Official Languages (Amendment) Bill 2019: Committee Stage

Is cúis áthais dom fáilte go dtí an Seanad a chur roimh an Aire Stáit, an Teachta Chambers. Táimid ag súil le díospóireacht fhiúntach agus le tráthnóna fiúntach dearfach, le cúnamh Dé.

Aontaíodh alt 1.
ALT 2

Tairgim leasú Uimh. 1:

I leathanach 7, idir línte 24 agus 25, an méid seo a leanas a chur isteach:

“ciallaíonn ‘inniúlacht’ i gcomhthéacs na Gaeilge san Acht seo, agus in aon reachtaíocht eile, líofacht de leibhéal B1 nó níos airde ar an gCreat Comhchoiteann Tagartha Eorpach le haghaidh Teangacha;”.

Is iontach an rud é go bhfuil sprioc sa Bhille seo go mbeidh 20% d'earcaithe nua sa Státseirbhís inniúil sa Ghaeilge faoi 2030. Gabhaim buíochas leis an Teachta Ó Snodaigh agus a chomhghleacaithe Dála ó Shinn Féin agus ó pháirtithe eile as é sin a bheith daingnithe sa Bhille anois, rud nach raibh ann ag tús an phlé. É sin ráite, níl aon sainmhíniú ann faoi céard is brí le "inniúlacht". An leor go mbeidh 20% d'earcaithe in ann "Dia duit" a rá faoi 2030 nó an bhfuil muid dáiríre faoin 20% seo a bheith in ann feidhmiú trí Ghaeilge agus seirbhísí a sholáthar do Ghaeilgeoirí? Tá seans ann nárbh fhiú an Bille seo muna bhfuil sainmhíniú soiléir ar cad atá uainn. Is é sin an fáth go bhfuil an leasú seo á mholadh ag Sinn Féin. Fuair sé a lán tacaíochta ó Theachtaí de chuid gach páirtí sa Dáil agus tá sé bunaithe ar dhea-chleachtas Eorpach, is é sin, go gcuirtear bunchaighdeán riachtanach sa dlí. Ní mór d'aon duine a earcófar de bharr an Ghaeilge a bheith aige nó aici a bheith in ann an bunchaighdeán seo, ar a laghad, a léiriú. D'fhéadfadh an Rialtas caighdeán níos airde a lorg i gcás post éagsúla ach, ar a laghad, beidh an bunleibhéal seo ag 20% d'earcaithe nua.

Roghnaigh muid leibhéal B1 ar an gcreat comhchoiteann tagartha Eorpach le haghaidh teangacha toisc gurb é sin an creat a úsáidtear go forleathan ar fud na hEorpa chun cumas an duine i dteanga a mheas. Baineann an tSeirbhís um Cheapacháin Phoiblí leas as freisin cheana féin i gcásanna áirithe. Is éard is brí le leibhéal B1 ná úsáideoir neamhspleách, is é sin, daoine atá ábalta: na príomhphointí a thuiscint i gcaint chaighdeánach shoiléir maidir le ceisteanna aithnidiúla a ndéantar tagairt dóibh san obair, ar scoil, i gcaitheamh aimsire agus araile; déileáil le formhór na staideanna a thitfeadh amach agus iad ag taisteal i gceantar ina labhraítear an teanga; téacs simplí ceangailte a scríobh ar thopaicí atá aithnidiúil nó ar spéis leo iad go pearsanta; cur síos a dhéanamh ar thaithí agus ar imeachtaí, ar a mianta, ar na rudaí a bhfuil súil acu leo agus ar a n-uaillmhianta; agus cúiseanna agus mínithe achomair a thabhairt ar thuairimí agus ar phleananna. Muna bhfuil daoine in ann na nithe seo a dhéanamh, níl siad inniúil sa Ghaeilge agus ní cóir dóibh a bheith glactha laistigh den 20%. Má tá leibhéal níos ísle Gaeilge acu nó Gaeilge fháilteach ar nós "Dia duit" agus cúpla focal eile amháin acu, ba chóir go mbeidh siad fós fostaithe, ach lasmuigh den 20%. Ba chóir dúinn Gaeilge fháilteach a spreagadh don 80% eile sa Státseirbhís.

Bhí Conradh na Gaeilge ag lorg leibhéal B2, leibhéal níos airde, mar bhunleibhéal ach tuigimid go bhfuil gá éigin le solúbthacht, mar a bhí molta ag saineolaithe in Ollscoil Mhá Nuad, fad is nach bhfuil an iomarca solúbtha. Is é seo a bhí le rá ag Siuán Ní Mhaonaigh stiúrthóir Theastas Eorpach na Gaeilge i lárionad na Gaeilge in Ollscoil Mhá Nuad:

Aithnítear leibhéal B2 go forleathan ar fud na cruinne mar an bunleibhéal atá ag teastáil ó dhuine i dteanga chun a c(h)uid oibre a dhéanamh trí mheán na teanga sin. Bíodh sin mar atá, tá riachtanais agus scileanna éagsúla ag teastáil i róil agus i gcomhthéacsanna éagsúla. D’fhéadfadh duine atá ag leibhéal B1 ard, mar shampla, déileáil le fiosrúchán an-bhunúsach ar an nguthán nó teachtaireacht shimplí a thógáil. B’fhéidir gur leor é sin a róil nó i gcomhthéacsanna áirithe.

É sin ráite, ní bheadh na scileanna teanga ag an duine sin le mórán cúraimí eile a láimhseáil trí Ghaeilge, mar shampla, déileáil le comhrá casta nó achrannach le baill den phobal, miontuairiscí a scríobh, nó comhfhreagras scríofa a láimhseáil. I mbeagán focal, ní bheadh an duine sin in ann seirbhís shásúil leanúnach a chur ar fáil trí Ghaeilge. Ba chóir don chóras 20% a bheith ag freastal ar an dualgas sin agus seirbhís shásúil leanúnach a chur ar fáil trí Ghaeilge. Ghlac an tAire Stáit le tábhacht an cheist seo nuair a dúirt sé go scrúdódh sé conas an fhoráil faoin gcreat comhchoiteann tagartha Eorpach le haghaidh teanga a láidriú agus go dtiocfadh sé ar ais le moladh ar Chéim na Tuarascála chun é a fheabhsú. Níl sé sin déanta aige. Ag an bpointe seo, ba mhaith liom a fháil amach cén fáth. Mar a dúirt an Teachta Ó Cuív, gan an fhoráil seo, tá dainséar ann go gceapfar 20% d'earcaithe nua don Státseirbhís le Gaeilge ach nach mbeadh aon Ghaeilge acu.

Maidir le leasú Uimh. 1, aontaím go mbeadh sé tairbheach míniú a thabhairt ar "inniúlacht" ach ní shílim gurb í an reachtaíocht an áit chuí lena leithéid. Ar bhonn praiticiúil, ní céim chun cinn a bheadh ann bac a chur ar dhaoine le togha Gaeilge labhartha ach gan an cumas céanna scríofa ag leibhéal B2 cur isteach ar chuid de na poist seo. Is é sin a tharlódh dá ndéanfaimis míniú a thabhairt ar céard is inniúlacht ann sa Bhille féin, mar atá molta sa leasú seo. Aithnítear leibhéal B2 go forleathan ar fud na cruinne mar an bunleibhéal atá ag teastáil ó dhaoine i dteanga chun a gcuid oibre a dhéanamh trí mheán na teanga sin. É sin ráite, tá riachtanais agus scileanna éagsúla ag teastáil i róil agus i gcomhthéacsanna éagsúla. Caithfear a thógáil san áireamh go bhfuil daoine a bhfuil Gaeilge iontach scríofa acu ach nach bhfuil Gaeilge labhartha chomh maith sin acu agus a mhalairt ann. Tá riachtanais dhifriúla de dhíth ó thaobh Gaeilge labhartha agus scríofa i bpoist éagsúla. Tá an méid seo deimhnithe ag Ollscoil na hÉireann, Má Nuad, atá i mbun an chóras Theastas Eorpach na Gaeilge a reáchtáil. Tá an t-íosleibhéal seo de leibhéal B2 i bhfeidhm cheana mar chreat cáilithe do go leor de na comórtais oscailte náisiúnta a reáchtálann an tSeirbhís um Cheapacháin Phoiblí don Státseirbhís.

Sílim gurb é an cur chuige is ciallmhaire sa chás seo ná aghaidh a thabhairt ar an gceist seo sna caighdeáin, áit gur féidir idirdhealú a dhéanamh idir na riachtanais éagsúla do phoist éagsúla seachas sainmhíniú amháin a chur isteach sa phríomhreachtaíocht a chuirfeadh daoine as an áireamh ón tús gan aird ar riachtanais an phoist. Mar is eol don Seanadóir faoin tráth seo, tá na caighdeáin a bheidh i bhfeidhm clúdaithe faoin mBille. Táthar ag iarraidh aghaidh a thabhairt ar chaighdeán na seirbhísí atá á gcur ar fáil trí Ghaeilge do mhuintir na Gaeltachta faoi láthair mar ábhar práinneach a chlúdóidh réimse leathan seirbhísí. Mar atá ráite agam go minic, caithfimid a bheith réalaíoch faoi cé atá ar fáil chun na poist seo a líonadh. Táim ag iarraidh go n-éireoidh linn agus go dtiocfaidh feabhas ar na seirbhísí trí Ghaeilge atá ar fáil sa Ghaeltacht agus ar fud na tíre. Ar na cúinsí sin, ní féidir liom glacadh leis an leasú seo.

Ní aontaím leis an Aire Stáit maidir leis an áit is fóirsteanaí don argóint seo. Sílim go gcuireann an leasú seo leis an reachtaíocht. Ní dóigh liom gurb é mise an t-aon duine a bheidh díomá air nó uirthi maidir leis sin. Ar aon nós, tá a fhreagra tugtha ag an Aire Stáit. Brúfaidh mé an leasú seo.

Cuireadh an leasú agus faisnéiseadh go rabhthas tar éis diúltú dó.
Cuireadh an cheist, "Go bhfanfaidh alt 2 mar chuid den Bhille", agus faisnéiseadh go rabhthas tar éis glacadh léi.
ALT 3
Leasú an Rialtais Uimh. 2:
I leathanach 9, líne 23, “comhalta foirne eile den chomhlacht a cheapadh” a scriosadh agus “comhalta foirne eile den chomhlacht a cheapadh, ón mbainistíocht shinsearach,” a chur ina ionad.

Pléifimid leasuithe Uimh. 2 agus 3 le chéile toisc gur ar an ábhar céanna atá siad.

Tá leasú Uimh. 3 á mholadh ag Sinn Féin agus ag na Seanadóirí Kyne agus Clifford-Lee. Ba mhaith liom mo bhuíochas a ghabháil leis na Seanadóirí as an leasú a mholadh don Teach. Tá an cheist seo pléite ag oifigigh mo Roinne le Conradh na Gaeilge le seachtainí beaga anuas. Dá bharr sin, ba mhaith liom go mbeidh sé sonraithe sa Bhille gur daoine "ón mbainistíocht shinsearach" den chomhlacht a cheapfar chun formheas a dhéanamh ar chomhlíonadh oibleagáidí an chomhlachta faoin Acht agus tuarascáil a thabhairt don ionadaí, de réir mar is cuí, i ndáil le hoibleagáidí an chomhlachta faoin Acht agus lena chinntiú go ndéanfar achomharc ar aon cheann de na nithe arna dtuairisciú dó nó di de réir mhír ar áireamh i dtuarascáil bhliantúil an chomhlachta lena mbaineann. Sa chomhthéacs sin, molaim leasú Uimh. 2 don Teach. Ba mhaith liom mo bhuíochas a ghabháil leis na Seanadóirí as leasú Uimh. 3 a mholadh don Teach, ach táim ag tabhairt mo leasú féin, leasú Uimh. 2, ar aghaidh anseo. Ar an mbonn sin, b’fhéidir go mbeidh na Seanadóirí sásta leasú Uimh. 3 a tharraingt siar.

Ba cheart dom a rá go bhfuil baint ag leasuithe Uimh. 2 agus 3 le chéile. Is malairt fhisiceach é leasú Uimh. 3 ar leasú Uimh. 2. Féadfar leasuithe Uimh. 2 agus 3 a phlé le chéile. An bhfuil sé sin aontaithe? Tá.

Gabhaim buíochas leis an Leas-Chathaoirleach agus leis an Aire Stáit. Fáiltíonn Sinn Féin go bhfuil an tAire Stáit sásta glacadh leis an moladh seo ó Chonradh na Gaeilge. Mar sin, táimid sásta leasú Uimh. 3 a tharraingt siar agus glacadh le leasú Uimh. 2. Is é an rud céanna atá i gceist leo, mar atá ráite ag an Aire Stáit.

Bheinn buíoch as soiléiriú a fháil ón Aire Stáit mar gheall ar an alt seo. An féidir leis an t-idirdhealú idir príomhoifigeach agus ceann comhlachta poiblí a mhíniú dúinn? Ón léamh atá againn ar an leasú seo, ní cheapfar ceann comhlachta poiblí ach nuair nach bhfuil príomhoifigeach ann, mar chineál róil sealadaigh le linn folúntais. Más fíor sin, is ait é go bhfuil an dualgas atá curtha sa leasú chun formhaoirseacht teanga a roghnú ag baint leis an gceann comhlachta sealadach amháin agus gan dualgas ar bith ann ar ghnáth-phríomhoifigigh. An gciallaíonn se sin nach mbeidh daoine roghnaithe de ghnáth chun formhaoirsiú a dhéanamh ar chomhlíonadh na ndualgas teanga seachas le linn fholúntais in oifig an phríomhoifigigh?

Cuirim fáilte roimh an leasú atá fógartha ag an Aire Stáit. Chuir mé leasú cosúil leis an leasú sin chun cinn de bharr moladh ó Chonradh na Gaeilge. Mar sin, cuirim fáilte roimh an leasú ón Aire Stáit.

Aontaíodh an leasú.
Níor tairgeadh leasú Uimh. 3.
Aontaíodh alt 3 mar a leasaíodh.
AILT NUA

Pléifimid anois leasú Uimh. 4 in ainmneacha na Seanadóirí Ó Donnghaile, Warfield, Ní Bhaoighealláin agus Ó Gábháin. Is alt nua atá le cur isteach anseo.

Tairgim leasú Uimh. 4:

I leathanach 9, idir línte 29 agus 30, an méid seo a leanas a chur isteach:

“Cairt na Gaeilge

4. Leasaítear an Príomh-Acht tríd an gCuid nua seo a leanas a chur isteach i ndiaidh Chuid 1 (Réamhráiteach agus Ginearálta):

“CUID 1A CAIRT NA GAEILGE

Cairt a ullmhú don Ghaeilge

5. (1) Déanfaidh an tAire, tar éis dul i gcomhairle le pobal labhartha na Gaeilge agus le hOifig Choimisinéir na dTeangacha Oifigiúla maidir le riachtanais an phobail, agus tráth nach déanaí ná bliain ó Acht na dTeangacha Oifigiúla (Leasú), 2021 a achtú, dréacht-Chairt, ar a dtabharfar Cairt na Gaeilge, a ullmhú agus a chur faoi bhráid Thithe an Oireachtais, is cairt a bheidh bunaithe ar mhúnla Chairt na Fraincise, nó an Charte de la langue française sa Fhraincis, in Québec i gCeanada, agus lena ndéanfar bunchearta teanga cainteoirí Gaeilge sa Stát a shoiléiriú agus a threisiú ar bhonn reachtúil, le toil Thithe an Oireachtais.

(2) Sonrófar sa dréacht-Chairt a luaitear i bhfo-alt (1):

(a) amchlár ina mbeidh spriocdhátaí faoina mbeidh sé beartaithe ag an Rialtas na forálacha éagsúla den Chairt a bheith curtha i bhfeidhm ina n-iomláine;

(b) moladh i leith ceart do gach duine go ndéanfadh na comhlachtaí seo a leanas cumarsáid leis nó léi i nGaeilge:

(i) comhlachtaí riaracháin shibhialta;

(ii) comhlachtaí seirbhísí sláinte agus sóisialta;

(iii) cuideachtaí fóntais phoiblí;

(iv) cuideachtaí Stáit;

(v) eagraíochtaí Státmhaoinithe;

(vi) corparáidí gairmiúla;

(vii) ceardchumainn; agus

(viii) gach cuideachta a dhéanann gnó sa Ghaeltacht;

(c) moladh i leith ceart do gach duine Gaeilge a labhairt in aon tionól poiblí;

(d) moladh i leith ceart d’oibrithe sa Ghaeltacht a gcuid oibre a dhéanamh trí mheán na Gaeilge;

(e) moladh i leith ceart do thomhaltóirí earraí agus seirbhísí sa Ghaeltacht go gcuirfí ar an eolas iad i nGaeilge agus go ndéanfaí freastal orthu i nGaeilge;

(f) moladh i leith ceart do gach duine atá i dteideal oideachas sa Stát an t-oideachas sin a fháil trí mheán na Gaeilge;

(g) moladh i leith dhualgas an Stáit gach a dhéanamh laistigh dá raon gníomhaíochta chun an Ghaeilge, mar phríomhtheanga oifigiúil, a bhunú agus a chaomhnú ina stádas mar an teanga náisiúnta agus í a aithint mar an teanga náisiúnta chun gach críche oifigiúla.”.”.

Baineann an leasú seo le cairt a thabhairt isteach ina leagfar amach cearta teanga an duine. Is iondúil gur teanga an Stáit í agus creideann Sinn Féin gur cóir go mbeadh cearta teanga an duine comhaitheanta agus comhchosanta in Éirinn Thuaidh agus Theas, díreach is atá siad in aon tír eile. Ba chóir dea-chleachtas a chur i bhfeidhm. Dúirt an Coimisinéir Teanga i gComhchoiste na Gaeilge, na Gaeltachta agus Phobal Labhartha na Gaeilge cúpla mí ó shin gur míthuiscint atá ar an Stát go mbíonn bunchearta teanga ag brath ar acmhainní agus tosaíochtaí agus nár chóir go mbeadh aon choimhlint idir soláthar seirbhísí éigeandála agus soláthar cearta reachtúla teanga mar a bhí curtha i leith comhlachtaí Stáit go rialta le linn na paindéime.

Ní bhronnann an Stát ceart ar dhaoine. Tá cearta ag daoine mar bhunús agus is é ról an Stáit na cearta sin a shonrú sa dlí agus a chosaint. I gcás na Gaeltachta, áit a bhfuil an Ghaeilge ceaptha a bheith mar phríomhtheanga an phobail fós, ní bhíonn bunseirbhísí an Stáit ar fáil sa phríomhtheanga oifigiúil bhunreachtúil, cé gur gealladh dóibh iad in 1926. Tá masla á dhéanamh ag an Stát seo ar chearta mionlaigh agus ar chearta teanga an duine. I dtíortha eile, bíonn cearta teanga sonraithe go soiléir. Tá an Chairt Eorpach do Theangacha Réigiúnacha nó Mionlaigh i bhfeidhm ag an gComhairle Eorpach, rud a thugann meicníocht idirnáisiúnta do Ghaeilgeoirí sna Sé Chontae chun sásamh a fháil ar a gcearta teanga, mar shampla, ach nil feidhm ag an gcairt sna Sé Chontae is Fiche. B’fhéidir gur chóir don Aire Stáit machnamh a dhéanamh chun an chairt sin a shíniú.

I leasú eile níos déanaí, tá forálacha ón mBeart Breatnaise sa Bhreatain Bheag molta againn. Sa leasú seo, áfach, is múnlú Cheanada atá á mholadh againn, is é sin ceart na Fraincise i Québec. Níl mé ag iarraidh é sin a rá i bhFraincis mar níl mo chuid Fraincise chomh flúirseach sin is atá mo chuid Gaeilge. Leagtar amach bunchearta teanga sa chairt seo maidir le húsáid na Gaeilge le comhlachtaí poiblí agus cuideachtaí eile.

Ní aontaím leis sin mar gur ghéill an Seanadóir gan an teanga sin a labhairt.

Fágfaidh mé leis an Seanadóir Mullen an Fhraincis a labhairt.

In aonaid phoiblí, san ionad oibre, i gcás earraí a cheannach sna siopaí nó leas a bhaint as seirbhísí nó sa chóras oideachais, is é seo an dea-chleachtas idirnáisiúnta. Ba chóir dúinn foghlaim ó sin in áit pholasaí "English first" a bheith i bhfeidhm de ghnáth i ngach ceann de na hearnálacha seo. Ní féidir copy agus paste a dhéanamh ach oiread mar tá riachtanais ar leith ag pobal na Gaeilge agus na Gaeltachtaí nach bhfuil ag pobal na Fraincise i gCeanada. Is é sin an fáth go bhfuil tuairisc á lorg againn chun moltaí agus spriocanna ama réalaíocha agus pobalbhunaithe a chur chun cinn agus ár ngealltanais mar Stát don Ghaeltacht agus do phobal labhartha na Gaeilge a chomhlíonadh agus a chur i scríbhinn sa reachtaíocht seo.

