Forbairtí maidir leis an Ghaeilge: Ráitis

Fearaim fáilte roimh an Aire Stáit go dtí an Seanad.

Mar Aire Stáit don Ghaeilge, don Ghaeltacht agus do na hoileáin, tá mé an-sásta go bhfuil an deis seo agam labhairt leis an Seanad inniu agus léargas beag a thabhairt don Teach ar an dul chun cinn atá á dhéanamh maidir le cúrsaí Gaeilge agus Gaeltachta.

Mar chomhthéacs agus go deimhin mar áis don léargas a thabharfaidh mé do Sheanadóirí inniu, tá sé i gceist agam an Plean Gníomhaíochta 2018-2022 don Ghaeilge a chur ag croílár an phlé, ós rud é go leagtar amach sa phlean sin cad atá déanta, cad atá á dhéanamh agus cad atá beartaithe a dhéanamh ar leas na Gaeilge agus na Gaeltachta.

Mar atá ráite cheana féin, is í an Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge 2010-2030 polasaí an Stáit i leith na Gaeilge, agus is ionann an plean gníomhaíochta agus plean oibre ina ndéantar rianú beacht ann faoin méid a dhéanfaidh an Stát go ceann cúig bliana don Ghaeilge agus don Ghaeltacht. Is é feidhmiú an plean sin mar thaca lárnach ar chun feidhme na straitéise agus mar cheann de phríomhthosaíochtaí mo Roinne agus go deimhin na forais eile Stáit a bhfuil baint go díreach acu nó go tánaisteach le leas na Gaeilge.

Mar atá ráite go minic agam roimhe seo, ag croílár an phlean gníomhaíochta ná na bearta comhaontaithe atá leagtha amach ann. Tá breis agus 180 díobh ann a gcuirfear i bhfeidhm i gcomhar le níos mó ná 60 páirtí leasmhar. Leagtar an bhéim is mó ar an méid a dhéanfar go sonrach ar bhonn comhpháirtíochta thar chúig bliana. Tá tráthchlár ama luaite le gach beart, agus luaitear chomh maith, ar ndóigh, na páirtithe a bheidh freagrach as na bearta a chur i bhfeidhm,

Cé nach bhfuil an plean ar an saol ach ó mhí an Mheithimh anuraidh, tá dul chun cinn suntasach déanta cheana féin chun tús a chur lena chur i bhfeidhm. Tá an coiste stiúrtha, atá freagrach as monatóireacht a dhéanamh ar chur i bhfeidhm an phlean bunaithe anois agus bhí dhá chruinniú aige cheana féin. Tá €980,000 breise curtha ar fáil don chlár tacaíochtaí pobail agus teanga de chuid mo Roinne féin do 2019. Fágann sé seo go mbeidh soláthar iomlán de €9.692 milliún ar fáil do 2019. Tá soláthar €550,000 breise ar fáil don phleanáil teanga do 2019, rud a fhágann go mbeidh €3.2 milliún in iomlán ar fáil i mbliana. Tá soláthar breise de €700,000 ar fáil faoi scéimeanna tacaíochta Gaeilge mo Roinne do 2019 do réimse eagraíochtaí agus gníomhaíochtaí a bhaineann leis an nGaeilge taobh amuigh den Ghaeltacht. Beidh ciste caipitil €15.56 milliún san iomlán ar fáil d’Údarás na Gaeltachta in 2019 le caitheamh ar thograí fostaíochta i gcomparáid le €5.687 milliún in 2016.

Ós rud é go bhfuil an próiseas pleanála teanga ag croílár an scéil, ba mhaith liom cúpla focal a rá faoi agus léargas a thabhairt don Teach faoin staid reatha a bhaineann leis. Cé nach bhfuil an phríomhfhreagracht orm as an bpolasaí don oideachas Gaeltachta, is fiú é a chuimsiú sa phlé chomh maith ós é go bhfuil feidhmiú an phróisis agus an polasaí fite fuaite lena chéile.

Aithnítear sa Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge 2010-2030 go bhfuil gá le córas pleanála teanga a fhorbairt agus a chur i bhfeidhm ag leibhéal an phobail. Is tríd an bpróiseas pleanála teanga a thabharfar tacaíocht ar bhealach córasach, comhtháite don Ghaeilge mar theanga phobail agus teaghlaigh i gceantair Ghaeltachta agus i gceantair eile taobh amuigh den Ghaeltacht, áit a bhfuil tacaíocht á tabhairt ag an bpobal don Ghaeilge.

Tugtar feidhm reachtúil don phróiseas pleanála teanga in Acht na Gaeltachta 2012, áit a leagtar síos an próiseas faoina bhféadfaidh pobail i gceantair éagsúla aitheantas a bhaint amach mar limistéir phleanála teanga Ghaeltachta, mar bhailte seirbhíse Gaeltachta nó mar líonraí Gaeilge. Is trí phleananna teanga a ullmhú agus a fheidhmiú ag leibhéal an phobail a dtabharfar tacaíocht don Ghaeilge mar theanga phobail agus teaghlaigh i gceantair Ghaeltachta agus i gceantair eile taobh amuigh den Ghaeltacht atáthar dhá dhéanamh seo. Is é an cuspóir a bheidh ag na pleananna teanga ná cur le húsáid na Gaeilge sna ceantair lena mbaineann siad chomh fada is a bhaineann sé le cúrsaí teaghlaigh, pobail, oideachais, sóisialta, gnó agus poiblí.

Táthar i mbun na hoibre seo i gcomhar le hÚdarás na Gaeltachta agus Foras na Gaeilge le tamall anuas agus tá dul chun cinn suntasach á dhéanamh. Tá ullmhúchán pleananna teanga ar siúl ar fud na Gaeltachta, sna bailte seirbhíse Gaeltachta agus sna líonraí. Faoi dheireadh na bliana seo chugainn, beidh feidhmiú pleananna ar bun i ngach ceann den 26 limistéar. Cheana féin, tá breis agus deichniúr oifigeach pleanála teanga ceaptha agus i mbun oibre. Nuair atá an próiseas faoi lán seoil, beidh breis agus 30 duine fostaithe ó cheann ceann na Gaeltachta ag saothrú leo i gcomhar leis na pobail Ghaeltachta agus le cabhair leanúnach na Roinne agus an údaráis chun cúram a dhéanamh de leas na Gaeilge.

