéidir, de leanaí i go leor Gaeltachtaí agus iad ag tosú ar scoil.

Labhair an Seanadóir Ó Murchú mar gheall ar an gComhairle um Oideachas Gaeltachta agus Gaelscolaíochta. Cé go bhfuil obair na comhairle tábhachtach, ní fheadar an bhfuil sé chomh tábhachtach agus go gcaithfear é a chur ar bhunús reachtúil — ní chuireann an méid sin as dom. Tá sé thar a bheith tábhachtach go mbeadh an chomhairle in ann cinntí a thógaint ar son na Gaeilge. Tá mé ag caint faoin tumoideachas, mar shampla. Bhí mé go mór i bhfábhar an tumoideachais agus mé ag féachaint air mar oideoir. Bhraith mé i gcónaí dá mbeadh tumoideachas ag páistí ar feadh cúpla bliain agus iad ag tosú leis an oideachas, go mbeadh gach seans acu balancing a dhéanamh ar sin amach ansin go dtí deireadh a gcúrsaí sna scoileanna. Bhí an rud céanna i gceist agam nuair a chuir mé moladh gur cóir go mbeadh seans ag múinteoirí freastal ar na Gaeltachtaí. An rud céanna atá i gceist; is tumoideachas é. Ní fhéadfadh aon duine cur i gcoinne sin.

Ní dhearna an tAire aon tagairt sa mhéid adúirt sé don Good Friday Agreement. Ceann de na lochtanna atá ar an Good Friday Agreement ná gur cuireadh Gaeilge isteach sa North-South section as opposed to the east-west section. Braithim go mbeadh sé i bhfad níos tábhachtaí go mbeadh Gaeilge ann san east-west context — leis an dá oileán, agus le hAlbain, an Bhreatain Bheag agus na háiteanna eile, agus go mbeadh sórt fuinneamh agus synergies eatarthu. Bheadh sin thar a bheith tábhachtach. D'fhéadfaimís, mar shampla, polasaithe a bheith againn don dá oileán agus is mór an trua nár tharla sin. Ní dóigh liom go bhfuil aon rud ag tarlú sa North-South comhthéacs faoi láthair, nó sin mar a bhraithim.

Maidir leis an méid a dúirt an tAire i dtaobh na heagrais a chur le céile, tá sin thar a bheith tábhachtach, go háirithe i dtaobh Údarás na Gaeltachta. Tá jab ar leith, spéisiúil agus tábhachtach le déanamh ag Údarás na Gaeltachta agus caithfear féachaint chuige go mbeidh tacaíocht ann dó chun an jab sin a dhéanamh. Is cuimhin liom a bheith anseo dhá bhliain ó shin nuair a bhí deacrachtaí áirithe ann maidir le some kind of light industrial development a chur ar bun ar an mBuailtín, i mBaile an Fhéirtéaraigh i gCorca Dhuibhne. Bhí deacracht éigin maidir le gan a bheith in ann planning permission nó rud éigin a chur isteach. B'shin an t-aon seans a bhí ann le deich mbliana chun jabanna a chur ar fáil do ghnáth daoine san áit sin, ach níor éirigh leis i ndeireadh na dála. That is the kind of thing that happens. Tá seo tábhachtach. Níl sé chomh fada sin ó thugamar isteach an Bille a dhéileáileann le urgent infrastructure. Ó thaobh na Gaeilge de, ba chóir go mbeadh an seans céanna ag tograí a bhaineann léi. Má tá gá ann rud a thógaint chun an Ghaeilge a chur chun cinn, tá tábhacht bunreachtúil ag baint leis sin. Ba chóir go dtuigfimis é sin.

Seanadóir Ó Murchú and I have fought long and hard ar ghnéithe áirithe den Acht Teanga. Nílim chun Dingle-Daingean Uí Chúis a lua ar chor ar bith. I will leave that aside, ach chun an méid seo a rá. Bhí ar a lán comhlachtaí agus eagrais Stáit a dtuarascálacha cinn bhliana a fhoilsiú i nGaeilge. That is the kind of thing that brings Irish into disrepute. Ní raibh aon ghá leis. I ndeireadh na dála, bhíomar sásta na tuarascálacha sin a chur ar an web agus d'éirigh linn to meet the letter of the law sa chás sin. I dtosach, nuair an tháinig an fhadhb sin chun cinn go poiblí, chuir a lán daoine ina coinne. Tá daoine ann atá i bhfábhar na Gaeilge, ach níl siad sásta cuidiú le haon rud nach bhfuil praiticiúil agus suimiúil.

Tá moladh sa straitéis maidir le dátheangachas, ach ní aontaím mórán leis. Is é an taon mholadh atá ann nach bhfuil mé ró-thógtha leis. Braithim gur cóir go mbeadh Béarla agus Gaeilge ar a dtoil ag na daoine atá chun an Ghaeilge a chur chun cinn. They should be able to argue and put the case in both languages más gá sin a dhéanamh. Is cuimhin liom dul uair amháin chuig Ian Paisley agus é ina MP agus MEP ag an am. Bhí mé ag iarraidh tacaíochta do na Gaelscoileanna i mBéal Feirste. Nobody in the gaelscoil movement in the North would speak to me because I took a practical approach to languages. Ceann de na rudaí a chuireann isteach orm nach raibh sa Good Friday Agreement ná nach raibh aon duine sásta go mbeadh polasaí amháin don teanga don oileán ar fad. What I have seen in respect of the Irish language is a partitionist approach by all the parties, including, as I have informed its members on many occasions, Sinn Féin. Tá sé i bhfábhar go mbeadh Gaeilge toilteanach or voluntary and available in the North but compulsory in the South. That is not an all-island approach to developing a policy. My view is that people who begin their education in one language should be able to continue to communicate in that language. The Reverend Ian Paisley agreed with me and did not have a difficulty in that regard. He stated he was not prepared to support the erection of Irish language signs in Belfast city centre but that he did not have a problem with supporting the establishment of gaelscoileanna — or Irish schools — in parts of the North where people were in favour of their development. Bhí sin thar a bheith tábhachtach.

An rud is mó a chuireann isteach orm ná iadsan a úsáideann an Ghaeilge mar sórt gunna who use the language as a weapon to exclude people. Seo an deacracht is furasta a fheiscint. Sna Gaeltachtaí, if somebody who cannot speak Irish comes into the company of a group of people who are speaking the language, everyone else begins to communicate in English because that is the mannerly approach to take. In Dublin, the opposite happens. If somebody who can communicate haltingly through Irish joins the company of people who are already communicating through the language — I must be careful how I describe these individuals because when I used a particular phrase to describe them on a previous occasion, I was apologising for two months afterwards — they tend to speak faster and use more difficult words in order to ensure the former does not understand what is happening.

Tá an straitéis seo praiticiúil agus molaim é agus obair an chomhchoiste.

Tréaslaím leis an Aire agus leis an Seanadóir Ó Murchú as ucht an straitéis thábhachtach seo a chur i bhfeidhm. Molaim go mór go luíonn sí isteach ar chroílár na ceiste nuair a deireann sí go mbraitheann gach rud ar inmharthanacht na Gaeltachta. Le fada an lá, thugamar sórt sheirbhís béil don nGaeltacht. Tá an-chuid daoine ann a mheasann dá mbeadh an Ghaeltacht imithe agus 20,000 daoine ag labhairt Gaeilge i mBaile Átha Cliath, go mbeadh sin all right. Ní bheadh, mar ní bheadh ann ach argot, saghas pidgin language. Ní bheadh teanga ceart ann. Ba cheart ó thosach, mar a mhol an t-ollamh a bhí ann roimh an t-ollamh Breathnach sna 1950aidí, an bhéim a chur ar an nGaeltacht seachas ar an nGaeilge a mhúineadh sna scoileanna. Ba cheart na Gaeltachtaí a chosaint agus a leathnú. Mar sin, is é an rud is tábhachtaí a tharla le 20 nó 30 bliain anuas ná Raidió na Gaeltachta. Chuir sin meán cumarsáide nua ar fáil don nGaeltacht.

Chun an fhírinne a rá, measaim go bhfuil an Ghaeltacht chomh tábhachtach san. Abair go raibh an cainteoir dúchais deireanach ag fáil bháis inniu, cad a bheadh fágtha againn a bheadh tábhachtach ó thaobh an Ghaelachais de? Bheadh an slabhra briste ar fad. Not on our watch. Tá súil agam nach dtarlóidh sin. Ach tá gach seans go dtarlóidh sin agus go mbrisfear an slabhra sa ghlúin seo. Le bheith macánta faoi, creidim gur ceart Gaeilgeoirí sna Gaeltachtaí agus sna pócaí Gaeltachta a chuir ar phá. Ba cheart airgead a thabhairt dóibh chun Gaeilge de chaighdeán ard a labhairt chun an teanga agus an cultúr a chaomhnú agus chun ranganna agus tacaíocht a thabhairt do Bhéarlóirí as na cathracha chun feabhas a chur ar an nGaeilge atá acu. Ní dóigh liom gur cóir dóibh Gaeilge bhunúsach a mhúineadh dóibh — ba cheart go mbeadh sin déanta sna scoileanna — ba chóir cabhrú leo chun feabhas a chur ar an nGaeilge atá acu. Daoine ar nós Liam Ó Muirthile, an file, atá i gceist agam. Duine é sin a labhrann Gaeilge ag caighdeán a bhfuil deacair dúinn a fhios a bheith againn nach cainteoir dúchais ó thosach é. Sin an caighdeán atá ag teastáil uainn.