Ní fheicim go mbeadh fiúntas le leasú Uimh. 4 a chur san áireamh sa Bhille. Comhlíonann an Bille agus, go deimhin, an tAcht féin, seirbhísí Stáit. Is san earnáil phríobháideach a bhaineann go leor de na heagraíochtaí atá luaite ag an Seanadóir. Titeann go leor de na pointí atá ardaithe aige i réimsí atá taobh amuigh de scóip an Achta toisc go bhfuil go leor de na heagraíochtaí atá clúdaithe sa leasú ag feidhmiú san earnáil phríobháideach. Ní thagann sé sin le cuspóir an Bhille. Mar is eol don Seanadóir, is é príomhchuspóir an Bhille Acht na dTeangacha Oifigiúla, 2003 a leasú leis an soláthar de sheirbhísí poiblí trí Ghaeilge a mhéadú agus a fheabhsú. Is trí na forálacha atá clúdaithe sa Bhille agus na leasuithe atá mé ag moladh don Teach seo inniu a bhainfear amach na spriocanna seo. Anuas air sin, beimid ag láimhseáil go leor de na nithe atá luaite sa leasú maidir leis an earnáil phoiblí atá molta ag an Seanadóir sna caighdeáin teanga. Ar an mbunús sin, ní bheidh me ag glacadh leis an leasú seo.

Maidir leis na heagraíochtaí príobháideacha, iarraim ar an Aire Stáit an bhfuil nó an mbeidh liosta fógartha leis an mBille maidir leis na coistí poiblí a bheidh i gceist anseo agus a bhaineann leis an mBille seo. Tá a fhios agam go mbeidh na comhairleoirí contae agus cathrach, Uisce Éireann agus grúpaí mar sin i gceist. Tá a fhios agam go raibh plé ann agus go raibh an Roinn chun obair a dhéanamh chun níos mó comhlachtaí nó eagraíochtaí a chur ar an liosta sin. An bhfuil an obair sin déanta nó an mbeidh sé leagtha amach in aguisín leis an mBille seo?

An mian leis an Seanadóir an leasú seo a bhrú nó ar mhaith leis labhairt?

Is mian liom an leasú a bhrú.

Cuireadh an leasú agus faisnéiseadh go rabhthas tar éis diúltú dó.

Tagraím do leasú Uimh. 5 anois in ainmneacha na Seanadóirí Ó Donnghaile, Warfield, Ní Bhaoighealláin agus Ó Gábháin agus is alt nua atá le cur isteach anseo.

Tairgim leasú Uimh. 5:

I leathanach 9, idir línte 29 agus 30, an méid seo a leanas a chur isteach:

“Leasú ar alt 7 den Phríomh-Acht

4. Leasaítear alt 7 den Phríomh-Acht tríd an méid seo a leanas a chur isteach i ndiaidh “teangacha oifigiúla.”:

“(a) Déanfaidh an tAire, tar éis taighde a dhéanamh ar riaráistí na nAchtanna nach bhfuil clóite agus foilsithe ach i gceann amháin den dá theanga oifigiúla go dtí sin, tráth nach déanaí ná bliain tar éis an tAcht seo a achtú, tuarascáil a chur faoi bhráid Thithe an Oireachtais ina leagfar amach scála ama chun na riaráistí a ghlanadh a luaithe is féidir agus moltaí praiticiúla chun oibriú chun gach Bille agus gach Acht den Oireachtas a achtú, a chló agus a fhoilsiú i ngach ceann de na teangacha oifigiúla.

(b) Ní choiscfidh aon ní san alt seo Bille nó Acht a achtú, a chló nó a fhoilsiú go comhuaineach i ngach ceann de na teangacha oifigiúla.”.”.

Mí Eanáir na bliana seo chugainn, tiocfaidh deireadh le díolúine na Gaeilge mar theanga oifigiúil san Aontas Eorpach agus beidh an reachtaíocht ar fad a mholtar ag Coimisiún na hEorpa ar fáil i nGaeilge mar aon le gach teanga oifigiúil eile. Sin éacht as cuimse do phobal teanga na tíre agus tréaslaím leis na gníomhaí teanga go léir, Conradh na Gaeilge ina measc, as ucht an stádais sin a bhaint amach. Mar chuid den agóid sin, rinne Feisire Eorpach de chuid Shinn Féin ag an am, Liadh Ní Riada, stailc theanga i bParlaimint na hEorpa chun aird a tharraingt ar an easpa cothromais a bhí ann do Ghaeilgeoirí. Beidh cothrom na Féinne againn i bParlaimint na hEorpa amach anseo.

Is ábhar náire é nach mbeidh an stádas céanna ag an nGaeilge sa Stát seo, in ainneoin í a bheith mar phríomhtheanga oifigiúil sa Bhunreacht. Ní hamháin nach bhfuil Billí ar fáil go dhátheangach nó i nGaeilge de ghnáth - is eisceacht an Bille seo - ach fiú tar éis dóibh a bheith achtaithe, is minic nach dtagann aistriúchán ar an bhfód ach tar éis na blianta ina dhiaidh, má thagann sé ariamh. Níl sé seo sásúil agus cuireann sé srian ar chearta Ghaeilgeoirí anseo san Oireachtas. Ní féidir linn leasuithe a thairiscint trí Ghaeilge, níl cead againn Billí a chur trí Ghaeilge agus tá an córas ag feidhmiú go hiomlán trí Bhéarla.

Níos measa ná sin áfach, bíonn impleachtaí ann don chóras dlí. Nuair nach bhfuil Achtanna ar fáil trí Ghaeilge, níl cothrom na Féinne ag Gaeilgeoirí os comhair na cúirte. Tá prionsabal ann nach féidir dlí a chur i bhfeidhm muna bhfuil rochtain ag an bpobal air, agus síleann na cúirteanna go gciallaíonn sé sin rochtain ina dteanga oifigiúil féin. Chinn na cúirteanna go bhfuil éagóir déanta ar Ghaeilgeoirí nuair nach bhfuil Achtanna ar fáil dóibh ina dteanga féin. Dúradh fiú go bhfuil seans ann nach bhféadfaí daoine a chiontú agus an dlí briste acu nó coir déanta acu amach anseo muna bhfuil fáil acu ar an dlí faoina gciontófar iad i nGaeilge. Dár leo, ní mór na riaráistí a ghlanadh faoi 2024 nó beidh impleachtaí ann do na cúirteanna.

Fuaireamar comhfhreagras ó Rannóg an Aistriúcháin i mí Aibreán ag léiriú go raibh 475 Achtanna fós le n-aistriú aige faoi 2024. Sin 3.5 Achtanna le n-aistriú in aghaidh na seachtaine, rud nach bhfuil indéanta. Anuas air sin, fuair mé comhfhreagras eile ag cur in iúl nach bhfuil ach sé cinn den 32 Achtanna achtaithe i 2020 foilsithe i nGaeilge. Tá rudaí ag dul in olcais i gcónaí mar tagann tuilleadh Achtanna anuas ar na riaráistí gach seachtain. Tá an iomarca brú ar Rannóg an Aistriúcháin. Dá ndéanfaí an rud céanna agus a dhéanann an tAontas Eorpach, is é sin leaganacha Gaeilge agus Béarla a chur le chéile agus ar fáil ó a mholtar an Bille ar an gcéad dul síos, aistrithe ag na Ranna Rialtais féin b'fhéidir, ní bheadh aon fhadhb againn le riaráistí nó ní bheadh iachall ar Ghaeilgeoirí dul chun na cúirte chun a gcearta a chosaint. Níl molta againn ach go ndéanfaí tuarascáil a ullmhú ar na féidearthachtaí a bhainfeadh le córas dhátheangach ó thús a chur i bhfeidhm ar mhúnla na hEorpa. Níor chóir go mbeadh níos mó measa ag an Eoraip ar ár dteanga náisiúnta ná mar atá againn féin, go háirithe sa Teach seo.

Ní féidir liom glacadh le leasú Uimh. 5 toisc gur ghnó é de Thithe an Oireachtais gach Bille agus gach Acht an Oireachtais a chur i gcló agus a fhoilsiú sa teanga oifigiúil. Tuigim go bhfuil iarrachtaí ar bun chun tuilleadh acmhainní a dhíriú ar an obair aistriúcháin seo agus is céim thábhachtach í seo a léiríonn don phobal go bhfuil deiseanna fostaíochta ar fáil in earnáil na Gaeilge agus sa státchóras. Mholfainn don Seanadóir teagmháil a dhéanamh le Coimisiún Thithe an Oireachtais chun an cheist seo a ardú freisin. Níl i gceist agam glacadh leis an leasú seo dá bharr.

Tagraím don cheist a d'ardaigh an Seanadóir Kyne cheana. Rinneadh uasdátú ar an sceideal anuraidh agus tá sé ar fáil faoi rialachán cheana féin.

Cuireadh an leasú agus faisnéiseadh go rabhthas tar éis diúltú dó.

Tairgim leasú Uimh. 6:

I leathanach 9, idir línte 29 agus 30, an méid seo a leanas a chur isteach:

“Leasú ar alt 8 den Phríomh-Acht

4. Leasaítear alt 8 den Phríomh-Acht tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur isteach i ndiaidh fho-alt (1):

“(1A) Déanfaidh an tAire, tar éis dul i gcomhairle leis an gCoimisinéir Teanga, agus tráth nach déanaí ná bliain tar éis an tAcht seo a achtú, tuarascáil a chur faoi bhráid Thithe an Oireachtais ina leagfar amach na féidearthachtaí atá ann chun an chosaint atá ann don cheart atá ag duine chun an Ghaeilge a labhairt in aon chúirt de réir fho-alt (1) a leathnú lasmuigh den chomhthéacs cúirte ionas go mbeidh cosaint ann don cheart atá ag gach duine chun cumarsáid a dhéanamh trí mheán na Gaeilge in aon áit sa Stát, lena n-áirítear aon tionól poiblí, ionad oibre nó comhthéacs sóisialta, agus maidir le córas pionós a d’fhéadfaí a chur i ngníomh dóibh siúd a dhéanann sárú ar an gceart sin, ar bhonn mhúnla an Bhirt Breatnaise sa Bhreatain Bheag.”.”.

Níl ach comhthéacs amháin ina bhfuil sonraithe sa dlí ag duine an Ghaeilge a úsáid sna cúirteanna agus tá sin de réir alt 8 d'Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003. Luaidh mé an dea-chleachtas idirnáisiúnta ní ba luaithe, agus sa Bhreatain Bheag tá beart Breatnaise i bhfeidhm le tamall de bhlianta anois a shoiléiríonn go bhfuil ceart ag duine an Bhreatnais a úsáid agus nach bhfuil cead ag duine nó eagras an ceart sin a shárú nó úsáid na Breatnaise a chosc.

Tá samplaí feicthe againn sa Stát seo de chomhlachtaí ag cur brú ar fhostaithe stopadh ag labhairt Gaeilge. Bhí an abhcóide Dáithí Mac Cárthaigh an-sásta go raibh ionadaí ar son AA Roadwatch in ann teagmháil a dhéanamh leis trí Ghaeilge go dtí gur tháinig stop leis an gcomhrá ar an bhfón. Bhí ar an leaid ar an bhfón teacht ar ais agus a rá nach raibh cead aige Gaeilge a labhairt agus go raibh siad faoi thaifead.

Le déanaí, ghabh Randox leithscéal gur chuir sé nóta timpeall ar fhostaithe ag meabhrú dóibh gan ach Béarla a labhairt san ionad oibre, fiú go sóisialta, nóta a scaipeadh ina mhonarcha Ghaeltachta i dTír Chonaill fiú. Tá an mhonarcha sin maoinithe ag Údarás na Gaeltachta. Níor tháinig Randox siar ón nóta sin ina mhonarcha sna Sé Contae, áfach. Seo chomhlacht atá ag fáil maoiniú don Ghaeilge ón Stát seo ag déanamh dochar do chearta teanga Gaeilgeoirí in Éirinn. Níor chóir go mbeadh fostóirí nó aon duine eile ach oiread in ann bac a chur roimh úsáid na Gaeilge, seachas i gcásanna eisceachtúla ina bhfuil cúis fíorthábhachtach ann le húsáid teanga eile. Is toisc sin atá Sinn Féin ag lorg tuarascáil faoi conas múnla na Breataine Bige a chur i bhfeidhm anseo agus úsáid na Gaeilge a chosaint sa dlí.

Ní féidir liom glacadh le moladh an tSeanadóra sa chás seo mar go dtiteann an leasú seo taobh amuigh de scóip an Achta, is é sin taobh amuigh de ghnó na hearnála poiblí. Chomh maith leis sin, is gnó don chúirt é a chinntiú go bhféadfadh aon duine éisteacht a fháil sa teanga oifigiúil is ansa don duine sin. Má tá an Stát nó comhlacht poiblí mar pháirtí in imeachtaí sibhialta os comhair na cúirte, baineann an Stát nó an comhlacht poiblí úsáid as an teanga oifigiúil, Béarla nó Gaeilge, atá roghnaithe ag an bpáirtí eile. Más rud é go bhfuil na dualgais seo á shárú ag comhlacht poiblí, ba chóir gearán a dhéanamh leis an gCoimisinéir Teanga mar go bhfuil sé de cheart ag daoine faoin Acht é sin a dhéanamh.

Anuas air sin, bheinn den tuairim go mbeadh a leithéid de leasú ag teacht salach ar neamhspleáchas ár gCoimisinéir Teanga. Tá sé ríthábhachtach go mbeadh an Coimisinéir neamhspleách ina chuid feidhmeanna. Tá feidhmeanna an Choimisinéara leagtha síos san Acht cheana in alt 21. Beimid ag cur leo sin agus beidh sé de chumhacht ag an gCoimisinéir faireachán a dhéanamh ar chomhlíonadh aon achtacháin a bhaineann le stádas nó úsáid teanga oifigiúil ag comhlacht poiblí. Is dul chun cinn mhór a bheidh anseo d'Oifig an Choimisinéara. Beidh an tseirbhís trí Ghaeilge trasna an chórais Stáit i bhfad níos láidre faoi 2030, an Roinn Dlí agus Cirt agus an tSeirbhís Chúirteanna san áireamh. Ar an mbunús sin, ní bheidh mé ag glacadh leis an leasú seo.

An mian leis an Seanadóir Ó Donnghaile an leasú a bhrú?

Is mian, ach ba mhaith liom a chur in iúl nach n-aontaím leis an Aire Stáit arís, creid é nó na creid. Nílimid ag iarraidh ón Aire Stáit ach tuarascáil a chur os ár gcomhair a amharcann ar dhea-chleachtas agus eispéireas eile i dtír ina bhfuil teanga mhionlach ag dul ó neart go neart. Ní thuigim agus tá díomá orm nach bhfuilimid sásta é sin a dhéanamh.

Cuireadh an leasú agus faisnéiseadh go rabhthas tar éis diúltú dó.

Tairgim leasú Uimh. 7:

I leathanach 9, idir línte 29 agus 30, an méid seo a leanas a chur isteach:

“Leasú ar ailt 9, 33 agus 34 den Phríomh-Acht

4. Leasaítear an Príomh-Acht—

(a) In alt 9, tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur isteach i ndiaidh fho-alt (1):

“(1A) (a) San fho-alt seo—

ciallaíonn ‘Acht 1961’ an tAcht um Thrácht ar Bhóithre, 1961;

tá le ‘sín tráchta’ an bhrí chéanna atá leis in alt 95 (arna leasú le halt 37(a)(ii) den Acht um Thrácht ar Bhóithre, 1994) d’Acht 1961.

(b) Tá feidhm ag an bhfo-alt seo maidir le síneacha tráchta nua a chuirfear in airde tar éis theacht i ngníomh an Achta seo, nó i gcás aon athnuachan nó athchóiriú a dhéanfar ar sheansín tráchta tar éis theacht i ngníomh an Achta seo, lena n-áirítear na síneacha sin a bhfuil feidhm ag Rialacháin faoi alt 95(2) d’Acht 1961 maidir leo agus na síneacha sin a bhfuil feidhm ag ordachán faoi alt 95(16) den Acht sin maidir leo.

(c) Ní bheidh feidhm ag an bhfo-alt seo maidir le síneacha a bhí in airde roimh theacht i ngníomh an Achta seo seachas i gcás go mbeidh athnuachan nó athchóiriú á déanamh nó á dhéanamh orthu.

(d) Faoi réir fhorálacha an fho-ailt seo, maidir le haon sín tráchta a chuirfear in airde in aon suíomh sa Stát, is i nGaeilge nó i nGaeilge agus i mBéarla a bheidh sí d’ainneoin aon achtachán eile. I gcás sín tráchta i nGaeilge agus i mBéarla araon:

(i) beidh an téacs i nGaeilge ann ar dtús;

(ii) beidh an téacs i nGaeilge chomh feiceálach leis an téacs i mBéarla nó níos feiceálaí ná é, chomh sofheicthe leis nó níos sofheicthe ná é, agus chomh hinléite leis nó níos inléite ná é;

(iii) ní bheidh na litreacha sa téacs i nGaeilge níos lú, ó thaobh méide de, ná na litreacha sa téacs i mBéarla;

(iv) maidir leis an téacs i nGaeilge, cuirfidh sé in iúl an fhaisnéis chéanna leis an bhfaisnéis a chuireann an téacs i mBéarla in iúl;

(v) ní dhéanfar focal sa téacs i nGaeilge a ghiorrú mura rud é go bhfuil an focal sa téacs i mBéarla, arb é an t-aistriúchán air é, giorraithe freisin;

(vi) i gcás gurb ionann an téacs i nGaeilge agus an téacs i mBéarla nó gurb ionann logainm nó fuaimniú logainm i nGaeilge agus i mBéarla, is leor an leagan Gaeilge;

(vii) d’ainneoin ghinearáltacht an fho-ailt seo, féadfar síneacha tráchta a chur in airde ar síneacha iad atá de réir Chóras Idirnáisiúnta na nAonad arna ghlacadh ag an Bureau Internationale des Poids et Mesures, arna bhunú le Coinbhinsiún an Mhéadair a síníodh i bPáras in 1875; agus

(viii) i gcás ordú logainmneacha faoi alt 32 a bheith i bhfeidhm de thuras na huaire, déanfar an leagan Gaeilge den fhocal nó de na focail a bheidh sonraithe san ordú a úsáid in aon síneacha tráchta a chuirfear in airde.

(e) I gcás go mbeartófar sín tráchta i nGaeilge agus i mBéarla a shuíomh, agus de thoradh téacs sa dá theanga sin a bheith uirthi, go mbeadh an tsín rómhór, gur dheacair í a léamh nó gur dhócha go mbeadh sí ina bacainn, nó gur dhócha, le linn do dhaoine í a léamh, gur bhaol dóibh féin nó do dhaoine eile a bheadh inti, féadfar, ina ionad sin, dhá shín a chur ar an suíomh sin, a mbeidh an fhaisnéis lena mbaineann i nGaeilge ar cheann amháin díobh agus i mBéarla ar an gceann eile, ar choinníoll go ndéanfar na forálacha i bhfomhíreanna (c)(ii) go (viii) a chomhlíonadh.

(f) I gcás coimhlint nó díospóid maidir le logainm i suíomh ar bith sa Stát, déanfar cinneadh maidir leis an leagan oifigiúil ceart de réir ailt 31 agus 32, agus cloífidh gach comhartha bóthair lena gcinntí.”,

(b) In alt 33, trí na fo-ailt seo a leanas a chur in ionad fho-ailt (1) agus (2):

“(1) Ar an agus ón 1 Eanáir 2025, ní bheidh feidhm ná éifeacht ach amháin ag an leagan Gaeilge de logainm, lena n-áirítear an síneadh fada ar ghutaí, ach sin gan dochar d’aon ní arna dhéanamh roimh an dáta sin nó dá éis lena n-áirítear úsáid an leagain sin seachas a úsáid—

(a) in aon Acht den Oireachtas a rithfear tar éis an dáta thuasluaite nó in aon ionstraim reachtúil a dhéanfar tar éis an dáta sin faoi aon Acht,

(b) i cibé léarscáileanna a fhorordófar, is léarscáileanna arna n-ullmhú agus arna bhfoilsiú ag Suirbhéireacht Ordanáis Éireann nó le cead uaithi tar éis an dáta thuasluaite,

(c) ar chomhartha bóthair nó sráide nua nó athchóirithe arna chur suas ag údarás áitiúil nó thar a cheann tar éis an dáta thuasluaite, nó

(d) ar chomhartha nó ar fhógrán nua nó athchóirithe, nó i gcomhfhreagras nó i gcumarsáid oifigiúil arna chur suas nó arna cur suas nó arna eisiúint nó arna heisiúint i nGaeilge, i mBéarla, nó in aon teanga eile, ag comhlacht poiblí ar bith, nó ag tríú páirtí a sholáthraíonn seirbhís don phobal thar ceann comhlacht poiblí, lena n-áirítear seirbhísí iompair phoiblí, tar éis an dáta thuasluaite.

