Official Languages (Amendment) Bill 2019: Second Stage

Tairgeadh an cheist: "Go léifear an Bille an Dara hUair anois."

Ba mhaith liom mo bhuíochas a chur in iúl as ucht na deise labhairt sa Seanad tráthnóna ar ábhar fíorthábhachtach, Bille na dTeangacha Oifigiúla (Leasú), 2019. Tá sé tráthúil go bhfuil an Bille teanga á phlé againn inniu. Mar a tharlaíonn sé, ar an dáta seo níos mó ná 140 bliain ó shin, 10 Samhain 1879, rugadh an laoch mór le rá, Pádraig Mac Piarais.

Mar is eol do na Comhaltaí, tá clú agus cáil ar an bPiarsach mar fhear a raibh dúil mhór i gcónaí aige i gcur chun cinn na Gaeilge, mar fhile, mar scríbhneoir, mar mhúinteoir agus dar ndóigh mar gníomhaí mór le rá. Go bunúsach, bhí sé tiomanta i leith na Gaeilge. Bhí sárthuiscint aige ar an ngaol idir an pobal agus an Ghaeilge mar aon leis na himpleachtaí cultúrtha agus sóisialta a d'eascair as an ngaol sin. Thuig an Piarsach gurb í an Ghaeilge an tsnáthaid a cheangal na coincheapa is bunúsaí le chéile. Is cuid lárnach dár bhféiniúlacht agus dár n-oidhreacht í an Ghaeilge. Ba é duine de na laochra is mó le rá a bhí ceangailte leis an nGaeilge. Táim lánchinnte gur spreag sé daoine eile chun a gcuid Gaeilge a úsáid agus a bheith bródúil as ár n-oidhreacht teanga.

Dar ndóigh, tagann ceart an duine an Ghaeilge a labhairt le heagraíochtaí Stáit faoi scáth Acht na dTeangacha Oifigiúla, 2003. Tá an cheist seo faoi chaibidil againn inniu agus Bille na dTeangacha Oifigiúla (Leasú), 2019 á phlé againn. Mar is eol do Sheanadóirí, is í an Ghaeilge an chéad teanga oifigiúil in Éirinn de réir Airteagal 8 de Bhunreacht na hÉireann. Luaitear san airteagal gurb é an Béarla an dara teanga oifigiúil sa Stát. Tá stádas láidir bunreachtúil ag an nGaeilge ó 1937 go dtí an lá inniu. Mar sin, ba mhaith liom díriú ar an gcúlra a bhaineann leis an mBille teanga le comhthéacs a thabhairt don phlé inniu.

Achtaíodh Acht na dTeangacha Oifigiúla, 2003 i mí Iúil 2003. Ba é príomhaidhm na hAchta sin ná timpeallacht a chruthú ina mbeadh ról níos lárnaí ag an teanga in obair an Stáit. Bhí sé i gceist go mbeadh an teanga níos feiceálaí, go mbeadh fáil i bhfad níos leithne ar sheirbhísí trí Ghaeilge agus go mbeadh tuiscint níos fearr ag an saoránach ar na seirbhísí atá ar fáil dó nó di, agus ar cén caighdeán seirbhíse ar cheart a bheith ag súil leis.

Bhí deis ag an bpobal a gcuid tuairimí a roinnt linn sular dréachtaíodh an Bille seo nuair a cuireadh tréimhse chomhairliúcháin ar bun leis na páirtithe leasmhara. Bhí ionchur faighte ag oifigigh na Roinne ó réimse leathan de gheallsealbhóirí. Ba léir don Rialtas go raibh, agus go bhfuil, éileamh ann i measc an phobail ar sheirbhísí a bheith ar fáil i nGaeilge. Leagadh na ceannteidil faoi bhráid Chomhchoiste na Gaeilge, na Gaeltachta agus na nOileán, mar a bhí, agus foilsíodh tuarascáil ag eascairt as an bpróiseas seo i mí Bealtaine 2018. Ba mhór an chabhair é agus an Bille teanga á dhréachtú ag oifigigh mo Roinne.

Ba mhaith liom an spotsolas a chur ar phríomhspriocanna an Bhille teanga. Mar is eol do Sheanadóiri, is é bunaidhm an Bhille seo ná a chinntiú go leanfaidh an tAcht teanga de bheith ina thacaíocht éifeachtach do gach duine ar mhian leis nó léi seirbhísí d'ardchaighdeán i nGaeilge a fháil ón Stát. Dar ndóigh, chun na spriocanna uaillmhianacha seo a bhaint amach, bhí ar an Rialtas dul i ngleic le dhá mhórcheist - na scéimeanna teanga agus earcaíocht sa tseirbhís phoiblí.

Maidir le hearcaíocht sa tseirbhís phoiblí, má tá an córas nua seo chun a bheith éifeachtach, beidh orainn díriú ar chúrsaí earcaíochta mar thosaíocht. Is í ceann de na príomhfhadhbanna a chuireann bac ar sheirbhísí a chur ar fáil trí Ghaeilge ná nach bhfuil na daoine leis na scileanna cuí fostaithe sna hoifigí cuí. Má tá muid chun feabhas a chur air seo, caithfidh an Stát líon na bhfostaithe Stáit atá in ann seirbhísí a chur ar fáil trí Ghaeilge a mhéadú agus a chinntiú go bhfuil Gaeilge ar a dtoil ag oifigigh Stáit atá ag feidhmiú i gceantair Ghaeltachta.

Mar atá ráite agam go mion minic, beidh sé mar chuspóir sa Bhille go mbeidh 20% de na daoine a earcaítear don tseirbhís phoiblí ina gcainteoirí Gaeilge roimh dheireadh 2030, go mbeidh gach oifig phoiblí atá lonnaithe sa Ghaeltacht ag feidhmiú trí Ghaeilge agus go mbeidh na comhlachtaí in ann freastal ar na héilimh ón bpobal ar sheirbhísí trí Ghaeilge. Is é an earcaíocht croílár na ceiste agus tá sé i gceist tógáil ar bhonn chéimnitheach ar líon na bhfostaithe le Gaeilge agus ag eascairt as sin go mbeimid in ann feabhas a chur ar sholáthar seirbhísí trí Ghaeilge.

Tá an Rialtas chun déileáil leis an bhfadhb seo trí chur chuige iltaobhach. Tugann mo Roinn tacaíocht láidir do chúrsaí tríú leibhéal faoi láthair agus cinntíonn sé go mbíonn deiseanna suntasacha ag daoine óga freastal ar chúrsaí ollscoile lán-Ghaeilge agus cáilíochta ardleibhéil a bhaint amach. De bharr sin beidh fórsa saothair níos oilte againn agus beidh na daltaí atá ag freastal ar scoileanna lán-Ghaeilge faoi láthair mar chuid lárnach den earnáil phoiblí amach anseo. Chomh maith leis sin tá sé i gceist coiste reachtúil, an coiste comhairleach um sheirbhísí Gaeilge, a bhunú chun tacú leis an obair ríthábhachtach seo. Leagtar amach feidhmeanna an choiste chomhairligh sa Bhille, lena n-áirítear plean náisiúnta a fhoilsiú ar mhaithe le soláthar seirbhísí tri mheán na Gaeilge a mhéadú.

Beimid ag tabhairt aghaidh ar chóras nua a thabhairt isteach in áit chóras na scéimeanna teanga. Cuireadh córas na scéimeanna ar bun chun cur le líon agus caighdeán na seirbhísí tri Ghaeilge a bheadh á gcur ar fáil ag na comhlachtaí poiblí don phobal. De réir an aiseolais atá faighte ag an Roinn thar na mblianta, bhí agus tá fós go leor deacrachtaí leis an gcóras. Luaigh an Coimisinéir Teanga na laigí a bhaineann le córas na scéimeanna teanga ina thráchtas orthu chomh maith. Ghlac an Roinn leis an aiseolas sin agus, mar chuid den Bhille, tá sé i gceist córas na gcaighdeán a thabhairt isteach anseo in Éirinn. Faoin gcóras seo, bheadh rangú le déanamh ar chomhlachtaí poiblí, ag baint úsáide as rialacháin chun caighdeáin a leagan síos do na comhlachtaí sin. Ar an mbealach seo, beimid in ann a chinntiú go mbeidh na caighdeáin is airde ó thaobh úsáid na Gaeilge de bainteach leis na heagraíochtaí a bhíonn ag soláthar seirbhísí don phobal, pobal na Gaeilge agus na Gaeltachta san áireamh.