Chun breis tacaíocht a chur ar fáil i réimsí gníomhaíochtaí a bheidh mar thacaíocht don phróiseas pleanála teanga sa Ghaeltacht sna hearnálacha luathbhlianta, an teaghlach, na hóige agus na healaíona traidisiúnta, tá tacaíochtaí lárnach curtha ar fáil ag mo Roinn do roinnt bearta faoi leith. Ina measc, ceadaíodh maoiniú de €1.26 milliún do Chomhar Naíonraí na Gaeltachta don tréimhse 2018-19 go dtí 2020-21, chun breis foirne a earcú agus tacaíocht a chur ar fáil do ghníomhaíochtaí breise chun leathnú a dhéanamh ar sheirbhísí luathbhlianta atá ar fáil sa Ghaeltacht. Ceadaíodh chomh maith maoiniú de níos mó ná €1 milliún do thréimhse trí bliana chun cur ar chumas Thuismitheoirí na Gaeltachta dlús a chur leis an raon tacaíochtaí a chuireann siad ar fáil do theaghlaigh atá ag tógáil clainne le Gaeilge nó a dteastaíonn uathu é sin a dhéanamh, agus beidh an eagraíocht ag earcú seisear foireann agus ag leathnú a chuid gníomhaíochtaí go Cúige Mumhan agus Cúige Uladh. Ceadaíodh maoiniú de €325,000 d'Ealaín na Gaeltachta in 2018 chun gníomhaíochtaí traidisiúnta teangabhunaithe a chur chun cinn sna healaíona traidisiúnta sa Ghaeltacht. Ní miste dom a rá go bhfuil mo Roinn ag obair as lámh a chéile leis an Roinn Oideachais agus Scileanna chun an polasaí don oideachas Gaeltachta 2017-2022 a chur chun cinn ós é go bhfuil cuspóirí mar a chéile idir é agus an phróisis pleanála teanga.

Is údar suntais agus dóchais is ea é go deimhin gur roghnaigh 83% den 161 scoil atá lonnaithe sa Ghaeltacht a bheith páirteach sa pholasaí. Chun tuilleadh rannpháirtíocht a spreagadh, d'eagraigh mo Roinn, i gcomhar leis an údarás, an Roinn Oideachais agus Scileanna agus páirtithe leasmhara eile, sraith chruinnithe le gairid a bhí dírithe ar na tacaíochtaí éagsúla atá ar fáil do scoileanna Gaeltachta a chur ar shúile phobal na scoileanna sin agus nár chláraigh faoin bpróiseas go dtí seo.

Nuair a luaitear an straitéis agus an próiseas pleanála teanga agus an chaoi a bhfuil an Roinn ag déanamh cúram díobh, is baolach go ndéantar dearmad uaireanta ar an gcistíocht shuntasach atá á cur ar fáil, bliain i ndiaidh bliana, mar a bhaineann sé le clár caipitil agus reatha mo Roinne ó thaobh na Gaeltachta de. De thoradh an chúnaimh seo, ar fiú breis agus €9.7 milliún é i mbliana, tá an Roinn ag leanúint ar aghaidh i gcomhar le páirtithe leasmhara eile chun bonneagar na Gaeilge a threisiú tuilleadh. Leis an infheistíocht seo, táimid in ann raon leathan eagraíochtaí Gaeltachta a chumasú chun a gclár oibre a fheidhmiú chun leas na Gaeilge agus na Gaeltachta trí chéile. Ní call dom a rá, ar ndóigh, go bhfuil sé seo uile ag tacú le fíorú chuspóirí na straitéise agus an Phlean Gníomhaíochta 2018-2022.

Ba mhaith liom cúpla focal a rá faoin obair shuntasach a bhí, atá agus a bheidh ar bun sa todhchaí ag Údarás na Gaeltachta sa Ghaeltacht. Tá sé mar bhunsprioc ag an údarás tacú le hacmhainní teanga, pobail nádúrtha agus cultúrtha na Gaeltachta, agus forbairt a dhéanamh orthu de réir an mhaoinithe a bhíonn ar fáil dóibh. Caithfear an Ghaeilge agus pobal na Gaeltachta a chur chun cinn agus a threisiú chun pobail labhartha Ghaeilge níos láidre a chothú. Tá dúshláin mhóra leagtha roimh an eagraíocht agus tá sé díograiseach chun a chinntiú go mbeidh neartú agus saibhriú na Gaeltachta mar thoradh ar a gcuid iarrachtaí. Is iad an nuálaíocht, an fhiontraíocht agus an Ghaeilge an déthéama uileghabhálach a chuimsíonn plean straitéiseach reatha Údarás na Gaeltachta don tréimhse 2018 go dtí 2020.

Leagann an plean straitéiseach amach cur chuige na heagraíochta chun pobal agus geilleagar fuinniúil, rathúil, inbhuanaithe Gaeltachta a fhorbairt agus, tríd sin, áit na Gaeilge mar phríomhtheanga phobal na Gaeltachta a chinntiú. I measc na bpríomhspriocanna atá leagtha amach i bPlean Straitéiseach Údarás na Gaeltachta 2018-2020 tá 1,500 post nua a chruthú thar thréimhse na straitéise; tacú le 8,000 post lánaimseartha a bheith cruthaithe agus bunaithe i gcliantchomhlachtaí; an dúshraith fhiontraíochta a bhunú agus a fhorbairt trí thacú le comhlachtaí nua agus comhlachtaí seanbhunaithe a gcuid gnó a fhás agus a láidriú; tacú le 29 plean teanga a bheidh ullmhaithe agus á bhfeidhmiú; agus tacú le 31 eagraíocht phobail sa Ghaeltacht trí chlár maoinithe leanúnach spriocdhírithe a chur ar fáil. Is ábhar sásaimh é gur éirigh leis an údarás 589 post a chruthú i 2018 agus go raibh 122 duine breise fostaithe i gcuideachtaí an údaráis sa Ghaeltacht ag deireadh na bliana 2018 i gcomparáid leis an mbliain roimhe sin.

É sin ráite, mar atá mínithe agam i nDáiI Éireann le gairid, ní féidir a shéanadh gurb é an Breatimeacht ceann de na dúshláin is mó a bheidh le sárú ag comhlachtaí Gaeltachta sna blianta atá romhainn. De ghnáth, is é margadh na Ríochta Aontaithe an chéad chéim easpórtálaí d'aon chomhlacht a bheadh ag dul i mbun easpórtála den chéad uair. Sa chomhthéacs sin, tá Údarás na Gaeltachta ag comhoibriú le gníomhaireachtaí Stáit eile i ndáil le cur chuige comhordaithe maidir leis an mBreatimeacht. Lena chois sin, tá an t-údarás ag obair as lámh a chéile le Fiontraíocht Éireann chun a chinntiú go bhfuil na tacaíochtaí atá ar fáil do chomhlachtaí a thagann faoi scáth na heagraíochta sin ar fáil chomh maith do chliaintchomhlachtaí de chuid an údaráis.