(2) Féadfaidh an tAire, tar éis dul i gcomhairle leis an gcomhlacht dá dtagraítear in alt 31 den Acht seo de bhun iarratas ó údarás áitiúil maidir le háit nó suíomh ar leith arna riaradh ag an údarás áitiúil sin, agus i gcás eisceachtúil amháin ina bhfuil luach oidhreachta nó eacnamaíochta ar leith ag baint le feiceálacht leagain eile dá logainm, a dhearbhú le hordú gur féidir leagan den logainm i dteanga eile seachas an Ghaeilge a úsáid ar léarscáileanna nó ar chomhartha nó ar fhógrán nó i gcomhfhreagras nó cumarsáid oifigiúil eile i dteannta an logainm oifigiúil Gaeilge.

(3) Déanfaidh an tAire gach ordú lena mbaineann fo-alt (2) a chur faoi bhráid gach Tí den Oireachtas a luaithe is féidir tar éis a dhéanta agus má dhéanann ceachtar Teach acu sin, laistigh den 21 lá a shuífidh an Teach sin tar éis an t-ordú a leagan faoina bhráid, rún a rith ag neamhniú an ordaithe, beith an t-ordú ar neamhní dá réir sin, ach sin gan dochar do bhailíocht aon ní a rinneadh roimhe sin faoin ordú.

(4) Ní cheadófar dearbhú faoi fho-alt (2)—

(a) i ndáil le haon áit i limistéar Gaeltachta, de réir Acht na Gaeltachta, 2012,

(b) i ndáil le haon logainm a bhfuaimnítear a leagan sa teanga nó sna teangacha eile mar a fhuaimnítear an logainm oifigiúil Gaeilge, nó

(c) i ndáil le haitheantas stáit a thabhairt do logainm Béarla a cruthaíodh mar chuid d’iarrachtaí na Suirbhéireachta Ordanáise béarlú a dhéanamh ar logainmneacha dúchasacha idir 1824 agus 1846.

(5) I gcás go ndéanfaidh an tAire dearbhú faoi fho-alt (2), beidh an logainm oifigiúil Gaeilge scríofa i gcló atá níos mó agus níos feiceálaí ná an teanga nó na teangacha eile.

(6) I gcás coimhlint nó díospóid maidir le logainm i suíomh ar bith sa Stát, déanfaidh an comhlacht dá dtagraítear in alt 31 den Acht seo, cinneadh maidir leis an leagan oifigiúil ceart, agus cloífidh gach comhlacht poiblí lena chinntí.”,

(c) In alt 34, trí “agus i dteangacha eile de réir mar is cuí de réir Acht na dTeangacha Oifigiúla, 2003” a chur in ionad “nó i mBéarla agus i nGaeilge”.”.

Dúirt Dúbhglas de hÍde, sular ceapadh é mar Sheanadóir nó mar chéad Uachtarán an Stáit, i léacht an-cháiliúil dar teideal “The Necessity for De-Anglicising Ireland” in 1892, bliain sular bhunaigh sé Conradh na Gaeilge, “I hope and trust a native Irish Government will be induced to provide for the restoration of our place-names on something like a rational basis.” Beagnach 100 bliain tar éis native Irish government a bhunú, fós níl an sprioc seo bainte amach. Ní hamháin nach bhfuil ath-Ghaelú déanta ar logainmneacha ach tá tosaíocht áite tugtha do logainmneacha Béarla ar chomharthaí bóithre ar fud an Stáit. Tá daoine ann a shíleann gur gnáthrud é an Ghaeilge a fheiceáil scríofa i gcló iodálach agus níos lú ná an Béarla. Sin an teachtaireacht atá tugtha; gur an Béarla ár bhfíor-theanga agus nach bhfuil sa Ghaeilge ach rud tánaisteach agus suarach atá ann mar mhaisiú.

Creideann Sinn Féin in ath-Ghaelú an Stáit. Déanann an leasú seo dhá rud a athrú, gan costas ar bith ar an Stát. An chéad athrú ná, i gcás aon síneacha tráchta nua atá curtha in airde nó aon cheann atá athchóirithe sa Stát, go mbeidh an Ghaeilge ar a laghad chomh feiceálach leis an mBéarla. Gheall an Tánaiste, an Teachta Leo Varadkar, go ndéanfadh sé an méid seo agus é mar Aire Iompair ach ní dhearna.

An dara moladh, seachas i gcás eisceachtúil, ná nach mbeidh feidhm sa dlí ag leagan Béarla de logainm ó 2025 ar aghaidh. Nílimid ag déanamh logainm Béarla a chosc. Beidh cead ag daoine a rogha téarma a úsáid ach i gcás an Stáit ní bheidh feidhm oifigiúil ach ag logainmneacha Gaeilge. Rinneadh é seo tráth i gcásanna áirithe ar nós Dún Laoghaire, mar atá molta ag an Seanadóir Barry Ward go minic, Port Laoise agus Cóbh. Ba chóir aitheantas a thabhairt go raibh éagóir déanta ar mhuintir na hÉireann nuair a rinne an tSuirbhéireacht Ordanáis Béarlú coilíneach ar logainmneacha na tíre, mar atá sonraithe sa dráma Translations de chuid Brian Friel. Ar nós tíortha eile a bhain saoirse amach, ón India go dtí Buircíne Fasó, tá sé de dhualgas orainn an éagóir sin a chur ina cheart agus ár logainmneacha dúchasacha a chur chun cinn arís. Níl ach litriú gan ciall sna leaganacha Béarla don chuid is mó ar aon nós. Cén fáth an mbeadh Oola scríofa in áit Úlla, nó fiú Drogheda in áit Droichead Átha? Briseann na logainmneacha seo ár nasc leis an timpeallacht agus le brí na bhfocal a chuimsíonn stair ár sinsir.

Sna Sé Chontae bíonn orainn fós troid chun Gaeilge a fháil ar chomharthaí. Nuair a éiríonn linn, áfach, bíonn comhstádas ag an nGaeilge leis an mBéarla. Tá sé náireach nach bhfuil a leithéid fiú i bhfeidhm anseo, áit a bhfuil an Ghaeilge mar phríomhtheanga. Ní bheidh feidhm ag an leasú seo ach ar rudaí atá déanta sa todhchaí, agus mar sin níl aon chostas i gceist seachas toil an Rialtais agus na Seanadóirí eile anseo. Tá sé orainn mar Sheanadóirí aisling an Chraoibhín Aoibhinn a chur i bhfeidhm.

Ní thagann an tAcht um Thrácht ar Bhóithre, atá faoi scáth na Roinne Iompair, faoi scóip an Bhille seo nó scóip an phríomh-Achta. Tuigtear dom, áfach, gur chuir an Roinn Iompair scéim phíolótach ar bun ar an ábhar atá ardaithe ag an Seanadóir roinnt blianta ó shin ach níor leanadh ar aghaidh leis sin. Is féidir liom deimhniú don Seanadóir gur phléigh mé an cheist seo leis an Aire píosa siar agus d’iarr mé air athbhreithniú a dhéanamh air.

Leagtar amach sa Bhille na cumhachtaí atá ag an Aire maidir le hordú logainmneacha. Glacadh le leasuithe breise a mhol mé sa Dáil maidir le logainmneacha ar Chéim na Tuarascála sa Teach sin. Leis na leasuithe sin, leagtar amach foráil maidir leis an gcoiste logainmneacha a bhunú mar choiste reachtúil. Déantar foráil maidir le rúnaíocht a bheith á sholáthar ag an Aire agus déantar foráil maidir le saineolaithe i réimse na logainmneacha Gaeilge, stair na hÉireann agus Gaeilge a bheith ina gcomhaltaí den choiste. Ina theannta sin, tugtar feidhm don choiste comhairle a thabhairt don Aire maidir le logainmneacha. Anuas air sin, tabharfaidh an Bille éifeacht do leasuithe a bhfuil gá leo mar gheall ar dheireadh a chur leis an gCoimisiún Logainmneacha, mar a fhoráiltear sa phlean don athchóiriú ar an tseirbhís phoiblí 2011. Tá coiste logainmneacha á chur in ionad an Choimisiúin Logainmneacha agus tabharfaidh an coiste sin comhairle don Aire maidir le horduithe logainmneacha a dhéanamh. Ar an mbonn sin, ní bheidh mé ag glacadh leis an leasú seo.

Cuireadh an leasú agus faisnéiseadh go rabhthas tar éis diúltú dó.

Tairgim leasú Uimh. 8:

I leathanach 9, idir línte 29 agus 30, an méid seo a leanas a chur isteach:

“Leasú ar alt 9 den Phríomh-Acht

4. Leasaítear alt 9 den Phríomh-Acht tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur isteach i ndiaidh fho-alt (3):

“(4) Cuirfidh comhlacht poiblí an pobal ar an eolas, trí thairiscint ghníomhach, faoi na seirbhísí a fhéadfaidh daoine a fháil uaidh trí mheán na Gaeilge.”.”.

Nuair a foilsíodh ceannteidil an Bhille seo in 2017, luaigh siad tairiscint ghníomhach ach níl aon tairiscint ghníomhach luaite sa Bhille anois. Dúirt Julian de Spáinn ó Chonradh na Gaeilge ag an am:

Mura [g]cuirtear an pobal ar an eolas go leanúnach agus go gníomhach go bhfuil ceart acu agus go bhfuil fáilte rompu na seirbhísí Gaeilge atá ar fáil a úsáid, ní chuirfear go suntasach le húsáid na seirbhísí sin agus leanfar a rá nach bhfuil éileamh ar na seirbhísí céanna.

Tá an Stát tar éis seirbhísí as Gaeilge a dhiúltú do Ghaeilgeoirí le fada an lá agus tá taithí ag daoine gan fiú seirbhís a lorg trí Ghaeilge toisc nach mbíonn sí ann nó go mbíonn sí lochtach. Má táimid dáiríre faoi dhaoine a iompú ar ais ar an nGaeilge agus a spreagadh chun an Ghaeilge, nó ar a laghad stop a chur leis an iompú ar an mBéarla atá ag tarlú go forleathan sa Ghaeltacht fiú, ba chóir dúinn cinntiú go ndéanann aon soláthraí seirbhíse an tseirbhís trí Ghaeilge a thairiscint ón tús. In áit an rogha Béarla a bheith uathoibríoch, ba chóir go mbeadh ar dhaoine seirbhísí trí Ghaeilge a dhiúltú ar dtús. Más in oifig, ar mheaisín nó ar líne atá siad, ba chóir go mbeadh orthu cnaipe speisialta a bhrú don Bhéarla, ní a mhalairt, mar ba chóir go mbeadh sé chomh héasca agus is féidir an tseirbhís Ghaeilge a fháil. Ar a laghad ba chóir go gcuirfear daoine ar an eolas i gcónaí go bhfuil rogha Gaeilge ann. Dúirt an tAire Stáit le linn Céim an Choiste sa Dáil go mbeadh tagairt don tairiscint ghníomhach sna caighdeáin teanga atá geallta ach táimid fós ag fanacht ar dhréacht de na caighdeáin sin. Cá bhfuil siad? Má tá an tAire Stáit ag geallúint go mbeidh tairiscint ghníomhach lárnach sa phróiseas seo go léir, cén fáth an bhfuil sé ag diúltú tairiscint ghníomhach a chur isteach sa bhunreachtaíocht?

Tá tábhacht ar leith ag baint leis an tairiscint ghníomhach, go háirithe chun daoine a spreagadh le seirbhísí Gaeilge a éileamh agus a úsáid. Tuigim go bhfuil an tairiscint ghníomhach mar chuid lárnach den chur chuige ó thaobh cúrsaí teanga de sa Bhreatain Bheag. Ba mhaith liom cinntiú go ndéanfaimid amhlaidh anseo in Éirinn agus dá bhrí sin táim ag súil go mbeidh an tairiscint ghníomhach luaite go sonrach sna caighdeáin teanga atá á réiteach agus atá le teacht in áit córas na scéimeanna teanga. Tá oifigigh mo Roinne i mbun oibre ar na dréachtchaighdeáin i láthair na huaire agus táim dóchasach go mbeidh siad ar fáil go luath. Ar an mbonn sin, ní féidir liom glacadh leis an leasú seo.

Cuireadh an leasú agus faisnéiseadh go rabhthas tar éis diúltú dó.
ALT 4
Leasú an Rialtais Uimh. 9:
I leathanach 9, líne 32 a scriosadh agus an méid seo a leanas a chur ina hionad:
“(a) i bhfo-alt (1)—
(i) trí “nó fógrán” a scriosadh gach áit a bhfuil sé, agus
(ii) trí “stáiseanóireachta nó comharthaí” a chur in ionad “stáiseanóireachta,comharthaí”,
(b) tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur in ionad fho-alt (2):”.

Leis an leasú teicniúil seo, bainfear an focal “fógrán” ó alt 9(1) den phríomh-Acht. Tá an leasú de dhíth mar go dtagann an fhoclaíocht mar atá sí faoi láthair salach ar an bhfoclaíocht nua atá beartaithe don Bhille in ailt 9(2) agus 9(3) maidir leis an bhfógraíocht. Molaim an leasú seo don Teach.

De réir mar a thuigim, faigheann an leasú seo réidh leis an deis atá againn rialacháin a dhéanamh maidir le hábhar agus leagan amach fógráin, cé go bhfuil forálacha molta sa Bhille anois, toisc gur éist an tAire Stáit le hargóintí Shinn Féin sa Dáil, maidir le hábhair mhargaíochta, rud a chuimseoidh fógráin a bheith clúdaithe faoin Acht ionas go mbeidh dátheangachas i gceist. Níl aon rud sa Bhille faoi leagan amach na cumarsáide sin.

D’fhéadfadh sé go mbeadh an Béarla chun tosaigh i gcló mór agus píosa beag bídeach Gaeilge ar chúl ag an mbun i gcló beag iodálach. Is é sin an fáth go bhfuil leasú Uimh. 10 molta aige ag Sinn Féin, chun a chinntiú go mbeidh an Ghaeilge chun cinn. Tá tacaíocht traspháirtí ag an leasú seo, atá bunaithe ar mholadh Chonradh na Gaeilge. An mbeidh an tAire Stáit in ann tacaíocht a thabhairt do leasú Uimh. 10? Gan an tacaíocht sin, bheadh sé an-doiligh tacaíocht a thabhairt don leasú seo, leasú Uimh. 9.

Cuireadh an leasú agus faisnéiseadh go rabhthas tar éis glacadh leis.

Tairgim leasú Uimh. 10:

I leathanach 11, líne 6, an méid seo a leanas a chur isteach i ndiaidh “a bheidh an chumarsáid.”:

“I gcás gur i nGaeilge agus i mBéarla a bheidh an chumarsáid, cinnteoidh an comhlacht poiblí:

(a) go mbeidh an téacs i nGaeilge ann ar dtús,

(b) go mbeidh an téacs i nGaeilge chomh feiceálach, chomh sofheicthe agus chomh hinléite céanna leis an téacs i mBéarla agus sa chlófhoireann chéanna agus den chló céanna agus den stíl chéanna,

(c) nach mbeidh na litreacha sa téacs i nGaeilge níos lú, ó thaobh méide de, ná na litreacha sa téacs i mBéarla,

(d) maidir leis an téacs i nGaeilge, cuirfidh sé in iúl an fhaisnéis chéanna leis an bhfaisnéis a chuireann an téacs i mBéarla in iúl,

(e) nach ndéanfar focal sa téacs i nGaeilge a ghiorrú mura rud é go bhfuil an focal sa téacs i mBéarla, ar aistriúchán air é, giorraithe freisin.”.

Tá an leasú seo ag teacht ó Chonradh na Gaeilge. Tá sé mar atá scríofa ansin. Déanann sé an-chiall, maidir le cúrsaí cumarsáide, go mbeidh aon chumarsáid dhátheangach a dhéanfaidh comhlacht poiblí leis an bpobal cothrom ó thaobh leagan amach agus ó thaobh mhéid an téacs Gaeilge agus Béarla de. Déanann sé an-chiall mar atá scríofa agus tá súil agam go mbeidh an tAire Stáit glacadh leis an leasú seo.

Gabhaim buíochas leis an Seanadóir as ucht an leasaithe seo a leagan síos. Mar is eol don Seanadóir, de réir leasú a mhol mé ar Chéim Thuarascála na Dála ar alt 9(2), leathnaíodh oibleagáid ar chomhlachtaí poiblí i gcás ina ndéanfaí daoine cumarsáid leo i scríbhinn nó le ríomhphost i dteanga oifigiúil freagra a thabhairt sa teanga chéanna chuig cásanna ina ndéanann daoine cumarsáid le comhlacht poiblí trí na meáin shóisialta. Faoi Alt 9(3) den Acht, cinnteoidh comhlacht poiblí i gcás ina ndéanann sé cumarsáid i scríbhinn nó le ríomhphost leis an bpobal i gcoitinne nó le haicme den phobal i gcoitinne ar mhaithe le faisnéis a thabhairt don phobal nó don aicme go bhfuil an chumarsáid sin i nGaeilge, nó i nGaeilge agus i mBéarla. Leathnófar an oibleagáid sin chuig cásanna ina bhfuil ábhar margaíochta á eisiúint ag comhlacht poiblí chuig an bpobal chun comhlacht poiblí nó a chuid seirbhísí a chur chun cinn.

Is fiú a lua freisin go bhfuil oifigigh mo Roinne ag obair ar an dréachtchaighdeán i láthair na huaire agus bheinn den tuairim gur chóir na moltaí sonraithe atá sa leasú seo a bheith luaite sa chaighdeán. Ar an lámh eile, sílim go bhfuil fiúntas leis an moladh seo agus go bhfuil sé i gcomhréir le huaillmhian bheartas foriomlán an Stáit maidir le tacú leis an nGaeilge agus maidir leis an nGaeilge a chur chun cinn. Sa chúinse sin, tá mé sásta an moladh atá déanta a athbhreithniú agus teacht ar ais le moladh ar Chéim na Tuarascála. Sa chúinse sin, b’fhéidir go mbeidh na Seanadóirí sásta an leasú seo a tharraingt siar.

Tá a lán tábhachta ag baint leis an leasú seo. Le bheith ionraic, bhí sé ar intinn agam é a bhrú chun vóta mar gheall ar an méid sin tábhacht a bhaineann leis. Tá súil agam, mar atá geallta ag an Aire Stáit inniu, go dtiocfaidh sé ar ais le leasuithe ar an gcéad Chéim eile a bheidh sáite i gcuspóirí agus aidhmeanna an leasaithe seo agus na cuspóirí atá againn ar bhonn traspháirtithe, mar atá aitheanta ag an Seanadóir Kyne. Táimid go léir ag iarraidh iad a bhaint amach. Ní domsa amháin atá sé an leasú seo a tharraingt siar inniu mar gheall go n-aithním fosta gur tháinig sé ó Chonradh na Gaeilge agus gur rud iontach tábhachtach é dóibh siúd. Déarfainn go bhfágfainn an cinneadh sin faoin Seanadóir Kyne.

Tá mé sásta an leasú a tharraingt siar agus é ráite ag an Aire Stáit go mbeidh sé ag teacht ar ais ar an gcéad Chéim eile lena leasú féin.

Tarraingíodh siar an leasú faoi chead.
Aontaíodh alt 4 mar a leasaíodh.
ALT 5

Tairgim leasú Uimh. 11:

I leathanach 11, líne 14, “féadfaidh an tAire, tar éis dul i gcomhairle le cibé Aire (más ann) den Rialtas is cuí leis an Aire, ag féachaint d’fheidhmeanna an chomhlachta phoiblí, an comhlacht a fhorordú chun críocha an ailt seo.” a scriosadh agus an méid seo a leanas a chur ina ionad: “déanfaidh an tAire, tar éis dul i gcomhairle le cibé Aire (más ann) den Rialtas is cuí leis an Aire, ag féachaint d’fheidhmeanna an chomhlachta phoiblí, gach comhlacht a fhorordú chun críocha an ailt seo faoin 31 Nollaig 2024.”.