Ba mhaith liom go dtógfadh an coiste gné eile den nGaeltacht atá ann faoi láthair faoina bhráid. Nach bhfuil sé de cheart againn ghrád nua de chaomhantóir — daoine a labhrann an Ghaeilge agus a bhfuil an cultúr, an ceol agus an dúchas acu — a bhunú sa seirbhís phoiblí? Is rud iontach é, b'fhéidir, i gcomhthéacs na tuairimí atá agam ar an seirbhís phoiblí, go bhfuil mé ag iarraidh poist den sórt seo a thabhairt do dhaoine leis na scileanna chun an Ghaeilge agus an cultúr Gaelach a chaomhnú. Ní féidir linn éalú ón fhírinne go bhfuil an teanga deacair. Is rud amháin é rince Gaelach a mhúineadh, ach is rud eile é teanga chomh deacair a mhúineadh. Tá an-jab déanta ag an Seanadóir Ó Murchú agus ag daoine eile i gComhaltas Ceoltóirí Éireann ó thaobh ceol de. Is teanga saibhir casta í an Ghaeilge. Ba cheart í a chaomhnú agus a chosaint, agus gan í a lagú, a laghdú nó a thruailliú. Caithfimid smaoineamh ar ghrád phoiblí nua — chaomhantóir na Gaeilge — a bhunú.

Aontaím go mór leis an Seanadóir Ó Murchú gurb iad na Protastúnaigh, seachas Daniel O'Connell, a chosain an Ghaeilge sa 19ú aois. Labhair na misinéirí Protastúnacha a bhí Gaeilge acu an teanga sna Gaeltachtaí. Bhí na Preispitéirigh i mBéal Feirste go mór ar thaobh na Gaeilge. Tá an-éileamh don nGaeilge i measc na n-Aontachtaithe, go mórmhór an íosaicme agus na hoibrithe. Tá taithí pearsanta agam go bhfuil siad réidh déileáil leis an nGaeilge i mbealach nua-aimseartha agus oscailte. Tá sé in am do Shinn Féin agus dreamanna eile éirí as an nGaeilge a úsáid mar bhata cultúrtha anuas ar Phrotastúnaigh. Déanadh botún mór uafásach i 1915 nuair a thóg Sinn Féin greim ar Chonradh na Gaeilge. Ba chóir do Shinn Féin éirí as an bata. Mar a mhol an Seanadóir O'Toole, ba cheart réimse "east-west" a bheith ann in ionad réimse Thuaidh-Theas. Molaim go mór an straitéis, atá chomh réadúil le haon straitéis a chonaic mé riamh.

When considering my contribution today I considered a number of options. One was to read a prepared script as Gaeilge which I would have been able to do quite competently. Another was to preface my speech with a cúpla focal along the lines of, "Tá áthas mór an corn seo a ghlacadh", as we often hear in public speeches, but I decided, given the nature of the competency of my language, I would speak in English because I believe that any strategy which aims to foster an increase in the use of the Irish language must be aimed particularly towards citizens like me.

As to our willingness and ability to use language, a number of fair points have been made during the debate. Too often, as Senator O'Toole has said, Irish has been used as a weapon. We need to ensure the use and love of the Irish language is an issue of cultural rather than political importance. We need to learn from the example of nations such as Wales which has managed quite successfully to increase the use of its language in a way that we have avoided doing. There have been some improvements in recent years, such as the success of TG4 and the passing of the Official Languages Act, and they point in the right direction, but the strategy also must be about reviewing where such Acts may not have been as positive in their intent as they might have been.

For instance, the requirement of the Official Languages Act to have annual reports in Irish and English is something which needs to be reviewed, certainly in printed form. With information technology there is no difficulty in having Irish and English versions of annual reports but the cost involved and the level of usage of the reports are putting an unnecessary burden on their production. It is money which need not be spent and it is not doing anything to encourage the use of Irish as a language.

There has been progress in how the language has been taught in schools. The requirement to have 40% on an oral test will be of great use in the future. My inability to speak, despite the fact that my father was a native speaker and that I was born in the United States, has something to do with most people's conditional reflex — I use the term on purpose——

The Senator is like de Valera.

People are more concerned with an tuiseal ginideach and the modh coinníollach than speaking the language freely and competently. My concerns about making a speech like this in Irish are that issues such as tenses, plurals, the use of pronouns, the way the Irish language puts in letters just for the sake of it a lot of the time and the fact that it is a language which is from another language family from the predominant language in the country make it even more difficult for people.

That said, our inability to teach Irish effectively and use the language in a more everyday sense can also be linked with our failure as a nation to properly address the use of other languages. There must be a link between the failure to teach Irish properly and our failure to speak different languages effectively. We share that laziness with our near neighbours in the United Kingdom and not the approach of our cousins on the European mainland where the speaking of three, four or five languages is a matter of course. If their education systems can structure a system of language development and usage in that way, then very big questions need to be asked as to why we cannot do it here. The strategy is an honest attempt at least to address those inconsistencies.

As for the four scenarios outlined in the strategy, there is an onus on the Government to point us in a particular direction, whether that is an independent agency, a new office within the Department, developing existing bodies such as Foras na Gaeilge or trying to reconfigure Údarás na Gaeltachta, which has a cultural and economic brief. We need clarity, if it is a 20-year strategy, on which approach we should take. I do not know what the Minister would think about my preference but, given the times we live in, we are moving away from the type of Government where we thought specialisms and parcelling out roles to quangos was the right approach. We need to bring Government back to the centre in terms of making such policy decisions. We need to use the type of skills that are in the public sector to which Senator Harris referred. I also acknowledge the point he made, namely, that the work on developing the Irish language is as much about minority cultures as the prevailing ethos in the country. The fact that from the late 19th century there was a Bible and Book of Common Prayer in Irish for the Church of Ireland while the Roman Catholic Church was still saying mass in Latin says something about who owns, loves and tries to promote the language.

The real challenge is to divorce the development of Irish from being a political goal and make it a cultural goal. I am confident that in the future when I have the time and ability to do so I will be able to speak with none of the three options which I outlined at the start of my speech. I may have a combination of more confidence and Irish content, and confidence that we are going down the right road in encouraging a sense of ownership of the language among all our citizens.

Is mian liom mo chuid ama a roinnt leis an Seanadóir de Búrca.

Cuirim fáilte roimh an Aire. Tá áthas orm bheith anseo chun an tuarascáil seo a phlé. Gabhaim comhghairdeas leis an gcoiste as an obair a rinne sé ar an tuarascáil seo. Chaith baill an choiste seacht mí ag obair air. Go háirithe, is mian liom ómós a thabhairt do Bhaill an Tigh seo — na Seanadóirí Ó Murchú agus Doherty — a d'oibrigh ar an gcoiste. I Nollaig 2009, mhol an tAire Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta, an Teachta Éamon Ó Cuív, an dréacht straitéis 20 bliain don nGaeilge don choiste agus d'iarr sé ar bhaill an choiste macnamh a dhéanamh ar an tuarascáil. Tá an straitéis seo ar cheann de na céimeanna is samhlaíoch ariamh a ghlacadh ar son fhorbairt na Gaeilge. Cuireadh an tuarascáil atá á phlé againn le chéile tar éis dul i gcomhairle le comhlachtaí éagsúla ar fud na tíre. Míníonn an tuarascáil dúinn conas gur féidir linn cur leis an líon daoine a labhraíonn Gaeilge go laethúil. Ceann de na príomh moltaí a dhéanann an coiste ná go gcoinneodh Údarás na Gaeltachta na freagrachtaí atá aige faoi láthair. Tá sin tábhachtach. Aithnímid go léir an dea obair a rinne an t-údarás. Le roinnt blianta anuas, thaisteal mé go Gleann Cholm Cille i nDún na Gall i rith an tsamhraidh chun freastal ar chlár samhraidh Oideas Gael, a bhunaigh cathaoirleach Údarás na Gaeltachta, Liam Ó Cuinneagáin. Feicim an dea obair atá déanta ag an eagraíocht. Aontaím go bhfuil ról lárnach ag an údarás le himirt sa phróiseas seo.

Tá príomh cuspóirí an Rialtais leagtha amach sa straitéis agus, san iomlán, cuirtear 13 cuspóir ar aghaidh sa tuarascáil. Mar a dúirt daoine eile, is í an aidhm ná caighdeán labhairt na Gaeilge a ardú in Éirinn agus líon na gcainteoirí laethúla a ardú ó 75,000 anois go dtí 250,000 i gceann 20 bliain. Tá ceithre chéim beartaithe ag an straitéis 20 bliain. Tá sé beartaithe bliain 1 a chaitheamh ar oibriúcháin pleanála, bliain 2 agus 3 a chaitheamh ag cur síos ar fáthanna na straitéise, bliain 4 go dtí 15 a chaitheamh ar leathnú agus doimhniú na teanga agus blianta 16-20 a chaitheamh ar chomhdhlúthú na bearta. Thar an tréimhse sin, comóirfear go leor eachtraí stairiúla, mar shampla Éirí Amach na Cásca agus Cogadh na Saoirse. Mar sin, tá sé in am a bheith ag obair ar leathnú ar an eolas ar ár dteanga. Tá an coiste Oireachtais tar éis obair an mhaith a dhéanamh ag dul tríd na straitéise agus tá tuarascáil curtha ar fáil ina bhfuil 39 moltaí. Tacaím leis na moltaí agus labhróidh mé faoi cuid acu.