Nuair a chuirtear san áireamh an buiséad caipitil de €9.7 milliún a bheidh á chur ar fáil ag mo Roinn féin, an ciste €3.86 milliún atá curtha ar fáil don údarás faoin gciste um athghiniúint agus forbairt tuaithe, chomh maith leis an gciste faoi leith ar fiú €2 milliún do Pháirc na Mara, Cill Chiaráin, atá curtha ar fáil ag an údarás faoin gciste um fhorbairt fiontraíochta réigiúnaí, fágann sé seo go mbeidh ciste caipitil €15.56 milliún ar fáil don eagraíocht in 2019. Táim cinnte mar sin go gcabhróidh an méadú suntasach ar bhuiséad caipitil an údaráis chun tacaíocht a thabhairt do na gnólachtaí atá lonnaithe sa Ghaeltacht chun an gnó a chosaint mar thoradh ar an mBreatimeacht,

Maidir le Foras na Gaeilge, anuas ar an obair atá ar bun taobh istigh den Ghaeltacht, tá sárobair ar bun lasmuigh den Ghaeltacht freisin chun úsáid na teanga a chaomhnú agus a threisiú. Cuireann Foras na Gaeilge maoiniú ar fáil chun na haidhmeanna seo a bhaint amach. Tá an foras, mar aon leis na sé cheanneagraíocht atá ag feidhmiú faoina chúram, ag obair as lámh a chéile ar fud na tíre agus thar lear chun an obair seo a chur i gcrích, agus maoiniú a chur ar fáil aige trí réimse leathan scéimeanna.

Tagann saibhreas agus tuiscint staire le tuiscint agus eolas ar logainmneacha na tíre seo. Tá brainse logainmneacha mo Roinne ag obair i gcomhar le Fiontar agus scoil na Gaeilge in Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath chun forbairt a dhéanamh ar shuíomh idirlín logainm.ie agus ar mheitheal logainm.ie, agus is breá liom go bhfuil an suim léirithe ag daoine ar fud na cruinne ar an eolas atá ar fáil sna foinsí seo. Tugann meitheal logainm.ie deis do chách eolas áitiúil a chlárú agus le bheith páirteach sa togra. Tá obair ar bun chun cur leis an méid atá foilsithe cheana agus tá taighde á dhéanamh go leanúnach ag an mbrainse agus ábhar a réiteach le cur faoi bhráid an Choiste Logainmneacha. Ba mhaith liom an deis seo a thapú mo bhuíochas a chur in iúl don Choiste Logainmneacha atá ag feidhmiú ar bhonn deonach.

Tá soláthar breise ar fáil faoi scéimeanna tacaíochta Gaeilge mo Roinne do 2019 do réimse eagraíochtaí agus gníomhaíochtaí a bhaineann leis an nGaeilge taobh amuigh den Ghaeltacht. Fágann sé seo go mbeidh soláthar iomlán de €4.65 milliún ar fáil do 2019. I measc na n-eagraíochtaí a fhaigheann maoiniú bliantúil, tá Taibhdhearc na Gaillimhe, Gaillimh le Gaeilge, Gnó Mhaigh Eo agus Gael-Taca: Corcaigh. Chomh maith leo siúd, tá réimse eile tionscadal digiteach agus teicneolaíochta á mhaoiniú faoin scéim seo agus a mbeidh obair leanúnach ar bun leo in 2019. San áireamh anseo tá clár TechSpace, clár gníomhach don aos óg i gcruthú ábhair dhigitigh agus teicneolaíochta; GaelTech, tionscadal de chuid an ionaid ADAPT in Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath a bhfuil maoiniú ceadaithe do chlár chun taighde maidir le próiseáil teanga nádúrtha na Gaeilge a chur i gcrích sa tréimhse 2017 go dtí 2021; agus Fáilte ar Líne, cúrsa céime sa Ghaeilge agus i gcultúr traidisiúnta na Gaeilge atá forbartha ag Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath agus atá ar fáil saor in aisce ar líne ar fud an domhain. Tá tacaíocht á tabhairt ag mo Roinn d'Acadamh Ríoga na hÉireann chomh maith chun foclóir stairiúil na Gaeilge a chur i dtoll a chéile agus tá obair leanúnach ar bun ar dúchas.ie, logainm.ie agus ainm.ie.

Táthar ag dréachtú Bille na dteangacha oifigiúla (leasú) faoi láthair. Beidh sé mar ollchuspóir sa Bhille go mbeidh 20% de na daoine nua a earcaítear don tseirbhís phoiblí ina gcainteoirí Gaeilge agus go mbeidh gach oifig phoiblí atá lonnaithe sa Ghaeltacht ag feidhmiú as Gaeilge, agus ag eascairt as seo go mbeidh níos mó daoine le Gaeilge ar fáil sna comhlachtaí Stáit,

Maidir leis an nGaeilge san Aontas Eorpach, tá sé an-tábhachtach don Rialtas go mbeidh an Ghaeilge ina teanga oibre iomlán in institiúidí an Aontais Eorpaigh agus tá muid tiomanta do dheireadh a chur leis an maolú. Tá geallta sa Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge 2010-2030 go dtabharfaidh Rialtas na hÉireann gach tacaíocht agus cúnamh don Aontas Eorpach chun an cinneadh maidir leis an nGaeilge a bheith mar theanga oifigiúil agus oibre san Aontas a chur i bhfeidhm. Tá an gealltanas seo deimhnithe arís i bplean gníomhaíochta na straitéise don tréimhse 2018 go dtí 2022 a foilsíodh anuraidh, áit a bhfuil cúig ghníomh ar leith luaite leis an bplean le deireadh a chur leis an maolú. Tá dúshlán roimh na hinstitiúidí ó thaobh na hearcaíochta de, agus romhainn féin, lena dhéanamh cinnte de go mbeidh líon leordhóthanach pearsanra le Gaeilge ar fáil chun na folúntais san Eoraip a líonadh. Cuireann mo Roinn, i gcomhar leis an Roinn Oideachais agus Scileanna agus leis an Údarás um Ard-Oideachas, maoiniú ar fáil do chúrsaí ábhartha tríú leibhéal ar mhaithe le ráta reatha i gcomórtais earcaíochta an Aontas Eorpaigh a fheabhsú agus céimithe inniúla a sholáthar d'fhostaíocht sna hinstitiúidí Eorpacha.

Anuraidh, cuireadh scéim nua ar bun chun intéirnigh a chur chuig na hinstitiúidí Eorpacha ar feadh tréimhsí cúig mhí. Tá an dara grúpa intéirnigh lonnaithe san Eoraip faoi láthair. Tugann an scéim seo deis do dhaoine óga blaiseadh a fháil den saol oibre san Eoraip, oiliúint a fháil ó na hinstitiúidí, agus cur lena gcuid scileanna chun deis níos fearr a thabhairt dóibh sna comórtais earcaíochta amach anseo. Cuidíonn na hintéirnigh chomh maith leis an obair atá ar bun san Eoraip an chuid is tábhachtaí den acquis communautaire a aistriú go Gaeilge.