Tá an leasú seo ag teacht ó Chonradh na Gaeilge agus bunaithe ar an obair atá déanta acu agus a dhéanann siad i gcónaí maidir leis an nGaeilge ach go mórmhór leis an mBille seo. Tá siad ag moladh go sonrófar spriocdháta ionas go mbeidh uasdátú ar an gcóras faisnéise agus eile déanta chun a chinntiú gur féidir glacadh leis na hainmneacha agus seoltaí i nGaeilge le síntí fada san áireamh. Tá sé mar atá scríofa ansin. Sílim go ndéanfaidh sé ciall arís. Fanfaidh mé le smaointe an Aire Stáit maidir leis an leasú seo.

Cinnteoidh an leasú seo go ndéanfaidh comhlachtaí poiblí a gcóras IT a uasdátú chun an síneadh fada a éascú agus an ceart úsáid ainmneacha agus seoltaí i nGaeilge a chinntiú. San alt seo faoi láthair, níl aon dualgas ar an Aire faic a dhéanamh. Féadfaidh Aire comhlachtaí a fhorordú ach féadfaidh Aire gan aon chomhlacht a fhorordú agus níl aon spriocdháta faoinar gá na comhlachtaí poiblí go léir a fhorordú.

Faoin leasú seo, baintear an tsolúbthacht sin den alt trí “déanfaidh” a chur in ionad “féadfaidh” agus spriocdháta daingean, an 31 Nollaig 2024, a chur isteach san alt. Sa chaoi sin, beidh dualgas ar an Aire gach comhlacht a fhorordú faoi dheireadh 2024 agus beidh dualgas ar gach comhlacht ainmneacha Gaeilge le síntí fada iontu a úsáid i gceart as sin ar aghaidh.

Ba chóir go dtuigfeadh an tAire Stáit, mura bhfuil forálacha daingean sa Bhille, go bhfuil gach seans ann go leanfaidh an státchóras ag diúltú do chearta bunúsacha an duine dá ainm. Is é sin an chomhairle atá faighte againn ón Choimisinéir Teanga, ó Chonradh na Gaeilge agus ó gach dream eile a labhair leis an gcoiste Gaeilge nó a chur aighneacht isteach ar an mBille seo.

Má tá an tAire Stáit dáiríre faoin ainm agus seoladh Gaelach a chosaint, glacfaidh sé leis an moladh atá déanta ag na Seanadóirí Lorraine Clifford-Lee agus Seán Kyne, agus agam féin, agus cuirfidh sé an leasú seo i bhfeidhm. Má tá mo chomhghleacaithe sa Seanad dáiríre faoi thacaíocht a thabhairt do Chonradh na Gaeilge, seasfaidh siad an fód faoin leasú seo freisin. Tá súil agam go mbeidh an tAire Stáit in ann glacadh le leasú Uimh. 11.

Is mian liom buíochas a ghabháil leis na Seanadóirí as ucht leasú Uimh. 11. Baineann an fhoráil seo le cearta an duine an leagan Gaeilge dá ainm nó dá hainm a úsáid chun seoladh nó teideal Gaeilge a úsáid. San alt seo sa Bhille, leasaítear alt 9 den phríomh-Acht agus tugtar isteach le halt 9A dualgas ar chomhlachtaí poiblí forordaithe a éascú go príomha trí choigeartú a dhéanamh ar an gcóras teicneolaíochta faisnéise chun go ndéanfar ainm, lena n-áirítear foirm athartha nó foirm mháthartha an ainm, seoladh nó teideal i nGaeilge a úsáid. Tá tábhacht chultúrtha ag baint leis an bhforáil seo i limistéir Ghaeltachta ina gnách an fhoirm athartha nó an fhoirm mháthartha d’ainm pearsanta aonair a úsáid i nGaeilge. Mar a dúirt an Seanadóir Ó Donnghaile, tá sé an-tábhachtach na hainmneacha seo a chosaint.

Tá sé i bhfad níos éifeachtaí an t-ábhar seo a láimhseáil trí na caighdeáin atá á ndréachtú ag oifig mo Roinne. Faoin phlean náisiúnta, déanfar próiseas comhairliúcháin chun a chinntiú go mbeidh ionchur ag príomhpháirtithe leasmhara sna spriocdhátaí a leagfar síos. Dar ndóigh, leagfar síos spriocdhátaí éagsúla sa chaighdeán le haghaidh grúpaí éagsúla ag brath ar an leibhéal idirghníomhaíochta leis an bpobal, agus le himeacht ama feictear an-dul chun cinn sa státchóras. Creidim go láidir go mbeidh dul chun cinn suntasach déanta againn leis na spriocdhátaí roimh dheireadh na bliana agus ní theastaíonn uaim an spriocdháta sin a bheith sonraithe san Acht. Ar an mbonn sin, ní bheidh mé ag glacadh leis an leasú seo.

Conas mar a sheasann an leasú?

Tá mé sásta é a tharraingt siar.

Dúirt an tAire Stáit go raibh sé ag dul chun glacadh leis.

An aontaítear go dtarraingeofar siar an leasú?

Ba mhaith liom soiléiriú a fháil. Mar a dúradh mar gheall ar an leasú deireanach, an bhfuil an tAire Stáit ag tabhairt coimitmint arís go dtiocfaidh sé ar ais ar an chéad Chéim eile chun déileáil leis an gceist seo? Tuigim a dúirt an tAire Stáit faoin dáta ach tá na bunprionsabail atá sa leasú seo tarraingthe ar réiteach. Bheadh sé iontach tábhachtach dúinn a thairg an leasú seo, ach níos tábhachtaí fós dóibh siúd atá ag breathnú ón taobh amuigh agus nach bhfuil an ceart acu a n-ainmneacha fíor a úsáid sna cásanna seo, dá dtiocfadh leis an Aire Stáit a shoiléiriú an mbeidh sé ag teacht ar ais le leasú eile ar an chéad Chéim eile.

Mar a dúirt mé, déanfar sin sna caighdeáin a bheidh foilsithe leis an bplean náisiúnta. Tá sé i bhfad níos éifeachtaí an t-ábhar seo a láimhseáil tríd na caighdeáin nua a fhoilseofar agus beimid ag déanamh an próiseas seo tríd na caighdeáin nua a fhoilseofar.

Cá seasann an leasú?

Tá mé sásta é a tharraingt siar.

An bhfuil sé sin aontaithe?

Cuireadh an cheist: "Go dtugtar cead leasú Uimh. 11 a tharraingt siar."
Question put: "That leave be given to withdraw amendment No. 11."
The Committee divided: Tá, 25; Níl, 7.

  • Ahearn, Garret.
  • Ardagh, Catherine.
  • Blaney, Niall.
  • Burke, Paddy.
  • Buttimer, Jerry.
  • Byrne, Maria.
  • Carrigy, Micheál.
  • Casey, Pat.
  • Cassells, Shane.
  • Chambers, Lisa.
  • Conway, Martin.
  • Crowe, Ollie.
  • Cummins, John.
  • Doherty, Regina.
  • Dolan, Aisling.
  • Fitzpatrick, Mary.
  • Gallagher, Robbie.
  • Horkan, Gerry.
  • Kyne, Seán.
  • Lombard, Tim.
  • Martin, Vincent P.
  • McGreehan, Erin.
  • O'Reilly, Pauline.
  • Seery Kearney, Mary.
  • Ward, Barry.

Níl

  • Boylan, Lynn.
  • Gavan, Paul.
  • Higgins, Alice-Mary.
  • Keogan, Sharon.
  • Ó Donnghaile, Niall.
  • Wall, Mark.
  • Warfield, Fintan.
Tellers: Tá, Senators Robbie Gallagher and Seán Kyne; Níl, Senators Lynn Boylan and Niall Ó Donnghaile.
Question declared carried.
Faisnéiseadh go rabhthas tar éis glacadh leis an gceist.
Senator Lorraine Clifford-Lee has advised the Cathaoirleach that she has entered into a voting pairing arrangement with Senator Eileen Flynn for the duration of Senator Flynn’s maternity leave and accordingly has not voted in this division.

Tairgim leasú Uimh. 12:

I leathanach 11, idir línte 17 agus 18, an méid seo a leanas a chur isteach:

“(1A) Aithnítear leis an Acht seo nach gá go mbainfeadh leagan ainm i dteanga oifigiúil amháin le leagan ainm sa teanga oifigiúil eile, agus go bhfuil sé de cheart ag gach duine a ainm féin nó a hainm féin, déanta d’aon litreacha nó síntí fada atá in aibítear an dá theanga oifigiúla, a úsáid agus a bheith aitheanta in aon ghnó atá ar bun aige nó aici sa Stát.”.

Gabh mo leithscéal, my Irish is not as good as my colleagues’. The reason we have this amendment is mar nach bhfuil aon cheart níos tábhachtaí ná ceart an duine a ainm nó a hainm féin a bheith acu. Táim bródúil as an obair atá déanta ag Sinn Féin chun an ceart sin a láidriú sa Bhille seo. Ní raibh aon tagairt nó cosaint don síneadh fada sa Bhille nuair a thosaigh plé sa Dáil ach d’éirigh leis an Teachta Ó Snodaigh athrú poirt a fháil ón Aire Stáit sa deireadh. Tá fadhbanna fós san fhoclaíocht áfach agus tá an próiseas fós róchasta. Sin an fáth go bhfuilim ag moladh an leasú seo. It is clear as day that it is the right of every person to use his or her own name and to have that name recognised in any business he or she is conducting in the State. With this amendment, the right would not be restricted only to public bodies, as is the case in the Bill now. Private businesses such as Aer Lingus or Bank of Ireland must also recognise Gaelic names.

Aithníonn an leasú seo freisin nach ionann leagan ainm i nGaeilge agus an leagan i mBéarla. Ar nós a lán daoine in Éirinn, bainim úsáid as leagan Béarla agus leagan Gaeilge de m’ainm - Lynn Boylan sa Bhéarla agus Lynn Ní Bhaoighealláin sa Ghaeilge. I got a shock when I looked at this amendment in Irish mar feicfidh tú Lynn Ní Bhaíolláin scríofa air. Ní sin m’ainm. Like the song says, "that's not my name". Níl anseo ach sampla beag den litriú mícheart ach níl sé sásúil go dtarlódh sé sin san Oireachtas.

Tá fadhb i bhfad níos measa ann le hainmneacha Béarla. Leis na blianta, tá ainmneacha na nGael aistrithe go Béarla gan aon bhunús seachas coilíneachas. Bhí ar Éireannaigh anseo, i Sasana nó i Meiriceá “Ó” a athrú go “O’”, leis an apostrophe. Ní chóir go mbeadh sé sin fós ar siúl i Stát neamhspleách, ach tá. We heard recently about Ciarán Ó Féinneadha, who went looking for his birth certificate and was told that Ciarán Ó Féinneadha did not exist. Fuair sé amach go raibh a shonraí athraithe go Ciaran Feeney, ainm nár úsáid sé riamh. Tá sé sin náireach agus léiríonn sé an gá atá leis an leasú seo. Ní saoirse go saoirse ár n-ainmneacha. I hope the Minister will accept this amendment and respect the right of somebody to have their name recognised as they use it in any business they conduct in the State.

Is mian liom buíochas a ghabháil leis na Seanadóirí as ucht an leasú seo. Mar a luaigh mé nuair a phléigh muid leasú Uimh. 11, baineann foráil 9(1) le ceart an duine leagan Gaeilge dá ainm nó dá hainm a úsáid, chomh maith le seoladh nó teideal Gaeilge. Ceanglófar ar chomhlachtaí poiblí éascú do dhaoine a n-ainmneacha agus a seoltaí a úsáid i nGaeilge agus iad ag dul i dteagmháil le comhlachtaí poiblí, agus ceanglófar ar gach comhlacht poiblí nua ainmneacha agus lógónna Gaeilge nó dátheangach a bheith acu.

Díríonn leasú Uimh. 12 ar ní nach bhfuil ag luí isteach le sprioc an Bhille, sé sin, nach gá go mbainfidh leagan ainm i dteanga oifigiúil amháin le leagan ainm sa teanga oifigiúil eile. Creidim go mbeadh muid ag dul lasmuigh de scóip an Bhille dá nglacfainn leis an leasú seo. Táim sásta go bhfuil na forálacha atá molta ag an Rialtas i leith ainmneacha agus seoltaí Gaeilge sásúil, agus ar an mbonn sin ní féidir liom glacadh leis an leasú seo.

Cuireadh an leasú agus faisnéiseadh go rabhthas tar éis diúltú dó.

Tá leasú Uimh. 13 as ord ós rud é nach bhfuil baint aige le hábhar an Bhille, agus tá leasú Uimh. 14 as ord de bharr muirear ar an ioncam.

Níor tairgeadh leasuithe Uimh. 13 agus 14.

Tá baint ag leasuithe Uimh. 15 agus 16 le chéile agus pléifear le chéile iad.

Tairgim leasú Uimh. 15:

I leathanach 15, líne 32, “nó i nGaeilge agus i mBéarla araon” a scriosadh.

Arís, seo leasú a tháinig ó Chonradh na Gaeilge. Chinnteodh sé go mbeadh na lógónna ag comhlachtaí poiblí nua as Gaeilge amháin, le spreagadh breise a thabhairt don teanga. Tá a fhios agam go bhfuil moltaí ann do chomhlachtaí atá againn faoi láthair go mbeadh na lógónna dátheangach ach táimid ag moladh anseo go mbeadh lógónna comhlachtaí poiblí nua as Gaeilge amháin. Ceann de na comhlachtaí poiblí a chuala muid faoi le deireanaí ná Uisce Éireann. Is mór an náire nach n-úsáideann sé an t-ainm sin amháin, seachas a bheith ag úsáid Irish Water. Tá tuiscint ag chuile dhuine ar Uisce Éireann. Tá sé simplí é a úsáid agus ní gá dhá ainm a úsáid.

Mar atá ráite ag an Seanadóir Kyne, baineann na leasuithe seo le lógónna a bheith i nGaeilge amháin, mar atá molta ag Conradh na Gaeilge, chun spreagadh eile a thabhairt don Ghaeilge. Feictear go minic fiú nuair atá lógónna dátheangach agus tá an dá theanga in úsáid ann go mbíonn an Béarla úsáidte de ghnáth.

Baineann sé seo le cumarsáid an Rialtais freisin. Chonaiceamar an tseachtain seo gur fógraíodh go mbeidh Atlantic Technological University bunaithe an bhliain seo chugainn nó "Ollscoil Teicheolaíochta an Atlantaigh" mar a bhí scríofa in aice leis i bpreasráiteas an Rialtais. Ní hamháin go raibh botún litríochta sa Ghaeilge ar an bpreasráiteas sin ón Aire, an Teachta Harris, ach léirigh sé nach mbeidh an Ghaeilge sa teideal ná ar an lógó ach ina maisiú. Ba chóir go mbeadh teideal Gaeilge mar bhunteideal sa ghnáthúsáid. Is é seo an meon nach dtuigeann an Rialtas. Níl gá leagan le Béarla.

D'éirigh le Córas Iompar Éireann, CIÉ, gan aon leagan Béarla. D'éirigh le Bord na Móna gan aon leagan Béarla. D'éirigh leis An nGarda Síochána gan leagan Béarla, cé go mbíonn fotheidil Béarla in úsáid go minic aige anois gan chúis. Tuigeann gach duine cé hiad CIÉ, Bord na Móna agus na gardaí. Ní gá le Senate Ireland a thabhairt ar an Seanad seo ach is cosúil go mbeidh sé sin scríofa ar aon lógó againne seolta ag an Rialtas seo. Is leor "Seanad" agus táimid bródúil as a bheith inár Seanad. Ba chóir go mbeadh an meon seo ag an Stát arís agus muinín aige sa Ghaeilge agus ba chóir don Seanad é sin a chur in iúl don Rialtas tríd an leasú seo a ghlacadh.

Iarraim ar an Aire Stáit freagra a thabhairt ar an ngrúpa.

Pléifidh mé leasuithe Uimh. 15 agus 16 le chéile toisc go mbaineann siad leis an ábhar céanna. Déanann alt 9C cur síos ar dhualgas comhlachtaí poiblí maidir le lógónna nua, go príomha, go gcaithfidh an téacs atá le húsáid ag comhlachtaí poiblí na lógónna a bheith i nGaeilge nó i nGaeilge agus i mBéarla. Thóg mé leasú chun cinn ar Chéim Thuarascála na Dála ag deimhniú gur i nGaeilge a bheidh ainm aon chomhlacht reachtúil a bhunófar. Tá sé tábhachtach go mbeidh dátheangachas ann freisin maidir le comhlachtaí reachtúla nuabhunaithe. Ba mhaith liom a threisiú nach mbeidh aon chúlú ann ó thaobh na Gaeilge de ach go mbeidh an fheiceálacht chéanna an teanga agus atá ag an mBéarla. Dá bhrí sin, tá mé muiníneach go bhfuil an fhoclaíocht, mar atá sé, sásúil agus ní bheidh mé ag glacadh leis na leasuithe seo.

Ar mhaith leis an Seanadóir Kyne an leasú a bhrú?

Tá mé sásta é a tharraingt siar.

An bhfuil sé sin aontaithe?

Níl tú i bhfabhar é a tharraingt siar.

Níl mé i bhfabhar.

Cuireadh an leasú agus faisnéiseadh go rabhthas tar éis diúltú dó.

Tairgim leasú Uimh. 16:

I leathanach 15, línte 33 go 43 a scriosadh.

Pléadh leasú Uimh. 16 in éineacht le leasú Uimh. 15.

An bhfuaireamar na moltaí ón Aire Stáit faoi leasú Uimh. 16?

Pléadh é cheana.

Tá mé sásta é a tharraingt siar.

An bhfuil sé sin aontaithe?

Tá mé sásta é a tharraingt siar.

Tarraingíodh siar an leasú faoi chead.

Tairgim leasú Uimh. 17:

I leathanach 17, idir línte 15 agus 16, an méid seo a leanas a chur isteach:

“Dualgas comhlachtaí poiblí maidir le seirbhísí ar líne agus idirghníomhacha

9F. Déanfaidh an tAire, tar éis dul i gcomhairle leis an gCoiste Comhairleach, agus tráth nach déanaí ná bliain tar éis an fhoráil seo a achtú, tuarascáil a chur faoi bhráid Thithe an Oireachtais ina leagfar amach moltaí praiticiúla a fhéadfar a chur sna caighdeáin atá le forordú de réir alt 19A chun a chinntiú, maidir le gach faisnéis a chuirfear ar fáil ar shuíomh idirlín nó ar sheirbhís idirghníomhach de chuid comhlacht poiblí, gur i nGaeilge nó i nGaeilge agus i mBéarla araon go comhuaineach a chuirfear ar line í tar éis spriocdháta a mholfaidh agus a shonróidh an tAire.”.

Is é an rud atá in easnamh den chuid is mó sa Bhille seo ná tagairt de shuíomhanna Idirlín agus seirbhísí idirghníomhacha, in ainneoin go bhfuil tábhacht as cuimse acu seo sa lá atá inniu ann, nach raibh acu nuair a achtaíodh an príomh-Acht in 2003. Le linn na paindéime ach go háirithe, agus daoine srianta ina dtithe féin gan fáil ar oifigí fisiciúla, bhí siad ag brath go hiomlán ar sheirbhísí Stáit ar líne. Is minic nach raibh eolas cruinn agus suas chun dáta curtha ar fáil i nGaeilge ag an Roinn Sláinte ná an HSE ar líne, cé gur ansin a bhí an t-eolas riachtanach maidir le srianta Covid-19, rud atá soiléirithe ag mo chomhghleacaí, an Seanadóir Clifford-Lee, go rímhinic.

Tá deis anseo againn rud a dhéanamh faoi sin trí thuarascáil a lorg laistigh de bhliain ó achtú an Bhille seo faoi conas a chinntiú go ndéanfar faisnéis a fhoilsiú go comhuaineach sa dá theanga oifigiúil ar líne, nó ar sheirbhísí idirghníomhacha ar nós na tairsí cláraithe vacsaíne nó na meaisíní sin a fhaightear sa Revenue nó in oifigí eile Stáit ar a bhfuil sé molta gnó a dhéanamh in áit labhairt le freastalaí. Ba chóir go cuireadh áiseanna nua-aimseartha ann arbh fhéidir leagan Gaeilge a chur iontu, chomh maith le Béarla, leis na seirbhísí atá ar fáil le Gaeilgeoirí in áit go mbeadh duine brúite ó dhuine le Gaeilge go meaisín Béarla amháin. Baineann an rud céanna leis an Idirlíon - tá deis iontach ann chun seirbhísí Gaeilge a chur ar fáil lasmuigh den Ghaeltacht fiú agus ar bhonn uilíoch.