Tacaím leis an gá le bearta chun cur le líon na gcainteoirí sna cheantair Gaeltachta. I mo chontae, an Mhí, tá dhá cheantair Gaeltachta, Rath Chairn agus Baile Ghib. Tá gá tacaíocht a thabhairt don dá cheantar seo chun fás a chothú agus chun go leanfaidh siad ar aghaidh. Labhair mé sa Teach an tseachtain seo chaite ar an ghá atá le Gaelscoil a fhorbairt i Rath Tó i gContae na Mí. Bunaíodh an scoil i mbliana, ach faoi láthair tá ar na tuismitheoirí cíos an áitribh agus tuarastal an mhúinteora a íoc. Nuair a d'iarr mé ar an Tánaiste aitheantas a thabhairt don scoil, dúirt sí liom go raibh áiteanna ar fáil i scoileanna Béarla i Rath Tó agus go raibh caighdeán na Gaeilge sna scoileanna sin an-mhaith. Iarrfaidh mé ar an Aire athbhreithniú a dhéanamh ar an gceist seo, mar i mo thuairim is soiléir gur bealach amháin iad na Gaelscoileanna gur féidir linn an sprioc de 250,000 cainteoirí laethúla a shroicheadh. Má ligtear dúinn Gaelscoil a bhunú gach bliain le haghaidh 30 páiste, tar éis 20 bliain, beidh 600 daoine fásta líofa sa teanga.

Labhraíonn an tuarascáil freisin faoi thacaíocht bhreise do mhúinteoirí agus aontaím leis sin. Ní mór dúinn a chinntiú go bhfuil an caighdeán is fearr ar oiliúint múinteoirí. Mar a dúirt an Seanadóir Labhrás Ó Murchú, caithfear bealach eile a iniúchadh chun an Ghaeilge a mhúineadh ionas go dtiocfaidh feabhas ar labhairt na teanga. Faoi láthair, de réir daonáireamh 2006, tá thart ar 1.7 milliún duine a bhfuil eolas acu ar an nGaeilge. Sin thart faoi 30% de dhaonra na hÉireann. Cheap mise gur céatadán maith é sin ar dtús, ach ansin d'fhiafraigh mé díom féin cén fáth go raibh an céatadán chomh híseal nuair a d'fhreastal gach duine sa Stát ar scoileanna ar feadh 13 bliain ar a laghad agus Gaeilge á fhoghlaim acu go laethúil iontu. Caithimid a rá gur theip ar chóras oideachais na hÉireann sa chás seo, mar níl aon Ghaeilge ag 70% dár ndaonra, cé gur chaith siad 2,000 uair ag foghlaim na teanga ar scoil. Rinne mé roinnt taighde ar an gceist seo agus cé go mbraitheann foghlaim teanga ar an duine, ba chóir líofacht a bheith ag duine tar éis 1,000 uair a chaitheamh ag staidéar. Níl ag éirí linn. Mar sin, tá áthas orm a fheiceáil go bhfuil béim sa tuarascáil ar na teicníochtaí teagaisc a úsáidimid.

Cinnte, déanfaidh mé féin agus mo chomhghleacaithe i bPáirtí an Lucht Oibre an méid is féidir linn chun cinntiú go gcaomhnófar agus go bhfeabhsófar stádas na Gaeilge ionas go gcomhlíonfaimid spriocanna na straitéise. Ach, beidh tuilleadh tacaíochta agus airgid ag teastáil ón Rialtas ionas go mbeidh rath ar an straitéis.

I thank Senator Hannigan for sharing time. Níl ach beagán Gaeilge agam but I welcome the opportunity to say a few words in English as somebody who understands some of the spoken language. I would dearly love to be able to speak it fluently but I cannot, although I love the language and the way it is spoken. It is a beautiful language.

I welcome the report and I recognised two issues at paragraphs 1.2.1 and 1.2.2. There is a common understanding that the language policy cannot be centrally regulated without the agreement and co-operation of the Gaeltacht and Irish language communities, including the voluntary organisations. I agree with the two recommendations. My nephews attended a Gaeltacht this year and I was very impressed with the report they brought back to me. They were in Connemara and could have been very close to the residence of the Minister, Deputy Ó Cuív, although they could not fully understand him. Many people cannot.

The Senator should not comment on people who are not here to defend themselves.

They were very impressed as no English was spoken for the three weeks they were in the Gaeltacht. They struggled at the beginning but were delighted with their progress by the end. This is not available to every student but it should be, and the Government should work to a position where every student would have an opportunity to go to the Gaeltacht. Currently it is people who are better off or who have more of an interest in the language who avail of the teaching in the Gaeltacht. This should be extended to every student and could be achieved by closing a college for a week or two weeks, with all the students sent to various Gaeltachts. The Government and the Minister for Education and Skills in particular should consider such a move, as the lessons would be valuable. My nephews brought this lesson home to me when they told me no English was spoken at all.

There are many illiterate people in this country who can speak English. The same is true of the Irish language, as many cannot write it but can understand it or speak it. Much can be done in this regard. I welcome this report and the Minister should provide the opportunity for students at some stage to go to a Gaeltacht. This would strengthen the Gaeltachts and much progress could take place as a result.

Tá lúcháir orm an deis a bheith againn uilig díospóireacht agus plé a bheith againn ar an tuarascáil seo agus ar an obair atá déanta ag an gcomhchoiste agus an grúpa oibre sa choiste sin faoi chathaoirleacht an Seanadóir Labhrás Ó Murchú. Gabhaim buíochas leis agus leis na baill eile as an obair a rinne siad chun na moltaí seo a thabhairt chun tosaigh.

D'éist mé leis na cainteoirí eile agus leis an Aire i dtaca an áit ina bhfuilimid faoi láthair, agus na tuairimí éagsúla atá sa Seanad i dtaca leis an nGaeilge, an Ghaeltacht, an áit ina bhfuilimid ag dul, na spriocanna atá leagtha amach agus na moltaí atá sa tuarascáil. Aontaíonn gach éinne go gcaithfear rud éigin a dhéanamh chun an Ghaeilge a neartú agus a fhorbairt sna blianta atá amach romhainn. Cuireann sé lúcháir orm go bhfuil na páirtithe agus na Neamhspleáigh go léir i gcomhaontas ar an ábhar tábhachtach seo, a bhaineann le stair agus cultúr na tíre agus le todhchaí na teanga. Tá sé ráite sa díospóireacht seo agus sa tuarascáil go bhfuil go leor brú ar an nGaeilge, go háirithe sa Ghaeltacht ach taobh amuigh den nGaeltacht freisin. Tá an domhan i bhfad níos lú anois ná mar a bhí sé. Tá tionchar an-tábhachtach ag na meáin chumarsáide áitiúla, náisiúnta agus idirnáisiúnta ar an teanga.

Luaigh an Seanadóir Harris an tábhacht a bhaineann le Raidió na Gaeltachta agus TG4. Tá an-chuid oibre déanta ag na stáisiúin sin chun an Ghaeilge a thabhairt chun cinn. Tá TG4, go háirithe, tar éis an Ghaeilge a dhéanamh "cool" don ghlúin óg. D'oibrigh an Seanadóir ar chlár cosúil le "The X Factor". Chuir sé a chuid tuairimí i dtaca le chúrsaí ceoil, damhsa agus rince in iúl ar an gclár. Clár maith a bhí ann. Chuala mé go leor páistí ag rá go rabhadar ag breathnú ar an gclár agus ag baint taitnimh as. Sílim gur chóir go mbeadh comhoibriú idir an Roinn agus na meáin maidir le cláir den chineál sin a chur ar fáil do phobal Gaeilge na tíre seo. Sílim go gcuidíonn a leithéid de chláir ní hamháin le muintir na Gaeltachta, ach le gach éinne a labhrann an Ghaeilge. Tá sé tábhachtach freisin go mbeadh daltaí in ann ceangal a dhéanamh sa seomra ranga, más féidir, idir na rudaí a tharlaíonn ar fud an domhain agus na rudaí a tharlaíonn ar leibhéal áitiúil.

Níl sé ar intinn agam dul tríd na moltaí go léir atá sa tuarascáil. Aontaíonn gach éinne leo. Labhair Seanadóirí eile faoin ról tábhachtach atá ag na coláistí samhraidh. Dúirt an tAire go bhfreastalaíonn thart ar 25,000 dalta ar na coláistí sa Ghaeltacht. Ní hamháin go bhfuil sé tábhachtach don Ghaeilge, tá sé tábhachtach mar thionscal freisin ó thaobh forbairt eacnamaíochta na Gaeltachta agus ó thaobh na mná tí sna teaghlaigh ina bhfanann na scoláirí. Measaim gur féidir ardú substaintiúil a dhéanamh ar an líon dalta a théann go dtí na coláistí Gaeltachta. Aontaím leis na Seanadóirí a dúirt gur chóir dúinn féachaint ar modh éigin inar féidir cúiteamh a thabhairt do theaghlaigh taobh amuigh den Ghaeltacht atá sásta a bpáistí a chur chuig an nGaeltacht ach nach bhfuil go leor airgid acu é sin a dhéanamh. Go minic, chosnaíonn sé suas go dtí €1,000 chun scoláire a chur chuig coláiste samhraidh ar feadh trí seachtaine. B'fhéidir nach bhfuil cuid mhór airgid den chineál sin ag tuismitheoirí sna cathracha agus sna bailte móra, agus gur fiú dúinn breathnú ar chúiteamh éigin a thabhairt dóibh. Tá a fhios agam go bhfuil cúiteamh substaintiúil ar fáil ón Roinn do na mná tí agus na coláistí. B'fhéidir gur chóir dúinn smaoineamh ar thacaíocht a chur ar fáil do na páistí agus na teaghlaigh. Tá mé cinnte go mbeidh an Rialtas ag breathnú ar an scéim sin a fhorbairt agus a neartú nuair a rachfaidh an tuarascáil ós comhair an bhfochoiste Rialtais.

