Irish Language Support Services: Motion

I call Senator Pádraig Ó Céidigh to move the motion. I am not sure who is seconding it.

Cuidíonn mise leis an rún.

It is the Senator. I will ask a Government Senator to move the Government amendment on the Order Paper when we come to it. The debate is to conclude within two hours.

Tairgim:

Go n-aithníonn Seanad Éireann:

Seirbhísí Poiblí

Seirbhísí Stáit sa Ghaeltacht

- gur chóir don Stát cur chuige eiseamláireach teanga a ghlacadh i leith soláthar seirbhísí sa Ghaeltacht, rud a léireodh go soiléir a thiomantas d’úsáid agus do stádas na Gaeilge sna ceantair sin;

- chun an méid sin a bhaint amach gur chóir éifeacht a thabhairt d’fhoráil reachtúil a cheanglódh Gaeilge ar a dtoil a bheith ag oifigigh Stáit a bhíonn lonnaithe, nó i mbun soláthar seirbhísí pobal-dírithe, sna ceantair Ghaeltachta;

- gur chóir freisin go gcuirfí na tacaíochtaí teanga cuí ar fáil sna réimsí oibre nó gairme sin lena mbaineann sainscileanna faoi leith agus a bhféadfadh dúshlán a bheith ann daoine a mbeadh an inniúlacht chuí sa Ghaeilge acu a earcú ina leith;

- go n-aithníonn an Rialtas an ghéarchéim atá sa Ghaeltacht, ó thaobh mheath na Gaeilge agus bánú pobail de. Tá sé riachtanach go dtabharfar faoi fheachtas tarrthála bunaithe ar an obair atá ar siúl ag na pobail Ghaeltachta agus go dtabharfaidh gach roinn Stáit tacaíocht iomlán don obair seo;

Seirbhísí Stáit i gCoitinne

- gur cheart soláthar na seirbhísí Stáit inár dteanga dhúchais a éascú de réir an stádais a bhronntar ar an nGaeilge i mBunreacht na hÉireann, mar an teanga náisiúnta agus príomhtheanga oifigiúil na tíre;

- thar aon ní eile, go mbraitheann soláthar seirbhísí atá ar chomhchaighdeán trí Ghaeilge ar líon leordhóthanach daoine le Gaeilge a bheith fostaithe sa tseirbhís phoiblí. Dá réir sin, is cóir go socrófaí caighdeáin seirbhíse trí Ghaeilge, i ngach cuid den earnáil phoiblí, bunaithe ar mhúnla na tairisceana gníomhaí agus go dtabharfaí feidhm reachtúil don mhéid sin. Tá sé riachtanach leis go mbunófaí córas earcaíochta chun a chinntiú go mbeidh líon cuí fostaithe le hinniúlacht sa Ghaeilge ag obair sa tseirbhís phoiblí ionas gur féidir na caighdeáin sin a bhaint amach;

Oideachas Gaeltachta agus Oideachas Lán-Ghaeilge

- ó bunaíodh an Stáit, go bhfuil an córas oideachais i gcroílár na n-iarrachtaí chun ár dteanga dúchais a tharchur ó ghlúin go glúin. Ba cheart go dtacófaí leis na hiarrachtaí chun an Ghaeilge a chur chun cinn sa chóras oideachais–

- trí bheartas Stáit a fhorbairt i leith oideachas lán-Ghaeilge chun aitheantas a thabhairt do chearta tuismitheoirí go bhfaigheadh a leanaí oideachas trí Ghaeilge más mian leo sin;

- trí sholáthar comhionann agus ar chomhchaighdeán a chur ar fáil do scoileanna Gaeltachta agus scoileanna lán-Ghaeilge ó thaobh áiseanna, tacaíochtaí foghlama, tacaíochtaí oiliúna agus tacaíochtaí riaracháin de;

- trína chinntiú gurb ann do líon leordhóthanach múinteoirí le Gaeilge, agus go mbunófaí cúrsa oiliúna lánaimseartha dírithe ar oiliúint a chur ar mhúinteoirí maidir le teagasc a thabhairt trí Ghaeilge;

Maoiniú Údarás na Gaeltachta agus Fhoras na Gaeilge

- gur chóir go mbeadh maoiniú Údarás na Gaeltachta agus Fhoras na Gaeilge ar chomhchéim (i gcomhthéacs an réimse dualgas) le maoiniú na bhforas stáit eile a bhíonn ag plé leis na réimsí céanna forbartha - mar shampla, leis an nGníomhaireacht Forbartha Tionscail igcás an Údaráis, agus leis an gComhairle Ealaíon i gcás Fhoras na Gaeilge. I gcomhthéacs na ndeacrachtaí atá ag an bhFeidhmeannas i dTuaisceart Éireann agus an bac atá á chur acu sin ar fhorbairt an Fhorais agus ar fhorbairt na Gaeilge ba chóir struchtúr nua a chruthú don Fhoras chun nach ndéanfar dochar don Ghaeilge de dheasca na srianta atá ar Fhoras na Gaeilge faoi láthair.

Go dtugann Seanad Éireann dá aire:

- tacaíocht an Taoisigh agus an Rialtais do Bhliain na Gaeilge, 2018;

- go bhfuil go leor oibre fós le déanamh chun ár dteanga dhúchais a chur chun cinn.

Cuirim fáilte roimh an Aire Stáit go dtí an Teach seo. Bímid ag caint go minic faoi chúrsaí Gaeilge agus cúrsaí teanga. Táim ag moladh an rún seo. Táim díreach chun cúpla pointe a dhéanamh, ní bheidh mé 12 nóiméad. Tá brón orm agus tá brón orainn uilig go raibh an tAire Stáit agus muid uilig ag fanacht timpeall anseo ar feadh roinnt uaireanta an chloig ach, mar atá a fhios ag an Aire Stáit, bhí díospóireachtaí eile ar siúl a thóg suas i bhfad níos mó ama ná mar a bhí pleanáilte.

Ba mhaith liom tosú ag rá leis an Aire Stáit - agus dúirt mé sin leis go minic cheana - on the record, mar a deirtear, go bhfuil meas agam ar an obair atá sé féin agus an Rialtas ag déanamh ó thaobh na Gaeilge de agus go bhfuil mé buíoch as ucht an obair atá sé ag déanamh agus mar sin de. Anseo, tá mé ag caint ar pholasaithe. Seo an áit, Teach Laighean, ina gcuirtear polasaí le chéile. Séard atá i gceist anseo ná dúshlán don Aire Stáit agus don Rialtas agus, ag an am céanna, tacaíocht ó thaobh polasaithe foirfe cuimsitheacha a bheith againn ó thaobh na Gaeilge de.

Níl ach cúpla pointe le déanamh agam. I dtosach báire, mar gheall ar fhís - vision - céard é an fhís a bheadh againn ó thaobh na Gaeilge de? Mar a dúirt mé anseo cheana, ba cheart go mbeadh gach saoránach sa tír seo ábalta ár dteanga dúchais a úsáid má tá sé nó sí ag plé le Ranna Stáit nó le cúrsaí oideachais. Ba cheart go mbeadh an rogha sin ann. Tá Bunreacht na hÉireann agam anseo, the Irish Constitution. Tá sé ráite anseo in Airteagal 8 gurb í an Ghaeilge ár dteanga náisiúnta agus gur príomhtheanga oifigiúil í. Tá sin sa Bhunreacht. Tá go leor caint ar an mBunreacht na laethanta seo ó thaobh cúiseanna eile de. Ní dóigh liom go raibh muid dáiríre faoi Airteagal 8 den Bhunreacht le blianta fada siar.

Ba cheart go mbeadh chuile dhuine ábalta ár dteanga dúchais a úsáid go laethúil mas mian leo é sin a dhéanamh. Níl mé ag iarraidh ach go mbeadh cothrom na Féinne ag lucht na Gaeilge - ní muintir na Gaeltachta amháin, ach lucht na Gaeilge sa tír. I am asking for us to be treated equally. Sin an méid. Má táimid ag iarraidh úsáid a bhaint as an nGaeilge, ba cheart go bhféadfadh muid é a dhéanamh ar a laghad le Ranna Stáit. Bheadh súil agam freisin go bhféadfadh muid é a dhéanamh le comhlachtaí príobháideacha. Mar atá a fhios ag an Aire Stáit, toisc go dtugann sé tacaíocht airgid dó, tá Foras na Gaeilge ag déanamh an t-uafás oibre ó thaobh an Ghaeilge a leathnú amach ó thaobh chúrsaí gnó de. Tá seimineár mór - an all-Ireland seminar - ó thaobh cúrsaí gnó de ar siúl i bPáirc an Chrócaigh i mí Aibreáin ina mbeidh an foras páirteach ann. Tá sé sin fíorthábhachtach san am céanna.

Caithfimid mar Stát ceannródaíocht a léiriú, in other words leadership a thógáil, ó thaobh na Gaeilge de. Caithfimid a bheith proactive in áit a bheith reactive. Rinne mé taighde ar ról an Stáit maidir le seirbhisí as Gaeilge. Ní fheicim go bhfuil aon phlean ann faoi láthair do sheirbhís phoiblí as Gaeilge go hiomlán. Molaim go mbeadh orainn smaoineamh air sin agus é a thógáil san áireamh. Freisin, caithfear cur chuige agus, mar a deirtear i mBéarla, key performance indicators, KPIs, maidir le cén chaoi atá ag éirí linn a bheith againn. Caithfidh accountability a bheith againn. Cén chaoi a bhfuil ag éirí linn leis an airgead agus an infheistíocht atá á déanamh ó thaobh na Gaeilge de?