Ag díriú ar obair an lae inniu anois, chríochnaigh Céim na Tuarascála den Bhille se Dáil ar an 6 Deireadh Fómhair 2021. Mar a luaigh mé níos luaithe, agus go deimhin roimhe seo, is é príomhchuspóir an Bhille seo Acht na dTeangacha Oifigiúla, 2003 a leasú d'fhonn soláthar seirbhísí trí Ghaeilge a mhéadú agus a fheabhsú. Beidh sraith forálacha mar chuid lárnach de na hiarrachtaí seo agus é mar aidhm leo líon na gcainteoirí Gaeilge a earcófar chuig an tseirbhís phoiblí a mhéadú. Ceanglófar, le príomhfhorálacha eile, ar chomhlachtaí poiblí a éascú do dhaoine a n-ainmneacha agus a seoltaí a úsáid i nGaeilge nuair a bheifear ag dul i dteagmháil le comhlachtaí poiblí agus ceanglófar ar gach comhlacht poiblí nua ainmneacha Gaeilge agus lógónna Gaeilge nó dátheangacha a bheith acu. Tabharfar éifeacht freisin leis an mBille do leasuithe is gá a dhéanamh ó tharla gur cuireadh deireadh leis an gCoimisiún Logainmneacha mar a fhoráladh sa phlean um athchóiriú na seirbhíse poiblí in 2011.

Mhol mé leasuithe breise chun an Bille a neartú ar Chéim na Tuarascála sa Dáil a thugann aghaidh ar ábhair imní agus ar shaincheisteanna a ardaíodh tar éis comhairliúchán forleathan le páirtithe leasmhara agus tar éis díospóireacht a mhair thart ar 25 uair an chloig ar Chéim an Choiste. Tá na leasuithe seo i gcomhréir le huaillmhian bheartais fhoriomlán an Stáit maidir le tacú leis an nGaeilge agus í a chur chun cinn. Feabhsóidh na leasuithe oibriú foriomlán Acht na dTeangacha Oifigiúla, 2003, ag cinntiú go leanann an reachtaíocht iomchuí de ghníomhú ina sásra éifeachtach chun staid bhunreachtúil na Gaeilge mar phríomhtheanga oifigiúil an Stáit a léiriú agus chun a chinntiú go bhfuil seirbhísí poiblí i nGaeilge ar fáil chun freastal a dhéanamh ar riachtanais cainteoirí Gaeilge.

I measc na bpríomhleasuithe, áirítear an méid seo a leanas: ceanglas ar dá réir a dhéanfaidh gach comhlacht poiblí 20% ar a laghad dá fhógraíocht bhliantúil i nGaeilge agus 5% dá fhógraíocht a dhéanamh sna meáin Ghaeilge; ceanglas ar dá réir a bheidh síneadh fada ar fáil i ngach córas teicneolaíochta faisnéise agus cumarsáide, TFC, a oibríonn comhlachtaí poiblí; ceanglas ar dá réir nach mór d’aon oibreoir tráchtála a sholáthraíonn seirbhísí poiblí faoi chonradh do chomhlacht poiblí socrú a dhéanamh maidir le húsáid na Gaeilge mar chuid de na seirbhísí sin; agus coiste logainmneacha reachtúil a chur in ionad an Choimisiúin Logainmneacha chun comhairle a chur ar an Aire maidir le horduithe logainmneacha a dhéanamh.

Tá sé i gceist ag an Rialtas roinnt mhionleasaithe eile a mholadh don Teach seo ar Chéim an Choiste agus foilseofar iad i gceann seachtaine nó mar sin. Tá sé i gceist ag an Rialtas an spreagadh, an cúnamh agus an deis cheart a chur ar fáil dóibh siúd a bhfuil suim acu an Ghaeilge a fhoghlaim nó a athfhoghlaim trí háiseanna éagsúla a chur ar fáil dóibh. Ba mhaith liom an deis seo a thapú chun cuid de na deiseanna seo a shonrú. Tríd an tionscnamh ardscileanna Gaeilge, tá mo Roinn ag tacú le 12 cúrsa san earnáil tríú leibhéal i mbliana. Tá sé tábhachtach a thuiscint nach dtéann na céimithe ar fad ó na cúrsaí ar aghaidh chuig poist mar aistritheoirí agus go mbíonn cuid acu ag obair sa státchóras anseo in Éirinn.

Ba mhaith liom mo bhuíochas a chur in iúl don Seanad as an tacaíocht a bhfuair mé féin agus oifigigh mo Roinne le linn an phróisis seo. Chuir an Seanadóir Seán Kyne, ina ról mar Aire Stáit na Gaeltachta, tús leis an obair thábhachtach seo nuair a thug sé an Bille seo os comhair an Oireachtais i mí na Nollag 2019. Tá buíochas ar leith ag dul don Seanadóir as an méid oibre a rinne sé ar son na Gaeilge. Bhí an obair a rinne an Seanadóir Kyne mar bhunchloch dom agus ina chuidiú mór dom agus mé ag cur leis an mBille teanga le os cionn bliain anuas anois. “Tír gan teanga, tír gan anam” a deir an sean-nath Gaeilge a chum an Piarsach. Is gnéithe fhíorthábhachtacha dár n-oidhreacht chultúrtha iad an Ghaeilge agus an Ghaeltacht agus is pribhléid dom dul chun cinn a dhéanamh mar Aire Stáit sa Rialtas seo chun an Ghaeilge a neartú agus a láidriú tríd an Bhille seo a achtú. Gabhaim buíochas leis an Teach agus táim ag tnúth leis an méid a déarfaidh gach duine.

Glaoim anois ar an Seanadóir Clifford-Lee agus tá ocht nóiméad aici.

Is mór an onóir dom a bheith anseo chun an reachtaíocht fhíorthábhachtach seo a phlé. Gabhaim buíochas leis an Aire Stáit as an mbéim a chuir sé ar an reachtaíocht seo. Tosaíocht ón tús a bhí sa Bhille seo ag an Aire Stáit.

Tá lucht labhartha na Gaeilge ag fanacht ar an reachtaíocht seo le fada an lá agus is céim chun tosaigh ollmhór í an Bille seo. Ó bunaíodh Oifig an Choimisinéir Teanga in 2004, tá gearáin déanta ag an gCoimisinéir Teanga nach bhfuil a dhóthain cumhachta aige chun cearta phobal na Gaeilge a chosaint mar gheall ar bhearnaí agus easpa soiléire sa reachtaíocht. Is mór an frustrachas a bhíonn air i gcónaí agus tá sé sin soiléir. Neartaíonn an Bille seo go mór cearta phobal na Gaeilge agus muid ag déileáil leis an Stát. Mar is eol dúinn go léir, baineann deacrachtaí suntasacha le teagmháil á dhéanamh trí Ghaeilge nó fiú amháin le hainmneacha agus seoltaí Gaelacha a aithint i gceart. As seo amach, ní bheidh na fadhbanna seo ann de bharr an Bhille seo.

Dar liom is é an tiomantas go mbeidh 20% d’earcaíocht nua sa tseirbhís phoiblí ar ardchaighdeán Gaeilge an gné is suntasaí den Bhille seo. Beidh na fostaithe ann chun gach seirbhís phoiblí a chur ar fáil agus, faoi mar a luaigh an tAire Stáit, tá an t-éileamh ann. Chomh maith leis seo, léiríonn an beartas seo gur fiú go mór ó thaobh na heacnamaíochta de ardchaighdeán Gaeilge a bhaint amach sa chead áit agus an ardchaighdeán seo a choinneáil taobh amuigh den chóras oideachais.

Níl an Rialtas ag tabhairt béalghrá don teanga a thuilleadh. Tá sé tar éis beartas suntasach a chruthú le spriocanna cuí, cinnte, soiléir chun freastal ar an bpobal agus an beartas sin a chur ar bhonn reachtaíochta. Molaim an tAire Stáit go hard as seo agus is léir go dtuigeann sé an t-athrú córais atá ag teastáil. Faoi mar a dúirt sé, is í an earcaíocht croílár na ceiste seo.

Cinnteoidh an méid sa Bhille ó thaobh na fógraíochta de go mbeidh tacaíocht chuí ar fáil do na meáin Ghaeilge sa todhchaí. Is rud iontach é sin.

Tá go leor eile leagtha síos sa Bhille freisin. Tá a fhios agam go raibh plé cuimsitheach ag Comhaltaí na Dála maidir leis an mBille seo, agus neartaíodh an Bille seo trí na leasuithe sin, ach tá cúpla bearna ann fós agus tá súil agam go mbeidh mé in ann iad a cheartú ar Chéim an Choiste.

Ag an bpointe seo, ba mhaith liom díriú isteach ar Ghaeil ar an taobh eile den Teorainn. Tá siad fós ag fanacht ar chearta teanga, ar choimisinéir teanga chun a gcearta mionlaigh a chosaint agus ar reachtaíocht. Is ionann cearta teanga agus cearta daonna. Impím ar an Aire Stáit a dhícheall a dhéanamh brú a chur ar Rialtas na Breataine maidir leis an gceist seo.

Mar fhocal scoir, táim ag tnúth go mór leis an díospóireacht inniu. Guím gach rath ar an Aire Stáit maidir leis an mBille seo.