Ba chóir go mbeadh sé indéanta go rachfadh múinteoirí óga go dtí an Ghaeltacht le haghaidh tréimhse áirithe chun saol na Gaeltachta a fhianú agus iad ina gcónaí i dtithe na ndaoine. Tá a fhios agam go bhfuil sé sin ag tarlú. B'fhéidir gur chóir dúinn breathnú ar dóigh inar féidir linn é sin a fhorbairt. Níl a fhios agam an féidir suí síos leis na coláistí traenála agus é sin a fhorbairt níos mó. Tá a fhios agam go bhfuil moladh déanta ó thaobh Coláiste Íosagáin i mBaile Bhúirne. Creidim gur fiú dúinn coláiste traenála do mhúinteoirí a lonnú sa Ghaeltacht. B'fhéidir gur cheist don Aire Oideachais agus Scileanna is ea an moladh ó thaobh Baile Bhúirne de. Ba cheart dúinn é a scrúdú. Bhí coláiste traenála i mBaile Bhúirne blianta fada ó shin. D'fhreastal Teachtaí agus Seanadóirí os na Tithe seo ar an gcoláiste sin. B'fhéidir gur fiú smaoineamh arís ar choláiste oiliúna a lonnú sa Ghaeltacht.

Is mian liom labhairt faoi roinnt de na moltaí eile. Tar éis dom labhairt le páistí — níl sé ró-fhada ón am ina raibh mé ag dul ar scoil — measaim nach bhfuil an curaclam chomh furasta nó tarraingteach agus gur chóir dó a bheith. Tá sé deacair dóibh siúd atá ag iarraidh an teanga a fhoglaim. Is é an dara moladh déag atá sa tuarascáil ná gur chóir ábhar scoile nua — siamsaíocht agus litríocht na Gaeilge — a thabhairt isteach. Bheadh sé sin go hiontach. B'fhiú dúinn béim a chur ar an ceol, an craic agus an spraoi a bhaineann leis an nGaeilge. Déantar dearmad ar sin go minic sa churaclam atá ann faoi láthair. Tá an curaclam chomh leadránach go mbíonn sé deacair do dhaltaí an Ghaeilge a fhoglaim. Measaim go bhfuil an spórt agus an spraoi á chailliúnt againn. Tá na páistí ag cailliúnt suime sa churaclam. Ní thacaíonn sé sin leis na hiarrachtaí atá á dhéanamh againn an Ghaeilge a dhéanamh tarraingteach don ghlúin óg. Má táimid chun an sprioc atá leagtha amach sa tuarascáil — go mbeadh 250,000 duine in ann an Ghaeilge a labhairt go laethúil — a bhaint amach, caithfimid díriú isteach ar an gcuraclam scoile. Tá a fhios agam go bhfuil an t-ábhar seo clúdaithe sa tuarascáil. Measaim nach gcosnódh sé an oiread sin airgid. Bheadh sé ciallmhar agus chinnteodh sé go mbeadh an curaclam suimiúil do na páistí ionas go mbeidís in ann an Ghaeilge a fhoglaim. Tá an dóigh inar féidir leo dul go dtí an Ghaeltacht chun an teanga a fhoghlaim ceangailte agus fite fuaite leis sin.

Is mian liom caint faoi scéim na gcúntóirí teanga atá thar barr. Cuireann an Roinn tacaíocht ar fáil faoin scéim taobh istigh den nGaeltacht. Labhraím go minic le múinteoirí agus tuismitheoirí i gceantair imeallacha Gaeltachta ina bhfuil an scéim seo i bhfeidhm. Cé go bhfuil an scéim iontach, tá sí faoi bhrú airgid. Measaim gur fiú dúinn breathnú ar an ábhar seo. B'fhiú an scéim a chur ar fáil ar fud na tíre, ní hamháin sa Ghaeltacht. Ní chosnódh sé an oiread sin airgid. Méid beag airgid atá i gceist. Tá buntáistí na scéime ó thaobh fhorbairt na teanga ag leibhéal na bunscoile an-tábhachtach. Molaim an obair atá déanta ag an bhfochoiste agus ag an Aire. Mar a dúirt sé, rachfaidh an tuarascáil seo ós comhair choiste an Rialtais i gceann coicíse nó mar sin. Tá súil agam go mbeidh sí foilsithe go luath sa bhliain nua.

Mar chomhalta de chuid Údarás na Gaeltachta, ba cheart dom a rá mar fhocal scoir go bhfuil sé criticiúil go mbeidh na cúraimí fiontraíochta coinnithe san údarás. Labhair Seanadóirí eile faoin ábhar seo freisin. Tá a fhios ag an Aire an tábhacht a bhaineann leis seo. Labhair mé leis cúpla uair ar an gceist seo. Má táimid chun Gaeltacht bríomhar a bheith againn agus daoine a choinneáil inti, tá sé criticiúil go mbeadh poist ar fáil sa bhaile ag na daoine sin. Muna bhfuil Údarás na Gaeltachta i bhfeighil ar na cúraimí sin sa Ghaeltacht, ní bheidh eagras ar bith eile sásta nó ábalta poist a chur ar fáil. Iarraim ar an Aire a shúil a choimeád ar an liathróid agus a chinntiú go gcoinneodh an t-údarás na cúraimí sin.

Ba bhreá liom fáilte a chur roimh an Aire. Tá áthas orm go bhfuil an díospóireacht seo ar siúl sa Seanad. Ba mhaith liom fáilte a chur roimh an tríú tuarascáil agus ba mhaith liom tréaslú le gach duine a d'oibrigh go dian chun í a ullmhú dúinn. Is léir go bhfuil na moltaí ar fad a rinne an comhchoiste ar fheabhas agus ba chóir go nglacfar leo ina n-iomlán chun an straitéis a láidriú. Ba mhaith liom díriú isteach ar roinnt de na moltaí, ach sula ndéanaim sin, luafaidh mé rud a tharla dom inniu.

Bhí mé mar aoi i Scoil Mhuire, meánscoil in Aonach Urmhumhan, agus bhí mé ag labhairt le roinnt ranganna ansin agus leis an múinteoir Gaeilge. Bhí mé an-tógtha le caighdeán a cuid Gaeilge, mar bhí Gaeilge iontach aici. Bhíomar ag greannaíocht faoi sin agus ag rá nach bhféadfaí a rá i gcónaí go mbíonn Gaeilge mhaith ag an múinteoir Gaeilge, faraor. Dúirt sí liom gan dearmad a dhéanamh, nuair a bheinn ag labhairt leis na micléinn, an Ghaeilge a úsáid. Bhí an cheart ar fad aici é sin a mheabhrú dom. Má táimid ag iarraidh an Ghaeilge a chur chun cinn — sin a theastaíonn uainn uilig anseo — caithfimid a chinntiú go bhfuil an Ghaeilge feiceálach, go bhfuil fáilte roimpi agus go bhfuil sí sofheicthe i gcónaí.

D'éist mé go géar leis an méid a dúirt Seanadóirí eile agus lena dúirt an Seanadóir Ó Tuathail agus an Seanadóir Harris. Aontaím leo go bhfuil se an-tábhachtach an bhéim a chur ar an nGaeltacht agus a chinntiú go leanfaidh an Ghaeilge mar theanga dhúchais mhuintir na Gaeltachta. Ach seo áit ina gcaithfimid an dá thrá a fhreastal. Ní bheinnse ag labhairt i nGaeilge anseo inniu dá mbeimis ag cur béime ar an nGaeltacht amháin. Tá sé fíor-thábhachtach go ndéanaimid tréan iarracht an dá thrá a fhreastal i gcónaí. Caithfimid an Ghaeilge a dhaingniú agus a bhuanú sa Ghaeltacht agus gach iarrracht a dhéanamh chun sin a bhaint amach. Níl a fhios agam an rachfainn chomh fada le daoine a íoc chun Gaeilge a labhairt, mar d'fhéadfadh sin teacht salach ar mheon níos dearfaí a chothú i leith na Gaeilge sa tír. Is cinnte go gcaithfimid ár seacht ndícheall a dhéanamh. Ag an am céanna, caithfimid díriú isteach ar an nGaeilge mar ghnáththeanga labhartha sa Ghalltacht agus in áiteanna eile sa tír. Caithfimid féachaint céard is féidir linn a dhéanamh le cinntiú go bhfuil an Ghaeilge in úsáid agus go bhfuil sé furasta do dhaoine í a úsáid agus an deis acu sin a dhéanamh.

Is ceist muiníne í seo. Is minic go ndúirt daoine liom go raibh áthas orthu mé a chloisteáil ag labhairt Gaeilge agus gur deas an rud é an Ghaeilge a chloisteáil. Cloisimid uilig ráitisí mar sin ó am go chéile, ach is léir nach bhfuil muinín acu dul sa tseans iad féin, bíodh is go bhfuil go leor Gaeilge acu. Cén fáth nach bhfuil an muinín sin acu? Rud eile, caithfidh daoine an iarracht a dhéanamh iad féin. Tá cara agam a d'fhreastal ar dinnéar anseo liom san Oireachtas an tseachtain seo chaite. Labhair mé i mBéarla agus i nGaeilge agus dúirt sé liom gur deas an rud é gur labhair mé i nGaeilge ar an ócáid sin. Bíonn an duine céanna sin ag gearán de bharr go bhfuil an teachtaireacht ar mo ghuthán póca i nGaeilge. Ní féidir amharc ar an nGaeilge mar theanga nó deis chun ócáid a mhaisiú. Caithfimid an Ghaeilge a chur chun cinn ar bhealaí praiticiúla agus caithfimid meon dearfach a chothú i measc daoine ionas nach mbeidís ag iarraidh díreach cúpla focal a chloisteáil ar ócáid thábhachtach, ach go mbeidh siad sásta cabhrú le daoine an Ghaeilge a úsáid mar ghnáth meán chumarsáide.