Baineann alt 19A leis an gcóras teanga. Tá sé i gceist é a thabhairt isteach in ionad chóras na scéimeanna teanga. Tá córas na scéimeanna teanga atá ann faoi láthair ag brath ar chomhlachtaí san earnáil phoiblí atá liostaithe i Sceideal 1 a ghabhann leis an bpríomh-Acht chun na bearta a leagan amach. Is beart é atá beartaithe acu a ghlacadh chun a chinntiú go soláthróidh siad seirbhísí don phobal trí Ghaeilge agus chun leibhéal na seirbhísí sin a mhéadú ar bhonn breisiúla in imeacht ama. Glactar leis go forleathan nár éirigh le córas na scéimeanna. Tá an córas sin cáinte ag an gCoimisinéir Teanga, a léirigh na heasnaimh sa tuarascáil de chuid tráchtaireachta ar chóras na scéimeanna teanga a foilsíodh in 2016.

Cuireadh córas na scéimeanna ar bun chun cur le líon agus caighdeán na seirbhísí trí Ghaeilge a bheadh á chur ar fáil ag comhlachtaí poiblí don phobal. Tá próiseas daingnithe na scéimeanna dúshlánach agus tá dul chun cinn déanta ó thaobh seirbhísí de ó cuireadh na scéimeanna ar bun, ach tá sé aitheanta go raibh agus go bhfuil go leor deacrachtaí sa chóras. Mar sin, tá sé i gceist córas na gcaighdeán a thabhairt isteach anois.

Faoin gcóras seo, bheadh rangú le déanamh ar chomhlachtaí poiblí ag baint úsáide as rialachán chun caighdeán a leagan síos leis na comhlachtaí sin. Ar an mbealach seo, beimid in ann a chinntiú go mbeadh na caighdeáin is airde ó thaobh úsáid na Gaeilge de bainteach leis na heagraíochtaí a bhíonn ag soláthar seirbhíse don phobal, pobal na Gaeilge agus na Gaeltachta san áireamh. Táthar ag iarraidh a chinntiú go n-eascróidh comhlachtaí poiblí úsáid ainmneacha agus seoltaí sa dá theanga oifigiúil. Táthar ag iarraidh a chinntiú freisin go mbeidh ainmneacha agus lógónna Gaeilge ag comhlacht Stáit nuabhunaithe as seo amach.

Tá sé tábhachtach go mbeidh an Stát ag léiriú meas ar ár dteanga agus is modh díreach agus simplí é seo le seo a dhéanamh. Beidh an tAire in ann rialacháin a fhorordú ionas go mbeidh na mionsonraí a bhaineann le doiciméid a eisítear agus faisnéis a chur ar fáil ar shuímh Idirlín clúdaithe sa chaighdeán a bheidh le foilsiú. Ar an mbonn sin, ní bheidh mé ag glacadh leis an leasú seo.

Cuireadh an leasú agus faisnéiseadh go rabhthas tar éis diúltú dó.

Tá leasú Uimh. 18 as ord mar nach bhfuil baint aige le hábhar an Bhille.

Níor tairgeadh leasú Uimh. 18.

Tairgim leasú Uimh. 19:

I leathanach 17, idir línte 15 agus 16, an méid seo a leanas a chur isteach:

“Dualgas gan mímhisneach a chur ar dhuine maidir leis an teanga náisiúnta

9F. Ní fhéadfaidh aon chomhlacht poiblí nó eintiteas atá maoinithe go páirteach nó go hiomlán ag comhlacht poiblí, lena n-áirítear daoine atá fostaithe ag comhlacht nó eintiteas den sórt sin, le linn dóibh a gcuid dualgas a chomhlíonadh ar son an chomhlachta nó an eintitis, a mholadh do dhuine gan an teanga náisiúnta a fhoghlaim, ná a rá leis nó léi nach mbainfeadh sé nó sí tairbhe aisti, nó nach mbeadh sé ar a chumas nó ar a cumas inniúlacht a bhaint amach inti.”.

Leasú simplí atá anseo nach gcuireann aon chostas ar an Stát agus nach gcuireann dualgas ar aon chomhlacht poiblí aon rud a dhéanamh. Ní chuireann sé orthu ach gan rud a dhéanamh. Is é sin nár chóir d'aon chomhlacht nó eintiteas atá maoinithe ag an Stát a mholadh do dhuine gan Ghaeilge a fhoghlaim nó a chur in iúl do dhuine nach mbainfeadh siad tairbhe aisti nó nach mbeadh sé ar a chumas nó ar a cumas ag an duine sin inniúlacht sa Ghaeilge a bhaint amach. Tá prionsabal bunúsach ag baint leis seo; is é sin nach dtugann an Stát maoiniú d'aon eagras chun daoine a dhíspreagadh ón teanga náisiúnta a fhoghlaim agus iad ag obair don Stát.

Cuimsíonn sé seo scoileanna. Níor chóir do scoileanna nó do mhúinteoirí a íoctar ag an Stát a ról a úsáid chun páistí a mholadh gan Ghaeilge a fhoghlaim nó misneach an pháiste sa teanga a scrios. Is iarracht é seo chun dul i ngleic le fás na díolúine atá feicthe againn leis na blianta. Ní chuireann sé seo aon bhac ar scoil díolúine a thabhairt do mhac léinn ar bith ach ní bheadh cead ag an scoil é sin a mholadh nó a thairiscint mar a dhéantar go minic faoi láthair. Bheadh ar an mac léinn nó an teaghlach é sin a lorg as a stuaim féin. Is léir ó thaighde Pádraig Ó Duibhir, a labhair le Comhchoiste na Gaeilge, na Gaeltachta agus Phobal Labhartha na Gaeilge cúpla mí ó shin, nach bhfuil bunús eolaíoch ag baint le díolúintí teanga. Feictear go bhfuil formhór na ndaltaí a fhaigheann díolúine ón nGaeilge fós ag déanamh staidéar ar an bhFraincis nó ar an nGearmáinis, rud a dhéanann mugadh magadh den chóras iomlán.

Ní ar mhaithe le cumas síceolaíochta an pháiste atá díolúintí á dhearbhú mar sin. I gcásanna ina bhfuil cumas nó míchumas an pháiste i gceist, ní ag múinteoir nó ag scoil atá an ról comhairle a thabhairt faoi sin ach ag síceolaithe saineolacha. Níl aon thaithí ag múinteoirí nó ag scoileanna ar mhíchumas a shonrú agus níl aon bhac ar mhac léinn nó ar theaghlach díolúine a lorg faoin leasú seo. Tá ráta na ndíolúintí imithe ó 2% sna 1990di go dtí 10% ó shin, rud a léiríonn fadhb. In áit rogha leisciúil a ghlacadh agus páistí a choimeád amach ó ranganna Gaeilge toisc nach fhileann siad don rang, caithfear an rang a dhéanamh níos uallaí agus rochtain ní b'fhearr ar an dteanga náisiúnta a chinntiú. Ba chóir go ndéanfadh ranganna Gaeilge freastal ar pháistí atá faoi mhíchumas nó a thagann as tíortha eile gan mórán taithí sa teanga agus is trua go bhfuil an Rialtas ag fáil réidh leis an mbunleibhéal san ardteistiméireacht de réir na sonraíochta T1 agus T2 molta ag an Roinn Oideachais. Caithfear stop a chur leis sin ar an bpointe.

Tá samplaí cloiste againn freisin de dhaoine ó mhionlaigh, ar nós páistí den lucht siúil agus díolúintí molta dóibh toisc aitheantas an pháiste, ar nós nach lán-chuid den náisiún iad. Caithfear stop a chur leis an chineál ciníochais sin i scoileanna agus in aon áit eile sa saol. Is le mionlaigh na tíre an Ghaeilge, mar aon le gach éinne eile sa tír agus ba chóir don reachtaíocht a chinntiú nach gcaithfear airgead an Stáit ar aon ní a chuireann i gcoinne na fairsingeachta sin.

Ní féidir liom glacadh leis an leasú seo mar go mbaineann sé le hábhar a thagann faoi scáth na Roinne Dlí agus Cirt. Titeann a leithéid de cheist faoin Acht um Chomhionannas Fostaíochta 1998 agus ní thagann sé faoi scóip an Bhille seo. Chomh maith leis sin, le himeacht ama táim ag súil le go mbeidh níos mó eagraíochtaí san earnáil phríobháideach faoi raon feidhme an Achta toisc go bhfuil seirbhís poiblí á sholáthar acu faoi chonradh. Bheadh sé ríthábhachtach go mbeadh an tseirbhís sin ar fáil i nGaeilge. Beidh buntáiste faoi leith ag dul do na heagraíochtaí seo; beidh seirbhís dhátheangach nó ilteangach acu agus is ábhar dearfach sin a d'fhéadfadh siad a lua sna meáin shóisialta nó in ábhar margaíochta chun tuilleadh custaiméirí a mhealladh ina dtreo.

Ar mhaith leis an Seanadóir an leasú a bhrú?

Cuireadh an leasú agus faisnéiseadh go rabhthas tar éis diúltú do.

Tairgim leasú Uimh. 20:

I leathanach 17, idir línte 15 agus 16, an méid seo a leanas a chur isteach:

“Caighdeáin teanga sa tsainfháil phoiblí

9F. I gcás go ngabhfaidh comhlacht poiblí do phróiseas sainfhála poiblí lena bhféachfaidh an comhlacht poiblí le conradh a dhámhachtain as seirbhís phoiblí a sholáthar, ní foláir don chomhlacht poiblí sin a chinntiú go ndéanfar breithniú cuí ar chumas an pháirtí faoi chonradh na caighdeáin teanga do sheirbhísí pobal-inrochtana a leagtar amach in Alt 9E a chomhlíonadh, agus go dtabharfar ualú cuí don chéanna.”.

Ar an drochuair níl mo chuid Ghaeilge an-láidir. Mar sin, bheadh sé níos fearr má labhróinn i mBéarla. Given the high quality of Irish in the debate so far I have lost my nerve to try to speak in Irish but I will do so another time. My amendment is complementary to section 9E on public-facing services. I have had a lot of debate in these Houses previously on the public duty on equality and human rights and a lot of work has been done in that regard to establish that when a duty sits on a public body, it is important that this duty is carried through into the procurement process and into situations where the service might not be delivered directly but is being procured and delivered on behalf of a public body. For example, the public duty on equality and human rights has been established and my procurement Bill seeks to strengthen the reporting on this fact but it has been established by the Irish Human Rights and Equality Commission that the ultimate responsibility for a public duty being delivered sits on the public duty that does the procurement. In that regard I am proposing in this amendment to make sure that if a public body is procuring a public-facing service or contracting another body to deliver a public-facing service of the kind set out in section 9E: "where a person provides a public facing service on behalf of the public body", the body would address and provide the relevant language standards and that this will also be reflected in contracted services. With contracted services we need to ensure that in the request for design in the procurement process itself an: "appropriate consideration and weighting is given to the capacity of the contracted party to meet the language standards for public-facing services".

There is an important principle here that echoes what we know to be generally understood about other duties that sit on public bodies and services. There is also a practical matter and I have a sad example of where this does not happen, namely in the contracting out of regional employment services. There was a pilot for a request for tender earlier this year for employment services from the Department of Social Protection which did not include any weighting for capacity to deliver services in Irish. These are public-facing services and in many cases they provide services to vulnerable persons who may have been in long-term unemployment or who may be seeking training or employment supports. Not reflecting that when deciding who might deliver these services is a real gap but I know that a new request for tender is in preparation.

I am not talking about the Committee on the Irish Language, Gaeltacht and the Irish-speaking Community but the following example points to the same issue. The Committee on Social Protection, Rural and Community Development and the Islands has requested that the new requests for tender on employment services would not go out before December because it has a number of concerns with the process.

I will not talk about all the other concerns, but one of them is that it looks as though the new request, the contract for delivering employment services to the public, which is very much public-facing and will be covering places such as Galway, where Senator Kyne and I are from, as well as Connemara and the islands, will not have a weighting given to employment services or contracting parties that can show they are able and have the capacity to deliver those public-facing services around employment in Irish too, if that is the preferred language of a member of the public. That is a practical example of how this directly impacts Gaeltacht areas, although the right to be able to access a public-facing service in one's national language is not confined to Gaeltacht areas. However, it makes the issue of why this needs to be a weighting and a consideration more acute. Can the Minister of State clarify his interpretation of section 9E? Does it incorporate procurement? If not, I hope he would be amenable to considering accepting my amendment to insert a new section 9F, which would clearly specify that the provisions under section 9E include the procurement process and specifically spell out that appropriate consideration or weighting would be given to the capacity of a contracting service when deciding on whom to award a contract for public services.

Ar mhaith le haon Seanadóir eile focal a rá?

Gabhaim mo leithscéal. I am afraid I have to speak in English. I want to speak in support of the point made by Senator Higgins. I am extremely concerned about the Government's rush to privatise our job services. I have been contacted by people in Galway, Limerick and throughout the west, in particular. The Senator makes a valid point. Why not take advantage of this Bill in a constructive way to give a weighting to the Irish language? It is the right thing to do. It is also a means of protecting those jobs that otherwise will be thrown to one side early in the new year. I know concerns have been expressed in the Fianna Fáil Party about this process of privatising our services, but the point Senator Higgins makes is valid and I cannot think of any constructive reason the Minister of State would not accept this amendment. I ask him to do just that.

Senator Gavan is slightly outside the scope of the amendment, but I will leave that for the Minister of State to talk about. I take his point.

If Senator Gavan was outside the scope of the amendment, I am afraid I will be outside it as well, because I wish to respond to his point and that might not be allowed.

With regard to the privatisation of local employment services, to be quite clear, the advice the Minister has received from the current and previous Attorney Generals and the Chief State Solicitor's office was that under European law, these services had to go to tender. I appreciate there may be other advice, but that was the advice. There was no rush to privatisation. It was quite clear advice from the Attorney General and the Chief State Solicitor's office that we have to go to procurement for this.

Tá Sinn Féin sásta tacú go hiomlán leis an leasú seo. Rinne ár dTeachtaí Dála iarracht foráil mar seo a chur sa Bhille chun próiseas ceadúnaithe a bhain le cuideachtaí bainc, fóntais agus cumarsáide a chlúdach faoin Acht, ionas go mbeadh custaiméirí in ann cumarsáid trí Ghaeilge a dhéanamh leis na comhlachtaí sin agus seirbhísí a fháil trí Ghaeilge, ach níor ceadaíodh ár gcuid leasuithe. Is ábhar imní é go bhfuil príobháidiú déanta agus fós á dhéanamh ar a lán bunseirbhísí poiblí agus go ndéanann sé sin dochar do na cearta teanga atá ag Gaeilgeoirí i leith na seirbhísí sin freisin. Níl aitheantas sa reachtaíocht don ról atá ag rialtóirí poiblí ó thaobh na cearta sin a chinntiú. Luaigh baill den phobal linn an fhadhb atá ann i gcás an chrannchuir náisiúnta, mar shampla, agus ní bhaineann sé le líon na liathróidí atá ann. In 2003, bhí an crannchur náisiúnta luaite i Sceideal 1 den Acht agus mar sin, bhí daoine in ann cumarsáid a dhéanamh-----

I have seen the light. Nuair a bhí an crannchur náisiúnta luaite i Sceideal 1 den Acht, bhí daoine in ann cumarsáid a dhéanamh trí Ghaeilge leis an gcrannchur. Ó shin, tugadh conradh do chuideachta phríobháideach chun an crannchur a rith agus cuireadh an rialtóir sa Sceideal ina háit, ach is éard a tharla i ndáiríre ná go bhfuair an Rialtas réidh le cúraimí teanga an chrannchuir. I gcomhthéacs na díospóireachta faoin gcrannchur a bheith níos deacra anois toisc an iomarca liathróidí a bheith in úsáid, is trua nár pléadh go bhfuil cearta Gaeilgeoirí, chomh maith leis an seans bua a fháil, imithe in éag. Ar a laghad sa leasú seo atá molta ag an Seanadóir Higgins, cinnteofar go bhfuil sainfháil phoiblí clúdaithe agus go mbeidh caighdeán teanga san áireamh nuair a thugtar conradh d'aon chomhlacht dá réir.

I will not dwell on this amendment. I mentioned the local employment service as an example. To be absolutely factual, it is 100% the case that it does not have to go out to tender. There is very clear guidance within EU law, procurement law and the 2014 directive on that, but I will leave it aside. I want to make it clear that there is nothing in my amendment that is tied to that example. The amendment, very importantly, relates just to the principle. It is the same kind of principle that applies to the public duty on equality and human rights. When the Department of Transport was contracting out bus services and failed to account for disability access in those services, the negligence of duty was on the Department of Transport. We remember how that became a big issue because it was not reflecting its duties in that regard. I am trying to ensure that when public bodies and public-facing State services are contracting other parties to deliver public-facing services on their behalf, it is made very clear that there is a responsibility to ensure the rights of Irish speakers who want to be able to access such services in Irish are protected and reflected, much as the rights of persons with a disability were at stake in the other example,. It is very important there is a clear process to ensure that happens in any public-facing service for which the State is responsible, even one it has procured and is not directly providing.

Tacaím go huile is go hiomlán leis an méid atá á rá ag mo chomhghleacaithe anseo. Ní bheadh sé ciallmhar dá mbeadh dualgas ar an Stát leibhéal áirithe seirbhíse a sholáthar do lucht labhartha na Gaeilge ach go raibh saghas éalaithe agus cúlaithe i gceist toisc go raibh siad ag fáil na seirbhísí trí chonradh ó ghrúpa nó ó eagraíocht sheachtrach nach mbeadh an dualgas céanna orthu. Ní luíonn sé le ciall. Ba chóir go mbeadh an caighdeán céanna i gceist agus nach mbeadh bealach éalaithe ag aon eagraíocht Stáit ó chomhlíonadh a dhualgais trí sheirbhísí a fháil ó ghrúpaí lasmuigh nach mbeadh na dualgais chéanna orthu. Tá an leasú atá molta ag mo chomhghleacaí 100% loighciúil agus ba chóir go nglacfadh an tAire Stáit leis.

Gabhaim mo bhuíochas leis an Seanadóir as ucht an leasaithe seo a mholadh chuig an Teach. Tá seirbhísí pobal-inrochtana clúdaithe ag leasú a mhol mé agus a glacadh ar Chéim Thuarascála na Dála. Cinnteoidh an leasú sin gurb amhlaidh i gcás ina ndéanann comhlachtaí seirbhís a ngabhann teagmháil leis an bpobal léi a cheannach trí phróiseas soláthair phoiblí nó ar shlí eile, go mbeidh oibleagáidí áirithe teanga ar na soláthróirí seirbhísí a mhéid a bhaineann leis an tseirbhís is ábhartha don chonradh atá i gceist agus a mhéid sin amháin. Tá míniú ann freisin ar sheirbhís lena ngabhann teagmháil leis an bpobal. Is é sin a rá seirbhísí a sholáthraíonn tríú pháirtí don phobal i gcoitinne nó d'aicme den phobal i gcoitinne thar ceann chomhlacht poiblí. Cuirfidh sé seo go mór le feiceálacht na teanga in earnáil an ghnó, rud a bheidh tionchar aige ar úsáid na teanga i measc an phobail. Tá an fhoclaíocht sa Bhille mar atá sé sásúil mar sin, agus tá gach iarracht déanta ag an Rialtas a chinntiú go mbeidh an teanga á chosaint agus comhlacht poiblí ag dul i mbun phróiseas soláthair phoiblí. Ar an mbonn sin, ní bheidh mé ag glacadh leis an leasú seo.

Tá alt 9E(2) le feiceáil i mBéarla ach i nGaeilge, deir an t-alt, "ciallaíonn ‘seirbhís phobal-inrochtana’ seirbhís arna tairiscint nó arna soláthar ag duine seachas comhlacht poiblí, is cuma i gcomhair luach saothair nó nach ea, don phobal i gcoitinne nó d’aicme den phobal i gcoitinne thar ceann comhlacht poiblí." Mar sin, tá sé soiléir go bhfuilimid in ann é a dhéanamh má bhíonn an tseirbhís pobal-inrochtana ar cheann an Stáit.

I understand that the Minister is saying that it is already implied. Nonetheless, I will reserve the right to bring back an amendment on Report Stage. It is not just about the obligation being there but also the weighting. It is one thing to have the obligation there and it is another to have the mechanisms to ensure that it is given proper consideration, that it does not just pass on an assumed obligation within a contract but that proper weighting and consideration is given to the capacity of different contracting parties to deliver, and that it is thought through in terms of the quality of a service. The Minister of State will be aware that this is consistent with my engagement with other Departments in respect of quality procurement. One of the measures I have been pushing for in general in public procurement is that we give proper weighting to certain factors. We may have them in the technical qualifications for something but we need to actually give a weighting to quality of service. A quality of capacity to deliver as regards the Irish language is important.

I will withdraw the amendment at this point. It looks like the Minister of State may address the principle but the mechanism for the delivery of the principle may still merit refinement and I might bring something forward on Report Stage in respect of that.