Ní miste dom a threisiú arís gur dóigh liom go bhfuil an Ghaeilge ar cheann de na hacmhainní nádúrtha is luachmhaire atá againn. Creideann an Rialtas go bhfuil tábhacht ag baint le pobal labhartha láidir Gaeilge agus Gaeltachta a chothú chun saibhreas oidhreachta na teanga a choinneáil beo agus a thabhairt shlán don chéad ghlúin eile. Tá a fhios againn go bhfuil dearcadh dearfach ag tromlach an phobail i leith na teanga. Tá orainn timpeallacht a chothú ina mbraitheann daoine muiníneach as a gcuid Gaeilge a úsáid, cuma cén leibhéal cumais atá acu inti. Tá sé riachtanach go leanfar ag baint leas as an teanga mar theanga phobail agus teaghlaigh sa Ghaeltacht agus go gcuirfear an teanga chun cinn ar bhonn níos forleithne taobh amuigh den Ghaeltacht. Ar deireadh, ba mhaith liomsa tiomantas agus dáiríreacht an Rialtais i leith chur i bhfeidhm na Straitéise 20 Bliain don Ghaeilge a threisiú uair amháin eile anseo inniu.

Gabhaim buíochas leis an Aire Stáit agus iarraim anois ar an Seanadóir Ardagh labhairt.

Gabhaim buíochas leis an Aire Stáit as ucht a bheith tagtha go dtí an Teach inniu agus leis an gCathaoirleach. Léifidh mé amach óráid ghearr mo pháirtí anois.

Ó bunaíodh Fianna Fáil sa bhliain 1926, tá an Ghaeilge a chur cinn mar cheann de theangacha beo na ndaoine agus a chinntiú go dtugtar cosaint do chearta na gcainteoirí Gaeilge ina bpríomhchuspóirí polasaí ag ár bPáirtí Fhianna Fáil. Is taisce chultúir, nach féidir luach a chur air, í ár dteanga náisiúnta. Tá stair láidir ag Fianna Fáil maidir lenár dteanga dhúchais. Idir 1997 agus 2011, thug Fianna Fáil tús áite don Ghaeilge agus baineadh na nithe suntasacha seo amach faoin bpolasaí. Airítear orthu sin Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003; bunú Oifig an Choimisinéara Teanga; bunú Fhoras na Gaeilge; cearta teanga a áireamh i ndlíthe éagsúla, sna hAchtanna oideachais agus sna hAchtanna pleanála, mar shampla; forbairt fhíseach Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge, agus glacadh léi; caitheamh suim shuntasach ar bhunstruchtúr na Gaeltachta agus na Gaeilge; bunú na Comhairle um Oideachas Gaeltachta agus Gaelscolaíochta; agus maoiniú ollmhór a infheistiú chun cur le líon na nGaelscoileanna le linn ár dtéarma oifige.

Le linn ár dtréimhse sa Rialtas, tháinig ardú ar líon na gcainteoirí Gaeilge laistigh agus lasmuigh den Ghaeltacht. Le hocht mbliana anuas, áfach, tá teipthe ar Rialtas Fhine Gael tacú go hiomlán leis an nGaeilge agus le ceantair Ghaeltachta. Mar shampla, tá ísliú suntasach tagtha ar líon na ndaoine a bhíonn ag labhairt Gaeilge agus ar líon na ndaoine a labhraíonn Gaeilge gach lá. Níor cuireadh an Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge i bhfeidhm go hiomlán ag Fine Gael. Cuireadh deireadh le hionadaithe as pobal na Gaeltachta a thoghadh ar bhord Údarás na Gaeltachta. Nuair a aontaíodh an socrú muiníne agus soláthair chun an Rialtais a bhunú agus síneadh a chur le téarma an Rialtais a éascú, fuair Fianna Fáil gealltanais ó Fhine Gael go gcuirfí tacaíochtaí maoinithe breise don Ghaeilge ar fáil. Cé go bhfuil ardú i bpáirt tagtha ar na buiséid le gairid, tá ardú mór ar mhaoiniú agus ar acmhainní breise ag teastáil go práinneach.

Deirimid gach uair a thagann sé seo isteach sa Seanad go gcaithfimid níos mó a dhéanamh, níos mó caint a dhéanamh eadrainn féin agus tuilleadh obair a dhéanamh trí mheán na Gaeilge. Gabhaim buíochas don Aire Stáit as an deis labhairt anseo inniu agus cuirim fáilte roimhe arís chuig an Seanad.

Cuirim fáilte roimh an Aire Stáit agus gabhaim buíochas dó as an méid atá ráite aige. Tugann an díospóireacht seo seans dúinn breathnú siar ar an méid atá déanta chun an Ghaeilge a chur chun cinn, agus breathnú ar aghaidh ar an méid atá le déanamh fós chun todhchaí na Gaeilge agus pobal na Gaeilge a chinntiú. Tá an teanga náisiúnta ar cheann de sheoda na tíre seo agus ní féidir cur síos iomlán a dhéanamh ar an tábhacht chinniúnach atá léi dá réir. Amanta, feictear dom nach n-amharcaimid ar an nGaeilge mar sheoid. Tá idir muid a bheith ina bhfabhar go teoiriciúil ach ina gcoinne go praiticiúil nuair atá cinntí le déanamh a mbeadh de thionchar acu an Ghaeilge a shealbhú inár measc.

Is minic a deirtear gur beatha theanga í a labhairt, agus aontaím leis an ráiteas sin. Caithfear an Ghaeilge a labhairt nó caillfear í. Labhraíonn thart ar 20% den daonra an Ghaeilge dár le daonáireamh 2016, ach ní labhraíonn gach duine acu an Ghaeilge gach lá. Ní mar sin atá sé sna Gaeltachtaí. Bhí mé ar thoscaireacht i nGaeltacht Chiarraí ag tús na seachtaine seo i mBaile an Fheirtéaraigh le Comhchoiste na Gaeilge, na Gaeltachta agus na nOileán agus chuala mé go leor faoi na fadhbanna atá ag muintir na háite maidir le cúrsaí oideachais, cúrsaí airgeadais agus mar sin de. Bhí mé an-tógtha freisin le cé chomh bríomhar agus atá muintir na Gaeilge agus cé chomh tugtha agus dúthrachtach do chúis na Gaeilge agus saol i nGaeilge do mhuintir na Gaeltachta a bhí na daoine ar bhuaileamar leo, ach tá sé ag éirí níos deacra ná a bhí sé riamh an Ghaeilge a chothú de bharr easpa acmhainní agus de bharr an bhrú a bhíonn roimh mhionteangacha ar fud an domhain. Tá sé sin fíor i gcás na Gaeilge freisin ós é gur mionteanga í, agus sin an fáth go gcaithfimid ár seacht ndícheall a dhéanamh gach rud a dhéanamh chun an Ghaeilge a shábháil mar tá an Ghaeilge mar theanga labhartha laethúil i mbaol, in ainneoin dúthracht na mílte daoine sa tír seo.

