Skip to main content
Normal View

Seanad Éireann debate -
Friday, 9 Dec 2011

Vol. 212 No. 4

Local Government (Household Charge) Bill 2011: Report and Final Stages

Before we commence, I remind Senators that a Senator may speak only once on Report Stage, except a proposer of an amendment who may reply to the discussion on the amendment. On Report Stage, each amendment must be seconded.

I move amendment No. 1:

In page 6, between lines 2 and 3, to insert the following:

"(f) homes purchased under the Affordable Housing scheme;

(g) homes on which stamp duty has been paid from January 1st 2004 up unto December 31st 2011;

(h) homes purchased through the Shared Ownership Scheme.”.

There must be a seconder for the amendment.

I am aware of that.

Amendment No. 1 lapsed.

Amendments Nos. 2 and 3 not moved.

I move amendment No. 4:

In page 6, to delete lines 31 to 41.

This is the issue again. I do not know if the Minister of State has had time to reflect on this or if the Minister for the Environment, Community and Local Government will take up this in the Dáil but we want to give certainty to people. We are talking about democracy and the need for the Oireachtas to be involved in the setting of the rate so it is not just a ministerial fiat.

Tá an Seanadóir Ó Clochartaigh ar ais so tosóidh mé ag labhairt as Gaeilge. Nílimid ag iarraidh go mbeidh an chumhacht ag an Aire an muirear seo a ardú. Measaimid ar an taobh seo gur ceart go mbeidh ról ag an Oireachtas agus an muirear sin á ardú agus go mbeidh bunús daonlathach ann chun an costas seo a ardú. Níor cheart go mbeadh sé de cheart ag an Aire é seo a dhéanamh.

Maidir le líne 32 agus líne 33, níl sé riachtanach ag an Aire ardú a dhéanamh ag aon-ráta leis an CPI. Mar an deir an tAcht, déanfaidh an tAire é seo having regard to the CPI ach níl sé riachtanach go ndéanfadh an tAire sin. Tá an chumhacht ag an Aire an costas a ardú níos airde ná an CPI. Ní leor don Aire a rá go bhfuil an Bille seo mar an gcéanna leis NPPR mar is costas é seo a bheidh ar chuile teaghlach sa tír seo, ní amháin tithe faoi sheilbh infheisteoirí.

Cuidím leis an leasú ag an Seanadóir. D'iarr mé ar an Aire an leasú seo a thógáil ar bord maidir le tithíocht ar phraghas réasúnta, ar na daoine a d'íoc an dleacht stampála idir 2004 agus 2011 agus ar na tithe a ceannaíodh ar an scéim úinéireachta roinnte.

Gabhaim buíochas leis an Seanadóir as ucht an leasaithe seo a chur síos. Ní chumhacht mhór í atá an tAire ag tabhairt dó féin ardú muirir a chur sa Bhille. Is cumhacht bhunúsach bheag í chun feacháint ar an CPI. Más é an rún atá aige an praghas a ardú ag an leibhéal céanna leis an CPI, beidh sé an-bheag agus ní dóigh liom go bhfuil aon seans ann go mbeidh ardú mór i gceist. Ní tharlóidh sin.

Ní bheidh an Bille seo ann ach go ceann dhá bhliain agus ansin tiocfaidh Bille iomlán nua isteach. Ní féidir liom glacadh leis an leasú dá bhrí sin.

Ní aontaím go hiomlán leis an Aire Stáit ach tá sé tábhachtach gur chuir an tAire Stáit gach rud os ár gcomhair go soiléir. Má tá aon argóint faoin alt seo, beidh focal an Aire lárnach in aon chonspóid.

Question, "That the words proposed to be deleted stand," put and declared carried.
Amendment declared lost.

Amendments Nos. 5 and 6 are related and may be discussed together.