Maidir le cúrsaí oideachais, ní féidir baitsiléir oideachais, B.Ed., a dhéanamh as Gaeilge faoi láthair. Bheadh sé iontach dá bhféadfadh an tAire Stáit comhoibriú leis an Roinn Oideachais agus Scileanna chun go bhféadfadh scoláirí agus daoine atá ag traenáil le bheith mar mhúinteoirí céim mhúinteoireachta a fháil trí mheán na Gaeilge - ceim trí bliana nó ceithre bliana. Cabhródh sé sin go mór mar tá fadhbanna móra ann ó thaobh cúrsaí oideachais de. I dtosach báire, níl dótháin daoine ag dul isteach sa mhúinteoireacht. Tá fadhb eile ó thaobh cúrsaí pá de agus tá fadhb ann ó thaobh chaighdeán mhúineadh na Gaeilge.

Is fíor-drochrud é go bhfuil go leor de na daoine a théann isteach ag an scoil ag a cúig bliana d'aois agus a fhágann í ag 18, tar éis 13 bliana sa scoil, ar bheagán Gaeilge nuair a fhágann siad an scoil. Tá rud éigin mícheart leis an gcóras oideachais mar gheall air sin. Más rud é go mbeadh daoine ag iarraidh go mbeadh a gcuid gasúr múinte trí mheán na Gaeilge, ba chóir go mbeadh an Stát in ann é sin a chur ar fáil.

If the Minister of State, Deputy McHugh, or my colleagues wanted their sons or daughters to be taught through the medium of Irish in primary and secondary school, the State should ensure they had that opportunity as a basic right. It is not there at the moment. It is certainly a little haphazard. Ach tá go leor gur féidir a dhéanamh leis seo. Caithfimid an dúshlán a ghlacadh, we have to challenge ourselves, to continually make it better. Mar a dúirt mé don Aire Stáit, tá mé an-bhuíoch don cheannaireacht atá sé ag tógáil ó thaobh na Gaeilge de, ach tá mé ag iarraidh an liathróid a bhrú céim eile chun cinn, le tacaíocht an Aire Stáit. Freisin, ba chóir go mbeadh áiseanna ar chomhchaighdeán idir scoileanna Gaeltachta agus scoileanna lán-Ghaeilge ó thaobh cúrsaí infheistíochta de. Tá a fhios agam go bhfuil plean teanga ann agus go bhfuil plean oideachais ann ó thaobh scoileanna agus scoláirí atá sna Gaeltachtaí, agus is mór is fiú é sin. Sin céim an-mhaith sa treo ceart. Tá i bhfad eile ag teastáil sa bhreis air sin. Níl an polasaí Gaeloideachais ag an Stát, ar chor ar bith. Tá sé fíor-thábhachtach é sin a thabhairt isteach. Mar shampla, in 2018 dúirt an Taoiseach agus an Rialtas go mbeadh 2018 mar Bhliain na Gaeilge. Ní osclófar aon Ghaeilscoil nua i rith 2018. Sin rud le breathnú siar cúpla bliain, because ní tharlaíonn sé thar oíche, ach is rud fíor-thábhachtach é sin. Freisin, níl an smaoineamh chomhleanúnach ann, joined-up thinking, idir Ranna Stáit éagsúla, ó thaobh na Gaeilge de. Tá sé fíor-thábhachtach go dtarlódh sé sin. De réir mar a fheicimse, tá dreamanna éagsúla ag obair in silos, agus ag déanamh a rud féin. Is féidir go leor airgid Stáit a shábháil, más rud é go mbíonn an comhleanúnachas ann, ó thaobh smaointe de, agus go mbíonn daoine ag obair as lámh a chéile.

Maidir le maoiniú Údarás na Gaeltachta agus Foras na Gaeilge, mar a dúirt mé leis an Aire Stáit cheana - agus tá na figiúirí agam anseo - tá laghdú de 70% tagtha ar an tacaíocht atá Údarás na Gaeltachta ag fáil ó thaobh poist a chruthú. Níl mé ag iarraidh ach go mbeadh sé ar chomhcéim leis an IDA agus le Fiontar Éireann ó thaobh na poist a chuireann sé ar fáil agus an t-airgead a chuirfear ar fáil dó. All I am looking for is equality. Mar is eol don Aire Stáit, toisc gur as Gaeltacht na nDúnaibh é, tá sé i bhfad níos deacra poist a chruthú in áiteanna ar nós na nDúnaibh, Gaoth Dobhair, Baile an Fheirtéaraigh, Conamara agus áiteanna eile le hais ceantracha nach bhfuil in aice agus timpeall ar Bhaile Átha Cliath. Fós, tá laghdú mór tagtha ar an méid tacaíochta atá Údarás na Gaeltachta ag fáil.

Ó thaobh Fhoras na Gaeilge de, molaim go mbeadh sé ar an leibhéal céanna leis an gComhairle Ealaíona. Ba chóir go mbeadh an cothromas sin curtha i bhfeidhm laistigh de trí bliana, ar a mhéid. Ní maith liom an nós ina ndéarfaí go ndéanfar rud nuair a chiallaíonn sin go dtarlóidh sé amach anseo sa todhchaí. Is féidir é a dhéanamh anois agus is féidir an béim a thabhairt air go mbeidh sé sin againn taobh istigh de trí bliana.

Tá comharthaí dhátheangacha againn, don chuid is mó sa tír, ó thaobh na bóithre de. Feictear dom go bhfuil an píosa i nGaeilge i bhfad níos lú ná an píosa i mBéarla. Ta síceolaíocht éigin ag baint leis sin. Sa Bhreatain Bheag agus áiteanna eile, tá siad ar chomhcéim ó thaobh an font, méid an font agus mar sin de. Má amharcaimid air, nílimid ag chomhlíonadh Airteagal 8 ar chor ar bith. Nílimid ag baint amach an fhís - goal an Stáit - go mbeadh muid mar cheannródaithe, leaders, air seo. Is féidir é a dhéanamh agus tá muinín agam as an Aire Stáit gur féidir leis é a dhéanamh. Tá cúrsaí oideachais fíor-thábhachtach. Luaigh mé cupla rud ansin ó thaobh cúrsaí oideachais de agus nach bhfuil an polasaí Gaeloideachais ann. Níl aon smaoineamh chomhleanúnach á dhéanamh ag an Stát. Luaigh mé maoiniú Údarás na Gaeilge agus Foras na Gaeilge freisin. Caithfear rud a dhéanamh freisin mar gheall ar an dTuaisceart agus Comhaontú Aoine an Chéasta le cead a thabhairt d'Fhoras na Gaeilge comhoibriú i gceart lena chéile. Tá a fhios agam gur luaigh go leor daoine cheana go dtugann siad tacaíocht do na hiarrachtaí atá ar siúl i dTuaisceart Éireann chun an Ghaeilge a chur ar chomhionann le Béarla. Má tá daoine ag iarraidh na Gaeilge a labhairt i dTuaisceart Éireann, caithfidh go mbeadh an cead sin acu, ó thaobh cúrsaí dlí de agus eile.

Ba mhaith liom tacú leis an rún seo go foirmiúil inniu. Tacaíonn Fianna Fáil leis an rún maidir leis an nGaeilge atá á thabhairt isteach le linn am na gComhaltaí Príobháideacha sa Seanad ag Seanadóir Ó Céidigh. Tá sé ar cheann de chuspóirí Fhianna Fáil ón tráth a bunaíodh é, an Ghaeilge a chur chun cinn mar theanga bheo i measc na ndaoine, agus cearta daoine a labhraíonn an teanga a chosaint. Tá an teanga náisiúnta ar sheoid de chultúr na tíre seo agus ní féidir cur síos a dhéanamh ar an tábhacht cinniúnach atá leí dá réir. Tá polasaí láidir ag Fianna Fáil i leith na Gaeilge, agus bhí cur chun cinn na Gaeilge mar bhunaidhm an pháirtí ó bunaíodh é in 1926. Idir 1997 agus 2001, thóg Fianna Fáil céimeanna móra chun an Ghaeilge a chur chun tosaigh. Mar shampla, ritheamar reachtaíocht le haghaidh Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003, bhunaigh muid Oifig an Choimisinéara Teanga, Foras na Gaeilge agus an Chomhairle um Oideachas Gaeltachta agus Gaelscolaíochta. Chuireamar cearta teanga san áireamh i dlíthe éagsúla, in Achtanna oideachais, mar shampla, agus in Achtanna pleanála. D'fhorbraíomar agus ghlacamar leis an straitéis 20 bliain don Ghaeilge chomh maith. In ainneoin iarrachtaí pearsanta an Aire Stáit le seacht mbliain anuas, theip ar an Rialtas faoi cheannas Fhine Gael ar an nGaeilge agus ar an nGaeltacht. Tháinig laghdú ar líon na ndaoine a deir go bhfuil Gaeilge acu agus orthu, siúd a labhraíonn an Ghaeilge gach lá. Níor cuireadh an straitéis 20 bliain don Ghaeilge i bhfeidhm agus ghearr sé ar acmhainní don teanga. Cuireadh deireadh le togha ionadaithe ó phobal na Gaeltachta ar bhord Údarás na Gaeltachta freisin. Sa chomhaontú a rinneadh idir Fianna Fáil agus Fine Gael sular bunaíodh an Rialtas seo, d'éiligh Fianna Fáil agus d'aontaigh Fine Gael, go gcuirfí gealltanas sa chomhaontú muiníne agus éilimh maidir le breis acmhainní don Ghaeilge. Tá an gealltanas seo fós le comhlíonadh ag an Rialtas. Beidh Fianna Fáil ag brú go láidir go ndéanfar é sin. Ba mhaith liom mo bhuíochas a ghabháil leis an Aire Stáit as ucht teacht anseo arís inniu. Tá a fhios agam go bhfuil a lán paisin aige maidir le cur chun cinn a dhéanamh ar an nGaeilge. Tá sé tar éis mé féin a spreagadh dul go dtí an Gaeltacht i nDún na nGall an samhradh seo chugainn, ach caithfimid fís níos cróga a bheith againn, mar gheall ar chur chun cinn na Gaeilge. Caithfimid níos mó iarracht a chur isteach leis an nGaeilge a chur chun cinn. Caithfimid na hacmhainní cearta a thabhairt do na heagraíochtaí a thacaíonn le cúis na Gaeilge. Caithfimid an gcaoi ina bhfoghlaimítear an Ghaeilge inár scoileanna go léir a athrú, mar níl sé ag obair. Ba mhaith liom arís tacaíocht a thabhairt don rún.