Cuirim fáilte roimh an Aire Stáit, an Teachta Chambers, agus roimh an stiúrthóir Gaeilge sa Roinn, Dr. Aodhán Mac Cormaic. Tar éis próiseas fada sa Dáil agus sa roghchoiste, cuirim fáilte roimh an Dara Céim den Bhille seo sa Seanad inniu. Mar iarAire Stáit ar a raibh freagracht as an nGaeilge agus as an nGaeltacht, fuair mé cead ón Rialtas an Bille a fhoilsiú in 2019. Chuir muid tús leis an Dara Céim sa Dáil roimh dheireadh na bliana 2019, mar a luaigh an tAire Stáit ina óráid. Níor éirigh linn an Dara Céim a chríochnú roimh lánscor na Dála in 2020. Ag an am, dúirt mé go mbeadh mé sásta éisteacht leis na tuairimí ar fad ón bhFreasúra faoin mBille agus oibriú leis an gcomhchoiste chun a chuid smaointe faoi a fháil. Tá mé sásta gur atosaigh an tAire Stáit, an Teachta Chambers, an Dara Céim den Bhille sa Dáil agus gur sheoladh chuig an roghchoiste é, áit a raibh díospóireacht fhada ann. Molaim an obair a rinne Conradh na Gaeilge agus an Coimisinéir Teanga thar na blianta maidir leis an mBille freisin.

Tá rudaí nua sa Bhille, mar shampla, alt 6 a bhaineann le fógraíocht ag comhlachtaí poiblí. Cuirim fáilte roimh an athrú sin. Tá rudaí nua ann maidir le dualgais dhlíthiúla comhlachtaí Stáit freisin. Beidh athrú ann faoi alt 4, a bhaineann le cumarsáid tríd na meáin shóisialta, rud nach raibh ann in 2003. Beidh ar eagraíochtaí Stáit freagra a thabhairt ar chomhfhreagras sa teanga chéanna ina bhfaightear é. Tá alt nua, alt 9E, molta freisin. Baineann sé sin le seirbhísí pobal-inrochtana agus cuirim fáilte roimhe sin.

Ar an ábhar sin, bhí mé ag léamh alt le Méabh Ní Thuathaláin ar an suíomh Idirlín tuairisc.ie. Bá é an ceannteideal a bhí air ná "I mBéarla amháin a bhíonn a seirbhísí a deir Childline agus iarrtha ar oibrí gan Gaeilge a labhairt". Tá sé sin dochreidte. Deirtear san alt:

Tá sé deimhnithe ag Childline gur i mBéarla amháin a chuirtear a gcuid seirbhísí ar fáil in Éirinn i ndiaidh do Tuairisc.ie fiosrú a dhéanamh leo faoi chás inar dúradh le hoibrí deonach gan labhairt le páiste i nGaeilge.

Bhain an cás sin le páiste a bhí i mbun cainte i nGaeilge le hoibrí deonach de chuid Childline nuair a dúradh leis an oibrí iompú ar an Bhéarla.

Tá sé sin dochreidte cé nach eagraíocht Stáit é Childline agus cé go bhfuil a fhios agam go ndéanann sé sárobair, obair atá fíorthábhachtach. Sílim go bhfuil easpa tuisceana in eagraíochtaí nach bhfuil ach an Ghaeilge amháin ag a lán gasúr sa Ghaeltacht. Tá easpa measa don teanga á léiriú ag go leor eagraíochtaí agus comhlachtaí trasna na tíre. Ní thuigim cén fáth. Is ábhar tábhachtach é sin nuair a bhíonn páistí óga ag lorg tacaíochta, eolais nó daoine chun labhairt leo. Bhí páiste ag labhairt na Gaeilge ach ní raibh Childline sásta leis sin. Déanann an eagraíocht jab fíorthábhachtach ach ba cheart go mbeadh seirbhísí ar fáil trí Ghaeilge. Bhí an duine atá i gceist in ann an glaoch a thógáil trí Ghaeilge. Ba chóir go mbeadh an duine sin in ann an teanga a úsáid. Is rud amháin é sin ach is rud tábhachtach é ag an am céanna.

Tá an earcaíocht ag croílár an Bhille. Tá sé soiléir le fada an lá go dteastaíonn níos mó oibrithe poiblí le cumas sa Ghaeilge atá in ann seirbhísí a chur ar fáil trí mheán na Gaeilge. Mar sin, mhol mé sa Bhille go mbeadh céatadán de 20% ar a laghad den fhoireann a earcófar ag comhlachtaí poiblí in ann an Ghaeilge a labhairt. Cé go gcuirim fáilte roimh an spriocdháta den 31 Nollaig 2030 chun é seo a chur i bhfeidhm, an gceapann an tAire Stáit go mbeadh an Stát in ann é sin a chomhlíonadh? Cé go bhfuil an-réamhobair déanta ag an Roinn chun an céatadán a bhaint amach go gearrthéarmach, an bhfuil sé indéanta é seo a bhaint amach roimh 2030? Táim dóchasach go bhfuil.

Maidir leis an gcoiste comhairleach um sheirbhísí Gaeilge, an mbeidh ról nó suíochán ex officio ar an mbord ag an Aire Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe chun go mbeidh sé ar an eolas ar na dualgais a bheidh air agus ar an obair atá á déanamh chun an céatadán de 20% a bhaint amach? Bíonn sé ráite go minic nuair a bhíonn muid ag plé an straitéis 20 bliain don teanga gur cheart go mbeidh an Taoiseach ina chathaoirleach ar an gcoiste chun go mbeadh béim ar an gcoiste agus ar an obair a dhéanann sé. Déanann sé ciall go mbeadh suíochán ag Aire sinsearach, an Aire Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe, ar an mbord sin, bord a bheidh tábhachtach ó thaobh na teanga de. Is é seo an chéad uair a bheidh an Ghaeilge ag croílár an próiseas earcaíochta sa tír. Is rud fíorthábhachtach é go mbeadh an Ghaeilge i lár an aonaigh sa phróiseas sin. Dhéanfadh sé sin difríocht mhór. Tá sé an-tábhachtach don teanga go mbeadh an Ghaeilge i lár an aonaigh ansin. Molaim an obair atá déanta chun é sin a chur chun cinn.

Tá a lán leasuithe molta ag Conradh na Gaeilge. Tá a fhios againn gur glacadh le cuid de na rudaí sin tar éis iad a phlé i rith an Dara Céim sa Dáil agus sa roghchoiste. Tá rudaí eile curtha ar aghaidh ag an gconradh. B'fhéidir go mbeidh an tAire Stáit in ann iad sin a thabhairt san áireamh freisin i rith Chéim an Choiste sa Seanad. Tá a lán rudaí eile a bhí á lorg ag an gconradh, ag an bhFreasúra agus ag an gCoimisinéir Teanga le feiceáil sa Bhille seo. Cuirim fáilte roimhe sin. Táim ag caint faoi rudaí tábhachtacha a ndéanfaidh an Ghaeilge níos feiceálaí sa chóras poiblí. Beidh daoine in ann an síneadh fada a úsáid ar fhoirmeacha oifigiúla de chuid an Stáit. Beidh ainmneacha chomhlachtaí Stáit nua sa dá theanga agus é sin le feiceáil ar a lógónna. Is rudaí beaga iad sin ach rudaí fíorthábhachta ag an am céanna. Ba cheart go mbeidh na rudaí sin ar fáil.

Is deis fhíorthábhachtach é sin. Cé go ndearna Bille 2003 an-jab chun tús a chur le cearta Gaeilge sa Stát, tá an Bille seo fíorthábhachtach chun leanúint ar aghaidh leis sin agus chun níos mó cearta a thabhairt dóibh siúd a bhíonn ag úsáid na Gaeilge sa Ghaeltacht agus taobh amuigh di. Bheadh níos mó cearta acu siúd seirbhísí a fháil trí mheán na Gaeilge. Tá ionadaithe ón tseirbhís sláinte os comhair Chomhchoiste na Gaeilge, na Gaeltachta agus Phobal Labhartha na Gaeilge faoi láthair agus iad ag labhairt faoi na hábhair seo. Bhí díospóireacht maidir leis an gcóras oideachais ag an gcoiste an tseachtain seo caite. Thosaigh muid amach leis an straitéis 20 bliain, a fhoilsíodh in 2010, agus anois tá an plean gníomhaíochta ann. Táimid ag cur an straitéis ó thaobh seirbhísí oideachais i bhfeidhm freisin. Is céim eile an Bille seo chun seirbhísí níos fearr a chur ar fáil do mhuintir na Gaeltachta agus do na daoine a bhíonn ag úsáid na Gaeilge trasna na tíre. Cuirim fáilte roimh thús an phróisis seo anseo sa Seanad.

Ar dtús báire, cuirim fáilte roimh an Aire Stáit. Táim iontach sásta go bhfuil seal agam páirt a ghlacadh sa díospóireacht seo um thráthnóna. Tréaslaím leis an méid a bhí le rá ag an Seanadóir Clifford-Lee mar fhocal scoir le linn a óráid féin. Nuair a ardaím chun labhairt sa chathair seo, tuigim go bhfuil cearta agam mar Ghael nach bhfuil agam sa dara chathair d'Éirinn, mo chathair féin, Béal Feirste cois cuain. Tá orainn go léir cuimhneamh air sin agus muid ag plé cúrsaí Gaeilge mar is pobal uile-Éireann é pobal labhartha na Gaeilge. Mar a dúirt mé, tréaslaím leis an Seanadóir as a ceist. Tá súil agam go mbeidh an tAire Stáit in ann a bheith níos gníomhaí agus níos glóraí faoin éileamh ar Acht na Gaeilge a chur i bhfeidhm sna Sé Chontae gan a thuilleadh moille.