I move amendment No. 5:

In page 8, line 17, after "estate" to insert the following:

", or

(c) the year in which the liability falls if, on that date, he or she is the holder of a medical card issued by the Health Service Executive, or

(d) the year in which the liability falls if, on that date, he or she is in receipt of any of the following payments from the Department of Social Protection:

(i) jobseekers allowance, or

(ii) jobseekers benefit, or

(iii) supplementary welfare allowance, or

(iv) family income supplement, or

(v) farm assist, or

(vi) old age non-contributory pension, provided the recipient is not also in receipt of an occupational pension, or

(vi) disability allowance, or

(vii) disablement benefit, or

(viii) blind pension,

or

(e) the year 2012 and the year 2013 if, on that date, he or she is able to satisfy the relevant local authority that the residential property in which he or she resides is a mortgaged property in respect of which he or she has not been able to pay more than 75 per cent of his or her mortgage repayments in the preceding year, or

(f) the year 2012 and the year 2013 if, on that date, he or she is able to satisfy the relevant local authority that the residential property in which he or she resides is a mortgaged property that is currently valued at less than 75 per cent of the price at which the owner purchased the property.

(5) A person shall only be entitled to seek the waiver provided for in subsection (4)(e) if—

(a) the owner provides the relevant local authority with a certificate from the financial institution that provided the mortgage to the effect that the owner has failed to pay more than 75 per cent of his or her mortgage repayments in the preceding year, and

(b) the financial institution certifies to the local authority that the owner has not fundamentally breached the terms and conditions of the mortgage agreement other than in respect of the non-payment of mortgage arrears.

(6) A person shall only be entitled to seek the waiver provided for in subsection (4)(f)if—

(a) the owner provides the relevant local authority with a valuation from a registered member of the Institute of Professional Auctioneers and Valuers to the effect that the residential property in which he or she resides is a mortgaged property that is currently valued at less than 75 per cent of the price at which the owner purchased the property, and

(b) the owner provides the local authority with a copy of the deed of conveyance or contract of purchase of the residential property identifying the price and date of purchase of the residential property.”

Táimid ag iarraidh tuilleadh eisceachtaí a chur isteach sa Bhille ionas nach mbeidh gá ar dhaoine áirithe an táille seo a íoc — daoine le cárta leighis agus daoine atá ag fáil airgid ón Roinn Coimirce Sóisialaí mar tá dálaí deacra agus crua ag baint leo, go háirithe leis na ciorruithe atá idir lámha ag an Aire Coimirce Sóisialaí. Caithfidh an tAire, an Rialtas agus an tOireachtas athbhreithiú a dhéanamh ar an gcás seo. Molfaidh mé do mo chomhghleacaithe sa Dáil eisceacht a chur ar fáil do dhaoine i dtithe le fadhbanna pyrite freisin. Tá bealach eile chun sin a bhaint amach in alt eile sa Bhille.

Níl sé féaráilte nó cothrom go mbeidh daoine le tithe móra agus saibhreas mór ag íoc an táille chéanna agus a bheidh á híoc ag daoine a fhaigheann airgead ón Roinn nó a bhfuil cartaí leighis acu, nó a ghlacann na heisceachtaí go léir atá luaite againn inár leasú.

Tá an moladh atáá chur chun cinn againn cineáilín cosúil leis an leasú atá molta. Is dóigh linn go bhfuil ár moladh níos simplíó thaobh na reachtaíochta de. Ba mhaith linn a dheimhniú go mbeidh an táille seo áíoc ag an dream atá in ann í seo a íoc, agus go mbeidh an dream nach bhfuil in ann í a íoc i bhfad clúdaithe. Bhí díospóireacht ar an ábhar seo againn ar Chéim an Choiste. Bhíomar den tuairim gur chóir eisceacht a thabhairt sa chás seo do dhuine ar bith a fhaigheann íocaíocht leasa shóisialaigh nó supplementary welfare payment de chineál ar bith. Ba chóir é sin a lua sa reachtaíocht seo. Thabharfadh sé sin cothromaíocht níos fearr, b'fhéidir.