Labhraíomar le go leor múinteoirí agus chualamar faoi na fadhbanna maidir le teacht ar acmhainní ceart ar nós téacsleabhair do na scoileanna. Déanann an Chomhairle um Oideachas Gaeltachta agus Gaelscolaíochta, COGG, obair mhaith ag cur acmhainní ar fáil, ach dar le muintir na Gaeltachta agus múinteoirí na Gaeltachta, is minic go mbíonn siad róchasta lena bheith oiriúnach do na scoileanna agus is minic nach mbíonn idirdhealú ceart á dhéanamh idir na canúintí éagsúla. D'fhéadfadh téacsleabhair a bheith scríofa i gcanúint amháin, gan a bheith oiriúnach do dhaltaí i nGaeltacht eile, agus is minic go mbíonn orthu fanacht go dtí go mbíonn na téacsleabhair ar fáil. Is minic nach mbíonn ach rogha amháin de théacsleabhair i gceist agus b'shin ceann de na dúshláin ar luadh linn maidir leis an tréaniarracht atá muintir na Gaeltachta ag déanamh chun oideachas a chur ar fáil trí Ghaeilge. Luaigh siad freisin cé chomh deacair agus a bhíonn sé amanta teacht ar aoichainteoirí le Gaeilge. Tuigimid uile cé chomh tábhachtach agus atá sé don scolaíocht sa lá atá inniu ann go mbíonn grúpaí, eagraíochtaí agus daoine ag teacht isteach agus amach. Bíonn dúshlán níos mó le sárú ag scoileanna lán-Ghaeilge sa chomhthéacs sin freisin. Luaigh siad na hionaid oideachais freisin. Dúirt siad gur minic a bhfuil cúrsaí ar fáil do mhúinteoirí i mBéarla ach nach bhfuil cúrsaí oiriúnach ar fáil do mhúinteoirí scoileanna lán-Ghaeilge. Bíonn na constaicí ansin agus feictear dom go mbíonn níos mó de na constaicí ansin le sárú ag múinteoirí sa Ghaeltacht ná mar a bhíonn in áiteanna eile.

Dár ndóigh, ní stopann an fhadhb laistigh de na scoileanna nó fiú na Gaeltachtaí. Dár le daonáireamh 2016, an daonáireamh is déanaí atá ar fáil dúinn, dúirt 73,000 duine go labhraíonn siad Gaeilge gach lá lasmuigh den chóras oideachais, laghdú de 3,382 duine ar fhigiúr dhaonáireamh 2011. Ní aon ionadh dúinn an figiúr sin agus an laghdú sin. Molaim Conradh na Gaeilge agus eagraíochtaí eile as ucht an misneach agus an díograis atá acu i leith na hoibre seo ag iarraidh an Ghaeilge a spreagadh agus a chur chun cinn mar theanga bheo i measc na ndaoine.

Tagraím d’acmhainní ar nós seirbhísí trí Ghaeilge a chinntiú dóibh siúd atá ag iarraidh Gaeilge a labhairt agus iad ag dul i mbun a ghnó. Tá scéal mór ansin, mar is eol don Aire Stáit. Glacaim leis an méid a dúirt sé faoin chuspóir atá sa Bhille atá le teacht go mbeadh an Ghaeilge ar a gcumas ag 20% d'earcaigh nua sa seirbhís phoiblí. Tá sé ráite agam roinnt uaireanta sa Seanad go gcaithfí tosú leis an Státchóras. Chuala mé scéal an lá cheana faoi dhaoine ag lorg seirbhís trí Ghaeilge. Cuireann siad glaoch ar oifig áirithe sa Státchóras, brúnn siad an cnaipe chun Gaeilge a úsáid, tá rírá agus ruaille buaille ar an taobh eile agus ansin tagann duine ar an líne agus deir sé nó sí that the person who speaks Irish is not here today and offers their help. Níl sé sin inghlactha sa lá atá inniu. Mar is eol dúinn, bhí an t-am ann nuair a bhí gá le Gaeilge dá mbeadh duine chun post a fháil sa Státseirbhís. Caithfimid dul sa treo sin arís. Ní hionann sin agus a rá nach mbeidh aon deis ag an duine gan Gaeilge nó ag duine nach raibh an deis aige nó aici scolaíocht mhaith Gaeilge a fháil. Is féidir cuspóir a leagan amach don té a fhostaítear agus a rá go bhfuil trí bliana aige nó aici go mbainfeadh sé nó sí caighdeán sách maith Gaeilge amach le go mbeidh sé nó sí in ann seirbhís a chur ar fáil trí Ghaeilge. Má tá an toil ann, tá bealaigh le gur féidir é seo a chur i bhfeidhm arís gan fadhbanna eile a chothú, mar shampla, dímheas ar an nGaeilge, éad nó mothúcháin dhiúltacha maidir leis an nGaeilge, mar tá sé fíorthábhachtach go dtiocfaimid ar an lá arís go bhfuil an Státchóras agus an Stát 100% dáiríre faoi thábhacht na teanga.

Cé go bhfuil bás na Gaeilge réamh-mheasta go minic agus cé go mbeimis ag teipeadh inár ndualgas gan na dúshláin atá os ár gcomhair a aithint, tá go leor cúiseanna ann freisin le bheith dearfach. Ní mór leas a bhaint as an dea-thoil atá le feiceáil ag an oiread sin de dhaoine sa tír seo i leith na teanga, agus an Ghaeilge a úsáid agus a spreagadh thart timpeall na sochaí.

Bhí mé ag caint le déanaí le daoine ó Thuaidh agus dúirt siad, dar leo, go bhfuil an teanga Ghaeilge weaponised ó Thuaidh agus nár mhaith leo go mbeadh sé ceangailte leis an gceist faoi aontacht na tíre.

Téim go huile agus go hiomlán leis sin. Caithfimid é a bhrú ar aghaidh mar pholasaí dul le muintir na tíre uile, is cuma cén traidisiún a bhaineann siad leis, ó thaobh an Ghaeilge, saibhris na Gaeilge agus oidhreacht na Gaeilge de. Tá sé fíorthábhachtach go dtuigfidh páirtí polaitiúla ar nós Sinn Féin go bhfuil sé fíorthábhachtach go mbeadh an teachtaireacht faoin nGaeilge i gcónaí dearfach i súile gach duine ó Thuaidh ach go háirithe. Mar sin, ní maith liom é go bhfuil an méid sin conspóid faoin nGaeilge agus stádas na Gaeilge ó Thuaidh. Ní maith liom go bhfuil sí ina chnámh spairne idir na páirtithe éagsúla i gcomhthéacs an Tionól agus é a chur ar siúl arís agus mar sin de. Tá sé fíorthábhachtach go dtiocfaimid ar bhealaí chun an pholaitíocht a thógáil amach as ceist na Gaeilge agus chun leas na Gaeilge agus chun leas na tíre uile.