Dar ndóigh, tá Bille i bhfad níos láidre os ár gcomhair anois ná mar a bhí curtha os comhair na Dála in 2019. Léiríonn sé sin an tábhacht a bhaineann le plé parlaiminte. Tá súil agam go mbeidh an tAire Stáit chomh hoscailte le leasuithe anseo sa Seanad is a bhí sé sa Dáil, áit inar ghlac sé sa deireadh le scata mór de na leasuithe a mhol mo chomhghleacaithe i Sinn Féin, an Teachta Ó Snodaigh agus an Teachta Daly, toisc gur aithin Teachtaí ó gach páirtí go raibh siad de dhíth. A bhuí le brú ó Shinn Féin, tá forálacha sa Bhille teanga anois nach raibh i gceist ag an Aire Stáit nuair a thosaigh an plé sa choiste.

Deirtear sna forálacha go mbeidh seirbhísí Stáit ar fáil sa Ghaeltacht roimh dháta atá le socrú ag an Aire Stáit; go mbeidh Gaeilge ag 20% d’earcaithe sa státseirbhís faoi 2030; go mbeidh córas IT ag comhlachtaí poiblí ainmnithe ag an Aire in ann an síneadh fada a úsáid, ainmneacha agus seoltaí a thaifeadadh, agus iad a úsáid i gceart; go mbeidh foirmeacha oifigiúla ar fáil i nGaeilge ar líne agus i gcló; nach mbeidh iachall ar dhuine teideal ar nós "Mr." nó "Ms" nó "Dr." a roghnú; go mbeidh ar chomhlachtaí poiblí freagra a thabhairt ar na meáin shóisialta sa teanga ina scríobhtar chucu; go mbeidh ainmneacha na gcomhlachtaí reachtúla i nGaeilge amháin as seo amach; go ndéanfaidh comhlachtaí poiblí 20% dá gcuid fógraíocht bhliantúil i nGaeilge agus 5% sna meáin Ghaeilge; go mbeidh ionadaí ag pobal labhartha na Gaeilge lasmuigh den Ghaeltacht ar an gcoiste comhairleach um sheirbhísí Gaeilge agus cead ag daoine Gaeilge a labhairt ann; go ndéantar tuairisc rialta ar dhul chun cinn na gceart teanga i gcomhlachtaí poiblí; go mbeidh grúpa buan de shaineolaithe ann a bheidh freagrach as comhairle faoi logainmneacha; agus go mbeidh dualgas teanga ar fhochonraitheoirí tríú páirtí i seirbhísí poiblí. Ní bheadh na forálacha sin sa Bhille murach obair Shinn Féin agus eagraíochtaí ar nós Conradh na Gaeilge agus oifigigh phleanála teanga na hÉireann chun cearta Gaeilgeoirí a chur chun cinn.

É sin ráite, tá bearnaí fós sa Bhille gur ghá a líonadh isteach. Ar an gcéad dul síos, in ainneoin go bhfuil dul chun cinn déanta ag an Aire Stáit, tá foclaíocht róchasta i gcás a lán forálacha. Mar shampla, ní gá do chomhlacht ainm an duine a úsáid nó a thaifeadadh i gceart mura n-ainmníonn an tAire iad i Sceideal 1, agus ansin iad a ainmniú arís le teacht faoin alt sin den Bhille, agus ansin na seirbhísí a sholáthraíonn siad a ainmniú i bhfo-alt (2) den alt sin. Níl aon spriocdháta ann lena chinntiú go dtiocfaidh sé i bhfeidhm go huathoibríoch do gach comhlacht tar éis cúpla bliain.

Chomh maith leis sin, tá solúbthacht ann i gcás seirbhísí a sholáthar trí Ghaeilge sa Ghaeltacht. Chomh fada siar le 1926, d’aithin Coimisiún na Gaeltachta go ndéanann seirbhísí as Béarla amháin dochar d’úsáid na Gaeilge sa Ghaeltacht. Beagnach 100 bliain níos déanaí, tá rudaí fós trína chéile ann. Níl Gaeilge ag gardaí sa Ghaeltacht. Níl teiripeoir urlabhra in ann páistí le Gaeilge a scrúdú, agus feicimid an toradh i bhfigiúirí an daonáirimh. Tháinig laghdú ar líon na nGaeilgeoirí laethúla sa Ghaeltacht in 2016, agus tá an baol ann go dtiocfaidh deireadh leis an nGaeilge mar theanga labhartha an phobail, fiú i gceantair láidre Gaeltachta, roimh dheireadh na ndeich mbliana atá amach romhainn, sula dtiocfaidh na forálacha i bhfeidhm fiú. Is é sin atá ráite ag na saineolaithe. Ní mór don Rialtas a aithint go bhfuil géarchéim as cuimse sa Ghaeltacht agus cearta Gaeltachta a chosaint.

Bhí a lán plé sa Dáil ar na lochtanna atá sa Bhille ó thaobh foclaíocht de, ar nós easpa spriocdhátaí, agus forálacha a deir "féadfaidh an tAire" rud a dhéanamh in áit dualgas a chur ann agus "déanfaidh an tAire" a úsáid. Níl aon chóras luaite chun pionós a ghearradh ar chomhlachtaí poiblí a dhéanann neamhaird ghlan ar a gcuid dualgais teanga ach an oiread. Léirigh an tAire Stáit nach bhfuil suim dá laghad aige dualgas a chur air féin nó ar chomhlachtaí poiblí trí na forálacha seo a láidriú.

Is iad na rudaí nach bhfuil feicthe againn ar chor ar bith na rudaí is measa fós. Tá a lán den Bhille seo ag brath ar chaighdeáin teanga, rud a thiocfaidh in áit na scéimeanna teanga atá ann faoi láthair, ach níl aon dréacht de na caighdeáin seo feicthe againn go fóill. Cá bhfuil na caighdeáin?

Rud eile atá fágtha ar lár sa Bhille seo go hiomlán ná cearta teanga. I dtíortha eile, ar nós Ceanada agus sa Bhreatain Bheag, tá cearta sonraithe go soiléir sa dlí, agus is féidir le lucht labhartha na dteangacha mhionlaigh brath ar a gcuid cearta dá réir. Ní féidir é sin a dhéanamh anseo, cé gurb í an Ghaeilge an teanga náisiúnta agus príomhtheanga oifigiúil an Stáit.

Beidh leasuithe ann ag Seanadóirí Shinn Féin chun cearta teanga a chur chun cinn, agus tá súil agam go mbeidh plé fiúntach againn anseo, mar a bhí sa Dáil, go n-éistfidh an tAire Stáit linn agus go dtacóidh na Seanadóirí as gach páirtí agus grúpa lenár n-iarrachtaí cearta teanga na nGael a threisiú. Más sna Sé Chontae, nó sna Sé Chontae Fichead atá duine, tá cearta teanga uainn go léir.

Cuirim fáilte roimh an Aire Stáit don Seanad agus roimh an mBille tábhachtach seo. Cé go bhfuil stádas ar leith ag an nGaeilge i mBunreacht na hÉireann mar chéad teanga na tíre, tá difríocht mhór idir an stádas agus an scéal i measc an phobail. Is léir go bhfuil géarghá ann chun níos mó acmhainní agus tacaíochtaí a chur in áit ar son forbairt na teanga sa tír seo. Mar sin, tá áthas orm go bhfuil an Bille seo os ár gcomhair um thráthnóna. Níl sé foirfe. Is oth liom a rá nach bhfuil dóthain spriocdhátaí nó sonraí maidir le buiséid fhógraíochta sa Bhille. Mar a dúirt mo chomhghleacaí sa Dáil, níl sé ceart go bhféadfadh An Post agus eagraíochtaí eile opt-out a fháil agus a gcuid dualgas a sheachaint.

Is Bille tábhachtach é seo, go háirithe an plean do 20% d’oibrithe seirbhíse poiblí nua a bheith ina gcainteoirí Gaeilge. Caithfear spriocanna ciallmhara a chur i bhfeidhm chun an teanga a chur chun cinn go héifeachtach. Má bhíonn an teanga riachtanach nó cabhrach chun obair a fháil, ba mhór an spreagadh í don teanga, go háirithe sna scoileanna agus go ginearálta sa tír freisin. Ar ndóigh, tá spriocanna móra sa Bhille seo agus tá an baol ann nach mbainfear na spriocanna amach. Tá sé de dhualgas orainn ár n-oidhreacht a chaomhnú agus a bhorradh. Labhair an tUachtarán Mícheál D. Ó hUigínn i rith an tsamhraidh faoin gcaoi a bhfuil ár dteanga agus ár n-oidhreacht fite fuaite lena chéile. Ní dhéanfar aon dul chun cinn, áfach, muna bhfuil Gaeilge á thuiscint agus á labhairt go leathan sna heagraíochtaí poiblí, ionas go mbeidh appreciation ann go bhfuil sé sin tábhachtach. Murach sin, ní bheadh ann ach tokenism. Is cuimhin liom cúpla bliain ó shin nuair a osclaíodh stáisiún iarnróid nua i nDroichead Broome, i gCabra, Baile Átha Cliath 7. Tugadh an t-ainm Gaeilge "Droichead an Scuab" air. Is féidir leis na Comhaltaí a bhfreagraí féin a thabhairt air sin.