Rinne muid an cheist seo a phlé leis an Aire Stáit ar Chéim an Choiste. Thóg muid ar bord an méid a bhíá rá aige maidir leis an dream a bhí waiver le tabhairt dóibh. Is dóigh linn go mbeadh an moladh seo níos uilíoch. Bheadh deis níos fearr ann gach éinne atá ar ioncam íseal a chlúdach. Bhrath muid, sa bhreis ar an méid a bhí luaite ag an Aire Stáit, go gclúdódh an moladh seo daoine breise. Ní mór dúinn a thógáil san áireamh gur chuaigh an dream seo tríd an córas Stáit roimhe seo, go bhfuil measúnú déanta ar an ioncam atá acu agus go bhfuil íocaíochtaí leasa shóisialaigh á fháil acu dá réir sin. Ní hé go bhfuilimid ag easaontú le rud ar bith atá ráite ag ár gcomhlgheacaithe i bhFianna Fáil. I ndáiríre, táimid ag tacú le gach rud atáá rá acu agus na grúpaí ar fad atá luaite acu sa mholadh atá acu — na dreamanna a fhaigheann cartaí leighis, jobseeker's allowance, family income supplement, farm assist agus mar sin de. Shíl muid, i gcomhthéacs an mhéid a bhíá rá againn, go raibh ár leasú beagáinín níos simplí. Táimid sásta tacaíocht a thabhairt don mholadh atá déanta ag na Seanadóirí eile, má thagann sé go dtí sin.

Chuir muid ár moladh chun cinn sa chomhthéacs níos leithne eacnamúla atá ann faoi láthair. Tá daoine sa tír seo faoi bhrú an-mhór. Tá sé sin soiléir fiúón lá deireanach a rabhamar ag caint ar an ábhar seo. Tá an t-uafás glaochanna gutháin faighte agam ó dhaoine atá curtha amach faoi na ciorraithe atá ag teacht isteach sa bhuiséad. Níl an beartas seo ag teacht isteach mar chuid den bhuiséad. Tagann sé faoin Aire Comhshaoil, Pobail agus Rialtais Áitiúil. Tá an t-airgead ag dul isteach sa chóras rialtais áitiúil. Tá daoine ag breathnú ar cé mhéid airgid a bheidh fágtha ina bpócaí ag deireadh na míosa. Dúirt Sinn Féin ón tús go bhfuilimid i gcoinne táille bunúsach den chineál seo a ghearradh ar gach duine ag an am céanna. Tá sééagórach ar an dream leis an ioncam is ísle. Má tá an Rialtas le brú ar aghaidh leis sin, caithfidh sé déanamh cinnte go bhfuil an dream atá ar na liúntais seo coinnithe go dearfach as an áireamh.

Ba mhaith liom sampla a thabhairt. D'fhéadfadh an rud seo tarlú do dhuine a bhí ina chónaí i dteach a mhuintire nó a theach clainne i gceantar tuaithe. Tá aithne agam agus ag an Seanadóir anseo le m'ais ar dhaoine i gceantair i gConamara a thóg tithe de réir a chéile gan morgáistí a thógáil amach. Os rud é nach bhfuil morgáistí acu, níl siad i dteideal an eisceacht ó thaobh mortgage interest relief. Tá cuid mhaith dóibh ag brath ar íocaíochtaí leasa shóisialaigh. Cheap muid go raibh sé fíor-thábhachtach é sin a lua anseo. Tá súil agam go mbeidh deis ag an Aire Stáit machnamh a dhéanamh ar seo agus go mbeidh sé sásta an leasú simplí atá molta againn a thógáil ar bord. Is dóigh liom go n-aontaíonn sé linn i bprionsabal agus go bhfuil an moladh atá ina intinn féin cosúil leis seo. Níl éinne ag iarraidh go dtitfeadh duine ar bith tríd an eangach.