Ar dtús báire, ba mhaith liom-----

An bhfuil an Seanadóir ag moladh an leasaithe?

Tairgim leasú a 1:

Go scriosfar na focail go léir tar éis “Go n-aithníonn Seanad Éireann:” agus go gcuirfear an méid seo a leanas ina n-ionad:

“Seirbhísí Poiblí

Seirbhísí Stáit sa Ghaeltacht

Seirbhísí Stáit go ginearálta

i bhfianaise na bhforálacha i ndáil le hearcaíocht san earnáil phoiblí agus le seirbhísí poiblí i nGaeilge i gCeannteidil Bhille na dTeangacha Oifigiúla (Leasú) a foilsíodh in 2017 agus atá á dhréachtú faoi láthair, leis an gcuspóir:

- gur Gaeilgeoirí 20% d'earcaigh nua don tseirbhís phoiblí;

- go mbeidh gach oifig phoiblí atá lonnaithe i gceantair Ghaeltachta ag feidhmiú trí mheán na Gaeilge;

- go méadófar cumas comhlachtaí poiblí seirbhísí poiblí a chur ar fáil trí Ghaeilge;

- go bhforchuirfear oibleagáidí ar chomhlachtaí poiblí caighdeáin a thabhairt isteach agus a chur i bhfeidhm i leith na Gaeilge a fhorordóidh an tAire Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta;

gur cheart go mbeadh díospóireacht chuimsitheach ag an Teach seo maidir leis na forálacha atá sa Bhille, tar éis a fhoilsithe;

Oideachas Gaeltachta agus Lán-Ghaeilge

- go n-aithníonn an Teach seo na céimeanna a ghlac an Rialtas seo chun oideachas trí mheán na Gaeilge a neartú agus chun teagasc agus úsáid na Gaeilge sa Ghaeltacht a chothú, lena n-áirítear an chéad Pholasaí don Oideachas Gaeltachta a fhoilsiú agus a chur i bhfeidhm ó bunaíodh an Stát;

Údarás na Gaeltachta agus Foras na Gaeilge

- go n-aithníonn an Teach seo tiomantas an Rialtais i dTionscadal Éireann 2040 chun leithdháileadh caipitil bliantúil Údarás na Gaeltachta a mhéadú go €12m go céimiúil;

- go n-aithníonn an Teach seo tábhacht an struchtúir agus na socruithe reatha maoinithe uile-oileáin faoina bhfeidhmíonn Foras na Gaeilge i gcomhthéacs Chomhaontú Aoine an Chéasta.

Tarraingíonn Seanad Éireann aird:

- ar thacaíocht an Taoisigh agus an Rialtais do Bhliain na Gaeilge 2018;

- ar an ngá le tuilleadh oibre a dhéanamh chun ár dteanga dhúchais a chur chun cinn.

Tá mé ag moladh an rúin. Ar dtús báire ba mhaith liom fáilte a chur roimh an Aire Stáit. Táimid go léir sásta go bhfuil an tAire Stáit ag obair go díograiseach agus go héifeachtach ar son ár dteanga agus na Gaeltachta. Molaim na Seanadóirí, go háirithe an Seanadóir Ó Céidigh, a chuir an rún seo ar an gclár. Cé go bhfuil rún malartach ag an Aire Stáit agus an Rialtas, is fiú an díospóireacht agus an rún. Tréaslaím go mór leis na haidhmeanna atá luaite. Ba chóir go mbeadh seirbhísí poiblí agus seirbhísí Stáit ar fáil as Gaeilge sa Ghaeltacht.

Is ceart bunúsach é do shaoránaigh, go háirithe do mhuintir na Gaeltachta. Tá sé geallta i gceannteidil Bhille na dteangacha oifigiúla, a foilsíodh in 2017, go mbeidh gach oifig phoiblí atá lonnaithe i gceantar Gaeltachta ag feidhmiú trí mheán na Gaeilge. Tá sé sin geallta. Tá díomá orainn uilig go bhfuil meath nó laghdú ag teacht ar an nGaeilge labhartha sna Gaeltachtaí. Sin fáth amháin go bhfuil sé riachtanach go mbeadh na seirbhísí go léir ar fáil as Gaeilge sna Gaeltachtaí. Tá an t-éileamh ann sna Gaeltachtaí agus tá sé sin soiléir ón taighde. Ba chóir go mbeidh comharthaí thart faoin áit as Gaeilge. Mar a deir an tAire Stáit, ba chóir go mbeidh na seirbhísí as Gaeilge ar chomhchéim leis na seirbhísí as Béarla. Táim dáiríre faoi sin. Níor cheart go mbeadh aon difear eatarthu. Ba cheart go mbeadh siad ar chomhchéim. Chomh maith leis sin, tá sé riachtanach go mbeadh eolas ag gach saoránach go bhfuil na seirbhísí ar fáil as Gaeilge.

Tá caighdeán ard Gaeilge labhartha riachtanach chun na seirbhísí a chur ar fáil i mbealach éifeachtach agus ba chóir go mbeadh sé sin sa dlí. Táim féin an-chinnte gur chóir go mbeadh, agus go mbeidh, 20% d'earcaigh nua sa Státseirbhís líofa agus éifeachtach sa Ghaeilge. Murach sin, ní féidir ár ndualgas a líonadh go mbeidh gach saoránach ábalta na seirbhísí uilig a fháil trí mheán na Gaeilge. Tá sé seo mar chuspóir lárnach ag an Rialtas. Caithfimid é a chur i bhfeidhm. Buíochas le Dia, tá na hacmhainní ann anois chun é a dhéanamh. Molaim féin don Aire Stáit teacht isteach i dTithe an Oireachtais chun cuntas a thabhairt ar stádas na hearcaíochta sin ar a laghad gach bliain. Molaim dó teacht chugainn gach bliain chun stádas na hearcaíochta sin a chur in iúl dúinn ionas go mbeadh díospóireacht agus comhrá againn faoi.

Tá an scéim aitheantais do scoileanna Gaeltachta ag dul ar aghaidh agus beidh maoiniú breise agus tacaíocht teagaisc ar fáil. Beidh réimse leathan tacaíochta curtha ar fáil do na scoileanna. Tá tús le hoiliúint mhúinteoirí sna Gaeltachtaí á fhorbairt. Caithfidh an Roinn cúrsaí oiriúnacha sa teanga labhartha a chur ar fáil go rialta do mhúinteoirí, fiú amháin dóibh siúd atá taobh amuigh de na Gaeltachtaí. Tá cumas na múinteoirí thar a bheith tábhachtach. Tá sé bunúsach. Chomh maith le cúrsaí oideachais agus teanga, tá forbairt eacnamaíoch agus shóisialta sa Ghaeltacht thar a bheith tábhachtach. Is cúis áthais dom tiomantas an Rialtais i Project Ireland 2040 chun an deontas caipitil bliantúil d'Údarás na Gaeltachta a mhéadú go €12 milliún go céimniúil. Is fiú é sin a dhéanamh agus molaim an rud sin. Is cabhair mhór é agus oibreoidh sé ar leas na Gaeltachta agus ar leas ár dteanga. Tréaslaím go mór leis sin.