Maidir le spriocdháta, aithním go bhfuil níos mó sa Bhille anois de bharr leasuithe ar glacadh leo sa Dáil. Cuirim fáilte roimh seo ach tá níos mó le déanamh. Ba chóir go mbeadh spriocdháta ann do na lógónna agus spreagadh breise á thabhairt do na lógónna i nGaeilge amháin. Um an dtaca seo sa Bhille, tá rogha ag comhlachtaí Stáit Gaeilge agus Béarla nó Gaeilge amháin a úsáid.

Mar fhocal scoir, tá leasuithe eile molta ag Conradh na Gaeilge, mar a dúradh. Admhaím an méid ar glacadh leis sa Dáil ach tá níos mó le déanamh sa Teach seo.

I always laugh when people refer to me as Gaeilge as an Seanadóir Eugene Murphy, but it should in fact be Eoghan. This is just a point in passing. People who speak Irish very well address me as Senator Eugene Murphy rather than an Seanadóir Eoghan.

Cuirim fáilte roimh an Aire Stáit agus déanaim comhghairdeas leis as an obair mhór atá déanta aige leis an mBille seo. Is cinnte gur Bille sármhaith é seo agus ba mhaith liom cúpla pointe a dhéanamh i mBéarla. Cosúil le go leor eile, níl mo chuid Gaeilge féin sách maith chun mo phointí a chur in iúl i gceart.

I compliment the Minister of State on this Bill and on his absolute commitment and dedication to the language throughout the country. This is excellent legislation. I wish to make a number of points, as Béarla, because like many others I would like my Irish to be better. In this situation, it would be better for me to make my cúpla pointe as Béarla. There is a real and urgent need for this revised legislation to ensure all State agencies co-operate in actively supporting an teanga Ghaeilge. It is our first official language which, without doubt, is at the heart of our Irish cultural heritage.

For a number of years it seemed to be drifting away. I am very confident that the public is now taking a far greater interest in our teanga Ghaeilge and I am hopeful for the future. I hope it will inspire local authorities, and Departments and their agencies to actively use Irish where they can during their day and in the course of their work among staff and customers alike. I am now especially pleased that there is a requirement on Departments to employ not just an Irish language officer at one of the junior levels in the service but to ensure that at least some staff at every level, including Secretary General level, in the service are proficient in Irish.

As the Acting Chairperson will know I, mé féin, have a great interest in radio having worked for Shannonside Northern Sound for 20 years and I worked on and off for TG4 many years back. I have a concern about the amount of Irish programming across all radio stations in Ireland. Of course, Radio na Gaeltachta is the exception. Recently, we were told by the Director General of RTÉ that the output of Irish from RTÉ 1 and 2 was as low as 1%, which is very sad for our national broadcaster and I would like to see this changed immediately. There are ways to convey Irish. I think back to a clár I used to produce and present myself on Shannonside Northern Sound Radio gach Domhnach. In that programme I used English and Irish. I basically gave people a simple line to change from Gaeilge to Béarla and got a huge response. I would meet people on the streets who would say to me that they hated Irish but thanked me for giving them the option to translate a very simple line as it made the language so easy and different for them. We must always understand that one will lose people if Irish is promoted in a certain way but it can be promoted in such a way that it becomes very attractive to all. Unfortunately, no Irish is used on some local radio stations. From a licensing perspective, they were to at least acknowledge the language. I know that things are difficult for local radio stations financially and otherwise but I would like the ones that use absolutely no Irish to make an effort to do so.

The enforcement of legislation is another issue. Legislation is not much good unless it is enforced. I hope that aspect will be taken into account so that when this legislation goes through it will be enforced.

Again, I appreciate what the Minister of State does. I try to use our traditional language as much as I can. It is a lovely language and it is a pity to lose it, uair amháin bhí mé ábalta a lán Gaeilge a labhairt ach anois níl an Ghaeilge go líofa agam, go bhfóire Dia orainn, ach b'fhéidir go mbeidh mé ábalta níos mó Gaeilge a labhairt in the years ahead.

Gabhaim buíochas leis an Seanadóir.

Cuirim fáilte roimh an Aire Stáit chuig an Teach don díospóireacht tábhachtach seo. Ba mhaith liom fáilte a chur roimh an gCéim seo den Bhille. Tá dul chun cinn agus úsáid na teanga inár gcroílár. Is í an Ghaeilge céad teanga na tíre agus is gá go mbeadh muid ar fad, an Rialtas ach go háirithe, aireach faoi seo. Tacaím leis na spriocanna atá liostaithe amach sa Bhille: go mbeadh duine as gach cúigear earcach nua sa tseirbhís poiblí líofa sa teanga faoi 2030; go mbeadh 20% den bholscaireachta a dhéanfaidh comhlachtaí poiblí déanta trí Ghaeilge; agus go mbainfí feidhm agus go mbeadh rochtain ar an síneadh fada i gcórais teangeolaíochta na comhlachtaí poiblí.

Ná bíodh drogall orainn tacaíocht a thabhairt dár gcéad teanga faoi Bhunreacht na hÉireann. Níor chóir go mbeadh ar dhuine a bheith ag streachailt agus é nó í ag iarraidh teacht ar sheirbhísí as Gaeilge, go háirithe iad sin ar cainteoirí dúchais iad. Ní foláir go dtiocfar le cuspóir roinnte an Bhille seo, is é sin seirbhísí poiblí a chur ar fáil trí Ghaeilge. Is mian liom mo bhuíochas a ghabháil chuig an iar-Aire Stáit, mo chara, an Seanadóir Kyne, as an obair a rinne sé chun an Bille seo a shocrú, ach go mór mór gabhaim buíochas leis as an obair rinne sé ar son na teanga agus as an tacaíocht a thug sé do na ceantair Ghaeltachta.

Senator Murphy and I probably share many similarities, one of which is that I would love to be able to speak Irish as fluently as many Members of the House. I have a huge interest in the Irish language and culture. It is something in which I strongly believe. This Bill must ensure that we never forget that the Irish language is our first language. It is a working and living language. We must also ensure that the Irish language is prioritised for the people.

One of my hobby horses, and it is the same for my husband who is a fluent Gaeilgeoir, is the use of the síneadh fada when booking flights. I mean technology does not recognise the fada, the apostrophe or the name, which is something we must get right. I very much welcome the commitment given by the Minister of State and praise him for the work that he has done since his appointment in progressing this legislation. I also praise Deputy Dara Calleary in the Lower House for his stewardship; preparing 32 amendments for a Bill is a huge amount of work. To be fair, the former Minister, Deputy McHugh and former Ministers of State, Senator Kyne, and Mr. Dinny McGinley, did great work to promote the Irish language in the past decade.

The Gaeltachtaí are very important parts of what we stand for and who we are. There is a concern that the use of Irish is diminishing and that the population base is being denuded so we must invest significantly and highly in Gaeltacht areas.

The Minister of State, in his contribution, made reference to place names. Recently The Irish Times had an interesting article around whether it should be Enniscrone or Inishcrone in terms of the confusion about place names, which we need to rectify and get right.

We have done huge work. I remember as a Seanadóir having this discussion with Pat Carey and Éamon Ó Cuív when they were Ministers about the living language that is Irish. The Gaelscoileanna movement, primary curriculum development and more have led to gargantuan change in schools. From an educational point of view, schools have been transformed by successive Governments by making our language a spoken one as opposed to when many of us were in school where it was the tuiseal ginideach or the modh conníollach. I am in the minority of one as I enjoyed reading Peig, Bullaí Mhártain and Tóraíocht Dhiarmada agus Ghráinne, which shows how old I am.

The Senator is showing his age.

I have a great desire for language. I regret that my ability to speak the Irish language has diminished over time. The Minister of State has my full support in progressing this Bill. It is important that those of us charged with the responsibility to promote the use of the language, from a governmental point of view, continue to do so. Let us remember that under the Constitution the Irish language is our first language and the Government has a role to lead with that.

The Minister is very welcome. Unfortunately, like the previous speaker, I had good Irish in the past but my ability to speak it has diminished due to a lack of use. There is a lesson in that for all of us.

I compliment the Oireachtas on providing Irish language classes. I attended them in the past; I did not sign up to them for this term but I will in the future.