Tá a lán daoine faoi bhrú. Dúirt mé cheana nach bhfuil an Bille seo go hiomlán i gceart. Dúirt an tAire Stáit go mbeidh Bille nua ag teacht isteach an bhliain seo chugainn. Tá súil agam go mbeimid in ann i bhfad níos mó a dhéanamh le haghaidh na daoine seo sa reachtaíocht sin.

Is ceist an-phráinneach í seo. Tuigim na fadhbanna atá ag daoine nach bhfuil mórán tuarastal acu, nó daoine atá dífhostaithe. Tá sé soiléir nach mbeidh orthu siúd a chónaíonn i dtithe comhairle chontae nó bailte níos mó——

Ní bheidh aon rud le híoc ag éinne a íocann cíos gach seachtain nó gach mí go bardas cosúil le Bardas Droichead Átha nó Bardas Chluain Meala. Ní bheidh pingin rua le híoc acu siúd a íocann cíos príobháideach má tá flat nó maisoinette acu, acu siúd a fhaigheann airgead ón HSE mar nach bhfuil siad in ann a morgáistí a íoc, nó acu siúd a chónaíonn in éastáit nach bhfuil críochnaithe. Is ceist mór í seo. Mar a dúirt an Seanadóir, beidh i bhfad níos mó am againn chun díriú ar an ábhar seo nuair a bheimid ag déileáil leis an reachtaíocht ó thaobh an property tax. Mar a dúirt mé an lá deireanach, ba cheart doSheanadóirí féachaint ar an mBille ina iomlán. Deireann alt 12 go bhfuil "all household charges . . . . placed under the care and management of the local authority concerned". Tugann sé sin cumhacht don chomhairle chontae — don bainisteoir contae nó an cléireach baile, ach go háirithe — féachaint arís ar cheisteanna práinneacha a bhaineann le daoine a bhfuil an-troiblóid acu aon rud a íoc. Tá an cumhacht sin á thabairt againn in exceptional cases. Ní bhainfidh sé le gach éinne. B'fhéidir nach mbainfidh sé ach le duine anseo is ansiúd. Tugann an Bille cumhacht don bainisteoir contae féachaint ar na cásanna seo. Mar a dúirt mé cheana, nuair a bheimid ag caint faoin property tax, beimid in ann féachaint athuair ar an gceist seo.

Tá mé chun dhá rud a rá maidir leis an bhfreagracht atá ag na bardais agus na comhairlí contae. Tá sé mar chumhacht acu faoin mBille dul chuig na cúirteanna sibhialta chun an t-airgead seo a bhaint ó dhaoine. Iarraim ar an Aire Stáit na ciontuithe a thógáil as an Acht de réir sin. Ag an am céanna, ní bheadh aon gá leis an leasú seo dá mbeadh an Rialtas ag comhlíonadh na ngealltanas a thugadh roimh an toghchán. Gheall an Rialtas go mbeadh an íocaíocht ar áit chónaithe phríobháideach neamhphríomha níos airde, chuin íoc as an mBille seo. Measaim nach bhfuil teach saoire ag mórán daoine dífhostaithe nó daoine a bhfuil cartaí leighis acu. Ní bheadh gá leis an leasú seo dá mbeadh níos móáíoc acu siúd. Tá mé chun an leasú an-tábhachtach seo a bhrú. Tá sé mar bhunphrionsabal nach mbeadh sé riachtanach do dhaoine áirithe an táille seo a íoc. Glacaim go ndéanfaí eisceachtaí i gcásanna daoine a fhaigheann forlíonadh ús morgáiste, nó a chónaíonn i dtithíocht údaráis áitiúil. Tá a lán daoine dífhostaithe ag brath ar an Roinn chun maireachtáil go bunúsach. Tá géarghá ann na daoine sin a thógáil amach as an áireamh.