Is cuidiú mór é gur fhógair an tAire Stáit 2018 mar Bhliain na Gaeilge. Sílim go bhfuil sé seo ag cur béim bhreise fhiúntach ar ár dteanga náisiúnta agus is deis luachmhar é d'oidhreacht agus cultúr na hÉireann. Ba chóir go mbeadh sé lárnach inár dtír. Tá moladh agam don Aire Stáit maidir le Bliain na Gaeilge. Is moladh pearsanta speisialta é atá taobh amuigh de na rudaí atá scríofa feasta. Molaim don Aire Stáit airgead breise a fháil sa bhuiséad atá le teacht agus é a úsáid chun deontais dhíreacha a thabhairt do mhic léinn meánscoile chun dul go dtí an Ghaeltacht. Molaim dó scéim phíolótach a chur i bhfeidhm i scoileanna éagsúla ar dtús agus an scéim a leathnú de réir a chéile nuair atá na hacmhainní ar fáil. Sílim go gcabhródh sé go mór le forbairt na Gaeltachta agus lenár dteanga agus ár gcultúr tríd an tír. Táim lánchinnte faoi sin ós rud é gur chaith mise tamall fada mar mhúinteoir i mbunscoil agus toisc gur tuismitheoir mé. Téann mo leaids féin go dtí an Ghaeltacht i rith na mblianta. Is cabhair iontach é. Chuaigh mé féin ann nuair a bhí mé i mo dhéagóir. Is cabhair iontach é. Tugann sé grá don cheantar, don chultúr agus don Ghaeilge féin. Molaim don Aire Stáit rud éigin a dhéanamh faoi sin. Níl go leor mac léinn thart faoin tír nó thart faoin nGalltacht ag dul go dtí an Ghaeltacht. Sílim go bhfuil sé sin riachtanach agus fiúntach. Táim lánchinnte go mbeidh torthaí iontacha as má dhéanann an tAire Stáit é sin.

Tá a fhios agam go mbeidh sé deacair agus go gcaithfear scéim phíolótach a chur ar siúl ar dtús báire, ach leathnódh sé de réir agus go bhfaigheann an tAire Stáit na hacmhainní. Feicfidh sé na torthaí iontacha a thiocfaidh as. Tá an easpa airgid bunúsach do chuid mhaith tuismitheoirí nach gcuireann a ndaltaí féin go dtí an Ghaeltacht. Tugtar spreagadh do na dáltaí dul ann nuair nach bhfuil siad saibhir go leor chun é sin a dhéanamh.

Mar fhocal scoir, molaim mo chomhghleacaithe a chur an rún ar an gclár chun díospóireacht a spreagadh ar leas na Gaeltachta agus ar leas ár dteanga go forleathan. Tá jab iontach déanta acu. Is fiú an díospóireacht seo. Ba chóir go mbeadh an díospóireacht seo againn gach cúpla mí agus go mbeadh muid ag plé na ceist lárnaí, tábhachtaí seo.

Cuirim fáilte roimh an Aire Stáit. Tá Sinn Féin ag tacú leis an rún seo. Gabhaim mo bhuíochas leis an Seanadóir Ó Céidigh as an rún seo a chur le chéile. Tá sé soiléir nach bhfuil na háiseanna ann sa Ghaeltacht. Tá daoine sa Ghaeltacht, leithéidí mé féin, ag iarraidh fanacht ann agus clanna a thógail ann. Ba cheart go mbeadh na seirbhísí céanna ann trí Ghaeilge is atá ar fáil ar fud na tíre. Gan an pobal ní fiú don Ghaeltacht a bheith ann. Caithfidh pobal beo a bheith ag fás sa Ghaeltacht ach tá brú ama ann. Nil ach 20 bliain ann don Ghaeltacht sular gheobhaidh sí bás. Caithfidh an Rialtas gníomhú chun cinntiú go bhfanann clanna sa Ghaeltacht. Ní tharlóidh sé seo gan na bunseirbhísí mar aon le leathanbhanda, bóithre agus fostaíocht.

Maidir le fostaiocht, tá daoine buartha faoi chláracha cosúil le Leader. Tá an cumhacht anois ag na bainisteoirí sna comhairlí contae – níl an cumhacht ag an bpobal féin. Níl sé sin ceart go leor. Is iad na daoine atá ina gcónaí sna háiteanna seo na daoine is fearr chun na cinntí a dhéanamh maidir leis an airgead a chaitheamh.

San áit a bhfuil cónaí orm in Iorras níl seirbhís leathanbhanda nó seirbhís fhóin póca maith go leor againn. Tá sé chomh deacair ar éinne gnó a dhéanamh nó comhlacht a bhunú más rud é nach féidir leo bheith i dteagmháil le daoine an t-am ar fad. Sin an fáth go bhful daoine ag imeacht ón nGaeltacht mar nach féidir leo gnó a dhéanamh óna dteach féin. Tá mé an-sásta go bhfuil an plean teanga do Mhaigh Eo thuaidh foilsithe anois. Chuir an pobal an-obair isteach agus anois tá sé in am don Rialtas beart a dhéanamh de réir briathair. Bhí an pobal réidh cuidiú leis an rialtas agus anois caithfidh sé an gnó a dhéanamh. Tá €100,000 ar fáil don phlean seo uilig agus níl seo maith go leor. Caithfidh daoine bheith ag obair chun na pleananna a chur i bhfeidhm.

Leis na blianta tá muintir na Gaeltachta ag baint is ag bailiú feamainne de réir thraidisiúin agus cearta teaghlaigh. Tá imní ar na bailitheoirí seo ó 2014 nuair a dhíol Údarás na Gaeltachta cearta d'Arramara Teoranta. Sheol an Comhchoiste um Chomhshaol, Cultúr agus Gaeltacht tuarsacáil in 2015 inar moladh córas ceadúnais do na bailitheoirí traidisiúnta cladaigh. Ó shin i leith níl moran dul chun cinn déanta chun an córas sin a bhunú. Ní mór don Rialtas anois an fhís atá aige féin do bhainistiú agus rialú thionscal na feamainne a shoiléiriú agus caithfidh sé cinntiú go dtabharfar aire mar is ceart do chearta pobail cois chósta.

Gabhaim buíochas leis an Leas-Chathaoirleach. Tá mo lá tágtha mar a déarfadh an Seanadóir Conway-Walsh. I dtosach báire, ba bhreá liom tréaslú le mo chomhghleacaí, Seanadóir Ó Céidigh, as an rún seo a chur os comhair an tSeanaid anocht. Bhí athás orm ar bhealach gurb í an Seanadóir Ardagh a tháinig chun tosaigh chun tacú leis an rún mar thug sé deis dom dul ar ais tríd an rún a scríobh an Seanadóir Ó Céidigh agus cur amach níos géire a fháil ar an téarmaíocht. D'fhoghlaim mé go leor sa deich nóiméad atá thart agus mé ag fanacht le labhairt.

Tá rudaí fíorthábhachtacha á rá ag an Seanadóir Ó Céidigh sa rún seo anocht agus tá áthas orm tacú leis go huile agus go hiomlán. Leagann sé béim ar cheithre rud ach go háirithe: soláthar seirbhísí Stáit sa Ghaeltacht; soláthar seirbhísí Stáit go ginearálta; cúrsaí oideachais sa Ghaeltacht agus cúrsaí oideachais trí Ghaeilge; agus, dar ndóigh, maoiniú d'Údarás na Gaeltachta. Ní gá le rá gur rud casta é mionteanga a láidriú agus a shealbhú nuair a bhíonn go leor rudaí ag dul ar aghaidh sa tír agus nuair atá cultúr Béarla chomh láidir, ní hamháin sa tír seo, ach thar lear san Eoraip agus sa domhan i gcoitinne. Mar sin, ní leor go mbeadh an toil ann an Ghaeilge a chosaint agus a chur chun cinn, caithfimid a bheith smaointeach faoi. Tá gá le, mar a deirtear sa Bhéarla, creativity le teacht ar chur chuige, modhanna agus bealaí inar féidir grá don Ghaeilge a chothú i measc daoine atá gnóthach agus a bhfuil go leor rudaí ag dul ar aghaidh ina saolta acu. Ní hamháin sin, ach caithfear cinntiú nach gcailleann daoine amach riamh toisc gur mhaith leo a chuid ghnó a dhéanamh trí Ghaeilge.

B'fhéidir go bhfuil sé sin ráite agam cheana féin, ach is cuimhin liom nuair a bhí mise san ollscoil i nGaillimh nach ndearna mé Gaeilge mar ábhar céime. Béarla agus Fraincis a rinne mé. Ach toisc an obair iontach a bhí ar siúl ag roinn na Gaeilge san ollscoil ag an am - agus obair fear áirithe, stiúrthóir na Gaeilge labhartha ag an am, Peadar Mac an Iomaire - bhí deis agam freastal ar chúrsaí Gaeilge ar an gCeathrú Rua in Áras Mháirtín Uí Chadhain. Ag an am sin bhí teagasc agus lóistín saor in aisce ar fáil. Is cuimhin liom go gcaitheamar trí seachtaine le chéile le linn Italia 90 agus gur bhaineamar an-taitneamh as an ócaid sin agus muid ag foghlaim na Gaeilge an t-am ar fad agus ag dul níos doimhne agus ag cur níos mó aithne ar chultúr mhuintir na Gaeltachta agus mar sin de. Ba é coincheap na scéime sin, ina raibh mo leithéidí in ann freastal ar chúrsaí Gaeilge sa Ghaeltacht, ná a chinntiú go mbeadh daoine in ann seirbhísí a sholáthar do mhuintir na Gaeilge agus na Gaeltachta, is cuma cén rud a bhí á dhéanamh acu sa saol - dochtúireacht, innealtóireacht, nó cibé rud a bhí i gceist ag daoine san ollscoil. Ba é coincheap na scéime ní hamháin go mbeadh an mhian ag na daoine sin, ach go mbeadh an cur chuige, an tearmaíocht agus go leor rudaí eile acu.