I compliment the Minister of State on bringing forward this important Bill. I have been involved in a Gaelcholáiste for the past 17 years and I am its current chairperson. I believe that the Irish language is very important and that it should be used by the public sector. When one tunes into the broadcast of the European Parliament one will see translators and sometimes when Irish MEPs speak in Irish their words are translated so the Irish language is used in Europe. Therefore, the Irish language should be brought into the public service here and used more frequently.

There are supports in place to support the Irish language and it is off to a very good start with 20%. Many people now queue to get into Gaelscoileanna and Gaelcholáistí and there are always waiting lists. In the past some parents may have been afraid to send their children to Gaelscoileanna because they might not have spoken fluent Irish themselves but now that barrier has been broken.

People are using the Irish language more and more. Using and speaking it improves their fluency in it. This is very worthwhile. I support this Bill because we have a proud heritage which is important and means so much to us here in Ireland.

Like Senator Buttimer, I too remember Peig, and it was one of my favourite stories to read and learn in school. I wish the Minister of State the very best with the Bill and he has my full support.

Cuirim fáilte roimh an Aire Stáit. Is éard atá á lorg ag Sinn Féin sa Bhille seo ná go mbeadh na cearta céanna ag Gaeilgeoirí in Éirinn is atá acu san Aontas Eorpach, na cearta atá ag daoine a labhraíonn an Fhraincis i gCeanada, a labhraíonn an Bhreatnais sa Bhreatain Bheag agus a labhraíonn an Bhascais agus an Chatalóinis ina dtíortha féin.

When I heard Senator Maria Byrne talking about the European Parliament, it reminded me that when I stayed in Brussels bilingualism was normal at every level there. When one goes into a shop, one finds products which are labelled in French, in German and in Flemish, even though German is only spoken by 1% of the population. One can avail of state services in any language. Newly arrived immigrants receive free lessons in the languages of their region from the local council. At EU level, Irish is treated with far more respect than it is here. From January next year, Irish will have full official status, the same as English, French and all of the other 22 other languages, meaning that when copies of proposed EU laws are deposited here in the Oireachtas Library from January, they can be read in Irish. The Bills coming before this House will only be available in English and my Irish-speaking colleagues here and in the Dáil will be restricted in their ability to make amendments or propose their own Bills in their national language, despite it being the first official language of the State in the Constitution. Securing full official status in Brussels was not easy. The biggest opponent for many years was the Irish Government, which requested reduced status for Irish when we entered the EU because it pursued a policy of English first. It took decades of campaigning and even a language strike by my colleague Liadh Ní Riada to secure the rights to which Irish speakers are entitled. Tá sé in am don Rialtas anseo an meas céanna a thaispeáint don Ghaeilge agus a thaispeánann an tAontas Eorpach.

It is high time also that we finally respect the Irish language placenames, logainmneacha na nGael, that the British Empire tried to systematically eradicate from our country and which the Irish State continues to leave in áit na leathphingine. Despite promises from the then Minister for Transport, Tourism and Sport, Deputy Varadkar, Irish placenames remain subordinate to English on road signs and despite the hard work of Sinn Féin Deputies Ó Snodaigh and Daly to make the case for change in the Dáil, this Bill makes no effort to right this wrong. The Ordnance Survey undertook a colonial mission between 1824 and 1846 to replace our indigenous placenames with meaningless nonsensical bastardised equivalents. This deliberate effort, as described in Brian Friel’s Translations, attempted to break the link between local communities and their surroundings, forcing new generations to unlearn the inherited wisdom that was integral to their meanings and that hold the key to both culture and geography going back millennia.

The Thirty-Two Words for Field, as described in Manchán Magan’s recent book, have been "rendered into garbled and discordant forms". We have seen the disasters of developments being flooded after being built on flood plains that would have been understood from their placenames as Gaeilge. This takes on new significance as we aim to repair our relationship with the environment. The living-language-land project at COP26 has highlighted the way in which indigenous languages tie a culture to their land and has emphasised the co-dependency between environment and communities that must form the basis of the just transition we need to save our planet. Just as we must replant the forests that imperial forces destroyed in their quest to control this island, as described in the old song "Caoine Cill Chais", we must also restore our Gaelic placenames to their rightful status as markers of our place within the ecosystem and reminders of the sustainability that was built into Gaelic life before colonisation. Former colonies across the world have decolonised their placenames upon independence, and the first Uachtarán of this State, Dubhglas de hÍde, called on us to do the same which is why I hope my colleagues here will support Sinn Féin’s amendments to do just that.

Cuirim fáilte roimh an Aire Stáit agus roimh an mBille seo freisin. Is Bille an-tábhachtach ar fad é seo. Tá a fhios agam go raibh an-díospóireacht sa Dáil ar an ábhar agus tá roinnt oibre déanta cheana féin air. Ag an am céanna, ba mhaith liom cúpla focal a rá faoin mBille freisin.

I dtús báire, chun an fhírinne a rá leis an Aire Stáit, tá beagáinín eagla orm faoin gcoiste comhairleach um sheirbhísí Gaeilge atá sa Bhille seo. An fíorchoiste atá i gceist anseo? An bhfuil sé chun rud éigin a dhéanamh faoin nGaeilge nó an bhfuilimid ag labhairt faoi quango eile nach bhfuil chun an obair sin a dhéanamh? Caithfimid a bheith cúramach leis sin. Feicimid go bhfuil roinnt rudaí sa Bhille a chuireann an coiste sin ar bun ach caithfimid a bheith cinnte de go bhfuil sé chun rud éigin a dhéanamh do phobal labhartha na Gaeilge.

Go pearsanta, déanaim idirdhealú i gcónaí idir Ghaeilgeoir, duine a labhraíonn Gaeilge, a rugadh sa Ghaeltacht agus a labhraíonn Gaeilge sa bhaile, agus duine cosúil liomsa atá in ann Gaeilge a labhairt ach nach bhfuil seans aige an Ghaeilge a labhairt gach lá, go háirithe i nDáilcheantar cosúil le Dún Laoghaire. Deirim an t-am ar fad go bhfuil níos mó daoine i nDún Laoghaire a labhraíonn Gaeilge gach lá ná in aon áit eile sa tír taobh amuigh den Ghaeltacht. Chun an fhírinne a rá, nílim cinnte go bhfuil sé sin fíor nó nach bhfuil-----

-----ach tá a fhios agam go bhfuil a lán Gaelscoileanna agus Gaelcholáistí i mo cheantar féin. Tá Scoil Lorcáin ann i mBaile na Manach, tá Gaelscoil Phádraig i mBaile Breac, tá Coláiste Eoin agus Coláiste Íosagáin i Stigh Lorgan agus tá Gaelscoil Laighean, Gaelscoil nua atá againn, i nGráinseach an Déin freisin. Tá a lán teaghlach i nDún Laoghaire dá bharr a labhraíonn Gaeilge sa bhaile agus caithfimid tacaíocht a thabhairt do na teaghlaigh sin. Ag an am céanna bhí an-fhadhb againn suíomh a fháil le haghaidh Gaelscoil Laighean, mar shampla. Faoi láthair tá an scoil suite in iarbhialann i nGráinseach an Déin agus bhí an-jab le déanamh gan an Ghaelscoil sin a chur i bhfoirgneamh i nDún Laoghaire nach raibh i gceart di. Fiú amháin agus muid ag labhairt i gcónaí faoi na Gaelscoileanna agus ag rá go bhfuil tacaíocht ann dóibh, tá a fhios againn go bhfuil fadhbanna acu freisin. Tá súil agam go mbeidh fíorthacaíocht ann, leis an mBille seo, do na Gaelscoileanna atá ag iarraidh a bheith ann agus fás a dhéanamh chun níos mó daltaí a bheith acu.

Rud atá an-tábhachtach ar fad, agus is rud a labhair mé faoi cheana féin, ná hainmneacha agus an síneadh fada a bheith ar fáil do dhaoine a úsáideann a gcuid ainmneacha trí Ghaeilge. De ghnáth úsáidim m’ainm as Béarla ach ó am go ham úsáidim Barra Mac an Bháird in ionad Barry Ward. Mar dhuine atá ina chónaí i nDún Laoghaire, tá a fhios agam an trioblóid atá ann mura n-úsáidtear an síneadh fada ar Dhún Laoghaire. Fiú amháin i nDún Laoghaire, feictear fógraí nach bhfuil an síneadh fada ann. Tá jab le déanamh i gcónaí ansin. Bíonn trioblóid ag gach duine a úsáideann síneadh fada de ghnáth nó gach lá agus tá an-fhadhb acu. Cuirim an-fháilte mar sin roimh na rudaí atá in alt 4 den Bhille a chuireann ailt nua 9A go 9D sa Phríomh-Acht. Déarfainn, áfach, gur cheart dúinn níos mó a dhéanamh, ní hamháin maidir leis na seirbhísí poiblí ach maidir leis na seirbhísí agus na comhlachtaí príobháideacha a chuireann seirbhísí ar fáil do dhaoine anseo agus go mbeadh seans acu an síneadh fada a úsáid freisin.