Tarraingíodh siar an leasú faoi chead.
Aontaíodh alt 5.
ALT 6
Leasú an Rialtais Uimh. 21:
I leathanach 17, líne 17, “tríd an méid” a scriosadh agus “tríd an alt” a chur ina ionad.

Tá baint ag leasuithe Uimh. 21, 28 agus 33 le chéile agus pléifear le chéile iad.

Pléifidh mé leasuithe Uimh. 21, 28 agus 33 le chéile toisc go mbaineann siad leis an ábhar céanna. Is leasuithe de chuid an Rialtais iad na leasuithe seo ar fad.

Maidir le leasú Uimh. 21, is leasú riaracháin atá i gceist sa chás seo a d’eascair as Céim na Tuarascála sa Dáil. Táthar ag iarraidh an téacs a leasú ó “tríd an méid” go dtí “tríd an alt” ionas go mbeidh an téacs comhionann leis an téacs Béarla sa Bhille, a deir “of the following section”.

Is leasú riaracháin atá i leasú Uimh. 28, a d’eascair as Céim na Tuarascála sa Dáil. Táthar ag iarraidh an téacs a leasú agus an focal “ná” a chur isteach ionas go mbeidh an téacs comhionann leis an téacs Béarla, a deir “not later than 30 June”.

Maidir le leasú Uimh. 33, is leasú riaracháin atá i gceist a d’eascair as Céim na Tuarascála sa Dáil. Táthar ag iarraidh an téacs a leasú ó “Choiste Chomhairligh” go dtí “Choiste Logainmneacha”. In alt 31B(7) den phríomh-Acht, déantar tagairt don choiste chomhairligh seachas don choiste logainmneacha. Tá leasú de dhíth ionas go mbeidh an téacs comhionann leis an téacs Béarla. Molaim na leasuithe seo don Teach.

Aontaíodh an leasú.

Tairgim leasú Uimh. 22:

I leathanach 17, líne 22, “d'aon fhógraíocht arna déanamh ag an gcomhlacht” a scriosadh agus “d'aon bhuiséad fógraíochta a úsáidfidh an comhlacht” a chur ina ionad.

Seo arís smaoineamh ó Chonradh na Gaeilge. Tá an leasú seo ag iarraidh cinntiú go mbeidh 5% de bhuiséad fógartha comhlachta caite ar fhógraíocht ar na meáin Ghaeilge. Seachas 5% amháin a rá, déanann sé ciall an fhoclaíocht “d'aon bhuiséad fógraíochta” a úsáid, chun a bheith cinnte go mbeidh airgead mór i gceist chun an Ghaeilge a bhrú chun cinn ó thaobh fógraíochta.

Mar atá ráite ag an Seanadóir Kyne cheana féin, seo leasú simplí ó Chonradh na Gaeilge chun an fhoclaíocht sa Bhille a shoiléiriú. Is de bharr feachtasaíochta ó Chonradh na Gaeilge, lenar ghlac gach páirtí, go bhfuil an fhoráil sa Bhille faoi 5% d’fhógraíocht comhlachta phoiblí a chur sna meáin Ghaeilge. Is maith an rud é go bhfuil sé sin ann ach tá sé tugtha faoi deara ag Conradh na Gaeilge nach bhfuil sé seo soiléir. Cad is brí le 5% d’aon fhógraíocht? An sin 5% de líon na bhfógraí, 5% d’achar na bhfógraí foilsithe i gcló nó 5% den am fógraíochta ar an teilifís nó an raidió? Tá sé róchasta agus is léir nach bhfuil sainmhíniú fiú ag an Aire Stáit go dtí seo. Rud a bheadh níos deise agus a chinnteodh maoiniú do na meáin Ghaeilge, mar a bhí ann fadó ó chomhlachtaí poiblí trí mhargaíocht iontu, ná dá sonródh an reachtaíocht 5% "d’aon bhuiséad fógraíochta".

Gabhaim buíochas leis na Seanadóirí as ucht an leasú seo a mholadh don Teach. Sílim go bhféadfadh fiúntas a bheith leis an leasú seo le cinntiú go mbeidh 5% de bhuiséad fógraíochta comhlachta á chaitheamh ar na meáin Ghaeilge. Tar éis comhairle dlí a fháil ina leith, táim ag súil le mo leasú féin a thabhairt ar aghaidh ar Chéim na Tuarascála. Ar an mbonn sin, b’fhéidir go mbeadh na Seanadóirí sásta an leasú seo a tharraingt siar.

Teastaíonn uaim tacú leis an moladh seo. Mar a dúirt mo chomhghleacaí, ní bheidh sé soiléir céard is brí leis an bhforáil seo, nó céard gur chóir go mba bhrí leis, muna ndéantar leasú den sórt seo. Cén chaoi ar féidir tomhais céard go díreach atá á dhéanamh muna bhfuil sé soiléir gur ceist airgid atá ann i ndáiríre? Tá sé tábhachtach go mbeadh 5% den chaiteachas ann don earnáil meáin chumarsáide Gaeilge agus sin an t-aon rud dáiríre gur fiú leis. Táim ag siúl le leasú an Aire Stáit a fheiceáil ar an gcéad Chéim eile agus glacaim leis go mbeidh gach duine sásta ina dhiaidh.

Tá mé sásta go mbeidh an tAire Stáit ag teacht ar ais chugainn ar an gcéad Chéim eile agus tá mé sásta an leasú a tharraingt siar mar sin.

Tarraingíodh siar an leasú faoi chead.
Aontaíodh alt 6, mar a leasaíodh.
Aontaíodh alt 7.
ALT 8

Tairgim leasú Uimh. 23:

I leathanach 19, idir línte 29 agus 30, an méid seo a leanas a chur isteach:

“(5) Beidh an tAire agus an tAire Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe freagrach do Thithe an Oireachtais as feidhmiú agus obair an Choiste Chomhairligh.”.

Is éard atá i gceist anseo ná go mbeadh ar an Aire Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe - níl mé ag caint faoin Aire atá ann faoi láthair nó ag ainmniú aon duine ach ag caint faoi ról an Aire - ceisteanna Dála a fhreagairt faoin gcoiste chomhairligh maidir le cúrsaí earcaíochta. An faitíos atá orm ná go mbeidh an tAire sásta aon cheist a fhágáil faoin gcoiste chomhairligh agus cúrsaí earcaíochta laistigh den choiste chomhairligh a fhágáil don Aire Gaeltachta. Tá sé tábhachtach go mbeadh ról láidir agus lárnach ag an Aire Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe san earcaíocht agus go mbeadh an coiste seo ag feidhmiú go héifeachtach. Bíonn chuile Aire an-ghnóthach, go mór mór na hAirí sinsearacha cosúil leis an Aire Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe, maidir leis an mbuiséad agus chuile rud eile. An faitíos atá orm ná go mbeadh sé nó sí sásta rudaí maidir leis an gcoiste chomhairligh, agus an ról tábhachtach atá ag an gcóras earcaíochta mar atá leagtha amach sa Bhille seo a fhágáil don Aire Gaeltachta agus a rá gur rud é sin don Ghaeilge, ní dó nó di féin nó don Roinn Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe.

Cruthaíonn sé fadhbanna muna bhfuil an tAire Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe sásta an ról lárnach atá ag an nGaeilge agus ag an gcoiste comhairleach a phlé agus muna bhfuil tuiscint aige nó aici ar an tábhacht a bhaineann leis a bheith ag casadh leis na feidhmeannaigh sa Roinn faoin dul chun cinn atá á dhéanamh, faoin gcéatadán den 20% atá bainte amach agus faoi rudaí mar sin. Táimid ag iarraidh a chinntiú sa leasú seo go mbeadh an tAire ar an eolas agus go mbeadh suim aige nó aici ann toisc go mbeadh sé nó sí freagrach don Dáil as an gcoiste comhairleach seo.

Tacaíonn Sinn Féin go huile is go hiomlán leis an leasú seo ón Seanadóir Kyne. Tá dainséar ann nach mbeidh sa choiste comhairleach ach quango nó talking shop eile gan freagracht a bheith ar Aire nó Airí as an obair atá de dhíth ar an gcoiste a dhéanamh. Is maith an rud é freisin nach bhfuil an dualgas á fhágáil ag an Seanadóir Kyne go hiomlán ar an Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán ach go bhfuil aitheantas anseo go bhfuil an Roinn Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe freagrach freisin as feidhmiú an choiste comhairlí seo atá le plean a chur le chéile don státseirbhís iomlán. D'fhéadfadh an státseirbhís neamhaird a thabhairt ar phlean ón Aire Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán ach tá ról díreach ag an Aire Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe i gceannas ar an státseirbhís. Caithfidh an dá Aire a bheith freagrach as athghéilleadh an Stáit nó ar a laghad as cur chun cinn na Gaeilge agus baint amach na spriocanna don Ghaeilge sa státseirbhís. Mar sin, tá an leasú seo riachtanach chun a chinntiú go mbeadh fiúntas ag baint le hobair an choiste comhairlí.

Gabhaim buíochas leis an Seanadóir Kyne as leasú Uimh. 23 a mholadh ach ní bheidh mé ag glacadh leis. Beidh suíochán ag oifigigh de chuid na Roinne Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe ar an gcoiste comhairleach agus táim muiníneach go mbeidh siad in ann tuairisciú ar ais chuig an Aire maidir leis an obair sin. Chomh maith leis sin beidh an coiste ag tuairisciú chuig an Rialtas maidir leis an dul chun cinn a dhéantar faoi chuideachta ailt 18F(4) den Bhille mar a sheasann sé faoi láthair. Tá dualgas ar an Aire san alt sin cóip de thuarascáil reatha an choiste comhairlí agus cóip den tuarascáil faireacháin a leagan faoi bhráid Thithe an Oireachtais. Tá an Rialtas tiomanta chun an Bille seo a chur chun cinn. Gheall muid anuraidh go dtabharfadh muid Bille níos láidre chun cinn, rud atá á dhéanamh againn. Tá córas faireacháin den scoth beartaithe agam leis an méid atá sa Bhille cheana a bhaint amach. Ar an mbonn sin ní bheidh mé ag glacadh leis an leasú seo.

Tá díomá orm leis an bhfreagra sin. Tá sé ráite go minic agamsa go bhfuil an próiseas earcaíochta ag croílár an Bhille seo agus go bhfuil an tAire Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe ag croílár na hoibre sin. Má táimid chun na spriocanna atá leagtha amach a bhaint amach, ar nós an céatadán de 20% a bheidh earcaithe a bheith líofa sa Ghaeilge agus a bheith in ann Gaeilge a úsáid sa tSeirbhís Phoiblí roimh 2030, caithfear ról lárnach a bheith ag an Aire Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe. Caithfidh sé nó sí a bheith in ann ceisteanna a fhreagairt faoin gcoiste comhairleach, faoi cén chaoi a bhfuil an céatadán ag oibriú, faoi cúrsaí a bheith ag dul sa treo ceart nó gan a bheith ag dul sa treo ceart agus rudaí eile mar sin.

Tá díomá orm faoi fhreagra an Aire Stáit ansin. An bhféadfadh sé breathnú ar fhoclaíocht maidir leis an Aire don chéad Chéim eile? Níl mé ag rá gur cheart go mbeadh an tAire os comhair na Dála chuile sheachtain nó chuile mhí chun cúrsaí mar seo a phlé, ach mar a dúirt mé tá faitíos orm nach mbeidh aon Aire Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe sa todhchaí ag freagairt ceisteanna faoin gcoiste comhairleach ach go mbeidh sé nó sí ag fágáil an choiste faoi Aire nó Aire Stáit eile. An bhféadfadh an tAire Stáit smaoineamh air seo sa tréimhse roimh an gcéad Chéim eile agus b'fhéidir teacht suas le foclaíocht chun é a láidriú?

Tá cur i bhfeidhm an phlean náisiúnta mar sprioc den straitéis atá ann don státseirbhís do 2030, rud a léiríonn tacaíocht an Aire Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe agus an Rialtais don togra seo. Is ag mo Roinn atá an saineolas maidir le cúrsaí teanga agus beimid ag obair as lámha a chéile chun na spriocanna sa Bhille a bhaint amach. Tá an Rialtas freagrach do Thithe an Oireachtais chun an plean seo a chur i bhfeidhm. Níl Aire amháin nó Aire eile freagrach as ach tá an Rialtas freagrach as an mBille, an struchtúr nua agus an plean náisiúnta a chur i bhfeidhm. Tá sé mar an gcéanna le haon phlean eile mar sin níl aon Aire amháin freagrach as an bpróiseas seo. Beidh an tAire Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe an-tábhachtach tríd an bpróiseas agus beidh sprioc earcaíochta ann nuair a bheidh an Bille seo achtaithe. Beimid ag obair le chéile chun na straitéise agus an phlean nua a chur i bhfeidhm.

Tá a fhios agam go mbeidh an Rialtas freagrach as an gcoiste comhairleach as ucht an céatadáin ach an rud a tharlaíonn go minic ná go bhfágann an Rialtas sprioc faoi Aire amháin, agus faoi láthair fágtar chuile rud faoin Aire Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán. Sin an faitíos atá orm. Níl an tAire Stáit chun glacadh leis an leasú mar sin tá mé chun é a tharraingt siar. Níl mé sásta é a tharraingt siar ach tá mé chun an méid sin a dhéanamh. Impím arís ar an Aire Stáit smaoineamh air seo idir seo agus an chéad Chéim eile.

Tarraingíodh siar an leasú faoi chead.

Tairgim leasú Uimh. 24:

I leathanach 21, idir línte 17 agus 18, an méid seo a leanas a chur isteach:

“(4) Aon chomhaltaí a cheapfar faoi alt 18B(3)(a), (b) agus (c), beidh siad ag grád Príomhoifigigh Cúnta, ar a laghad, laistigh de struchtúr gráid na státseirbhíse.”.

Táimid ag caint arís faoi thaithí. Mar a leagtar amach in alt 18B(3)(a), (b) agus (c), beidh comhaltaí ainmnithe ag an Aire Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán,beidh comhaltaí eile ainmnithe mar ionadaí na Roinne Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe, agus beidh comhalta eile ainmnithe ag an tSeirbhís um Cheapacháin Phoiblí. Níl sé scríofa cén leibhéal sa státseirbhís a bheas na hionadaithe seo nó cén sórt taithí a bheas acu. An imní atá orm ná go mbeidh feidhmeannaigh nuacháilithe ainmnithe ag na Ranna éagsúla seachas daoine ag leibhéal sinsearach le taithí san ábhar a bheidh á phlé acu. Teastaítear go mbeidh leithéidí an Ard-Rúnaí sásta éisteacht leo agus na rudaí a thagann ar ais uathu a thógáil san áireamh. Ag cén leibhéal a bheidh na daoine a bheas ainmnithe tríd alt 18B(3)(a), (b) agus (c)? Dhéanfadh sé ciall go mbeadh siad ag leibhéal níos airde ná mar atá leagtha amach ansin.

Mar is eol don Aire Stáit, pléadh go mion sa Dáil cé ar chóir a bheith ar an gcoiste comhairleach seo, agus bhí Teachtaí as gach páirtí ag lorg go mbeadh níos mó daoine neamhspleácha ó lasmuigh den státseirbhís ann agus go mbeadh gnáthphróiseas na Seirbhíse um Cheapacháin Phoiblí in úsáid chun ionadaithe a roghnú. Dhiúltaigh an tAire Stáit do na moltaí sin, ach é sin ráite, tá dainséar ann dá nglacfar leis an leasú seo go mbeidh daoine sinsearacha in áit daoine saineolaithe nó daoine le suim acu i gcur chun cinn na seirbhísí Gaeilge ceaptha ar an gcoiste. Ní gá go mbeadh príomhoifigigh cúnta amháin oiriúnach chun ionadaíocht a dhéanamh ar an gcoiste agus tá gach seans ann go mbeadh príomhoifigeach cúnta frith-Ghaelacha gan Gaeilge ann fiú nár chóir a chur ar an gcoiste toisc go gcuirfeadh sé nó sí i gcoinne dul chun cinn. I gcomhlachtaí poiblí féin ba chóir go mbeadh daoine sinsearacha freagrach as cur i bhfeidhm na spriocanna teanga ach ba chóir don Seanadóir Kyne a mhíniú, munar mhiste leis, cén fáth ar chóir d'ionadaithe anseo a bheith sinsearach freisin in áit daoine cáilithe, in áit saineolaithe agus daoine atá báúil don Ghaeilge.

Táim buíoch don Seanadóir Kyne as ucht an leasaithe seo ach ní bheidh mé ag glacadh leis. Ní bheidh mé ag lua go sonrach sa reachtaíocht gur duine ag grád príomhoifigigh cúnta a bheidh ceaptha sa ról atá luaite ag an gcoiste comhairleach mar nach mbeadh sé cuí a leithéid a shonrú.

Is féidir liom a dheimhniú don Seanadóir, áfach, go ngnóthóidh mé air sin agus comhaltas an choiste chomhairligh á chur le chéile. Beidh mé ag lorg ionadaíocht shinsearach ó na Ranna agus eagraíochtaí éagsúla.

Gabhaim buíochas as sin. Ní raibh mé ag súil go nglacfadh an tAire Stáit leis an leasú. Táim sásta é a tharraingt siar. Bhí mé ag iarraidh a chur isteach sa reachtaíocht go mbeadh daoine ann le taithí ag leibhéal sinsearach go leor ionas go mbeadh an tAire Stáit agus feidhmeannaigh shinsearacha sásta rudaí mar seo a phlé leo agus a bheith dáiríre faoi na rudaí a bheadh á rá acu. Is é sin a bhí mé ag smaoineamh air ach, mar a dúirt mé, táim sásta an leasú a tharraingt siar. Mar a luaigh mé, níl a fhios agam an mbeidh Gaeilge ag chuile dhuine ar an gcoiste seo nó an bhfeidhmeoidh sé trí mheán na Gaeilge. Níl a fhios agam an bhfuil sé sin deimhnithe. Bíonn sé deacair uaireanta, mar atá a fhios againn. Is é sin an fáth go bhfuilimid anseo agus ag déileáil leis na rudaí seo. Bíonn sé deacair daoine le Gaeilge a fháil. Is ceann de na ceisteanna é sin. Mar a dúirt mé, táim sásta an leasú a tharraingt siar.

Tarraingíodh siar an leasú faoi chead.

Tairgim leasú Uimh. 25:

I leathanach 25, líne 14, “gach 5 bliana tar éis an lae bunaithe” a scriosadh agus “bliain amháin tar éis an lae bunaithe agus gach 3 bliana ina dhiaidh sin” a chur ina ionad.

Tá eolas fíorthábhachtach i gceist anseo i gcomhthéacs na hoibre a bheidh an coiste comhairleach á déanamh. Sa leasú seo, molaim go mbeidh “gach 5 bliana tar éis an lae bunaithe” scriosta amach agus “bliain amháin tar éis an lae bunaithe agus gach 3 bliana ina dhiaidh sin” curtha ina áit. Ciallaíonn sé sin go mbeidh eolas againn ag tús an phróisis, trí bliana ina dhiaidh agus arís trí bliana ina dhiaidh sin. Déanann sé sin ciall mar, dá mbeadh an t-eolas sin againn, bheadh a fhios againn conas mar atáimid ag dul. Is ceann de na fadhbanna atá ann nuair atáimid ag déileáil leis an daonáireamh ná nach bhfuil daonáireamh ann ach gach cúig bliana, nó sé bliana sa chás seo. Ní bhíonn an t-eolas go léir againn faoi conas mar atá rudaí ag dul ó thaobh na teanga. Táimid ag iarraidh céatadán de 20% a bhaint amach faoi 2030. Mar sin, tá sé tábhachtach go mbeadh eolas againn ag tús an phróisis, trí bliana ina dhiaidh agus araile.

Tá cúpla focal gairid le rá agam sula dtagann an tAire Stáit isteach. Tacaíonn Sinn Féin leis an leasú seo. Déanann sé ciall monatóireacht níos leanúnaí a dhéanamh chun go mbeidh taighde úr ar fáil don choiste comhairleach agus do pholaiteoirí go rialta faoi dhul chun cinn na bpolasaithe seo chun pleananna a athrú dá bharr.

Táim buíoch don Seanadóir as ucht an leasú seo. Is leasú de chuid an Rialtais a bhí san alt seo. Sílim go bhfuil an fhoclaíocht atá ann sásúil mar atá. Bunófar coiste reachtúil, an coiste comhairleach um sheirbhísí Gaeilge. Leagtar amach téarmaí maidir lena chomhaltas, lena fheidhmeanna agus lena nósanna imeachta tuairisce. Fágann bunú an choiste chomhairligh go gcuirfear leis an gcaidreamh oibre a bhí ann cheana idir mo Roinn, an Roinn Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe agus an tSeirbhís um Cheapacháin Phoiblí. Áirítear leis freisin sprioc an Rialtais chun an líon cainteoirí Gaeilge a earcófar chuig comhlachtaí poiblí a mhéadú go 20%, a fhágfaidh go dtiocfaidh méadú ar an gcumas a bheidh ag comhlachtaí poiblí seirbhís a sholáthar i nGaeilge do chainteoirí Gaeilge agus pobail Ghaeltachta.