Bhí mé ag plé na ceiste seo leis an Roinn. B'fhéidir go bhfuil an Seanadóir ag smaoineamh ar Chúirt na nÉileamh Beag. Caithfidh gnóéigin a bheith ar siúl ag duine a——

Tá mé ag iarraidh é a thógáil amach as na cúirteanna coiriúla.

Tuigim an fhadhb agus an prionsabal atáá léiriú ag an Seanadóir. Dá dtarlódh sé sin, bheadh an chomhairle contae nó an bardas ag dul chuig Cúirt na nÉileamh Beag. Tá tuairim dlíthiúil tugtha ag Oifig an Ard-Aighne don Rialtas. Is é an chomhairle a thug an tArd-Aighne don Rialtas ná nach mbeadh an chumhacht ag an gcomhairle contae ná ag an local authority dul isteach sa small claims court faoi mar atá siad curtha le chéile fé láthair.

Ceapaim gur scríobh na hoifigigh é sin. The power is in section 12(3) to go to any court.

Gabh mo leithscéal. Táimid go léir macánta anseo. Seo an chomhairle atá tugtha go hoifigiúil don Rialtas ón Ard-Aighne. Níor scríobh éinne ach an tArd-Aighne an chomhairle nach bhfuil an chumhacht dul isteach.

Amendment put and declared lost.

I move amendment No. 6:

In page 8, line 17, after "estate" to insert the following:

", or

(c) the year in which the liability falls if, on that date, he or she is in receipt of a social welfare or supplementary welfare payment".

Amendment put.
Senators: Vótáil.

Will the Senators claiming a division please rise?

Senators Trevor Ó Clochartaigh, Rónán Mullen and Kathryn Reilly rose

As fewer than five Members have risen, I declare the amendment lost. In accordance with Standing Orders, the names of the Senators dissenting will be recorded in the Journal of Proceedings of the Seanad.

Amendment declared lost.
Amendments Nos. 7 and 8 not moved.

I move amendment No. 9:

In page 35, line 9, to delete "2012." and substitute the following:

"2013, without prejudice to the Poverty Impact Analysis Study referred to in section 3.".

Bhí sé seo le plé mar chuid den moladh a bhí déanta againn maidir le cúrsaí bochtaineachta.

Was this amendment not included on Committee Stage in the group with amendment No. 6?

Amendment No. 9 arises from Committee proceedings.

Ba mhaith linn a chur ar an dtaifead go raibh an-phlé agus díospóireacht an-mhaith anseo an lá faoi dheireadh. Beidh muid ag cur ceiste maidir le cúrsaí ama arís, mar braithim gur thosaigh an díospóireacht seo rud beag roimh an am, ach glacaim leis an rialú a rinne an Chathaoirleach maidir leis an chéad agus an dara moladh a bhí curtha chun cinn againn.

Baineann an leasú seo le go ndéanfaí poverty impact analysis nó anailís ar chúrsaí bochtaineachta. Measann muid gur smaoineamh maith é seo le haghaidh gach píosa reachtaíochta atá muid ag tabhairt chun cinn. Bhí an plé a bhí anseo an lá faoi dheireadh fiúntach, maidir leis na cúinsí atá ann ó thaobh bochtaineachta de. Bhí glacadh cineál aisteach ag daoine le cuid de na cúinsí bochtaineachta a bhí luaite an lá faoi dheireadh atá mar chuid de na fíricí a thugann an ESRI insan leagan amach a dhéanann siadsan ar chúrsaí bochtaineachta. Dá bhrí sin, rinne muid simpliú ar an rún seo, i bhfianaise an molta a bhí déanta ag an Seanadóir Norris chomh maith. Tá sé tábhachtach a thuiscint, nuair atá Bille den chineál seo ag teacht isteach, cé nach mbaineann sé le cúrsaí cánach agus airgeadais, go bhfuil impleachtaí airgid aige don phobal. An bun rud atá muide ag rá maidir le Billí den chineál seo, ná an bhfuil an luach ag na daoine chun an rud a íoc? Cén chaoi a fheicfidh muid an bhfuil an luach sin acu nó muna bhfuil?