Ar dtús, is cúis áthais dom é fáilte a chur roimh an Aire Stáit agus tréaslaím leis as a chuid oibre díograiseach agus éifeachtach. Molaim an t-airgead breise sa bhuiséad agus na hacmhainní atá ar fáil anois. I dtús báire, tá sé tábhachtach a rá gur fiú ár dteanga, ár gcultúr agus ár n-oidhreacht a cheiliúradh agus a choimeád beo. Tá leibhéal Gaeilge ag beagnach gach duine sa tír ach nílimid muiníneach go leor chun í a labhairt. Tá dualgas orainn i dTithe an Oireachtais dea-shampla a léiriú agus iarracht a dhéanamh í a labhairt. Is fiú ciorcail comhrá a bhunú ar fud na tíre. Chabhródh sé le caidreamh idir dhaoine agus leis an teanga. Molaim don Aire Stáit cineál spreagadh a thabhairt chun na ciorcail comhrá sin a bhunú ar fud na tíre agus is cosúil go mb’fhéidir go mbeidh sé faoin eagraíocht iontach sin, Foras na Gaeilge, an spreagadh a thabhairt do sin agus é sin a thosú. Tá siad ann in áiteanna.

Tá mo mhac óg ag déanamh an scrúdú béil don ardteistiméireacht na laethanta seo. Tá 40% de na marcanna ag dul leis agus tréaslaím go láidir leis sin. Is cabhair iontach é sin don teanga. Molann Conradh na Gaeilge, agus ar ndóigh déanann sé sárobair, go mb’fhéidir gur chóir go mbeadh athruithe déanta ó thaobh múineadh na Gaeilge de inár scoileanna dara leibhéal. Molann sé go mb’fhéidir gur chóir go mbeadh teanga na Gaeilge ar fáil do gach dalta agus go mbeadh litríocht na Gaeilge ar fáil do dhaltaí atá ag déanamh staidéar ar an nGaeilge ar an ardleibhéal. Molaim don Aire Stáit é sin a scrúdú agus dul i dteagmháil leis an Aire Oideachais agus Scileanna mar gheall air. Is sin rud éigin gur fiú a scrúdú. B'fhéidir gur chóir dúinn smaoineamh ar sin i ndáiríre agus sin an rud a molaim don Aire Stáit.

Is é an eochair d’athbheochan agus forbairt na Gaeilge ar fud na tíre ná go mbeadh seans ag níos mó daltaí dul go dtí an Ghaeltacht i rith an tsamhraidh. Ós é go bhfuil feabhas ar chúrsaí eacnamaíochta, ba chóir deontais a chur díreach do na daltaí chun dul ann. Tá a fhios agam go bhfuil tacaíocht do na mná tithe sa Ghaeltacht ach caithfimid na mic léinn a mhealladh go díreach agus molaim don Aire Stáit scrúdú a dhéanamh ar sin arís.

Bunaíodh mo ghrá féin don teanga agus dár gcultúr ar scoil agus sa Ghaeltacht. Tá tréimhsí sa Ghaeltacht lárnach chun an Ghaeilge a fhorbairt. Taobh amuigh de na Gaeltachtaí, tá an Ghaeilge bheo i cuid mhaith áiteanna áitiúla. I mbaile an Chabháin, tá Gaelscoil iontach ar bun agus tá sé ag déanamh obair den chéad scoth. Tá ciorcal comhrá sa bhaile sin chomh maith agus tá sé ag déanamh maitheas. Ní raibh níos mó meas ar ár dteanga cheana. Is tús maith é sin. Mar a dúirt an tAire Stáit cúpla nóiméad ó shin, tá dearcadh dearfach ag tromlach na ndaoine ag an bomaite agus is cabhair iontach é sin.

Tá mé i mo bhall de Choiste na Gaeilge, na Gaeltachta agus na nOileán i dTithe an Oireachtais. Táimid ag saothrú agus ag iarraidh go mbeadh seirbhís as Gaeilge ar fáil do gach saoránach agus ar ndóigh do gach duine sa tír ón chóras Stáit. Luaigh mo chara agus mo chomhghleacaí, an Seanadóir Mullen, an pointe sin chomh maith agus tá sé an-tábhachtach don choiste agus táimid ag saothrú ar sin. Molaim don Aire Stáit scéimeanna a chur ar fáil chun múinteoirí agus státseirbhísigh a mhealladh don Ghaeltacht. Blianta ó shin, bhí coicís sa Ghaeltacht saor in aisce do gach ball den Státseirbhís gach bliain nó gach cúpla bliain. Molaim don Aire Stáit an scéim sin a athbhunú nó ar a laghad scrúdú a dhéanamh air. Rinne sé an-tairbhe agus bhí sé go hiontach.

Is fiú an díospóireacht seo agus ba chóir dúinn stádas na Gaeilge a phlé go minic agus go rialta sa Teach seo. Is fiú go mbeadh an comhrá seo againn go rialta. Molaim don Aire Stáit na pointí sin, go háirithe faoin Ghaeltacht agus a leithéid agus an t-athrú san ardteistiméireacht a scrúdú, agus beidh mé ag súil lena freagraí. Caithfidh mé imeacht anois ach beidh mé ag léamh na freagraí. Gabhaim buíochas leis an Aire Stáit as a bheith anseo.

Tá fáilte roimh an Aire Stáit. B'fhearr liom i bhfad dá mbeimis ag baint úsáide as ár gcuid ama chun reachtaíocht cheart a bhaineann leis an Ghaeilge agus le staid na Gaeltachta a phlé inniu. Ar dtús báire caithfidh mé tagairt a dhéanamh don chlár reachtaíochta don téarma amach romhainn a foilsíodh le gairid. Tá tiomantas nó gealltanas ann go bhfoilseofar Bille na dteangacha oifigiúla (leasaithe) an téarma seo. Tá mé féin i mo Sheanadóir le trí bliana nach mór agus ó thosaigh mé anseo, chuala mé an gealltanas céanna á thabhairt ag an Rialtas. Bhí an Bille seo le foilsiú roimh dheireadh na bliana seo caite agus tá súil agam go dtarlóidh seo agus go mbeidh íosleibhéal 20% maidir le hearcú daoine a bhfuil Gaeilge acu sa tseirbhís phoiblí chomh maith.