Is cuimhin liom go raibh an BA ar siúl agam ag an am. Céard a déanann duine le BA? Deireann a lán daoine go dtéann sé nó sí ag obair le Supermacs ach - buíochas le Dia - nach mar sin atá. Ach ag an am sin ní raibh tuairim agam faoi céard a dhéanfadh mé. An bhfaigheadh an ollscoil luach a cuid infheistíochta le cúrsa Gaeilge a chur ar fáil do mo leithéidse? Bhí dochtúirí agus innealtóirí ann agus ba léir go ndéanfadh sé maitheas sa chaoi sin. Samhlaímís faoin dochtúir a bheadh in ann éisteacht leis an bhfear nó an mbean a thagann isteach ón nGaeltacht agus gur fearr leis nó léi labhairt faoin rud atá ag cur isteach air nó uirthi ina theanga féin. Ach ag an am ní raibh tuairim agam faoi céard a bheadh á dhéanamh agam. Le himeacht ama bhí mé ag obair i ról ina raibh gá le bheith mar urlabhraí agus tháinig na meáin cumarsáide Gaeilge chugam mar go raibh siad ag lorg daoine - "talking heads" mar a dtugtar orthu. Toisc na cúrsaí a bhí déanta agam ar an gCeathrú Rua bhí an dóthain féinmhuiníne agam. Cloisfidh na Seanadóirí - agus tá a fhios acu - go bhfuil go leor lochta ar mo chuid Ghaeilge go fóill ach bhí feinmhuinín sách láidir agam le go raibh mé sásta dul ag labhairt sna meáin cumarsáide. Sa chaoi sin, bhí cultúr na Gaeilge á leathnú beagáinín. Tréaslaím go mór leis an tsamhlaíocht a bhí ag Peadar Mac an Iomaire agus na daoine eile sa choláiste ag an am sin. Sin an sórt rud atá i gceist agam.

Táim an-tógtha leis an méid atá ráite ag an Seanadóir Ó Céidigh maidir le cúrsaí oideachais mar tá an-suim agam iontu. Maidir le hábhar eile a bhíonn á phlé againn amanna, bímíd ag labhairt - agus an ceart againn - faoi thábhacht toil na dtuismitheoirí. Cuir i gcás nuair atáimid ag labhairt faoi ethos na scoile. Is bunphriosabal é de réir ár mBunreachta gur chóir go mbeadh an rogha ag tuismitheoirí go bhfreastalódh a gcuid páistí ar scoil de réir na luachanna atá acu féin. Chomh fada agus is féidir ba chóir don Stát soláthar a dhéanamh do mhian na dtuismitheoirí. Má tá sé fíor i gcás creidimh agus ethos na scoile, ba chóir go mbeadh sé fíor maidir le rogha agus toil teaghlaigh ní hamháin Gaeilge a fhoghlaim sa scoil, ach oideachas ceart a fháil trí Ghaeilge.

Tá go leor dul chun cinn déanta sa tír. Tá a fhios againn faoi na héachtaí atá ar siúl sna Gaelscoileanna agus mar sin de. Tacaím go mór leis an méid atá ráite ag an Seanadóir faoi cé chomh tábhachtach atá sé go mbeadh áiseanna, tacaíochtaí foghlama, tacaíochtaí oiliúna agus tacaíochtaí riaracháin ar chomhchéim. Smaoinímís faoi leabhair scoile, mar shampla, agus cé chomh tábhachtach atá sé go mbeadh na hacmhainní atá ar fáil dóibh siúd atá ag foghlaim trí Ghaeilge ar chomhchéim ó thaobh caighdeán de. Táim tógtha go mór leis an moladh go mbeadh cúrsa oiliúna lánaimseartha á chur ar fáil do mhúinteoirí dírithe ar theagasc a thabhairt trí Ghaeilge. Sa lá atá inniú labhraímid faoi cé chomh tábhachtach is atá sé go mbeadh céim sa mhatamaitic ag múinteoirí matamaitice. Deirtear faoi chúrsaí creidimh freisin gur minic nach mbíonn sórt méine sna múinteoirí. Tá an rud céanna fíor i gcás na Gaeilge. Ní chóir gur an dara rogha a bheadh i gceist ach daoine a chreideann sa rud. Táim ag teacht chun deiridh.

Tá an t-am istigh.

An bhfuil an t-am istigh? Ba bhreá liom rud amháin eile a lua. Agus muid ag labhairt faoi chúrsaí oideachais, ní chóir dearmad a dhéanamh ar an réamhscolaíocht. Is gá béim a chur ar an réamhscolaíocht go sonrach maidir le cúrsaí oideachais Gaeltachta agus lán-Ghaeilge. Tá go leor béime á leagan ar oideachas Gaeltachta agus ar Ghaelscolaíocht i láthair na huaire - curaclam nua, cúrsaí teagaisc nua, MA san oideachas Gaelscolaíochta agus Gaeltachta i Marino, maoiniú breise á chur ar fáil le háiseanna a cheannach agus mar sin de - ach is é an tréimhse ó sé mhí d'aois go dtí cúig bliana d'aois an aois chriticiúil le haghaidh sealbhú teanga. Amanta, faoin am a dtosaíonn gasúr sna naíonáin bheaga tá sé ródheireanach. Ní aithníonn an Stát é sin a bheag nó a mhór. Is minic a bhfágtar faoi choistí deonacha é naíonraí Gaeilge agus Gaeltachta a reachtáil ó cheann ceann na tíre gan treoir ná tacaíocht dá laghad ón Stát. Déarfainn go bhfuil codarsnacht mhór, más é sin an focal ceart, idir an méid infheistíochta a dhéanann an Stát i gcás scoileanna a bhunú ar lámh amháin agus naíonraí réamhscolaíochta a reachtáil ar an lámh eile. Measaim go bhfuil géarghá le haird a thabhairt don réamhscolaíocht trí Ghaeilge sa Ghaeltacht agus do lucht na Gaeilge amach anseo.

Ar dtús báire ba mhaith liom tréaslú leis an rún atá os comhair an tSeanaid tráthnóna agus leis an réamhobair atá déanta ag an Seanadóir Ó Céidigh leis an rún seo a thabhairt os comhair an tSeanaid. Sa bhliain atá ann tá sé fíorthábhachtach go mbeadh an Rialtas agus na Tithe seo ag tabhairt airde ar na fadhbanna a bhaineann le cúrsaí teanga sa tír, go háirithe nuair a chuirtear é sa chomhthéacs gurb í an Ghaeilge an chéad teanga oifigiúil sa Stát. Go minic, nuair atáimid ag iarraidh seirbhísí nó seirbhís a bhaint amach trí mheán na Gaeilge, níl siad ar fáil. Ardaíonn sin go leor ceisteanna. Ardaíonn sé ceisteanna faoin pholasaí Stáit atá i bhfeidhm faoi láthair. An bhfuil an polasaí sin ag obair? Muna bhfuil, cén fáth? An bhfuil aon mhachnamh déanta ar an pholasaí sin? Mar shampla, an bhfuil an straitéis 20 bliain don Ghaeilge ag obair? An bhfuil na spriocanna a bhí leagtha amach sa straitéis sin á mbaint amach? An bhfuil aon scrúdú á dhéanamh ar an pholasaí sin taobh istigh don Roinn féin? Muna bhfuil, cén fáth? An bhfuil sé déanta? Níl a fhios againn.

Go minic nuair atá an Stát ag iarraidh polasaí a chur i bhfeidhm, caitear slat tomhais éigin a úsáid chun a bheith réadúil agus chun machnamh a dhéanamh ar an pholasaí sin. Ó thaobh na Gaeilge de, d'fhéadfaí breathnú air seo agus a rá go bhfuil gach rud go maith, go bhfuil muid ag dul ar aghaidh de réir a chéile, go bhfuil Gaelscoileanna ag teacht chun tosaigh, go bhfuil an Ghaeilge ag fás agus mar sin de, but ní sin a insíonn an daonáireamh dúinn. Sin an t-aon slat tomhais atá ar fáil faoi láthair. Tá a fhios againn gur labhair an Seanadóir Ó Céidigh air seo roimhe nuair a labhair sé faoin ábhar seo sa Seanad. Maidir leis an slat tomhais sin, tá a fhios againn, de réir an dhaonáirimh dheireanaigh in 2016, go bhfuil 73,803 duine ag labhairt na Gaeilge go laethúil taobh amuigh den chóras oideachais ar fud an Stáit. Nuair a bhristear é sin síos, is féidir linn féachaint ar an Ghaeltacht - tobar na Gaeilge - áit ina bhfuil go leor oibre ar siúl ó thaobh fhorbairt na Gaeilge, na coláistí Gaeilge, na mná tí agus mar sin de. Nuair a théann muid isteach sna figiúirí atá ar fáil ón daonáireamh deireanach, thiocfadh linn a rá go bhfuil titim tagtha ar líon na gcainteoirí de bharr obair nó polasaithe an Stáit. Thiocfadh linn a rá nach bhfuil na polasaithe sin ag obair mar tá titim shuntasach tagtha ar líon na gcainteoirí Gaeilge laethúla sa Ghaeltacht taobh amuigh den chóras oideachais. Thit an líon seo ó 23,175 in 2011 go 20,586 in 2016. Is titim é sin de 2,589 sa tréimhse ama sin. Ag cur na bhfigiúirí sin san áireamh, tá sé soiléir go bhfuil rud éigin cearr agus nach bhfuil an polasaí ag obair.