Mar is eol don Teach, tá sé i gceist coiste reachtúil, an coiste comhairleach um sheirbhísí Gaeilge, a bhunú chun tacú leis an obair seo. Leagtar amach feidhmeanna an choiste chomhairligh sa Bhille, lena n-áirítear plean náisiúnta a fhoilsiú ar mhaithe le soláthar seirbhísí poiblí trí mheán na Gaeilge a mhéadú. Anuas air sin, tá mo Roinn ag féachaint le cinntiú go mbeidh formhaoirsiú níos fearr ann tríd an gcoiste comhairleach um sheirbhísí Gaeilge a thabhairt isteach agus trí aonad tiomnaithe a bhunú laistigh den Roinn a chuirfidh i ngníomh na beartais ar a bhfuil an tAcht chun tosaigh. Beidh cur chuige níos dinimiciúla ann mar thoradh ar an mbeart seo maidir le líon na gcainteoirí Gaeilge agus na seirbhísí Gaeilge san earnáil phoiblí a mhéadú.

Rinne mé tagairt don phlean náisiúnta níos túisce. Faoin bplean sin, déanfar taighde chun bunlíne a bhunú. Beidh staidéir bhreise ann chun gur féidir linn monatóireacht a dhéanamh ar an dul chun cinn le himeacht ama. Tá seans ann nach mbeidh dul chun cinn le feiceáil i dtréimhse ghearr ama áfach. Is togra fadtéarmach é seo agus beidh dul chun cinn le feiceáil sna staidéir a bheidh déanta síos an bhóthair. Ar an mbonn sin, ní bheidh mé ag glacadh leis an leasú seo.

Tá díomá orm nach bhfuil an tAire Stáit ag glacadh leis seo. Déanann sé ciall. Níl ann ach rud a chinnteodh go mbeadh níos mó eolais againn faoi conas mar atá rudaí ag dul agus go mbeadh monatóireacht níos fearr ar fáil. Tar éis cúig bliana, beidh leath an ama idir seo agus 2030 imithe. Is ceann de na fadhbanna é seo. Mar a dúirt mé, beidh sé cosúil leis an daonáireamh. Imeoidh cúig nó sé bliana agus ansin beidh orainn déileáil leis na rudaí a thiteann amach ó na figiúirí. Níl an tAire Stáit chun glacadh leis so táim sásta an leasú a tharraingt siar. Tá súil agam go bhféadfadh sé breathnú arís air agus, má dhéanann sé ciall, an fhoclaíocht seo nó foclaíocht cosúil leis seo a chur isteach ar an gcéad Chéim eile.

Tarraingíodh siar an leasú faoi chead.
Níor tairgeadh leasú Uimh. 26.

Tairgim leasú Uimh. 27:

I leathanach 27, línte 34 go 38 a scriosadh agus an méid seo a leanas a chur ina n-ionad:

“(b) an dáta a shonrú faoina ndéanfar na seirbhísí go léir arna soláthar ag comhlacht poiblí nó ag aicme comhlachtaí poiblí do Limistéar Pleanála Teanga Gaeltachta a sholáthar trí mheán na Gaeilge agus féadfar dátaí éagsúla a shonrú i leith Limistéir Pleanála Teanga Ghaeltachta éagsúla, ach ní bheidh an dáta níos déanaí ná an 31 Nollaig 2030.”.

Arís, is leasú é seo a bhfuilim sásta é a tháinig siar. Tháinig sé ó Chonradh na Gaeilge. Molann sé go sonrófar spriocdháta a mbeidh seirbhísí ó gach comhlacht poiblí curtha ar fáil do na limistéir phleanála teanga Gaeltachta as Gaeilge roimhe. Arís, déanann sé sin ciall. Bheadh an t-athrú sin ar leathanach 27.

Tuigim cinneadh an Chathaoirligh agus tá ardmheas agam air ach níl clú dá laghad agam cén dóigh a bhfuil leasú Uimh. 26 as ord. Ar aon nós, is scéal eile é sin. Maidir le leasú Uimh. 27, tá baol ann faoi láthair nach gcuirfear i bhfeidhm an dualgas ar chomhlachtaí poiblí freastal ar phobal na Gaeltachta ina dteanga féin go deo. Tuigtear go bhfuil gá le spriocdhátaí éagsúla le haghaidh comhlachtaí éagsúla ach ní cóir go mbeadh siad in ann éalú go deo na ndeor. Is é sin an fáth go bhfuil spriocdháta deiridh ag teastáil, mar atá molta ag Conradh na Gaeilge. Tá go leor ama againn roimh 2030. Más féidir córas i leith an 20% de nua-earcaithe a chur i bhfeidhm faoin am sin, mar atá beartaithe ag an Aire Stáit, ba chóir go bhféadfaí seirbhísí Gaeilge a sholáthar sa Ghaeltacht faoin am sin freisin.

Tá sé thar a bheith náireach nach mbeidh siad á soláthar fiú 100 bliain tar éis é a bheith molta ag Coimisiún na Gaeltachta in 1926 agus geallta ag an Stát seo go gcuirfí bunsheirbhísí ar fáil trí Ghaeilge sa Ghaeltacht. Thuig an Stát chomh fada siar sin go ndéanfadh seirbhísí i mBéarla amháin daoine a iompú ar an mBéarla ach níor leasaíodh an fhadhb riamh. Tá An Garda Síochána ag briseadh an dlí toisc a laghad gardaí le Gaeilge atá aige sa Ghaeltacht. Ní fheileann teiripeoirí urlabhra gan Ghaeilge do pháistí gan Bhéarla. Tá sé cloiste againn go bhfuil seandaoine fágtha i dtithe altranais Gaeltachta gan comhluadar ina dteanga féin. Is iad seo na bunrudaí. Ní mór don Rialtas iad a réiteach sula bhfuil an Ghaeltacht Béarlaithe go hiomlán.

Is é seo an t-aon éileamh a bhí ag oifigigh phleanála teanga na hÉireann agus b'fhéidir gurb é seo an t-éileamh is tábhachtaí ar an mBille seo.

Tacaím leis an moladh seo. Tá sé ciallmhar. Tá dul chun cinn á dhéanamh leis an mBille seo chomh fada agus a bhaineann sé le gach rud, i ndáiríre, agus chomh fada agus a bhaineann sé leis na spriocanna maidir le hearcaíocht don tseirbhís phoiblí, leis an bplean náisiúnta le bheith á mholadh agus gach rud mar sin. Ní féidir dul chun cinn a dhéanamh, áfach, mura bhfuil spriocdhátaí soiléire ann. Ní féidir dul chun cinn a dhéanamh má tá gealltanais ann ach mura bhfuil spriocdháta soiléir i gceist leo.

Léiríonn sé cé chomh ciallmhar agus atá an moladh seo, is é sin nach mbeadh an dáta cuí níos déanaí ná an 31 Nollaig 2030. Má amharcaimid ar mhíreanna 18E(a) agus 18E(b) anseo sa Bhille atá á leasú, níl leasú molta le 18E(a) toisc go mbaineann sé leis an nGaeilge a bheith mar theanga oibre sna hoifigí. Is é an fáth nach bhfuil moladh anseo le go mbeadh spriocdháta áirithe aige sin ná go bhféadfadh go dtiocfadh sé sin salach ar chearta daoine atá ag obair sna hoifigí seo cheana féin. Is cinnte, má tá daoine ann nach bhfuil in ann a chinntiú gurb í an Ghaeilge an teanga oibre sna hoifigí, d'fhéadfadh sé go dtiocfadh sé salach orthu siúd dá mbeadh a leithéid de spriocdháta ann.

Ní mar sin atá sé i gcás fhomhír (b) an leasaithe, mar is éard a bhfuilimid ag caint faoi ansin ná go mbeadh dáta socraithe faoina mbeadh gach seirbhís atá á soláthar ag eagraíocht phoiblí nó aicme eagraíochtaí poiblí laistigh de limistéir phleanála teanga Ghaeltachta curtha ar fáil trí mheán na Gaeilge agus gur féidir spriocdhátaí difriúla a bheith ann maidir leis na limistéir éagsúla. Tá sé ciallmhar go mbeadh spriocdháta ansin mar nach dtagann sé agus nach bhféadfadh sé teacht salach ar aon cheart oibre ná aon oibrí atá ann cheana féin. Tá sé chomh lárnach sin. Is é seo croílár an Bhille, go pointe áirithe, go bhfuilimid ag caint ar sheirbhísí sa Ghaeltacht ag comhlachtaí agus eagraíochtaí poiblí a bheith curtha ar fáil trí mheán na Gaeilge. Tá sé chomh lárnach sin gur féidir leis an spriocdháta a bheith ann agus gur chóir go mbeadh sé ann. Tá an dualgas ar an Aire an dáta a aimsiú agus a fhógairt agus nach féidir leis a bheith níos déanaí ná an dáta sin i 2030. Tá sé ciallmhar ansin. Ní thagann sé salach ar aon cheart oibrithe sna comhlachtaí poiblí. Is é sin an fáth gur chóir glacadh leis an spriocdháta díreach sin.

Tá sé intuigthe go maith cén fáth nach bhfuil sé ann i gcás 18E(a), mar go bhféadfadh sé teacht salach ar chearta daoine atá ag obair sa tseirbhís phoiblí cheana féin, ach ní mar sin atá sé i gcás 18E(b). Mholfainn, mar sin, go nglacfaí leis an leasú seo.

Tá an iarracht déanta sa Bhille dul i ngleic le dhá mhórcheist: na scéimeanna teanga agus an earcaíocht sa tseirbhís phoiblí. Cuireadh córas na scéimeanna ar bun chun cur le líon agus caighdeán na seirbhíse trí Ghaeilge a bheadh á gcur ar fáil ag comhlachtaí poiblí don phobal. Tá próiseas daingnithe na scéimeanna dúshlánach ach tá dul chun cinn déanta ó thaobh seirbhísí de ó cuireadh na scéimeanna ar bun. Mar sin féin, tá sé aitheanta againn go raibh agus go bhfuil go leor deacrachtaí leis an gcóras.

Chuir an Coimisinéir Teanga fáilte roimh fhoilsiú an Bhille teanga ach, dar leis, bhí leasuithe ag teastáil chun bonn níos láidre a chur faoin Acht. Tá an Coimisinéir ag iarraidh go mbeidh bonn reachtúil faoi sholáthar seirbhísí poiblí trí Ghaeilge sa Ghaeltacht agus go n-aithneofaí sa reachtaíocht cearta teanga phobal na Gaeltachta. Moltar leis an alt seo go mbeidh gach oifigeach poiblí atá lonnaithe sa Ghaeltacht ag feidhmiú trí Ghaeilge agus go mbeidh dáta sonraithe ina leith. Chomh maith leis sin, beidh dualgas ar na heagraíochtaí Stáit freastal ar an éileamh ón phobal ar sheirbhísí trí Ghaeilge sa Ghaeltacht agus beidh dáta le leagan síos i leith an ghealltanais sin.

Déanfaidh an t-alt seo an difríocht do phobal na Gaeltachta chun seirbhís Stáit a fháil trí Ghaeilge. Bhí díospóireacht fhada againn ar Chéim an Choiste na Dála maidir le cúrsaí pleanála teanga agus limistéir Ghaeltachta. Déanfar taighde chun spriocdháta cuí a aimsiú chun seirbhís i nGaeilge a bheith ar fáil do limistéir phleanála Ghaeltachta agus foilseofar an dáta seo trí mhí tar éis fhoilsiú an phlean náisiúnta. Tá mé muiníneach go mbeidh an dáta roghnaithe i bhfad roimh an dáta a roghnaigh na Seanadóirí. Is mian liom an fhoclaíocht seo a choinneáil mar atá agus is ar an mbonn sin nach mbeidh mé ag glacadh leis an leasú seo. Is féidir liom a dheimhniú go mbeidh mé ag tabhairt leasaithe eile chun cinn ar Chéim na Tuarascála le cinntiú go mbeidh seirbhísí a dhéantar taobh amuigh den Ghaeltacht san áireamh sna seirbhísí a chuirtear ar fáil do phobal na Gaeltachta.

Mar gheall air sin, tá mé sásta an leasú a tharraingt siar.

Tarraingíodh siar an leasú faoi chead.
Leasú an Rialtais Uimh. 28:
I leathanach 29, líne 2, “nach déanaí an” a scriosadh agus “nach déanaí ná an” a chur ina ionad.
Cuireadh an leasú agus faisnéiseadh go rabhthas tar éis glacadh leis.
Aontaíodh alt 8 mar a leasaíodh
ALT 9

Tá baint ag leasuithe Uimh. 29 agus 30 le chéile agus pléifear le chéile iad.

Tairgim leasú Uimh. 29:

I leathanach 29, línte 27 go 43, leathanaigh 31 agus 33, agus i leathanach 35, línte 1 go 8 a scriosadh agus an méid seo a leanas a chur ina n-ionad:

“Caighdeáin a thabhairt isteach

19A. (1) Déanfar gach comhlacht poiblí a aicmiú i gceann amháin de thrí earnáil. Déanfar tríú páirtí, pearsa aonair nó comhlacht a sholáthraíonn seirbhísí thar ceann comhlacht poiblí a aicmiú san earnáil chéanna leis an gcomhlacht poiblí dá soláthraíonn sé na seirbhísí sin. I gcás go soláthraíonn tríú páirtí seirbhísí thar ceann níos mó ná comhlacht poiblí amháin, déanfar an tríú páirtí sin a aicmiú ar leithligh i leith na seirbhísí a sholáthraíonn sé do gach ceann de na comhlachtaí poiblí éagsúla.

(2) Is iad na trí earnáil Earnáil 1, Earnáil 2, agus Earnáil 3. Déanfaidh comhlachtaí poiblí agus tríú páirtithe a sholáthróidh aon seirbhísí thar ceann aon chomhlacht poiblí a aicmeofar in Earnáil 1 an caighdeán is airde a sholáthar ó thaobh seirbhísí poiblí a sholáthar in dhá theanga oifigiúla an Stáit. Déanfaidh comhlachtaí poiblí agus tríú páirtithe a sholáthróidh aon seirbhísí thar ceann aon chomhlacht poiblí a aicmeofar in Earnáil 2 caighdeán níos ísle a sholáthar ó thaobh seirbhísí poiblí a sholáthar in dhá theanga oifigiúla an Stáit. Déanfaidh comhlachtaí poiblí agus tríú páirtithe a sholáthróidh aon seirbhísí thar ceann aon chomhlacht poiblí a aicmeofar in Earnáil 3 an caighdeán is ísle a sholáthar ó thaobh seirbhísí poiblí a sholáthar in dhá theanga oifigiúla an Stáit.

(3) Déanfaidh comhlacht poiblí a aicmeofar in Earnáil 1 na seirbhísí go léir a sholáthróidh sé a sholáthar in dhá theanga oifigiúla an Stáit. Déanfaidh sé na seirbhísí sin a sholáthar ar comhchéim ó thaobh caighdeáin, inrochtaineachta, cáilíochta agus tráthúlachta, is cuma cén teanga oifigiúil ina mbeidh sé ag soláthar seirbhíse. Maidir le tríú páirtithe a sholáthraíonn seirbhísí thar ceann an chomhlachta phoiblí, soláthróidh siad na seirbhísí sin de réir na gcaighdeán céanna.

(4) Déanfaidh comhlacht poiblí a aicmeofar in Earnáil 2 líon comhaontaithe seirbhísí a sholáthar in dhá theanga oifigiúla an Stáit. Déanfaidh sé na seirbhísí sin a sholáthar de réir caighdeán comhaontaithe, ó thaobh inrochtaineachta, cáilíochta agus tráthúlachta. Maidir le tríú páirtithe a sholáthraíonn seirbhísí thar ceann an chomhlachta phoiblí, soláthróidh siad na seirbhísí sin de réir na gcaighdeán céanna.

(5) Déanfaidh comhlacht poiblí a aicmeofar in Earnáil 3 líon comhaontaithe seirbhísí a sholáthar in dhá theanga oifigiúla an Stáit. Déanfaidh sé na seirbhísí sin a sholáthar de réir caighdeán comhaontaithe, ó thaobh inrochtaineachta, cáilíochta agus tráthúlachta. Maidir le tríú páirtithe a sholáthraíonn seirbhísí thar ceann an chomhlachta phoiblí, soláthróidh siad na seirbhísí sin de réir na gcaighdeán céanna.

(6) Socróidh an Coimisinéir Teanga na caighdeáin fhoriomlána i leith gach ceann de na trí earnáil. Sannfaidh sé nó sí gach comhlacht poiblí d’earnáil áirithe tar éis dul i gcomhairle leis an gcomhlacht poiblí. Maidir le hEarnáil 2 agus le hEarnáil 3, beidh an chumhacht ag an gCoimisinéir Teanga chun comhaontú le hathrú ar na caighdeáin a chuirfear i bhfeidhm maidir le comhlachtaí poiblí éagsúla laistigh de na teorainneacha foriomlána a shocrófar do gach ceann de na hearnálacha sin.

(7) Maidir leis na comhlachtaí poiblí agus na tríú páirtithe a sholáthraíonn aon seirbhísí thar ceann aon chomhlacht poiblí a aicmeofar in Earnáil 2 nó a aicmeofar in Earnáil 3, ní fhanfaidh aon cheann díobh san Earnáil sin ar feadh tréimhse is faide ná 5 bliana. Aistreofar gach comhlacht poiblí agus tríú páirtí a sholáthraíonn aon seirbhísí thar ceann aon chomhlacht poiblí tar éis 5 bliana chuig Earnáil níos airde ionas go n-aicmeofar in Earnáil 1 é laistigh de 10 mbliana.

(8) Déanfaidh an Coimisinéir Teanga faireachán ar fheidhmíocht gach comhlachta phoiblí agus tríú páirtí a sholáthraíonn aon seirbhísí thar ceann aon chomhlacht poiblí de réir na gcaighdeán don Earnáil ina mbeidh an comhlacht poiblí sin nó an tríú páirtí sin aicmithe.

(9) Beidh na cúraimí seo a leanas ar an gCoimisinéir Teanga:

(a) an caighdeán seirbhíse i ngach Earnáil a shocrú;

(b) athbhreithniú a dhéanamh go rialta ar fheidhmíocht gach comhlachta phoiblí i ngach earnáil, agus má mhainníonn comhlacht poiblí an caighdeán sin a chomhlíonadh, tuarascáil a leagan faoi bhráid Thithe an Oireachtais ina leith;

(c) tacaíocht agus spreagadh a thabhairt do chomhlachtaí poiblí a bheidh ag féachaint le stádas Earnáil 1 a bhaint amach laistigh de 10 mbliana ar a mhéad.

(10) Beidh feidhm ag na caighdeáin agus ag na forálacha seo amhail ón 1 Eanáir 2025 d’ainneoin aon achtachán eile.”.

Labhróidh mé ar leasú Uimh. 29 ar dtús báire agus ar leasú Uimh. 30 díreach ina dhiaidh, má bhíonn sé in ord. Maidir le leasú Uimh. 29, is é seo an múnla a bhí molta ag Comhchoiste na Gaeilge, na Gaeltachta agus na nOileán in 2018 do na caighdeáin teanga nua atá molta. Is mór an trua go bhfuil an Bille seo beagnach achtaithe againn anois agus fós níl aon fháil againn ar dhréachtchaighdeán atá ceaptha a bheith mar bhunús don chóras nua iomlán ag teacht in áit na scéimeanna teanga. Tá sé aisteach fiú gur caighdeáin teanga atá tugtha orthu nuair atá caighdeán oifigiúil foilsithe ag an Oireachtas cheana féin faoi bhunrialacha gramadaí na Gaeilge. Rinne mo chomhghleacaithe Shinn Féin sa Dáil é sin a chur ina luí ar an Aire Stáit ach rinneadh neamhaird orthu.

Ar a laghad, sa chóras seo atá molta againn, tá creatlach leagtha amach. Bheadh comhlachtaí poiblí briste síos i dtrí earnáil ag brath ar cé chomh riachtanach agus atá seirbhísí Gaeilge uathu don phobal. Bheadh dul chun cinn i gceist ó earnáil íseal go hearnáil ard. Is é an Coimisinéir Teanga a bheadh freagrach as dualgais ag na caighdeáin éagsúla a shocrú, agus tá sé bunaithe ar an gcóras sa Bhreatain Bheag. Mura bhfuil bunchreatlach mar seo leagtha amach sa reachtaíocht, tá contúirt ann go mbeidh na fadhbanna céanna atá againn leis na scéimeanna anois ann leis na caighdeáin, go mbeidh ar an Aire gach comhlacht a fhorordú go haonarach, agus go mbeidh próiseas fadálach i gceist. Fiú mura bhfuil an tAire Stáit sásta glacadh leis seo, an bhfuil an caighdeán le feiceáil againn go fóill?