Ba mhaith liom dul i ngleic le cuid de na moltaí. Aithnítear go forleathan gurb í gluaiseacht na ngaelscoileanna ceann de na rudaí is fearr agus is tábhachtaí i ndul chun cinn na Gaeilge i measc an phobail le 20 bliain anuas. Sa chomhthéacs sin, is fiú díriú isteach ar mholadh a naoi a labhraíonn faoi soláthar dóthanach don ghaeloideachas do phobal uile na tíre a chinntiú agus suíomhanna do scoileanna nua á roghnú ag an Roinn Oideachais agus Scileanna. Bhí go leor cainte sna meáin chumarsáide le laethanta beaga anuas faoin méid airgid a bhí an Roinn sásta a íoc le haghaidh suíomhanna do bhunscoileanna, ach ba chóir dúinn díriú isteach ar chéard atá ar siúl i Rath Tó, áit inar osclaíodh gaelscoil i mí Lúnasa na bliana seo gan aitheantas oifigiúil ón Roinn. Tá deichniúr dalta ag freastal ar an scoil. Thóg an coiste bunaithe cinneadh cróga chun dul ar aghaidh leis an scoil mar gur chreid siad gur cóir go mbeadh rogha ag tuismitheoirí Rath Tó a bpáistí a oiliúint trí Ghaeilge. Chuir an coiste bileog mhaith dhátheangach amach ag iarraidh aitheantas don ngaelscoil anois agus cé nach bhfuil ach deichniúr sa scoil faoi láthair, tá sé beartaithe 39 dalta nua a bheith ann an bhliain seo chugainn agus 35 an bhliain ina dhiaidh sin. Níl sé sásúil go ndéarfaimís go bhfuil sé de cheart ag daoine Gaeilge a bheith acu agus gaeloideachas a chur ar fáil dá bpáistí muna bhfuilimid sásta na hacmhainní a chur ar fáil do sin.

Baineann moladh a seacht le tábhacht an Chomhairle um Oideachas Gaeltachta agus Gaelscolaíochta, COGG. Deirtear go bhfuil sé tábhachtach an chomhairle a athbhunú mar fhoras reachtúil le cumhachtaí sainnithe i leith ionadaíocht a dhéanamh ar thuairimí agus ar mholtaí na bpáirtithe. Tá sé iontach tábhachtach go mbeadh ról na comhairle cinnte agus aitheanta go dlíthiúil agus go mbeadh COGG in ann acmhainní múinteoireachta agus eile a sholáthar don ngaelscolaíocht. Mar a dúirt mé níos luaithe, tá se fíor-thábhachtach go ndíreoimid isteach ar céard atá ag dul ar aghaidh go maith — an ghaelscolaíocht. Sin an cruthúnas nach sa Ghaeltacht amháin atá todhchaí na Gaeilge le haimsiú. I mo chás féin, is cuimhin liom, nuair a bhí mé san ollscoil i nGaillimh, cé chomh bríomhar agus a bhí an cumann éigse agus seanchais agus an cumann drámaíochta. Is cuimhin liom an obair fíor-thábhachtach a rinne Peadar Mac an Iomaire agus oifig na Gaeilge labhartha, chomh maith leis an fhoireann acadúil Gaeilge sa choláiste.

Táim cinnte freisin go bhfuil an-dul chun cinn déanta i múineadh na Gaeilge ó bhí mise sa mheánscoil nó san ollscoil. Labhair an Seanadóir Ó Domhnaill faoi spraoi agus cé chomh tábhachtach agus atá sé go mbeadh ábhair eile á mhúineadh trí Ghaeilge, go háirithe nuair atá spraoi ag baint leo. Sa chomhthéacs sin, b'fhiú dom tréaslú le Conradh na Gaeilge as an sár-obair atá á dhéanamh ag an grúpa sin. Deirtear dá mba tír é Facebook, go mbeadh sé in áit an triú tír is mó ar domhan toisc go bhfuil 500 milliún duine ar anois. Tá 5,000 acu siúd mar chairde Chonradh na Gaeilge. Is ansin freisin atá todhchaí na Gaeilge. Mar sin, is ceart díriú ar an nGaeltacht, ach is ceart freisin díriú ar chaighdeán múineadh na Gaeilge sna bunscoileanna. Mar shampla, ba chóir go mbeadh an deis acu siúd atá ag freastal ar na coláistí traenála tosnú leis an trí seachtain sa Ghaeltacht in ionad fanacht go dtí an samhradh i ndiaidh traenála chun tréimhse a chaitheamh sa Ghaeltacht. Mar atá luaite sa tuarascáil freisin, ba chóir go mbeadh an deis ag daoine atá ag déanamh staidéir ar an nGaeilge san ollscoil le bheith ina múinteoirí meánscoile dul chuig an Ghaeltacht ar an scéim Erasmus agus go mbeadh an meas céanna ar thréimhse a chaith duine sa Ghaeltacht.

Mar fhocal scoir, ba mhaith liom rud a rá faoi luachanna inár scoileanna. Táim páirteach i mbainistíocht i go leor meánscoileanna agus tá a fhios agam go ndeirtear i gcónaí go bhfuil sé tábhachtach na tuismitheoirí a thabhairt isteach le go dtuigfidís éiteas na scoile agus an tacaíocht ón Roinn do sin, cur i gcás i gcomhthéacs reiligiúin. Ba chóir an meon céanna a bheith againn i leith na Gaeilge agus go mbeadh sé lárnach in éiteas na scoile nach amháin go bhfuil Gaeilge á mhúineadh inti go caighdeán ard, ach go bhfuil tacaíocht di ó dhaoine eile ar an bhfoireann agus ó na tuismitheoirí. Caithfimid smaoineamh ar bealaí chun na tuismitheoirí a mhealladh isteach i bpróiseas mhúineadh na Gaeilge do dhaltaí i mbunscoileanna agus meánscoileanna.

Cuirim fáilte roimh an Aire. Ba mhaith liom cúpla focal a rá faoin straitéis 20 bliain don Ghaeilge, a ritheann ó 2010 go 2030. Tá an Ghaeilge go mór faoi bhrú de bharr an fhorbairt forleathan atá tagtha ar na meáin chumarsáide domhanda, atá ag leathnú tionchar an Bhéarla i measc gach cultúr. Is féidir linn fórsaí láidre, ar nós an Idirlín agus na teicneolaíochtaí cumarsáide nua-aimseartha, a úsáid chun saibhreas agus luach ár gcultúr a chosaint. Ba chóir dúinn an tuarascáil seo a úsáid chun tuairimí iad siúd a bhfuil grá acu d'ár dteanga náisiúnta a thógaint díreach go dtí an Rialtas. Tá súil agam go scrúdóidh comhaltaí an Rialtais na moltaí seo go cúramach. Má chuirtear i bhfeidhm iad, neartóidh siad an Ghaeilge agus cabhróidh siad linn ár dtiomantas don teanga a chothú agus a fhás.

The Irish language is subject to an enormous onslaught by the media worldwide, whereby every culture is being saturated by the English language. However, the worldwide web and modern communications technology are creative forces which we can use to exhibit the richness and value of the Gaelic culture and our consciousness. We should not miss this opportunity. I am confident, therefore, that the Government will carefully consider the proposals which, if implemented, will add to and strengthen the commitment to the Irish language.

A number of the recommendations made in the report spring to mind and on which I wish to elaborate briefly. There is the recommendation that Údarás na Gaeltachta retain the primary function of developing the economy and infrastructure of the Gaeltacht. I am not sure whether the Minister has done this, but it would be helpful to those who support the concept behind Údarás na Gaeltachta and the wonderful work it has been doing through the decades if a statement of intent as to its future was made. The Minister has made some comments in this regard, but perhaps he might elaborate on them with particular reference to the future role of Údarás na Gaeltachta.

One or two of the recommendations made caught my eye as being original. It is proposed, for example, to locate a city and regional social centre in Dublin city with facilities for the arts, a cafeteria and other relevant facilities to aid the functioning of a social network for the youth of Dublin and surrounding counties. It is an admirable idea, although I do not know how it would work in practice. An infrastructure is being developed on a pilot basis in towns and villages of youth cafes which are proving successful. In my town of Drumshanbo a former courthouse building has been converted with the help of North Connaught Youth and Community Services and the County Leitrim Partnership and will provide facilities for the youth of the town and district. It is an innovative idea which, even a decade ago, would have seemed like pie in the sky in a small town of 800 souls. It is being replicated and enthusiastically embraced across the country where funds permit. I have no problem with young people spending their leisure time in public houses, although if they are under 18 years of age, they should not be in them. However, it is a sad fact of life that if one wants to play pool or meet one's school friends somewhere to have a chat, invariably it is the local public house which provides the facility in a small town or village. In that context, this suggestion, although centred on Dublin city, is an admirable one and perhaps worthy of further consideration by the Government.

Another recommendation which should be highlighted is that it should be confirmed that a policy of bilingualism will not apply in the Gaeltacht or be implemented therein by default. I am not an expert in this regard, but there has been creeping colonialism since the foundation of the State. It is akin to coastal erosion in that the natural and geographic hinterland of what was the Gaeltacht is being eroded. At a time of seismic change in Irish society in the post-Famine period, Irish started to lose its place as the national language. This was driven as much by emigration as the desire of parents for their children to learn Bearla to enable them to advance in the professions which our kind colonial masters were beginning to open up to the Irish peasantry. By the time the State was founded in 1922, the Irish language was in decline. It is a sad reflection on successive Governments that the policies adopted to retain, support and advance it have failed utterly to the point where it is now under threat.