Tá a fhios agam go bhfuil an tAire Stáit ag tabhairt isteach reachtaíocht úr agus fáiltím roimpi. Tá Comhchoiste na Gaeilge, na Gaeltachta agus na nOiléan - a bhfuil cuid againn air - ag déanamh réamhmhachnaimh ar an Bhille sin faoi láthair. Caithfimid a bheith cinnte go gcuirfear na polasaithe i bhfeidhm mar atá molta. Tá moltaí iontacha déanta anseo ag an Seanadóir Ó Ceidigh i dtaca leis an Ghaeilge ó thaobh an Státchórais féin agus ó thaobh na seirbhísí Stáit atá ar fáil trí mheán na Gaeilge ní hamháin sa Ghaeltacht, ach taobh amuigh di freisin. Caithfimid tabhairt faoi sin. Muna bhfuil an Stát sásta na seirbhísí Gaeilge a chur ar fáil, ní bheidh Gaeilge againn in 30 ná 50 bliain eile.

Go minic nuair a chuirtear an cheist ar eagraíochtaí Stáit cén fáth nach bhfuil seirbhísí Gaeilge ar fáil san eagraíocht, deirtear nach bhfuil éileamh orthu. Is féidir sin a thiontú thart agus a rá gurb é an fáth nach bhfuil éileamh ar na seirbhísí ná nach bhfuil siad ar fáil. Mar shampla, dá rachfaí isteach ag an HSE ag iarraidh freagra ar cheist agus dá gcuirfí an cheist sin i nGaeilge, b'fhéidir go nglacfadh sé trí mhí an freagra a fháil. Dá gcuirfí an cheist chéanna i mBéarla bheadh an freagra ar fáil taobh istigh de sheachtain. De bhrí sin, chuirfí an cheist i mBéarla mar bheadh an freagra ar fáil i bhfad níos gaiste. Sin an rud atá ag tarlú. Tá aithne agam ar chainteoirí dúchais i mo chontae féin agus fiú i mo pharóiste féin. Bhí mé ag caint le duine thar an deireadh seachtaine a bhí ag iarraidh teacht ar sheirbhísí taobh istigh den Roinn Sláinte nó an HSE agus ní raibh an duine sin in ann teacht ar an sheirbhís chéanna trí mheán na Gaeilge. De bhrí sin, chuir an duine ríomhphost i mBéarla agus bhí an tseirbhís ar fáil i bhfad níos gaiste. Tá rud éigin cearr leis na seirbhísí atá ar fáil do phobal na Gaeltachta muna bhfuil siad ag obair trí mheán na Gaeilge chomh fiúntach agus ba chóir go mbeadh siad. Tá rudaí ann a chaithfear a bheith ceartaithe. Tá cuid acu aitheanta anseo ag an Seanadóir Ó Céidigh inniu.

Tá an córas oideachais fíorthábhachtach. Tá bánú na tuaithe i gceist i gceantair Ghaeltachta. Tá Údarás na Gaeltachta ag déanamh sár-obair. Tá sé faoi bhrú airgid. Níl aon dabht faoi sin. Tá a fhios agam go bhfuil níos mó buiséid ar fáil dó anois ná mar a bhí. Cuirim fáilte roimhe sin. Ag an am céanna, tá eacnamaíocht na Gaeltachta faoi bhrú. Má tá an Stát dáiríre faoin Ghaeilge, ba chóir dúinn deis a thabhairt do gach dalta ar fud an Stáit atá ag déanamh freastal ar oideachas dara leibhéal - is é sin na meánscoileanna - dul go dtí an Ghaeltacht má tá siad ag iarraidh é sin a dhéanamh.

Ba chóir go mbeadh sparántacht ar fáil chun é sin a dhéanamh. Níl an t-airgead ag cuid de na daltaí, nó a dtuismitheoirí, le dul ansin iad féin. Chuideodh sparántacht leis na mic léinn an Ghaeilge a fhoghlaim agus bhainfeadh an Ghaeltacht buntáiste eacnamaíochta as. Rachadh sé chun tairbhe do na mná tí, na coláistí Gaeilge agus gach rud a théann leo sin. Sa bhliain atá ann, measaim gur fiú dúinn smaoineamh ar sparántacht den chineál sin a chur ar fáil. Ní chosnódh sé an oiread sin airgid, ach bheadh buntáistí ollmhóra ann don teanga agus d'eacnamaíocht na Gaeltachta.

Tá súil agam go nglacfaidh an tAire Stáit leis an rún atá os comhair an tSeanaid inniu. Tá sé tábhachtach glacadh leis an mhúnla seo atá leagtha amach ag an Seanadóir Ó Céidigh, go háirithe sa chomhthéacs go bhfuil Bille le teacht os comhair na dTithe seo. Tá go leor den mhéid atá molta ag an Seanadóir Ó Céidigh tábhachtach i gcomhthéacs an Bhille sin agus ba chóir go mbeadh sé sa reachtaíocht. Gabhaim buíochas leis an Seanadóir Ó Céidigh. Molaim é agus tréaslaím leis arís. Is ábhar tábhachtach é an t-ábhar seo. B'fhéidir go mbeadh níos mó Seanadóirí anseo ach go raibh lá fada againn anseo inniu. Bhí oíche dhéanach againn aréir freisin. Tá an t-ábhar seo chomh tábhachtach le haon ábhar eile atá á phlé againn istigh anseo inniu.

Níl a lán le rá agam faoin rún seo, ach ba mhaith liom tréaslú leis an Seanadóir Ó Céidigh as an díospóireacht thábhachtach seo a spreagadh anocht. Leis an mhéid sin ráite agam, leanfaidh mé as Béarla. I believe the biggest failure of the independent Irish State has been the failure to build on the enthusiasm to bring the Irish language to the heart of our culture and imagination that existed at the time when we achieved our independence. As I have said to the Minister of State on a number of occasions, the primary aim of the provision of Irish-language education to Irish students - I am thinking especially of the vast majority who are from the Galltacht rather than the Gaeltacht - must be that after their years in primary and secondary education, they are able to conduct an ordinary conversation in Irish with some degree of fluency. He has heard me make that point in Irish and I am making it in English this evening.

The decent teachers I had during my own time in education, including some who were very enthusiastic for the Irish language, made huge efforts to get me to participate in Irish-language debates. Indeed, I was part of a team who won a prize at a Gael Linn debate in Inchicore. The biggest failure of the education system of that time was that it did not create among students in Dublin a sustainable capacity to use the Irish language after they had left school. I listen to Raidió na Life to try to get back into my own head the fairly basic vocabulary that youngsters use. I had three sons at an Irish-speaking school. All of that brought me back into using Irish. I had to help my sons with their homework and all the rest of it. One of them has maintained his fluency but the fluency of the others withered away after they left school. I know there is a greater emphasis on spoken Irish in the leaving certificate now. It counts for much more than it used to. I put it to the Minister of State, Deputy McHugh, that people who have studied Irish for ten years or more must somehow be put in a position where they can use Irish with facility and fluency in the ordinary course of their business.

I agree completely with Senator Mullen that where it is appropriate, preschool as Gaeilge is hugely advantageous. I have no doubt about that. It will not be possible for every parent in leafy Dublin 6 to arrange for their kids to go to preschool, as well as to primary school, through the medium of Irish. I was in the happy position that my sons were able to go to a naíonra as Gaeilge and that was a good thing. It might sound slightly ridiculous, but I suggest that by broadcasting rugby games with an Irish commentary, TG4 is probably doing more than many other bodies to maintain fluency, to sustain the capacity to understand Irish and to help people to remember Irish and keep it in their minds.

I fully agree with the motion that Senator Ó Céidigh has proposed this evening. It is important for Gaeltacht areas that there is a willingness on the part of the State to sustain the use of Irish at every level of the interaction between the citizen and the State. I have no problem with that and I am not saying in any sense that we should abandon the Gaeltacht. However, we also have to raise our eyes to the bigger problem, which is that the great majority of people whom we claim to educate in the Irish language - I should mention that I believe in compulsory Irish - do not maintain their interaction with the language at the end of their time in education. They might be able to write an essay in Irish at the age of 18, but by the age of 22 they cannot order a bag of chips in Irish. It is very strange and very sad. I congratulate Senator Ó Céidigh again for raising this matter. If this debate had taken place in the morning, I might have made the effort to say all of this trí Ghaeilge.

Gabhaim buíochas leis an Seanad arís fá choinne an chuiridh teacht go dtí an Teach speisialta seo. Tá sé ar dóigh go bhfuilimid ag dul ar aghaidh leis an díospóireacht seo trí Ghaeilge cé go bhfuil Seachtain na Gaeilge críochnaithe. Ba mhaith liom aitheantas agus buíochas a thabhairt don Seanadóir Ó Céidigh as na hiarrachtaí atá déanta aige ar son na teanga. Cé go bhfuilimid ag amharc i dtreo cuid mhór de na bealaí agus na polasaithe difriúla atá ardaithe aige, nílimid in ann glacadh lena gcuid moltaí ar fad. Mar a dúirt an Seanadóir Ó Domhnaill, tá comhchoiste Oireachtais i lár an chomhrá agus an díospóireacht faoi Bhille na dteangacha oifigiúla (leasú) 2017, atá le foilsiú roimh an samhradh. Sa pholasaí sin, beidh achan Roinn ag iarraidh daoine breise a fháil. Tá mé dóchasach go mbeidh sprioc de 20% i gceist sa reachtaíocht sin.