Labhair mé i gComhchoiste na Gaeilge, na Gaeltachta agus Phobal Labhartha na Gaeilge ar fhógraíocht freisin. Níl sé sa Bhille. Tá fógraíocht ar siúl, fiú amháin ar TG4, agus ní hamháin go bhfuil sí trí Bhéarla ach is trí mheán Sasanach atá sí. Is iad sin fógraí a thagann anseo ó Londain nó ó áit éigin mar sin le blas Sasanach orthu agus caithfimid níos mó a dhéanamh chun é sin a scriosadh amach ó thaobh cultúir de.

Bhí mo chomhghleacaí, an Seanadóir Maria Byrne, ag labhairt faoin méid aistriúcháin atá ar fáil san Aontas Eorpach. Bhí mé i mo bhall de Choiste na Réigiún agus bhí seans agam Gaeilge a labhairt sa hemicycle sa Bhruiséil i bParlaimint na hEorpa agus bhí sé sin an-tábhachtach ar fad. Ba mhaith liom focal a rá, mar sin, faoi Mhícheál Ó Conchubhair atá ag obair ansin. Is Éireannach é agus nílimid sa pháirtí céanna ach bhí an-fháilte aige romhainn i gcónaí. Má bhíomar chun cúpla focal Gaeilge a labhairt sa Pharlaimint nó sa choiste, bhí sé ann chun tacaíocht a thabhairt dúinn.

Tá daoine cosúil le Mícheál Ó Conchúir, ar fud an domhain, go háirithe san Eoraip, atá ag tabhairt tacaíochta do dhaoine ar mhaith leo Gaeilge a labhairt chun seans a thabhairt dúinn an cúpla focal a úsáid. Tá an-mheas agam ar dhaoine cosúil leis na daoine a labhair anseo inniu nach dtagann an Ghaeilge go héasca dóibh ach a dhéanann iarracht í a labhairt. Is éard atá ag croí an Bhille seo ná an iarracht a dhéanamh agus seans a thabhairt do dhaoine ar mhaith leo an Ghaeilge a úsáid. Cuirim fáilte roimh an mBille agus tá súil agam go n-éireoidh go breá léi.

Cuirim fáilte roimh an Aire Stáit go dtí an Seanad. I will not delay him. This is a very good Bill and I fully support it. I have spoken to many Irish-speaking people in the midlands and quite a number of people have corresponded with me on the legislation. Is the aspiration of filling 20% of new posts with Irish speakers achievable? Is there a pool of people there whom we think can fill these posts? Does the Minister of State think this could detract from teachers, especially in Gaelscoileanna and maybe on to secondary schools after that? I have a concern about what the knock-on effects of this will be. I am curious about the Minister of State's opinion, but he has my full support on the Bill.

Cuirim fáilte roimh Aire Stáit na Gaeltachta. Feabhsóidh Bille na Teangacha Oifigiúla (Leasú), 2019 seirbhísí poiblí trí Ghaeilge agus tabharfaidh sé tacaíocht do chainteoirí Gaeilge. Tá mé ag tnúth go mór leis an gcoiste comhairleach um sheirbhísí Gaeilge. Mar a dúirt an tAire Stáit, tá sé an-tráthúil gurb é inniu breithlá Phádraig Mac Piarais. Bhí sé ina fhile, ina mhúinteoir agus ina scríbhneoir. Bhí an-ghrá aige do Ghaeilge Ros Muc na Gaillimhe. Tá sé an-tábhachtach go mbeadh an rogha ag daoine agus daltaí an Ghaeilge a úsáid. Tá sé tábhachtach freisin teangacha eile amhail an Fhraincis nó français agus castellano a bheith ag daoine freisin. Ní neart go cur le chéile agus baineann sé seo le hÉireannaigh nua freisin. Nuair a bhí mé ar scoil ní raibh Gaelscoileanna ar fáil, ach tá an-rogha ag daltaí anois i nGaillimh agus i Ros Comáin. Is as Béal Átha na Sluaighe dom agus tá Gaelscoil Uí Cheithearnaigh ann anois agus tá Gaelscoil de hÍde i Ros Comáin. Bhí Dubhghlas de hÍde, An Craoibhín Aoibhinn, ar an gcéad Uachtarán in Éirinn agus ba as Ros Comáin dó. Bhunaigh sé Conradh na Gaeilge, from which I have received a number of suggestions.

One of the amendments from Conradh na Gaeilge seeks to ensure the employee in charge of implementing the duties set out under this legislation in his or her public body will be a member of the body's senior management team. Conradh na Gaeilge would like to insert the words "a member of the senior management team" into the text of the Bill. It is also requesting an amendment to section 2 to provide that in the case of communication in the English and Irish languages, the public body will ensure the text will be in Irish first and will be conspicuous, visible and legible, and that the letters in the Irish text will not be smaller in size than the letters in the English text. It is seeking to ensure the Irish text will convey the same information as the English text and a word in the Irish text will not be abbreviated unless the word in the English text, which is a translation, is also abbreviated. The third amendment that Conradh na Gaeilge is proposing seeks to insert the words "the Minister shall, after consultation with any of the Ministers of the Government or, as the Minister considers appropriate, having regard to the functions of the public body, prescribe the body for the purposes of this section by 31 December 2024" in page 10 of the Bill. Given that Conradh na Gaeilge was founded by our first President, Dubhghlas de hÍde, it is very appropriate that we consider its proposals.

Is í an Ghaeilge an chéad teanga oifigiúil. Is teanga álainn í, mar a thaispeáin na drámaí de chuid John Millington Synge, Samuel Beckett agus Brian Friel. Like Hiberno-English, tá sí an-fhileata sa bhealach ina labhraítear í. Tá a lán údair Ghaeilge, cosúil le Eoin Colfer, ann do dhaoine óga. Is dalta mé freisin, more so with beginners Gaeilge, san Oireachtas agus tá sé go hiontach.

The Minister of State is welcome. I was not due to speak on this Bill today but I decided to do so in order to highlight that a large number of people do not speak their native tongue. I am ashamed to say that I am one of them. I would not have understood many of the statements made earlier in the debate. That is a failing on my behalf, but there is a significant number of people who do not have an understanding of our national tongue. There is an issue there. It needs more of a conversation. It would be important to have statements on the Irish language. It is something I might bring up.

I remember the book Peig, which has been mentioned by other speakers. I could not stand it, to be honest, because I found it so difficult to grasp. I can speak German better than I can speak my own native language because of the way I feel it is taught in the secondary schools in particular. There needs to be more of an emphasis on learning the actual language and speaking it than on the poetry and the prose at a younger age. Maybe that aspect of the language should be confined to higher leaving certificate level. There is an issue because too many people do not speak Irish. If one did an audit of all the students in the country, one would probably find that the level of speaking of our European languages is higher than our native tongue. It is an issue that needs to be addressed. I need to address it and learn my own national language. It is important I recognise that I am not able to speak it. Something needs to be done about it. I was christened Michael but I have always used Micheál and used the síneadh fada. I remember almost getting deported from America because of the different spelling of the name from what was on my paperwork.

There is an issue with the number of Gaelscoils, their availability and the facilities to allow more families to send children to them. In my county of Longford, which has a population of 40,000, we have just one Gaelscoil. It is in a prefabricated building on the site of Longford Slashers GAA Club because a site was not available to build a school at the time. That is probably going back 15 years. We are now in 2021 and we still do not have a site for that school. I have raised the issue with the Department of Education. I ask the Minister of State to bring that issue to the Department to make sure a permanent site is identified for the school. It should not be in a two-storey prefabricated building on temporary grounds at the side of a GAA pitch. That needs to be highlighted.

We need a general discussion about the promotion of the Irish language and the way we teach it. That is just an opinion of my own.

As Senator Dolan mentioned, Conradh na Gaeilge has proposed a number of amendments. I will mention a few of them. On page 14, it seeks to add a deadline for logos in English of existing State bodies - Transport Infrastructure Ireland, for example - to be changed to bilingual logos. On the same page, it proposes that public bodies should have their new logos in Irish only to further encourage the language. On page 16, another Conradh na Gaeilge proposal seeks to ensure 5% of the advertising budgets of public bodies are spent on advertising in Irish-language media. This would support TG4 and Raidió na Gaeltachta etc. Furthermore, Conradh na Gaeilge proposes the inclusion in the Bill of a deadline by which services provided by all public bodies should be provided in Gaeltacht language planning areas in Irish.

The more we do and the more services we roll out in Irish, the more benefit it will have for oral Irish. However, I strongly believe we need to change it in our schools.

It needs to be taught at that younger level and maybe up to junior certificate in the way other European languages are. Students should learn to speak the language, rather then concentrating on prose and so on.

Tá fáilte roimh an Aire Stáit. I am one of those people who do not have the language although I come from north Louth, which was the home of the Oriel dialect and was a Gaeltacht until it died out. Mrs. O'Hanlon, who was the last native Irish speaker on the Cooley Peninsula, died in the 1960s and her homestead is still there. We have a great heritage of Irish going back to Séamas Mac Cuarta and all our poets. The Cooley Peninsula was the home of culture in the north east but we seem to have lost that.