I strongly support the recommendation that we hold what we have. Encroachment into the Gaeltacht happens in subtle ways. In County Galway the council adopted a policy, although not without controversy, of ensuring those going to live in council houses in Gaeltacht areas would be able to speak a minimum amount of Irish. That is perfectly acceptable, although it may not be to those looking to live in these areas. If we are serious, therefore, about keeping what we have and building on its strengths, there is no room for a policy of bilingualism in Gaeltacht areas. However, I am a strong supporter of pursuing a policy of bilingualism outside these areas. In terms of ensuring the future of Irish in the rest of the country where it is not spoken as the first language, the best way forward for the Government is to adopt a policy of bilingualism. I remember having a conversation on this point with Micheál Ó Muircheartaigh when he was chairman of Bord na Geailge. He was a strong supporter of adopting such an approach and I was converted to the view that the best hope for the retention of Irish as a living language was to progress toward bilingualism and that people use their cúpla focal.

I add a caveat and preface my remarks by saying I have always been treated with great courtesy and efficiency in my contacts with Departments. However, on a number of occasions when I said, "Dia duit, oifig an Aire le do thoil," I was met with bewilderment. It might be the case that I did not speak or was not heard properly because, as 99.9% of calls are made as Bearla, people are not mentally tuned in when they hear Irish being spoken. The usual response to my request is, "Excuse me, what did you say?" I am not for one moment suggesting the telephone operators in Departments do not understand basic Irish, as I am sure it forms part of the requirements of the job in the first place because a policy of bilingualism is provided for in the Constitution and there is parity. While I raise the issue, I am not sure what the answer is. I am not for one moment suggesting a Taliban-type approach should be adopted and that a memorandum should be sent to Departments to ensure those who answer the telephones are proficient in Irish because I am sure they are. This is where a policy of bilingualism can start to flourish, by using simple language or, when addressing somebody in a letter, by using "Pascal a chara" iinstead of "Dear Paschal" and finishing by using "Is mise le meas" instead of "Yours sincerely". These are small steps, but perhaps they might lead to a return to the culture which was part of the Irish psyche. We have all come through the education system and spent 15 years learning the language, yet we are not in a position to speak it fluently. Building on the basic structure in place is the way forward.

I commend the report and the Minister for the manner in which he has highlighted the importance of the Irish language and his fluency in it. The fact that he comes from County Kerry and his background as a teacher have been very helpful in that regard. All I can suggest is that he keep up the good work.

Cuirim fáilte roimh an Aire. Tá moladh amháin as na 38 nó 39 moltaí i dtuarascáil an fhochoiste curtha i bhfeidhm againn, ar a laghad. Is dócha gur tús maith leath na hoibre. Tá súil agam go mbeidh an 38 moladh eile curtha i bhfeidhm go sciobtha. Ar a laghad, ba chóir go mbeidís mar pháirt den straitéis 20 bliain. Aontaím leis an Aire go mbraitheann todhchaí na teanga go príomha ar na daoine. Is cinnte go ndéanfaidh na daoine a gcuid cinntí féin ar cé chomh fairsing is a bheidh úsáid na teanga — an rachfaidh an Ghaeilge ó neart go neart, nó an éireoidh sí níos laige — san am atá amach romhainn.

Is é an fáth go bhfuilimid ag plé le straitéis i dtús báire ná go bhfuil gá ann treoir a thabhairt don tír maidir leis an treo ina rachfaidh an teanga sa todhchaí. Tá sé de dhualgas ar eagrais an Stáit cuidiú leo siúd atá ag machnamh ar an gceist pearsanta seo. Caithfimid a chinntiú nach bhfuil eagrais an Stáit ag cur bac ar dhaoine nuair atá an cheist á phlé acu. Caithfimid cabhrú leo siúd atá ag iarraidh an Ghaeilge a úsáid mar theanga labhartha a gcuid teaghlaigh. Níl mé ag iarraidh bheith diúltach nuair a deirim go bhfuil go leor samplaí d'fhadhbanna den sórt seo. Tá na fadhbanna maidir le Gaelscoil Ráth Tó luaite cheana. Tá deich dalta sa scoil sin ag feidhmiú gan tacaíocht Stáit. Ní sin an cheist iomlán. Is maith an rud é go bhfuil cinneadh déanta ag aithreacha agus máithreacha na bpáistí oideachas a lorg dóibh trí mhéan na Gaeilge. Ba cheart don Stáit tacú leis an gcinneadh sin.

Ar an taobh eile den scéal, bhí an cinneadh céanna déanta ag níos mó ná an deichniúr a luaigh mé. Tá an t-eolas sin agam os rud é go raibh mé ag plé le dhaoine atá ag déileáil le Gaelscoil Ráth Tó. Nuair nach raibh an t-aitheantas ar fáil agus nuair nach raibh a fhios ag tuismitheoirí an mbeadh aon ghaelscoil ann amach anseo, nó an mbeadh tacaíocht oideachais ag teacht ón Stáit, ní raibh aon rogha acu seachas an cinneadh sin a dhéanamh. Bhí an ceart ag an Aire nuair a dúirt sé gur cinneadh pearsanta é. Tá sé suas don té a intinn fhéin a dhéanamh suas. Tá sé soiléir, áfach, nach mbíonn tacaíocht an Stáit ar fáil i gcónaí nuair a dhéanann daoine a gcuid cinntí féin. Leanann daoine ar aghaidh agus déanann siad iarracht na constaicí éagsúla a scartáil. In a lán cásanna, ní raibh cuid acu siúd a rinne an cinneadh seo maidir le oideachas a bpáistí in ann an cinneadh a chur i bhfeidhm.

Tá ceist an straitéis 20 bliain ina iomlán i bhfad níos tábhachtaí ná an cheist amháin sin. Níl mé ag iarraidh beag a dhéanamh den scéal sin. Nuair atáimid ag déileáil leis seo, nílimid ag lorg polasaithe le haghaidh inniu nó amárach ach polasaithe a mhairfidh 20 bliain. Tá sé iontach tábhachtach go bhfuil tacaíocht na bpáirtithe uilig againn don straitéis. Ní rud don Rialtas amháin í an straitéis. Gabhaim buíochas leis an Rialtas as ucht na hobair atá déanta aige ó thaobh na dréachtstraitéise de. Caithfidh gach páirtí bheith taobh thiar de na straitéise. Tá sé níos tábhachtaí fós go bhfuil an pobal taobh thiar de na straitéise. Tá ceisteanna móra le freagairt ag na páirtithe polaitiúla uilig sa Seanad agus sa Dáil.

Tá sé ráite agam go minic go bhfuil an dréachtstraitéis go maith. Nil dabht ar bith ná go bhfuil go leor polasaithe iontacha maithe curtha chun tosaigh ag an Rialtas tríd an gcomhchoiste aireachta, go háirithe ó thaobh an oideachais, an tumoideachais agus an luathtumoideachais, srl. Bhí mé ar an bhfochoiste a bhí ag déileáil leis an bpróiseas comhairliúcháin agus a tháinig aníos leis na moltaí seo. Cé gur straitéis maith í an dréachtstraitéis, aithnímid go bhfuil laigí inti freisin. Táimid ag iarraidh straitéis iontach maith, in ionad straitéis maith, a bheith againn. Is í an laige is mó atá sa dréachtstraitéis ná nach n-aithníonn sé na fadhbanna atá sa Ghaeltacht. Ba é an chéad mholadh a chuir an fochoiste chun tosaigh ná go n-aithneofar sa straitéis go bhfuil géarchéim inmhartha sa Ghaeltacht. Ní chosnódh sé pingin rua don Rialtas rud chomh éasca a dhéanamh. Trí bhliain ó shin, chaitheamar €500,000 ar staidéar ar úsáid na Gaeilge sa Ghaeltacht. Ina dhiadh sin, moladh nach mbeadh an cheantar is láidre Gaeltachta ina Ghaeltacht — mar atá aithne againn ar an nGaeltacht — i gceann 15 nó 20 bliain. Smaoiním go minic ar an moladh sin a tháinig as staidéar a rinneadh trí bliana ó shin. Ní mór dúinn a aithint go bhfuil an clog ag bualadh orainn.

Tá go leor moltaí sa tuarascáil seo. Sonraíonn ceann amháin de na 38 moltaí gur cheart don tuarascáil bheith pléite sa Dáil, agus tarlóidh sé sin. Dá bhrí sin, táimid ag caint faoi 37 moltaí i ndáiríre. Tá cuid de na moltaí iontach simplí. Tá a fhios againn go bhfuilimid i gcruachás eacnamaíochta ag an am seo. Ní chosnódh cuid de na moltaí leathphingin. Muna féidir linn aithint go bhfuil géarchéim sa Ghaeltacht, ní féidir linn dul i ngleic leis.

Bíonn grúpaí ar nós Conradh na Gaeilge, atá ag feidhmiú ar son na Gaeilge agus ar son na Gaeltachta, ag caint faoi chomharthaí bóthair an t-am ar fad. B'fhéidir go gceapann daoine gur rudaí simplí iad, ach tá sé tábhachtach go mbíonn na leagain Béarla agus Gaeilge feiceálach. Níl éinne á rá gur chóir na comharthaí atá ann cheana féin a bhaint síos maidin amárach. Nuair a thagann an t-am chun comharthaí bóthair nua a chur suas, ar a laghad ba cheart dóibh a bheith dátheangach taobh amuigh den nGaeltacht, agus leis an leagan Ghaeilge chomh feiceálach agus ar an gcló céanna leis an leagan Béarla. Ní chosnódh sé pingin sa bhreis é sin a dhéanamh. Ar an mbealach céanna, ní chosnódh sé pingin an straitéis a thabhairt ós comhair Tithe an Oireachtais, i gcomhthéacs an dul chun cinn atá á dhéanamh againn ó thaobh cur i bhfeidhm na straitéise. Tá súil agam go mbeidh rudaí mar sin clúdaithe nuair atá an straitéis deiridh á fhoilsiú go luath.