Bhí an Seanadóir McDowell sa Rialtas sa bhliain 2003 nuair a dhein an Teachta Éamon Ó Cuív, a bhí mar Aire na Gaeltachta ag an am, iarracht mhór Acht na dTeangacha Oifigiúla a thabhairt chun cinn. Bhí mise sa Seanad ag an am sin agus bhí díospóireacht ollmhór againn. Bhí mé ag lorg freagraí ón Rialtas ag an am. Ní raibh mórán Gaeilge agam, ach dhein mé mo dhícheall.

Tháinig an t-aitheantas ón Eoraip in 2007. Anois tá deiseanna agus buntáistí móra ag daoine óga sa tír seo. Mar shampla, in 2021 beidh an maolú ar siúl agus beidh an t-ionad aistriúcháin agus na hionaid i Lucsamburg, Strasbourg agus Brussels ag iarraidh daoine a fháil do na poist a bheidh ann do 180 duine ón am seo go dtí an am sin. Tá deiseanna ar dóigh. Beidh seans mór ann agus beidh seans ag na Seanadóirí an teachtaireacht dearfach sin a chur amach nuair a bheidh siad sna scoileanna ag labhairt chuig na daoine óga. Beidh seans acu labhairt faoi na poist sin mar aistritheoirí i Lucsamburg nó Strasbourg. Beidh an pá a bheidh ar fáil thar a bheith níos airde fosta. Beidh seansanna móra ann faoi choinne na tacaíochta a bheidh á lorg chomh maith.

Beidh na rudaí sin sa díospóireacht. Níor cheart go mbeadh an díospóireacht ag leanúint agus daoine ag rá na rudaí chéanna, mar shampla, nach mbeidh breis airgid ar fáil nó nach bhfuil an Rialtas ag déanamh a iomlán maidir leis an dteanga. Dá mbeadh Fianna Fáil i gcumhacht bheadh Fine Gael nó daoine ar an taobh eile ag rá nach raibh Fianna Fáil ag déanamh iarrachta. Más rud é go bhfuil an díospóireacht istigh sa rannóg polaitíochta, ní bheidh an teanga ag fás. Tá an teanga ag fás ar an dtalamh. Tá an teanga ag fás, mar a deir an Seanadóir Ó Domhnaill, i dtobar na Gaeilge - sa Chlochán Liath, Gaoth Dobhair nó Conamara. Tá na daoine uilig ansin ag coimeád na teanga beo. Is iad na daoine a úsáideann í go nádúrtha. Usáideann siad an teanga agus iad ag dul go dtí an siopa nó go dtí an séipéal Dé Domhnaigh. Táim ag caint faoi na daoine uilig a úsáideann an teanga ó lá go lá agus faoi dhaoine le Gaeilge, mar shampla an Seanadóir Mullen nó an Seanadóir Ó Céidigh, a bhfuil canúint agus caighdeán thar barr acu. Tá an dualgas orainn. Tá dualgas ormsa anois. Bím ag casadh le daoine ó dhubh go dubh, tríd an lá, agus tá mé ag úsáid na Gaeilge agus tá mé ag fáil ráitis. Nuair a bhí mé i mBoston cúpla bliain ó shin, tháinig mé tras an bhean fheidhmiúil, Máire Concannon. Thug sí ráiteas mór ó Chonamara. Castar na daoine ar a chéile ach ní chasann na sléibhte ná na cnoic. The people meet together, but the hills and the mountains do not. Bhí sí ag caint faoin dteanga. Cé gur fhág na daoine ó Éirinn agus go ndeachaigh siad go dtí Meiriceá nó an Astráil, choimeád siad an teanga agus tá sé cóngarach don chroí. Bhí mise i mBrazil, i Sao Paulo, an tseachtain seo caite agus chas mé le na daoine i mBrazil ag úsáid na teanga, mar shampla, an Ambasadóir Brian Glynn, a bhí ar scoil leis an Seanadóir Mullen. Bhíomar ag déanamh an-----

An as Áth Eascrach, mo pharóiste féin, é?

An paróiste céanna. Sin a dúirt sé.

Tá súil agam gur chuir an t-Aire Stát mo deá-mhianta in iúl.

Bhí meas mór aige ar an Seanadóir Mullen. Bhí dualgas orainn uilig. Nuair a bhí mise ag déanamh mo dhíospóireachta leis na daoine uilig le Portuguese, bhí mise ag úsáid teanga mo dhúchais, an teanga Ghaeilge. Bhí an tAmbasadóir ag aistriú ón Ghaeilge go Portuguese, agus ó Portuguese go English. Bhí sé thar a bheith suimiúil, ach sin scéal difriúil.

Maidir le hÚdarás na Gaeltachta, tá sár-jab déanta aige. Tá 80 duine ag obair le hÚdarás na Gaeltachta agus tá an Seanadóir ceart maidir le cúrsaí eacnamaíochta. Dá mbeadh poist ar fáil i gceantair na Gaeltachta, bheadh deiseanna do dhaoine an teanga a úsáid agus a choimeád fosta. Istigh sa phlean náisiúnta, beidh €178 milliún ar fáil amach anseo taobh istigh de deich mbliana. Faoi láthair, nílimid san áit céanna agus a rabhamar in 2008. Mar is eol do na Seanadóirí, bhí 2008 an-difriúil ón am seo. Ach táimid ar an mbealach ceart anois agus ag dul go dtí an €12 milliún. Sin an sprioc atá agamsa amach anseo.

Maidir le Foras na Gaeilge agus na moltaí, bhí an Seanadóir ag caint faoi athrú ar an struchtúr sin. Tá struchtúr Fhoras na Gaeilge thar a bheith tábhachtach. Caithfimid fanacht leis an struchtúr seo. Tá dualgas mór ar Fhoras na Gaeilge maidir leis na ceantair taobh amuigh den Ghaeltacht, mar shampla, na bailte seirbhíse Leitir Ceanainn, Gaillimh, Daingean Uí Chúis agus sa Tuaisceart fosta. Tá sé ag dul ar aghaidh maidir leis an dualgas fosta.

Maidir le Bliain na Gaeilge, nuair atá mise timpeall na tíre, i gcathair Bhaile Átha Cliath, i nGaillimh, i nDún na nGall nó sa Tuaisceart, tá achan duine ag labhairt faoi agus ag amharc ar na tograí i leith Bhliain na Gaeilge. Níor mhaith liom Bliain na Gaeilge a chríochnú ag deireadh na bliana. B'fhéidir go mbeidh daoine ag smaoineamh uirthi i gcónaí. Dúradh nár cheart go mbeadh seachtain na Gaeilge ar siúl ar feadh coicís amháin, ach achan bhliain agus achan seachtain.

Tá an polasaí oideachais socraithe anois agus i mbliana beidh tacaíocht agus cuidiú breise ag daoine agus na múinteoirí scoileanna istigh sa Ghaeltacht. Cinnte, tá easpa maidir leis an tacaíocht taobh amuigh den Ghaeltacht agus tá dualgas orainn uilig faoi sin.

D'ardaigh an Seanadóir Mullen ceist na naíonraí. Tá dualgas orainn maidir leis na naíonraí agus sin sprioc atá againn sa Roinn chomh maith.

D'ardaigh an Seanadóir O'Reilly moltaí thar a bheith tábhachtach faoin mbearna agus an easpa airgid atá ag tuismitheoirí. Tá sé soiléir go bhfuil tuismitheoirí ag smaoineamh faoina bpáistí a thógáil trí Ghaeilge ach tá siad ag amharc ar an airgead atá i gceist dul go dtí an choláiste nó campaí samhraidh. Sin an dualgas agus dúshlán atá againn maidir leis sin.

D'ardaigh an Seanadóir Ó Domhnaill an cheist an bhfuil an straitéis ag obair nó an bhfuil scrúdú ar fáil. Tá an plean gníomhach cúig-bliana ann. Táimid níos cóngaraí anois. B'fhéidir go mbeimid san áit cheart maidir leis sin laistigh de choicís. Beidh scrúdú maidir leis an straitéis 20 bliain, ach an rud is mó is é Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003 a leasú. Beidh seans ann maidir leis an earcaíocht agus an tseirbhís atá ar fáil sa Ghaeltacht. Tá sé thar a bheith tábhachtach go mbeadh daoine atá ag dul go dtí an comhairle contae, i nGaillimh, Dún na nGall nó Maigh Eo in ann cead pleanála a fháil nó freagraí ar cheisteanna a fháil i nGaeilge. Tá sin tábhachtach. Nuair atá an Bille réidh, beidh díospóireacht chuimsitheach sa Teach seo agus beidh mé sásta a bheith ar ais, dá mbeadh an Rialtas le chéile ag an am sin. Tá mé dóchasach go mbeidh an Rialtas i gceart roimh an samhradh.