Ní ba luaithe inniu, pléadh an tuairisc maidir le staid eacnamaíochta na gceantair Ghaeltachta a cuireadh le chéile ag an Seanadóir Ó Céidigh. Tréaslaím leis an obair sin agus is maith an rud é go bhfuil sé anois á cur os comhair an Rialtais féin. Chuala mé gurb ionann staid eacnamaíoch roinnt de na ceantair Ghaeltachta agus tíortha sa Tríú Domhan. Fuair mo chomhghleacaí, an Teachta Quinlivan, eolas maidir le méid na n-aonad fiontraíochta a bhaineann le hÚdarás na Gaeltachta a bhí folamh, agus chuir sin idir iontas agus náire orm. Tá talamh agus foirgnimh ar fáil faoi láthair sa Ghaeltacht ach nár baineadh úsáid astu ar mhaithe le fostaíocht le deich nó fiú 20 bliain anuas. Caithfear plean nua a leagan amach maidir le fostaíocht a mhealladh chun na Gaeltachta. Tá a fhios agam go bhfuil roinnt moltaí sa tuairisc a chur an Seanadóir Ó Céidigh le chéile ar na mallaibh.

Ba mhaith liom mo bhuíochas a chur in iúl do Rannóg an Aistriúcháin fosta atá mar chuid de Sheirbhís Thithe an Oireachtais. Tá Gluais na mBillí thar a bheith áisiúil agus muid ag réiteach do dhíospóireachtaí. Molaim an tseirbhís seo do gach aon Bhall i dTithe an Oireachtais, ach tá píosa díomá orm inniu mar a chím ar an dteilifís. De ghnáth, nuair atáimid ag plé cúrsaí Gaeilge, bíonn an grafach beag i nGaeilge, ní i mBéarla.

Don chéad uair eile, b'fhéidir gur féidir leis an Roinn Cumarsáide, Gníomhaithe ar son na hAeráide agus Comhshaoil, nó cibé duine atá freagrach as, breathnú ar sin.

Ba mhaith liom tiontú ó Thuaidh, an áit atá mise i mo chónaí agus an áit a bhfuil an Ghaeilge bheo, bríomhar. Ar na mallaibh, bhí an phribhléid agam freastail ar oscailt oifigiúil Raidió Fáilte, áis nua atá ag cur an Ghaeilge ar fáil, ní hamháin ar fud Béal Feirste ach ar fud na Sé Chontae, ar fud an oileáin agus ar fud an domhain. Is foirgneamh agus is tionscadal inspioráideach é Raidió Fáilte, stáisiún a thosaigh amach go mídhleathach fadó i seomra i mbarr Cultúrlann McAdam Ó Fiaich. Anois, tá infheistíocht breis is £1 milliún faighte aige chun an foirgneamh seo a oscailt. Ba mhaith liom mo chomhghairdeas a dhéanamh agus mo bhuíochas a ghabháil le gach duine atá páirteach - Fergus O'Hare, Eoghan Ó Néill, agus a leithéid - as an tsárobair atá déanta acu ar na mallaibh.

Tagraím don mhéid a bhí an tAire Stáit ag rá faoin Ghaeilge san Eoraip agus an Breatimeacht. Ó Thuaidh, beidh an creat Eorpach an t-aon chosaint nó reachtaíocht atá ar fáil de shíor ó thaobh cearta Gaeilge s'acu ó Thuaidh de in easpa Acht na Gaeilge. Bheadh sé úsáideach agus an tAire Stáit istigh anseo ag plé cúrsaí Gaeilge go dtiocfadh leis cur leis an méid atá ráite ag an Rialtas cheana féin ó thaobh an choimitmint gur ceart Acht na Gaeilge fiúntach, aonarach a chur i bhfeidhm sna Sé Chontae.

Tagraím don mhéid a bhí le rá ag an Seanadóir Mullen. Caithfidh mé a rá go gcuireann sé isteach go mór orm nuair a chloisim a leithéid den mhéid a bhí á rá aige ag deireadh a chur i láthair. Tá ceist na Gaeilge polaitiúil. Tá polaitíocht ag baint le heaspa cearta. Nuair nach léirítear meas agus nuair nach dtugtar reachtaíocht chomhionann do dhaoine atá ag iarraidh saol s'acu a chaitheamh trí mheán na Gaeilge, beidh freagairt pholaitiúil ó dhaoine. Níl sin ag teacht ó Shinn Féin amháin. Tá an Seanadóir Mullen i ndiaidh a rá dúinn nach maith leis go mbeadh an t-ábhar seo polaitiúil. Déarfainn nach cuma leis na mílte Gaeil óga, na crogaill dhearga a bhí amuigh ar na sráideanna agus atá orthu glacadh chun na sráideanna chun cearta s'acu a éileamh. Sin an fáth go bhfuilimid istigh ag plé leis an Aire Stáit faoin easpa infheistíochta agus faoi fhadhbanna ó thaobh reachtaíochta ag baint leis an Ghaeilge de mar gheall go bhfuil sé polaitiúil sa Stát seo chomh maith. Caithfidh mé a rá go gcuireann sé isteach ormsa. Cuireann sé isteach ar na mílte Gaeilgeoirí nárbh iarraidh riamh roimhe ina shaol chun cur isteach ar nó dímheas a léiriú do dhuine ar bith mar gheall go raibh siad ag iarraidh saol trí Ghaeilge a chaitheamh. Sin an fáth go bhfuil sé polaitiúil. Sin an fáth, má táimid dáiríre faoi shaol trí Ghaeilge a chur ar fáil do dhaoine, faoi Acht na Gaeilge a bhaint amach agus na cearta céanna a thabhairt do Ghaeil ó Thuaidh agus atá ag an Seanadóir Mullen, clann s'aige agus daoine i gceantar s'aige a thabhairt do dhaoine ó Thuaidh, go bhfuil sé polaitiúil agus go bhfuil mise fíor bhródúil ceist pholaitiúil a thógáil ó thaobh easpa reachtaíochta Gaeilge ó Thuaidh de.

Gabhaim buíochas do na Seanadóirí uile as ucht teacht anseo agus as ucht na moltaí agus na smaointe a chuir siad i láthair i rith na díospóireachta.