I welcome the Minister of State's ambition for the Irish language and I was very pleased about the protection of the síneadh fada. It seems small but it is huge. When I was registering my children's names, the HSE told me it could not put sintí fada in its system. I was told that the síneadh fada does not exist but I am glad it now exists. There are a whole pile of small issues but they amount to huge issues when you are trying to have an identity and when you are being refused that identity.

My failure is that I am not a Gaeilgeoir. I love our culture and being able to say some words. We need to learn to have confidence in the cúpla focal and I do not have that yet. It goes from the ground up as Senator Carrigy was saying, namely, in our schools. I would send my children to a Gaelscoil only we do not have them. Gaelscoileanna seem to be exclusive as opposed to the default. We should change that around and make our schools, which are generally English medium, far more Irish-orientated. I have children who I would love to see being able to flourish in the language and teach me how to speak it. The love for the language will grow from our children.

I refer to our place names. John Creedon had a fantastic programme about the meanings of the names of our townlands. An Lú is named after our warrior god and Sligo is Sligeach, the shelly place. Those place names are so meaningful and the words for places in this country are beautiful. A place name was not just a name; it meant something and it was about something. There is a lot of hope in the Bill and I congratulate the Minister of State on it. I wish I was able to understand all his speech. I will have to read it back as Béarla but I wish him the best of luck.

Ba mhaith liom mo bhuíochas a ghabháil leis na Seanadóirí a ghlac páirt sa díospóireacht seo. D'ardaigh an Seanadóir Clifford-Lee ceist na reachtaíochta teanga sa Tuaisceart. Is féidir liom a dheimhniú gur mian le mo chomhghleacaí, an tAire, an Teachta Coveney, tacú le gach deis gur féidir chun an cheist seo a bhrú chun ceann scríbe. Leanfar leis an obair seo sna míonna amach romhainn.

D'iarr an Seanadóir Kyne an mbeidh suíochán don Aire Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe ag an gcoiste comhairleach. Níl gá leis sin. Beidh suíocháin ag oifigigh de chuid na Roinne sin ar an gcoiste agus táim muiníneach go mbeidh siad in ann tuairisciú ar ais chuig an Aire maidir leis an obair sin. Chomh maith leis sin, beidh an coiste ag tuairisciú chuig an Rialtas maidir leis an dul chun cinn a dhéantar.

D'ardaigh an Seanadóir ceist na seirbhíse Childline freisin. Níl sé sásúil domsa mar Aire Stáit le freagracht don Ghaeltacht nach mbeadh seirbhís Childline ar fáil do chainteoirí óga Gaeilge. Níl Childline luaite faoi Sceideal na ngnólachtaí poiblí atá clúdaithe faoin Acht mar atá sé faoi láthair. B'fhéidir go mbeidh a leithéid d'eagraíocht clúdaithe nuair a bheidh an Bille seo achtaithe agus go leagfar dualgais teanga ar eagraíochtaí a chuireann seirbhísí ar fáil ar son an Stáit. Beimid ag breathnú go géar ar an gceist seo sna míonna amach romhainn.

Tagraím don méid a dúirt an Seanadóir Ó Donnghaile. Tá na rialacha faoina leagfar síos na caighdeáin á n-ullmhú faoi láthair. Foilseofar iad de réir a chéile nuair a bheidh an Bille achtaithe ag próiseas comhairliúcháin ina leith sula gcuirfear iad i bhfeidhm.

D'ardaigh an Seanadóir Sherlock roinnt pointí maithe agus táim ag súil leis na pointí sin a phlé ar Chéim an Choiste.

D'ardaigh an Seanadóir Murphy roinnt ceisteanna tábhachtacha maidir le cúrsaí craolacháin. Cé go bhfuil an cheist sin taobh amuigh de scóip an Bhille seo, aontaím gur ceart go mbeadh níos mó Gaeilge le cloisteáil ar an raidió áitiúil agus ar TG4.

D'ardaigh an Seanadóir Buttimer ceist maidir leis an síneadh fada. Tá an ceart aige sa mhéid a dúirt sé agus réiteoidh an Bille seo go leor de na fadhbanna sin.

Luaigh na Seanadóirí Maria Byrne agus Boylan an Ghaeilge san Aontas Eorpach. De bharr iarrachtaí móra san earnáil tríú leibhéal in Éirinn agus in institiúidí an Aontais, beidh stádas iomlán ag an nGaeilge mar theanga oifigiúil agus oibre ag deireadh na bliana seo. Ní trí thimpiste a tharla seo ach tríd an obair mhóir atá déanta ag an Rialtas.

D'ardaigh an Seanadóir Ward ceist na tacaíochta don Ghaelscolaíocht. Aontaím leis agus tá go leor oibre ar bun trí scéim teanga de chuid Glór na nGael agus tríd scéimeanna Fhoras na Gaeilge agus mo Roinne le tacú le pobal na scoileanna sin an teanga a úsáid taobh amuigh den scoil.

Luaigh an Seanadóir Dolan roinnt moltaí atá ag Conradh na Gaeilge. Tá mo chuid oifigigh tar éis labhairt leis an gconradh cheana faoi na moltaí sin agus beidh mé ag breathnú orthu i gcomhthéacs leasuithe ar Chéim an Choiste.

Aontaím leis na Seanadóirí Davitt agus Kyne go bhfuil dúshlán ann, ach tugann an Bille seo teachtaireacht an-tábhachtach do dhaoine óga go mbeidh go leor deiseanna leis an teanga, go mbeidh siad in ann í a úsáid tríd an státchóras, agus go mbeidh níos mó cearta ag daoine atá ina gcónaí sa Ghaeltacht agus lasmuigh den Ghaeltacht chun an teanga a úsáid an t-am ar fad. Táim sásta go mbeimid in ann an sprioc seo a bhaint amach.

Beidh orm breathnú ar straitéis uaillmhianach agus na rialacha a fhorbairt chun daoine óga a spreagadh chun an teanga a fhoghlaim. Tá sé déanta agam cheana ag leibhéal an Aontas Eorpaigh agus táim muiníneach go n-éireoidh leis an mBille. Beidh struchtúr nua ann chun na pointí seo a chur i bhfeidhm. Is féidir liom a chur in iúl don Seanadóir Carrigy go bhfuil coiste bunaithe idir mo Roinn agus Roinn an Aire Oideachais, an Teachta Foley, chun na ceisteanna a d'ardaigh sé a phlé. B'fhéidir go mbeidh seans agam na pointí sin a phlé i ndiaidh na díospóireachta seo.

D'ardaigh an Seanadóir McGreehan roinnt pointí tábhachtacha agus aontaím le go leor a bhí le rá aici. Tá súil agam go mbeidh níos mó deiseanna chun an teanga a fheabhsú i gContae Lú.

Comhlánófar leis an mBille na forálacha atá in Acht na Gaeltachta, 2012. Is iad seo forálacha a bhaineann le pleananna teanga a fhorbairt i limistéir pleanála teanga Ghaeltachta, i mbailte seirbhíse Gaeltachta agus i líonraí Gaeilge. Beidh cur i ngnímh iomlán na bhforálacha sin ag brath go mór ar sholáthar seirbhísí poiblí i nGaeilge. Cé go bhfuil an Rialtas tiomanta gach a dhéanamh laistigh dá chumhacht chun an Ghaeilge a chur chun cinn, tá todhchaí na teanga ag brath go mór ar an Rialtas agus an pobal a bheith ag obair as lámha a chéile.

Tá a fhios againn sa Rialtas go bhfuil dearcadh an-dearfach ag tromlach an phobail i leith na Gaeilge. Tá obair leanúnach ar bun againn tríd na scéimeanna éagsúla maoinithe ag mo Roinn, ag Údarás na Gaeltachta agus ag Foras na Gaeilge chun timpeallacht a chothú ina mbraitheann daoine muiníneach as a gcuid Gaeilge a úsáid, is cuma cén leibhéal cumais atá acu inti.

Aithním agus tuigim go maith gur ag obair i gcomhar lena chéile agus ar bhonn tras-rialtais is fearr a bhainfimid torthaí fónta amach chun an Ghaeilge a thabhairt slán don chéad ghlúin eile. Ar an mbonn sin, gabhaim buíochas le Baill den Fhreasúra agus leis na geallsealbhóirí uile a chuidigh linn teacht go dtí an pointe seo leis an mBille teanga. Táim an-bhuíoch as a gcúnamh. Tá ardmholadh tuillte ag na heagraíochtaí ar fad ar fud na tíre a dhéanann obair na gcapall ar son na Gaeilge. Táim lán-chinnte go mbeidh an Bille teanga níos láidre de bharr a n-ionchur agus go mbeidh an Ghaeilge níos láidre agus le cloisteáil níos forleithne sna blianta amach romhainn.

Cuireadh agus aontaíodh an cheist.

Cathain a mbeartaítear Céim an Choiste a thógáil?

Dé Máirt seo chugainn.

Céim an Choiste ordaithe don Mháirt, 16 Samhain 2021.
Sitting suspended at 3.52 p.m. and resumed at 4.30 p.m.