Ba mhaith liom díriú isteach ar chúpla laigí sa straitéis. Tá sé iontach deacair dúinn sa Stát seo dul i ngleic leis an bpobal láidir Ghaeilge — Gaeltachta, fiú — sna Sé Chontae. San fhís atá á chur chun tosaigh againn, ba cheart dúinn aon tacaíocht gur féidir linn a sholáthar don bpobal sin. Mhol an dréachtstraitéis go dtabharfadh an Rialtas aitheantas do bhreac-Ghaeltachtaí, ar nós an Ghaeltacht nua atá bunaithe i mBaile Átha Cliath agus aon Ghaeltacht nua eile in áit ar bith eile taobh amuigh den nGaeltacht, chomh fada is go bhfuil na critéir chomhlíonta. Silim gur cheart é sin a leathnú go dtí an oileán ar fad.

Is mór an trua é nach bhfuil níos mó ama agam. Má tá an tAire chun moladh amháin a chur i bhfeidhm, ba cheart dúinn díriú isteach ar an gComhairle um Oideachas Gaeltachta agus Gaelscolaíochta, COGG, a bhunú go hoifigiúil. Níos mó ná aon mholadh eile, chabhródh sé linn inchur a dhéanamh san fhís atá ag an Rialtas agus pobal na tíre ar fad an Ghaeilge a chur chun cinn. Níl an Roinn Oideachais agus Scileanna ag tabhairt an tacaíocht ceart do na gaelscoileanna agus na scoileanna Gaeltachta. Caithfear COGG, atá páirteach sa phróiséas comhairliúcháin, a bhunú go reachtúil. Tá a fhios agam go bhfuil Páirtí Fhianna Fáil faoi bhrú ag an am seo. B'fhéidir nach mbeidh cuid againn anseo tar éis an chéad toghchán eile. Más féidir leis an Aire an polasaí seo a chur i bhfeidhm, beidh aird millteanach air mar dhuine, ar nós iad siúd a rinne rudaí móra ó thaobh na Gaeilge san am atá thart. Tá mé ag smaoineamh ar bhunú TG4, mar shampla. Is féidir rud mór mar sin, le himpleachtaí móra, a dhéanamh trí COGG a bhunú mar fhoras reachtúil a rachfaidh i ngleic leis na fadhbanna atá sa ghaeloideachas. Níl am agam iad go léir a phlé. Tá a fhios agam gur léigh an tAire an tuairisc a tháinig amach ar na mallaibh maidir leis na fadhbanna atá ag cainteoirí dúchais sa ghaeloideachas. Dúirt an tuairisc sin nach bhfuil an béim ceart á chur ar na cainteoirí dúchais.

Mhol cúpla cainteoir gur cheart dúinn cúrsaí siamsaíochta a mhúineadh sa chóras oideachais. Nílimid ag caint mar gheall ar a leithéid de rud. Tá deacrachtaí anseo ó thaobh an tslí ina bhfuil an Ghaeilge á theagasc le haghaidh na hardteistiméireachta, go háirithe. Tá sé ráite ag Fine Gael go gcuirfidh siad deireadh leis an nGaeilge mar ábhar riachtanach. Cuirim fáilte roimh an ráiteas ó urlabhraí an phairtí a dúirt go ndéanfaidh Fine Gael athbhreathnú ar an bpolasaí sin. Is rud maith é sin. Má táimid dáiríre faoin straitéis 20 bliain, caithfidh gach páirtí bheith aontaithe ar an gceist seo.

Cé go gcaithfidh an Ghaeilge bheith mar ábhar riachtanach, b'fhéidir gur féidir linn rogha a thabhairt do mhic léinn maidir le saíocht agus litríocht na Gaeilge. Ba cheart dúinn iad a bhaint amach as an ábhar atá againn i láthair na huaire agus ábhar eile a dhéanamh dóibh. D'fhéadfadh cainteoirí dúchais as an nGaeltacht agus daoine a bhfuil suim acu sa Ghaeilge an t-ábhar nua a dhéanamh, sa dóigh is go mbeidh saibhreas na teanga againn dos na glúinte atá le teacht. Tá sin iontach tábhachtach. Tharla rudaí ar na mallaibh ó thaobh 40% de na marcanna san ardteistiméireacht a leithdháileadh le haghaidh labhairt na Gaeilge. Is maith an rud é sin os rud é go gcabhraíonn sé le go leor daltaí. Ag an am céanna, áfach, níl an córas oideachais ag tabhairt an t-aitheantas ceart dóibh siúd a bhfuil ábaltacht saibhir acu ó thaobh na Gaeilge de.

Níl am agam dul tríd na moltaí go léir. Tá súil agam go ndéanfaidh an tAire, an Teachta Pat Carey, an rud ceart agus go mbeidh na moltaí seo mar pháirt den straitéis sa dóigh is gur féidir linn uilig tacaíocht a thabhairt don straitéis go huile is go hiomlán. Tá an obair atá á dhéanamh faoin bpróiseas seo ag fáil lán-tacaíocht ó phobal na Gaeltachta agus pobal na Gaeilge. Ba cheart go mbeadh an tuarascáil seo ina scéal maith, ach ní bheidh sé má fhágtar cuid de na moltaí móra amach as an straitéis nuair atá sé foilsithe. Guím gach rath ar an Aire agus na cinntí móra á déanamh aige.

Cuirim fáilte roimh an Aire. Cé nach bhfuil Gaeilge chleachtaithe agam, úsáidfidh mé cúpla focal anseo is ansiúd. It is nice to hear Irish being spoken by so many Senators. While I cannot speak the language as well as I should be able to, I understand it, even if I am much more familiar with Munster Irish than Donegal Irish.

The topic of the Irish language came up in a recent conversation I had with six or seven young people, all of whom were in their first or second year at university. Notwithstanding the fact that all of them had passed Irish in the leaving certificate examination, only one or two could string two or three sentences together in Irish. There is something wrong if, after ten or 12 years learning Irish at primary and secondary level, young people are unable to speak more than a few sentences of Irish. I have been out of school longer than I wish to remember, but I could still string together more sentences in Irish than these young people who only recently completed their schooling. Whether this is a result of the manner in which Irish is taught, the way in which children think of the language or some other reason, clearly there is something wrong with the system if people who have been taught it for years are unable to string together a few sentences of Irish. I asked the young people in question how it was possible that they had passed oral Irish in the leaving certificate examination. They informed me that one could pass the examination by learning by heart certain aspects of the syllabus. Students practise the answers to questions they will be asked in the oral examination and, in many cases, do not understand the questions or answers.

I do not know if having Irish as a compulsory subject is a turn-off. It would probably be better if only those who wanted to learn Irish and whose heart was in learning it were taught it rather than pushing people to study the language against their will. While it would be regrettable if students were not taught Irish for the leaving certificate, people must want to speak a language if they are to make progress. In that regard, the three or four weeks I spent on Inisheer learning Irish while at school were among the most enjoyable weeks of my life. Although County Waterford has a Gaeltacht, we considered it better to travel as far from home as possible.

Many of the recommendations made in the report of the joint committee are excellent, but I wonder if they will gather dust until another report is compiled by another committee in eight or ten years. Strong support, not solely financial, should be provided for Gaeltacht areas because they do tremendous work. Local authorities are to be commended for the positive role they have played in promoting the use of Irish. Many of them provide Irish classes for members of staff who learn the language because they want to do so. That is the secret of success.

I oppose the requirement that local authorities and State bodies print copies of their annual reports in Irish. This practice, provided for in law, is a waste of money. The money required for printing could be used to promote spoken Irish rather than to print an annual report or booklet which only two or three people will request. Surely such reports should be translated in some manner and then published on the Internet.

The report recommends that students and teachers spend periods in the Gaeltacht in a manner similar to the system available for minority languages under the ERASMUS programme. This is a good suggestion because teachers need to take regular refresher courses. In many schools substitute teachers who are not fully qualified in Irish are instructing pupils in the language. They are marking time, as it were.

I commend the members of the joint committee who were involved in producing the report. I agree with many of their recommendations and hope the worthwhile proposals made will be acted upon as opposed to being consigned to filing cabinets in the relevant Department. I hope the teaching of Irish will be revamped because, sadly, the current approach is not working. A complete rethink of the teaching of Irish is required, particularly as many students are leaving school unable to speak the language after spending years learning it.

Togha díospóireacht a bhí againn um thráthnóna. Is rud nua é sin. Bhí an díospóireacht chomh nádúrtha agus a chuala mé riamh anseo nó in aon áit eile. An deireadh seachtaine seo caite, bhí seans agam freastal ar Oireachtas na Samhna i gCill Áirne. Mar a dúirt mé go iriseoir níos déanaí, am éigin déanach go leor i rith oíche Dé hAoine bhuail mé le súnámaí den chéad ghlúin eile de Ghaeilgeóirí na tíre. Chuir sé gliondar chroí orm go rabhadar chomh nádúrtha, bríomhar agus neartmhar agus iad ag spalpadh Gaeilge, ag amhránaíocht agus ag damhsa. Ar an Satharn, bhí an amharclann in Óstán Ghleann an Iolair lán go doras le daoine ag féachaint ar na comórtais rince agus amhránaíochta. An tseachtain roimhe sin, bhí Jedward san amharclann céanna. Bhí an méid céanna daoine ag féachaint ar na comórtais agus a bhí ag éisteacht le Jedward agus an dream a tháinig leo. Bhí TG4 ag craoladh gach rud, beo ar dtús ach ansin bhí fadhb leis an líne idir an stiúideo agus Cill Áirne. An pointe atá á dhéanamh agam ná go bhfuil todhchaí na Gaeilge agus na Gaeltachta an-dearfach ar fad. Ní fúmsa ná faoin Rialtas é sin.