Rinne an Seanadóir Ó Domhnaill tagairt do shlat tomhais agus do thobar na Gaeilge fosta. Tá dualgas orm, mar a dúirt mé níos luaithe, i leith na ndaoine le Gaeilge atá ag úsáid na teanga. Dá mbeadh duine ag dul trasna Theach Laighean ag labhairt le na daoine atá ag obair sa Teach seo, cloisfí Gaeilge. B'fhéidir go bhfuil athrú mór tagtha ar chúrsaí sa tír seo. Tá na daoine uilig ag smaoineamh ar dhul ar ais ag foghlaim nó ag úsáid na teanga. Tá siad ag iarraidh ceisteanna a chur. Tá mé ag fáil ceisteanna ó thuismitheoirí atá ag iarraidh cuidiú chun a bpáistí a thógáil trí Ghaeilge. Tá sin ar m'intinn fosta. Tá buiséad sa Roinn Oideachais agus Scileanna suas chuig €10 billiún i mbliana. Tá dualgas mór ar an Roinn Oideachais agus Scileanna maidir leis na múinteoirí scoileanna agus le caighdeán na ndaoine uilig a bheidh ag dul go dtí an ollscoil. Beidh dea-scéal amárach maidir le daoine breise agus múinteoirí breise ag dul go dtí ceantair na Gaeltachta. Tá ceantair na Gaeltachta mar chroílár an freagra maidir leis an teanga. Tá daoine a ndeachaigh thar lear, go dtí an Astráil nó Londain, ag dul ar ais, agus tá siad ag smaoineamh faoin dteanga a fhás, a athfhoghlaim nó a fhoghlaim. Tá na daoine sna ceantair Ghaeltachta, ag dul go dtí an siopa, ag dul go dtí an séipéal nó atá timpeall na sráide, ag labhairt le daoine agus ag úsáid na teanga.

Bhí óráid agam. Táim sásta agus fuair mé spreagadh sa Seanad inniu. Tá na Seanadóirí ag lorg bealaigh dhifriúil agus tá siad ag smaoineamh faoi na dtograí difriúla agus rudaí mar sin ach tá go leor polasaithe ag dul ar aghaidh.

Tá an polasaí de dhíth. Ta gá mór leis an pholasaí. Tá gá mór leis an straitéis 20 bliain. Tá gá mór le Acht na dTeangacha Oifigiúla. Tá gá mór le Bille na dteangacha oifigiúla. Chomh maith leis sin, dá mbeadh bealach difriúil ag teacht amach as an dTeach seo, maidir leis an teanga a bhogadh ar aghaidh, nó dul chun cinn a dhéanamh, nó smaointe difriúla, beidh mé sásta é sin a bhogadh ar aghaidh fosta, go háirithe i dtaca le smaointe tras-pháirtí. Anocht, mar shampla, chuir an Seanadóir O'Reilly leasú maidir leis an moladh anocht. Níl na huimhreacha againn agus beimid ag cailleadh an vóta anocht. Cén ciall atá leis sin? Níl aon chiall leis sin maidir leis an todhchaí. Tá todhchaí na teanga ag brath ar an phlean an teanga a úsaid ó dhubh go dubh, ó lá go lá. Is é sin an teachtaireacht. Tá an dualgas tras-pháirtí orainn leis sin.

Mar gheall ar an phlean náisiúnta 20 bliain, an plean náisiúnta 2040 agus an plean capital deich mbliana, tá €178 milliún ar fáil trasna an deich mbliana. Beidh airgead chun na tograí a bhogadh ar aghaidh. Is féidir na tograí a fheiceáil, mar shampla, i gCarna in Ionad Cuimhneacháin na nImirceach. Bhí duine amháin ag labhairt faoi Mháirtín Ó Cadhain, an ceannaireacht nó ceannasaíocht, níl a fhios agam cén focal a bhí ann, bím ag déanamh botúin i gcónaí, leadership, tá na daoine-----

Tá mé ag foghlaim i gcónaí. Bhí an Seanadóir ag caint faoi cheannaireacht ar an dtalamh agus faoi dhaoine macasamhail le Máirtín Ó Cadhain agus na daoine uilig i bparóiste an Seanadóir Ó Céidigh. Tá an dualgas orainn maidir le tacaíocht nó cuidiú a ghabháil chuig na daoine a bhíonn ag obair go dian ar an talamh. Dá mbeadh aon bhealach ar fáil agam é sin a dhéanamh sa todhchaí, tá mé sásta é sin a ghabháil. Sin é, tá mé sásta, aon am, bogadh ar aghaidh leis an díospóireacht. Tá brón orm faoi na moltaí nach raibh mé ábalta a ghlacadh. Achan rud a bhí le feiceáil sna moltaí, tá sé ag bogadh ar aghaidh maidir leis an bpolasaí, maidir le Bille na dTeangacha Oifigiúla, maidir leis an bpolasaí oideachais agus tá sé sin ar fáil. Is soiléir gur an bearna is mó, an tipping point, ná an cinneadh maidir le daoine uilig na tíre seo a chur ag úsáid an teanga ó lá go lá.

Gabhaim buíochas leis an Aire Stáit as ucht teacht ar ais agus na pointí sin a dhéanamh. Tá mé an-bhuíoch do chuile dhuine de na cainteoirí a bhí anseo tráthnóna agus as an cur chuige agus an cur i láthair. Ní raibh mórán againn ann, ach le bheith fírinneach faoi, bhí díospóireacht agus pointí fíor láidir agus fíor-thábhachtach déanta. Tá mé an-bhuíoch as sin. Chomh maith freisin, tá mé an-bhuíoch do chuile dhuine de na Seanadóirí a thug tacaíocht don rún seo. Tá formhór, mar a dúirt an t-Aire Stáit, ag tabhairt tacaíochta dó seo. Tá mé buíoch don Aire Stáit, because le breathnú ar a lámh ansin, tá seisean lán dáiríre. Is Éireannach é agus tá sé bródúil as an dtír seo. Tá ár dteanga fíor-thábhachtach. Cé as a tháinig muid? Mar a dúirt mé cheana, agus muid ag dul amach ar fud na hEorpa agus ar fud an domhain, ba é an rud is tabhachtaí dúinn ná ár dteanga. Rud beag ach rud iontach faoi na Gaeltachtaí ná go bhfuil go leor daoine as taobh amuigh den Ghaeltacht a thagann isteach sa Ghaeltacht. Cuireann siad go mór leis an nGaeltacht. B'fhéidir gur phós siad isteach ach déanann siad difríocht mhór ó thaobh chuile ceann de na Gaeltachtaí de. Tá an Ghaeltacht agus an Ghalltacht fite fuaite, tá siad ag brath ar a chéile, as lámh a chéile. Tá sé sin fíor-thábhachtach.

Tá cúpla pointe beag eile, díreach le déanamh agam. Luaigh an t-Aire Stáit ansin an straitéis deich mbliana agus €178 milliún. Má dhéantar thar thréimhse deich-mbliana é, má dhéantar discounting cash flow, DCF, air sin, le fáil amach, céard is fiú é sin inniu, tá an tAire Stáit ag caint ar thart ar €145 milliún. Is ionann é sin agus thart ar €14.5 milliún sa bhliain. Sin an rud atá mé ag caint ar in today's language. Má tá an tAire Stáit ag caint ar thacaíocht Údarás na Gaeltachta a thabhairt go dtí €12 milliún, níl san áireamh ach €2.5 milliún sa mbliain, ag úsáid figiúirí an lae inniu. Sin é an chaoi go mbreathnaíonn lucht gnó, mar shampla, ar infheistíocht. Céard is fiú inniu an t-airgead a bheidh duine ag caitheamh, faoi cheann cúig, sé, seacht, ocht, naoi nó deich de bhlianta? Is maith an rud go bhfuil sé ann, mar sin, ach níl sé chomh mór go mbeidh €178 milliún thar thréimhse deich mbliana. Nuair a ritear tríd é, níl sé chomh láidir sin.

Bheadh súil agam go dtabharfaí tacaíocht don rún agus do na moltaí atá déanta, ní hamháin as an méid oibre atá déanta leis seo a chur le chéile, an méid cruinnithe agus comhráite a bhí agam agus againn le heagrais agus dreamanna éagsúla a bhfuil baint acu le cúrsaí Gaeilge. Seo é an méid atá siad ag iarraidh. Tá a fhios agam go bhfuil an tAire Stáit, a Roinn agus a chomhghleacaithe in ann é seo a chur i gcrích. Bheadh an tAcht a luaigh an tAire Stáit ansin mar chuid den pholasaí, ach caithfidh an polasaí a bheith ann i dtosach. Nuair atá an polasaí sin ann, is uaidh sin a dhéantar reachtaíocht. Is uaidh sin a bhfaightear an dul chun cinn agus na féidirtheachtaí, ach caithfear bun-pholasaí a bheith ann i dtosach. Ta mé ag iarraidh ar an Aire Stáit glacadh leis an rún. Tuigim go bhfuil an tAire Stáit dáiríre, go bhfuil go leor oibre déanta ann, go bhfuil pobal na Gaeilge agus na Gaeltachta go formhór ag tabhairt tacaíochta dó. Níl mé ag iarraidh vóta a tharraingt, ach más gá, déanfaimid é sin, ach ba mhaith liom tacaíocht an Aire Stáit a fháil.

Is amendment No. 1 agreed to?

No. Táimid ag tarraingt an leasú ar ais. Nílimid ag dul ar aghaidh leis, os rud é go bhfuil an t-Aire Stáit sásta go bhfuil comhaontú sa díospóireacht.

The amendment is being withdrawn.

Beimid ag dul i gcoinne an rúin, ach nílimid ag cur an leasaithe.

The amendment is withdrawn.

Tarraingíodh siar an leasú faoi chead.
Aontaíodh an tairiscint.

When is it proposed to sit again?

Molaim go gcuirfear an Seanad ar athló go dtí 10.30 a.m. maidin amárach.

The Seanad adjourned at 8.40 p.m. until 10.30 a.m on Thursday, 29 March 2018.