Síleann muide go mba chóir go ndéanfadh oifigigh na Roinne Coimirce Sóisialaí staidéar ar chúinsí bochtaineachta agus an cur isteach a bheadh ag Bille agus íocaíocht agus mar sin de, atá luaite i mBille den chineál seo, ar an ghnáth dhuine. Ba chóir sin a thógáil san áireamh ó thaobh an té a bheadh iachall á chur orthu agus a bhféadfaidh a bheith ag cur brú orthu an táille seo a íoc. I bhfianaise an fhreagra deiridh a thug an tAire ar an leasú a bhíá phlé maidir leis na comhairlí contae, glacaim leis an bpointe go bhfuil sé de chumhacht ag na bainisteoirí chomhairle díolúine a thabhairt ar na híocaíochtaí seo. Tá sin go breá, ach b'fhéidir go dtabharfadh comhairlí contae áirithe an díolúine agus comhairlí contae eile nach dtabharfadh. B'fhéidir go bhfuil bainisteoiríáirithe a bheadh níos suáilcí don rud agus bainisteoirí nach mbeadh.

Tabharfaidh an tAire agus an Roinn an chumhacht céanna do na comhairlí contae go léir. Bheadh an scéal céanna ag gach comhairle.

Bheadh muid ag súil leis sin agus sin an fáth gur mhol muid an leasú seo agus go mbeadh a leithéid sa reachtaíocht, mar má bhíonn sé sa reachtaíocht, caithfear glacadh leis. Táim ag glacadh leis go n-aontaíonn an tAire liom go mba mhaith an rud a leithéid seo a bheith i ngach Bille atáthar ag tabhairt chun cinn. Táimid ar fad ag rá go gcaithfear cúrsaí bochtaineachta sa tír seo a thógáil i ndáiríre. Bíonn muid ag éisteacht le grúpaí stocaireachta a thagann isteach agus a bhíonn ag plé linn ó thaobh na cúinsí seo agus tuigeann muid go bhfuil fadhb dáiríre faoi seo sa tír fé láthair. Tá saineolas áirithe sa Roinn Coimirce Sóisialaí maidir leis na ceisteanna seo agus cén fáth nach ndéanfadh muid tástáil ar chuile Bille ar an mbunús seo? Ansin, má táíocaíochtaí nó píonós nó rud ar bith mar sin le tógáil san áireamh, bheadh slat tomhais cinnte agus cothrom leagtha síos do chuile duine a bheadh le leanacht ag gach Roinn Rialtais nó gach comhairle contae. Is ar an mbunús sin atá muid ag moladh go gcuirfear an leasú seo chun cinn.

I second the amendment. Tacaím leis an leasú seo ar bhealach, ach ag an am céanna measaim nach bhfuil ciall leis an leasú mar níor ghlacadh le leasuithe Uimhir 2 agus 3 ar a ndéanann sé tagairt. De bharr sin, ní féidir liom tacaíocht a thabhairt don leasú. Ag an am céanna, tá súil agam go ndéileáilfidh ár gcomhghleacaithe sa Dáil leis seo, mar tá sé an-tábhachtach. Is rud bunúsach sa pholaitíocht é go smaoineodh muid ar na daoine nach bhfuil maoin acu agus ar na boicht agus is ceart smaoineamh ar an tairbhe a bhféadfadh siad a fháil dá nglacfadh an Rialtas le moladh mar seo.

Ba mhaith liom go ndíreodh an tAire mé chuig an alt sa reachtaíocht a thugann an rogha do na húdaráis áitiúla agus na comhairlí contae gan an costas seo a bhailiúó dhaoine áirithe. An bhfuil sin sa reachtaíocht?

Tá sé in alt 12.

Léigh mise alt 12 ach ní fheicim an rogha sin ann.

Is faoin bhainisteoir atá sé.