Tagraím don mhéid a dúirt an Seanadóir Ardagh. Aontaím léi go bhfuil stair láidir ag Fianna Fáil ó thaobh cuid de na cúrsaí atá luaite aici ansin ó thaobh an straitéis agus cúrsaí mar sin de. D'fhoilsigh Fianna Fáil an straitéis ag deireadh a thréimhse, thart ar an 12 bhliain a bhí sé i gcumhacht, agus ansin ní raibh an t-airgead againn chun an straitéis a chur i bhfeidhm ach tá dul chun cinn déanta. Aontaím gur polasaí maith a bhí ann ó thaobh an straitéis de. Sin an fáth go rabhamar sásta glacadh leis mar Rialtas agus go raibh gach uile Theachta Dála agus Seanadóir ag tacú leis an bpolasaí agus an straitéis sin freisin. Tá stair láidir ag Fine Gael freisin ó thaobh an Ghaeilge de. Bhunaigh muid Roinn na Gaeltachta i 1956 agus d'fhoilsigh muid an polasaí oideachas na Gaeltachta, an chéad pholasaí riamh don oideachas Gaeltachta. Mar a dúirt mé, aontaím go bhfuil stair láidir ag an dá pháirtí. Tá an-mheas ag gach uile pháirtí agus Teachta agus Seanadóir i dTithe an Oireachtais ó thaobh cúrsaí Gaeilge de.

Tagraím don mhéid a dúirt an Seanadóir Mullen. Luaigh sé acmhainní agus tá ardú suntasach ó thaobh acmhainní de le tamall. Ní rabhamar in ann breis acmhainní a chur ar fáil mar nach raibh na hacmhainní ann. An ról a bhí ag gach uile Aire ag tús ár dtréimhse sa Rialtas ná laghdú a dhéanamh ar gach uile bhuiséad, an Roinn I bhfeighil cultúr, oidhreacht agus an Ghaeltacht ina measc. Tá a fhios agam go bhfuil obair mhaith ag dul ar aghaidh ag COGG. Leanfar leis an obair sna blianta atá amach romhainn.

Tagraím do na figiúirí cainteoirí sa daonáireamh. Bhí díomá agus iontas orm ag an am ó thaobh na figiúirí sin de. Tá iarrachtaí móra ar bun ag an bpobal Gaeltachta le tacú le mo Roinn agus le hÚdarás na Gaeltachta chun pleananna teanga a fhorbairt agus a chur i bhfeidhm. Tá an obair sin ag dul ar aghaidh. Tá an obair ag dul ar aghaidh freisin ó thaobh obair an daonáireamh amach anseo de.

Tá impleachtaí ag seirbhísí poiblí na Gaeilge don obair seo agus beimid ag brú ar aghaidh le foilsiú an Bille nua teanga dá réir, agus tá sé sin luaite ag an Seanadóir Ó Donnghaile freisin. Aontaím go bhfuil moill ar an mBille sin. Tá sé ar an bpríomhliosta reachtaíochta arís a d'fhoilsigh muid i rith na seachtaine. Tá a fhios ag gach uile Bhall nach raibh mórán dul chun cinn ar an mBille sin le tréimhse bheag mar gheall ar an dualgas a bhí ar Oifig an Ard-Aighne agus na dréachtóirí obair a dhéanamh ar reachtaíocht maidir leis an mBreatimeacht ó thaobh an Bille de agus ó thaobh na huirlisí straitéiseach a theastaíonn maidir leis an bhagairt ón mBreatimeacht. Sin an fáth nach raibh aon dul chun cinn déanta i mbliana, ach beidh dul chun cinn i rith an téarma seo agus táimid dóchasach go mbeidh an Bille seo foilsithe roimh an samhradh. Tá an obair sin ag dul ar aghaidh, tá na dréachtóirí ag déileáil leis agus táimid i dteagmháil leo.

Tagraím d’Acht na Gaeilge sa Tuaisceart. Tá an Rialtas ag iarraidh go mbeidh Acht ann. Tá an Seanadóir Ó Donnghaile ceart gur cearta do dhaoine atá meas acu ar an teanga é agus ba cheart go mbeadh Acht ann. Pléitear an cheist sin go minic ag an Tánaiste mar Aire Gnóthaí Eachtracha agus Trádála.

Luaigh an Seanadóir O'Reilly siollabas na hardteistiméireachta. Tá a fhios agam go bhfuil obair ar bun ag an Roinn Oideachais agus Scileanna chun an siollabas a leasú, agus cuirim fáilte roimhe sin. Tá sé sin tábhachtach agus aontaím freisin gur cheart go mbeadh níos mó daltaí ón dara leibhéal, múinteoirí agus státseirbhísigh ag dul go dtí an Ghaeltacht. Táim sásta an cheist seo a scrúdaigh. Sin an smaoineamh a bhí ag an Seanadóir ansin. Tá na cúrsaí eile a luaigh an Seanadóir O'Reilly pléite agam cheana.

Is é an príomhrud a mbeidh á bhrú ar aghaidh againn i rith na tréimhse atá amach romhainn ná Acht na dTeangacha Oifigiúla. Tá sé sin fíorthábhachtach. Tá a fhios againn go bhfuil daoine ag fanacht tamall fada ar an Acht sin agus go dteastaíonn athrú, go mór mór ó thaobh cúrsaí earcaíochta. Tá sé molta go mbrúfar ar aghaidh níos mó daoine a bheith sa tseirbhís phoiblí a mbeidh in ann freastal agus obair a dhéanamh trí mheán na Gaeilge. Tá sé sin fíorthábhachtach do chearta na ndaoine sa Ghaeltacht agus dóibh siúd atá lasmuigh den Ghaeltacht. Mar a luaigh an Seanadóir Mullen, beidh deis ansin ag aon duine a dteastaíonn agus a bhfuil ag iarraidh seirbhísí trí mheán na Gaeilge iad sin a fháil. Tá daoine ag teastáil sa Státseirbhís, agus cé go bhfuil laghdú ar fhigiúirí na gcainteoirí Gaeilge sa daonáireamh, tá a fhios againn go bhfuil obair mhaith ar siúl trasna na tíre maidir leis na Gaelscoileanna agus go bhfuil níos mó daoine ag freastal orthu. Táimid ag iarraidh deiseanna a chruthú do na daoine sin agus go mbeidh siad in ann dul ar aghaidh agus poist a fháil sa tseirbhís phoiblí, ní hamháin san Aontas Eorpach ach, níos tábhachtaí fós, anseo sa tír seo, chun seirbhísí a chur ar fáil do gach uile dhuine trí mheán na Gaeilge.

Tá a lán smaointe maithe luaite ag na Seanadóirí agus beidh mé sásta teacht ar ais le freagraí ar chuid acu, mura bhfuil na freagraí sin agam anseo inniu. Gabhaim buíochas leis an gCathaoirleach Gníomhach as an deis seo teacht isteach anseo chun cúrsaí na Gaeilge agus na Gaeltachta a phlé sa Seanad.

Gabhaim buíochas leis an Aire as a bheith anseo inniu. B'shin deireadh na ráiteas maidir le forbairtí leis an nGaeilge agus a staid reatha.

Sitting suspended at 5.02 p.m. and resumed at 5.15 p.m.