Ní féidir liom tagairt go sonrach do aon cheann de na moltaí sa straitéis, ach tá gach ceann tábhachtach. Iarrfaidh a lán daoine go mbeidh rudaí faoi leith lárnach sa straitéis, mar shampla, ról na dtuismitheoirí, agus iarrfaidh siad go dtabharfaí cúnamh do thuismitheoirí a rogha teanga a phiocadh do scolaíocht dá bpáistí. Labhair an Seanadóir Ó Domhnaill faoi scéim na gcúntóirí teanga agus an ionad in Indreabhán. Ba cheart dúinn cur le hionaid mar sin bliain i ndiaidh bliana, sna bailte agus sna cathrachta, lasmuigh den nGaeltacht agus laistigh di.

Aontaím le gach duine a labhair faoin tábhacht atá leis an gcóras oideachais sa straitéis. Tá sé tábhachtach, ach caithfimid bheith cúramach. Ní tharlóidh sé as a stuaim féin. Mar a dúirt go leor cainteoirí, tá sé tábhachtach go gcuirimid béim ar an churaclam, an mhúinteoireacht, ar thraenáil cheart do mhúinteoirí agus ar seans a thabhairt do mhúinteoirí óga an Ghaeilge a fhoglaim sna Gaeltachtaí. Is sa tslí sin a bheimid in ann tacaíocht a thabhairt do na Gaeltachtaí chun úsáid na Gaeilge a leathnú amach lasmuigh den nGaeltacht. Cé go bhfuil na Gaelscoileanna an-tábhachtach, tá na gnáth scoileanna tábhachtach chomh maith.

Bhí ceisteanna ag roinnt daoine faoin tábhacht atá leis An Chomhairle um Oideachas Gaeltachta agus Gaelscolaíochta, COGG. Tá moladh faoi sin sa tuarascáil. Mar a dúirt mé cheana, tá gach moladh á phlé i mo Roinn agus i Ranna eile, go háirithe an Roinn Oideachais agus Scileanna agus caithfimid an cheist sin a phlé leo sula dtógfaidh mé an straitéis go dtí an fochoiste ar an 17 Samhain. Cloisim na moltaí atá á chur ag Seanadóirí anseo. Ní féidir liom mórán eile a rá faoin COGG, mar tá ceisteanna achmhainne, maoinithe agus polasaí i gceist freisin. Scrúdóidh mé na rudaí sin go léir.

Maidir le ról Údarás na Gaeltachta, tá sé cinnte go dtiocfaidh athrú ar an ról sin. Tá mo thuairimí féin agam mar gheall ar na cúraimí gur ceart a bheith ag an údarás. Mar atá a fhios ag gach éinne, ba mhaith liom cur leis na dualgais atá ag an údarás. Labhair an Seanadóir Ó Tuathail faoi na jabanna a cruthaíodh sna Gaeltachtaí. Léigh mé tuarascáil an údaráis 2009 cúpla lá ó shin. Cruthaíodh 158 jabanna i gContae Ciarraí, mar shampla, i 2009. Ní dóigh liom gur chruthaigh mórán eagrais eile an méid sin jabanna in aon chontae amháin. Tá píblíne mhaith jabanna fós ag an údarás mór thimpeall na tíre. Caithfimid na dualgais atá ag an údarás faoi láthair agus na dualgais bhreise a bheidh aige amach anseo a mheas idir seo agus lár na bliana seo chugainn. Ansin, caithfidh mise nó pé Aire a bheidh ann ag an am sin, reachtaíocht nua a thabhairt faoi bhráid an Oireachtais chun na dualgais sin a thabhairt don údarás. Caithfimid smaoineamh ar chúrsaí achmhainne sa chás seo chomh maith.

Straitéis 20 bliain atá i gceist agus ní féidir gach rud a dhéanamh in aon bhliain amháin. Bhí seiminéar ar siúl i gCill Áirne ag an deireadh seachtaine agus dúirt duine amháin — ní theastaíonn uaim é a ainmniú ach tá meas agam ar a thuairimí — gur ceart go mbeadh solúbthacht sa straitéis. Chomh maith leis sin, is cóir a bheith feasach go dtógfaidh sé níos mó ama chun an straitéis a chur le chéile tar éis na reachtaíochta. Ní féidir linn a thosú díreach, mar shampla, ar an gcéad lá de mhí Eanáir an bhliain seo chugainn. Tógfaidh sé tuilleadh ama, cé nach dteastaíonn uaim go mbeidh fanacht fada orainn. Bíonn seans agam dul timpeall na tíre agus buaileadh le grúpaí, Thuaidh agus Theas. Tá 24,000 grúpaí san earnáil phoiblí sa tír seo, cuid mhaith díobh ag plé le ceist na Gaeilge agus cultúr agus mar sin de. Bhí mé i mBaile Ghib tamall ó shin agus thug mé cuairt ar Ghaelscoil ina bhfuil ceithre mhúinteoir agus thug mé faoi deara an comhoibriú atá idir an scoil, Comhaltas Ceoltóirí Éireann agus Cuman Lúthcleas Gael ansin. Mar sin, is léir go bhfuil gréasáin Gaelach mór thimpeall na tíre atá réidh chun na pleananna Gaeilge a chur i bhfeidhm. Bhí mé i gCeatharlach tamall ó shin, áit a mbíonn mini-oireachtas ar siúl. Chomh maith leis an mini-oireachtas, tá naíonraí, Gaelscoileanna, Gaelcholáistí agus institiúd i gCeatharlach. Tá seans ann go bhféadfadh siadsan cur leis an nGaeilge agus an cultúr. Thug mé cuairt freisin ar Bhéal Feirste agus chuig an cultúrlann ar Bóthar na bhFál. Ba chóir dúinn teagmháil a dhéanamh leis na gréasáin sa Tuaisceart agus d'fhéadfaimis agus iadsan aithris a dhéanamh ar cad atá ar siúl in ár gceantair.

Táimse an-dearfach faoin straitéis agus táim cinnte gur féidir linn an sprioc a aimsiú i gceann 20 bliain. Níl a fhios agam cé a bheidh anseo sa bhliain 2030. Is dóigh go mbeidh duine nó beirt as na daoine atá anseo anois fós anseo, ach ní bheidh mise. Táim cinnte, áfach, go mbeidh fás an-mhór ar an méid daoine a mbeidh úsáid á bhaint acu as an nGaeilge faoi sin. Labhair an Seanadóir Mooney faoin dátheangachas. Tá ról ag an dátheangachas, ach caithfimid díriú ar conas gur féidir linn sin a dhéanamh. Mar shampla, teastaíonn ó mhuintir Ceatharlach go mbeidh stádas dhátheangach ag Baile Ceatharlach i gceann cúpla bliain. Is dócha go mbeidh siad in ann an aidhm sin a aimsiú agus tuig linn cur leis sin bliain i ndiaidh a chéile.

Mar a dúirt mé cheana, tá cuid mhaith nótaí glactha agam anseo. Déanfaidh mé macnamh ar ghach ceann agus pléifidh mé iad le m'oifig. Beidh cruinniú den gcoiste — muna dtagann rud éigin eadrainn — ar an 17 Samhain agus go luath ina dhiaidh sin ba mhaith liom an straitéis a chur faoi bhráid an Rialtais agus í a aontú agus ansin ba mhaith liom í a chur faoi bhráid an phobail. Tá súil agam ansin go mbeidh an Dáil agus an Seanad in ann teacht ar ais, abair dhá uair sa bhliain, chun ceisteanna a bhaineann leis an straitéis a phlé agus chun scrúdú a dhéanamh ar conas a bhfuil ag éirí linn léi. Tá géarchéim eacnamaíochta ann faoi láthair agus d'fhéadfadh daoine a rá nach féidir mórán a dhéanamh.

Is leis an bpobal an straitéis agus tá an pobal réidh. Ní theastaíonn mórán airgid, i dtoscach ar aon chuma, chun tús a chur leis an straitéis. Tá tús maith déanta cheana ag na heagrais. Tá a fhios agam go bhfuil imní ar roinnt daoine — tá cuid acu sa Teach inniu — mar gheall ar an ról a bheidh acu. Beidh ról an-tábhachtach ag na heagrais sin. Ní féidir le teanga nó cultúr maireachtaint gan iad. Tá ról ag Cumann Lúthchleas Gael, ag Comhaltas Ceoltóirí Éireann ag Conradh na Gaeilge agus ag gach ceann des na heagrais eile má oibrímid ar slite nua, slite níos éifeachtaí agus slite níos nua-aimseartha.

Fágfaidh mé sin mar atá sé, mar a deireadh duine éigin ar Radio Éireann na blianta fada ó shin. Beidh mé ar ais arís, más é toil an Tí seo, chun ceisteanna eile mar gheall ar an straitéis seo, nó ar aon ábhar eile, a phlé.

Question put and agreed to.

When is it proposed to sit again?

Tomorrow at 10.30 a.m.