Caithfidh an comhairle contae an t-airgead a bhailiú. Ní fheicim go bhfuil aon rogha faoi sin san alt sin. Má tá mé mícheart faoi sin, is féidir leis an Aire sin a rá liom.

It states: "In the care of the manager of the local authority".

Aontaím leis an spiorad atá taobh thiar den leasú seo ach ní dóigh liom gur féidir é a dhéanamh anois mar níl na ríomhairí sna Ranna éagsúla ag caint lena chéile ar ábhair ar nós cánach. Ba cheart go mbeadh na ríomhairí i ngach Roinn nasctha le chéile. B'fhéidir go ndéanfaidh mé obair ar seo cúpla bliain thíos an bóthar. Bheadh a lán oibre le déanamh againn chun é sin a réitiú. Tá an spiorad ceart sa leasú, ach ní fhéadfadh muid é a dhéanamh. Freisin, os rud é nár ghlacadh le leasú Uimhir 3, ní féidir linn glacadh leis ach an oiread.

Tuigim an cheist agus léifidh mé seo as na nótaí a tugadh dom. Baineann alt 12 le cúram na comhairle contae. Tá an chumhacht seo cheana féin sna Acht Airgeadais agus tugann sé cumhacht do dhaoine ar nós na Revenue Commissioners déileáil le cásanna a bhfuil deacrachtaí ag baint leo agus costas níos lú a bhaint ó na daoine sin nó gan aon airgead a thógáil uathu. Tá an chumhacht ann agus is féidir liom an nóta seo a thaispeáint don Seanadóir más mian leis é a fheiceáil. Tá an chumhacht ann cheana féin agus sin an t-aon slí gur féidir na tuairimí atá nochtaithe ag an Seanadóirí a chur chun cinn anois láithreach. Mar a dúirt mé cheana, tá sé beartaithe ag an Aire Hogan go mbeidh interdepartmental group ag féachaint ar seo go luath san athbhliain agus féachfaidh an grúpa sin ar rudaí ar nós waivers agus araile don property tax atá ag teacht.

Glacaim leis an méid atá ráite ag mo chomhghleacaí anseo. I gcomhthéacs nár ghlacadh leis na leasuithe eile roimh an cheann seo, ní féidir linn brú ar aghaidh leis an cheann seo. Tuigeann muid an spiorad agus beidh muid ag labhairt lenár gcomhghleacaithe sa Dáil agus ó thaobh Billí eile a bheidh ag teacht chun cinn, beidh muid ag iarraidh leasuithe den chineál seo a mholadh. Sílim go bhfuil sin fíor thábhachtach, bunaithe ar an mhéid plé a rinne muid an lá faoi dheireadh. Sa chomhthéacs sin, táimid sásta an leasú seo a tharraingt siar.

Amendment, by leave, withdrawn.
Question put: "That the Bill be received for final consideration."
Senators: Vótáil.

Will the Senators claiming a division please rise?

Senators Trevor Ó Clochartaigh, Rónán Mullen and Kathryn Reilly rose.

As fewer than five Members have risen, I declare the question carried. In accordance with Standing Orders, the names of the Senators dissenting will be recorded in the Journal of Proceedings of the Seanad.

My colleagues in Dáil Éireann will be reserving their position on the Bill until it is debated in the Dáil. My position does not impact on theirs.

Question declared carried.
Question put: "That the Bill do now pass."

Senators

Vótáil.

Will the Senators claiming a division please rise?

Senators Trevor Ó Clochartaigh and Kathryn Reilly rose.

As fewer than five Senators have risen, I declare the question carried. The names of the Senators dissenting will be recorded in the Journal of Proceedings of the Seanad.

Question declared carried.

When is it proposed to sit again?

At 12.30 p.m. on Tuesday, 13 December 2011.

The Seanad adjourned at 4.55 p.m. until 12.30 p.m. on Tuesday, 13 December 2011.
Top
Share