Maidir le leasú Uimh. 30, d'fhéadfaimis a rogha a chur isteach sa Bhille agus na forálacha teanga is deise agus is uaillmhianaí a riamh a chur isteach, ach gan fiacla taobh thiar de, ní fiú tráithníní iad. Toisc nach bhfuil aon phionós nó consequence ann nuair a sháraítear an reachtaíocht teanga, is minic gur chuma sa tsioc le comhlachtaí poiblí má tá tuarascáil eile foilsithe ag an gCoimisinéir Teanga fúthu.

Ní tharlaíonn aon rud faoi. Chuir coimisinéir teanga na Breataine Bige in iúl don chomhchoiste le déanaí go bhfuil tábhacht ag baint lena chuid cumhachtaí pionósacha in ainneoin nár úsáid sé riamh iad. Tá an bhagairt ann agus toisc sin, ní dhéanann comhlachtaí na dualgais teanga a shárú ar fhaitíos go n-úsáidfí iad. Tá foráil sa Bhille seo a thugann cead don Rialtas córas cúitimh a chur i bhfeidhm chun a chinntiú go n-íocfadh comhlachtaí cúiteamh le duine a sáraítear a chearta teanga ach níor baineadh úsáid as na forálacha sin riamh agus ní léir go bhfuil aon suim ag an Aire Stáit ann ach an oiread. Mar sin, táimid ag moladh go n-ullmhófaí tuarascáil laistigh de bhliain ó achtaíodh an fhoráil seo faoi na féidearthachtaí a bhainfeadh le córas fíneálacha a chur i bhfeidhm. Molaim leasuithe Uimh. 29 agus 30.

Baineann leasuithe Uimh. 29 agus 30 le chéile toisc go bhfuil siad ar an ábhar céanna. Tar éis dom féachaint ar leasú Uimh. 29 sa chomhthéacs seo, táim muiníneach go bhfuil an fhoclaíocht mar atá sé sásúil chun an bhrí atá i gceist a chur trasna. Sílim go bhféadfadh míthuiscint a bheith ann faoi céard atá beartaithe sa Bhille. Leagtar amach in ailt 19A(1) agus 19A(2) gur féidir aicmiú na gcomhlachtaí poiblí a dhéanamh. Go praiticiúil, is éard a bheadh i gceist anseo ná go mbeadh na caighdeáin teanga céanna leagtha síos d’aicme comhlachtaí poiblí, comhairlí contae nó institiúid thríú leibhéal, mar shampla. Is ar an mbonn sin a dhéanfar aicmiú. Baineann an focal “caighdeán” leis na caighdeáin féin. Dá bhrí sin ní bheidh mé ag glacadh leis an leasú seo.

Maidir le leasú Uimh. 30, mar a luaigh mé ag Céim na Tuarascála, tá sé fíorthábhachtach d'fheidhmiú éifeachtach na reachtaíochta seo go mbeadh discréid ag an Aire maidir le feidhmiú fhorálacha áirithe atá sonraithe sa Bhille. Is é príomhchuspóir an Bhille seo ná soláthar níos mó de sheirbhísí i nGaeilge a chur ar fáil ón tseirbhís phoiblí ar chaighdeán níos airde. Chuige sin, faoi alt 18A den Bhille tá coiste comhairleach um sheirbhísí Gaeilge le bunú. Mar atá pléite againn cheana, tá obair fhíorthábhachtach le déanamh ag an gcoiste comhairleach maidir le soláthar seirbhísí i nGaeilge agus maidir le cúrsaí earcaíochta. Beidh an coiste comhairleach gníomhach agus beidh ionadaíocht ag na hearnálacha éagsúla sa státchóras timpeall an bhoird. Táim ag súil go mbeidh an caidreamh eatarthu láidir agus go mbeidh cumarsáid rialta eatarthu freisin. Táim lán-chinnte go gcabhróidh sé seo na spriocanna a bhaint amach.

Mar is eol don Teach, leagtar amach feidhmeanna an Choimisinéara Teanga in alt 21 den Phríomh-Acht. I measc na príomhdhualgais atá ag an gCoimisinéir Teanga, tá monatóireacht le déanamh ar an gcaoi a bhfuil forálacha Acht na dTeangacha Oifigiúla á gcomhlíonadh ag comhlachtaí poiblí; imscrúduithe a sheoladh as a stuaim féin ar iarratas ón Aire nó mar thoradh ar ghearán a bheith déanta leis ag aon daoine i gcás ina gcreidtear go bhfuil teipthe ar chomhlachtaí poiblí a ndualgais a chomhlíonadh faoi Acht na dTeangacha Oifigiúla; tuarascáil a ullmhú faoi gach imscrúdú; comhairle a chur ar fáil don phobal maidir le neart na teanga faoi Acht na dTeangacha Oifigiúla; comhairle a chur ar fáil do chomhlachtaí poiblí maidir lena ndualgas teanga faoin Acht; agus tuarascáil bhliantúil faoi ábhair Oifig an Choimisinéara Teanga a sholáthar don Aire le cur os comhair Thithe an Oireachtais. Tá i gceist againn cur leo sin trí leasú a thabharfadh cumhacht don Choimisinéir Teanga faireachán a dhéanamh ar chomhlíonadh aon achtacháin a bhaineann le stádas nó úsáid teanga oifigiúla chomhlachtaí poiblí. Ní fheictear dom go bhfuil aon ghá fíneáil bhreise a thabhairt isteach. Ní raibh sé seo iarrtha ag an gCoimisinéir Teanga féin; mar sin níl i gceist agam glacadh leis an leasú seo.

Ar mhaith leis an Seanadóir leasú Uimh. 29 a bhrú?

Cuireadh an leasú agus faisnéiseadh go rabhthas tar éis diúltú dó.

Tairgim leasú Uimh. 30:

I leathanach 35, idir línte 20 agus 21, an méid seo a leanas a chur isteach:

“(3) Ullmhóidh agus eiseoidh an Coiste Comhairleach tuarascáil, tráth nach déanaí ná bliain amháin tar éis theacht i ngníomh an Achta seo, a bheidh bunaithe ar an gcuspóir comhlachtaí poiblí a spreagadh chun a gcuid dualgas teanga a chomhlíonadh, ina leagfaidh sé amach—

(a) moltaí sonracha i ndáil leis na féidearthachtaí a bhainfeadh le córas chun fíneálacha agus pionóis airgid a fhorchur ar chomhlachtaí poiblí a sháróidh na dualgais teanga a chuirfear orthu sna caighdeáin agus sa reachtaíocht,

(b) an ról is féidir a bheith ag an gCoimisinéir Teanga sa phróiseas faireacháin,

(c) modhanna inar féidir an t-airgead arna bhailiú de thairbhe fíneálacha a úsáid chun an Ghaeilge a chur chun cinn, agus

(d) amchlár féideartha chun an córas molta nó na córais mholta a chur i bhfeidhm.

(4) Cuirfidh an Coiste an tuarascáil faoi bhráid an Aire agus Thithe an Oireachtais a luaithe is féidir tar éis an dáta a eiseofar í.”

Cuireadh an leasú agus faisnéiseadh go rabhthas tar éis diúltú dó.
Aontaíodh alt 9.
ALT 10

Tairgim leasú Uimh. 31:

I leathanach 39, líne 22, an méid seo a leanas a chur isteach i ndiaidh “úsáid teanga oifigiúla,”.”:

“(2) Leasaítear alt 21 den Phríomh-Acht tríd an mír seo a leanas a chur isteach i ndiaidh mhír (b):

“(bb) gach beart riachtanach atá faoi réim a údaráis nó a húdaráis a dhéanamh chun a chinntiú go gcomhlíonfaidh comhlachtaí poiblí forálacha aon Achta eile a bhaineann le teanga oifigiúil a úsáid,”.

(3) Leasaítear alt 21 den Phríomh-Acht tríd an mír seo a leanas a chur isteach i ndiaidh mhír (d):

“(dd) comhairle nó cúnamh eile a sholáthar, de réir mar is cuí leis nó léi, don phobal maidir lena gcearta faoi fhorálacha aon Achta eile a bhaineann le teanga oifigiúil a úsáid,”.

(4) Leasaítear alt 21 den Phríomh-Acht tríd an mír seo a leanas a chur isteach i ndiaidh mhír (e):

“(ee) comhairle nó cúnamh eile a sholáthar, de réir mar is cuí leis nó léi, do chomhlachtaí poiblí maidir lena n-oibleagáidí faoi fhorálacha aon Achta eile a bhaineann le teanga oifigiúil a úsáid, agus”.”.

Déanann leasú Uimh. 31 iarracht botún an Aire Stáit a cheartú. Dúirt sé go raibh sé i gceist aige na cumhachtaí céanna a thabhairt don Choimisinéir Teanga maidir le hachtacháin eile agus atá aige de réir Acht 2003. Ní dhearna sé é sin áfach toisc nár bhac sé leis an gcumhacht fhaireacháin in alt 21(a) den Acht sin a leathnú go hachtacháin eile. De réir na foclaíochta sa Bhille seo, níl cead ag an gcoimisinéir beart a dhéanamh chun cinntiú go gcomhlíonfar forálacha in achtacháin eile; comhairle a thabhairt don phobal maidir lena gcearta faoi achtacháin eile; nó comhairle a thabhairt do chomhlachtaí poiblí faoi achtacháin eile. Mar sin, tá an Bill seo easnamhach agus ní dhéanann sé ciall go mbeadh an coimisinéir ag cur oibre isteach chun faireacháin a dhéanamh gan aon deis comhairle a thabhairt nó beart a dhéanamh. Molaim don Aire Stáit tabhairt faoi na cumhachtaí eile seo a fhorleathnú chomh maith.

Leagtar amach feidhmeanna an Choimisinéara Teanga in alt 21 den phríomh-Acht. Rinne mé cur síos ar na príomhdhualgais atá ag an gCoimisinéir Teanga i bhfreagra níos luaithe. Anuas ar sin, tar éis dul i mbun comhairliúcháin le hOifig an Choimisinéara Teanga agus tuairimí an choimisinéara agus a chuid oifigeach a fháil, tá sé i gceist ag an Rialtas cumhacht bhreise a thabhairt don Choimisinéir Teanga mar atá molta i leasuithe an Rialtais. Beidh sé de chumhacht ag an gCoimisinéir Teanga faireachán a dhéanamh ar fhorálacha in achtacháin eile a bhaineann le húsáid nó le stádas teanga oifigiúla agus tráchtaireachtaí a sholáthar ar an gcaoi a mheasann sé nó sí a bheith iomchuí. Faoi láthair, tá an chumhacht seo ag an gCoimisinéir Teanga maidir le hAcht na dTeangacha Oifigiúla, 2003 amháin cé go bhfuil sé in ann imscrúdú a dhéanamh ar chomhlíonadh achtachán eile nuair a fhaigheann sé gearán ón bpobal. Is céim chun cinn é seo a dhéanfaidh difríocht mhór d'obair an choimisinéara. Ní bheidh mé ag glacadh leis an leasú seo.

Is mór an trua nach mbeidh an tAire Stáit ag glacadh leis. Sílim go ritheann an leasú seo le ciall, mar an gcéanna leis na cinn eile a mhol mé. Tá díomá orm faoi sin. Mar sin féin, ba mhaith liom an leasú seo a bhrú.

Cuireadh an leasú agus faisnéiseadh go rabhthas tar éis diúltú dó.

Tairgim leasú Uimh. 32:

I leathanach 39, líne 22, an méid seo a leanas a chur isteach i ndiaidh “úsáid teanga oifigiúla,”.”:

“(2) Déanfaidh an tAire, tar éis dul i gcomhairle leis an gCoimisinéir Teanga, agus tráth nach déanaí ná bliain tar éis achtú an Achta seo, tuarascáil a ullmhú agus a chur faoi bhráid Thithe an Oireachtais, ina leagfar amach na féidearthachtaí a bhainfeadh le feidhmeanna breise a thabhairt don Choimisinéir Teanga i leith na nithe seo a leanas:

(a) iniúchadh a dhéanamh chun a fhíorú ar dearbhaíodh maolú ar chaighdeán teanga de réir alt 19C gan cúis shásúil ná plean sásúil de réir fho-alt (2) den alt sin;

(b) iniúchadh a dhéanamh an amhlaidh go ndéanfaidh aon fhoráil de Bhille a bheidh os comhair an Oireachtais, nó aon straitéis, scéim, togra nó tuarascáil atá á hullmhú nó á ullmhú nó á heisiúint nó á eisiúint ag an Stát, ag an Rialtas, nó ag aon chomhlacht poiblí, i ndáil le stádas nó le húsáid teanga oifigiúla, neamhréir le cur chun cinn na Gaeilge mar phríomhtheanga oifigiúil nó le cearta teanga aon duine.”.

Maidir le leasú Uimh. 32, is léir nár éist an tAire Stáit leis an méid a dúirt an Coimisinéir Teanga nuair a labhair sé os comhair chomhchoiste na Gaeilge anuraidh. Dúirt sé gur chóir go dtabharfaí ról dó chun faireachán a dhéanamh go réamhghníomhach ar Bhillí nó beartais Rialtais sula nglacfar leo chun an tionchar teanga a mheas. Is minic nach bhfuil sé i gceist ag Airí dochar a dhéanamh don Ghaeltacht ach nach dtuigeann na daoine sa Roinn na himpleachtaí ag an am. Tá sé de nós againn sa Stát seo fanachta go bhfuil an dochar déanta chun réiteach a lorg. Dá mbeadh an anailís réamhghníomhach lárnach sa phróiseas reachtúla, bheadh deis ann níos lú dochar a dhéanamh, nó tacú leis an nGaeilge agus leis an nGaeltacht fiú. Is mar seo a dhéantar Billí sa Bhreatain Bheag.

Anuas ar sin, ba chóir go mbeadh ról ag an gcoimisinéir chun iniúchadh a dhéanamh ar mhaoluithe atá dearbhaithe ar chaighdeán teanga chun a chinntiú nach ndearbhaítear iad go huathoibríoch. Tá an baol sin ann. Níl á lorg againn anseo ach tuarascáil ar fhéidearthachtaí a bhainfeadh le feidhmeanna bhreise mar seo a bhronnadh ar an gcoimisinéir. Bheadh deis againn féachaint ar an taighde sa tuarascáil sula nglactar le cinneadh agus an iomarca ualach a chur ar Oifig an Choimisinéara Teanga, atá faoi bhrú cheana féin.

Mar a luaigh mé nuair a labhair mé faoi leasú Uimh. 31 níos túisce, leagtar amach feidhmeanna an choimisinéara in alt 21 den phríomh-Acht. Tá na príomh-phointí céanna ábhartha don leasú seo agus mar sin táim den tuairim nach bhfuil an leasú seo ag teastáil. Tá an-chuid plé déanta againn ar Chéimeanna eile sa Dáil ar an ábhar seo agus de bharr sin ní bheidh mé ag glacadh leis an leasú seo. Thug mé achoimre ar phríomh-dhualgais an Choimisinéara Teanga sa Dáil. Anuas air sin, agus tar éis dul i mbun comhairliúcháin le hoifig an choimisinéara agus tuairimí an choimisinéara agus a chuid oifigigh a fháil, tá sé i gceist ag an Rialtas cumhacht bhreise a thabhairt don Choimisinéir Teanga, mar atá molta i leasuithe an Rialtais. Beidh sé de chumhacht ag an gcoimisinéir anois faireachán a dhéanamh ar fhorálacha aon achtachán eile a bhaineann le húsáid nó stádas teanga oifigiúil agus tráchtairí a sholáthar ar an gcaoi a mheasann sé nó sí a bheith cuí. Faoi láthair, tá an chumhacht seo ag an gcoimisinéir chomh fada le hAcht na dTeangacha Oifigiúla amháin, cé go bhfuil sé in ann scrúdú a dhéanamh ar chomhlíonadh achtacháin eile nuair a fhaigheann sé gearán ón bpobal. Is céim chun cinn é seo a dhéanfaidh difríocht mhór d’obair an choimisinéara agus ní bheidh mé ag glacadh leis an leasú seo dá bharr.

Ní líonann sé sin mise, nó pobal na Gaeilge, le mórán muiníne. Ba mhian liom an leasú a bhrú chun vóta.

Cuireadh an leasú agus faisnéiseadh go rabhthas tar éis diúltú leis.
Aontaíodh alt 10.
Aontaíodh ailt 11 agus 12.
ALT 13
Leasú an Rialtais Uimh. 33:
I leathanach 41, líne 27, “chun an Choiste Chomhairligh” a scriosadh agus “chun an Choiste Logainmneacha” a chur ina ionad.
Cuireadh an leasú agus faisnéiseadh go rabhthas tar éis glacadh leis.

Tairgim leasú Uimh. 34:

I leathanach 43, idir línte 22 agus 23, an méid seo a leanas a chur isteach:

“(e) déanfaidh sé córas achomhairc a sholáthar, trí chomhaontú leis an Aire, chun a cheadú don phobal agóid a dhéanamh i gcoinne Logainm oifigiúil, mar a cinneadh roimhe sin ag an gCoiste Logainmneacha, in Ordú Logainmneacha.”

Uaireanta – níl mé ag rá go minic – bíonn conspóid faoi ainm a thagann amach ón gcoiste logainmneacha. Tá a fhios agam go ndéanann sé jab fíorthábhachtach ach bíonn conspóid uaireanta in áiteanna cosúil le Baile Chláir i mo chontae féin. Seo baile ar Abhainn an Chláir ach tá sé i nGaillimh agus b’fhearr le daoine Claregalway a úsáid. Sin scéal eile agus tharla an rud céanna i Sligeach le Inishcrone agus áiteanna mar sin. Ní don Aire Stáit na ceisteanna sin, nó b’fhéidir gurb ea, idir é féin agus an tAire Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta. Ag an am céanna, agus níl a fhios agam an bhfuil mórán daoine á lorg, seans go mbeadh muintir Bhaile an Chláir sásta ainm mar Bhaile Chláir na Gaillimhe a úsáid, mar dúradh liomsa go bhfuil Baile Chláir scríofa ar na comharthaí bóithre agus bíonn daoine sórt mixed-up idir é féin agus an baile Belclare, atá gar do Thuaim. An bhfuil próiseas ann chun na rudaí seo a phlé, chun go mbeadh daoine in ann agóid a dhéanamh? Sílim nach dtarlódh sé go minic ach ag an am céanna an bhfuil próiseas ann nuair atá an rud socraithe? Tá a fhios agam go bhfuil daoine le han-taithí ar an gcoiste logainmneacha agus nuair a bhí mé i m’Aire Stáit bhí muid in ann daoine sinsearacha le han-taithí a ainmniú chuig an mbord. Ag an am céanna, an bhfuil próiseas ann chun na rudaí seo a phlé?

Ní bheidh an coiste logainmneacha ag déanamh cinntí faoi logainmneacha oifigiúla agus, mar sin, tá seans go bhfuil an leasú seo lochtach. Cuirfidh an coiste logainmneacha comhairle ar an Aire agus is é an tAire a dhéanann an cinneadh maidir le logainm oifigiúil in ordú logainmneacha. Dar ndóigh, baineann an leasú seo le cead a thabhairt don phobal agóid a dhéanamh i gcoinne logainm Gaeilge ach níl aon rogha molta chun go mbeidh deis ag an bpobal cur i gcoinne leagan bastardaithe Béarla atá brúite orthu go huathoibríoch. Ní dhearna Aire na logainmneacha Béarla a ordú ach Impireacht na Breataine ag cur cos ar bholg na nGael. Rinne Sinn Féin iarracht an éagóir seo a chur i gceart le leasú Uimh. 7 ach dhiúltaigh an Seanadóir Kyne agus an Rialtas glacadh leis. Léiríonn sé seo meon Fhine Gael ar an nGaeilge. Tá béim curtha ar fheachtas i gcoinne logainmneacha Gaeilge in áit ath-Ghaelú a dhéanamh ar logainmneacha Béarla nach raibh rogha riamh ag daoine fúthu. Is léir gur gá an pobal a lárú in aon phróiseas ach ní dhéanfaidh an coiste cinneadh seachas comhairle saineolaí a chur ar an Aire. Fáiltíonn muid go bhfuil coiste buan sonraithe sa Bhille chun é sin a dhéanamh toisc an brú a chuir an Teachta Ó Snodaigh ar an Aire Stáit sa Dáil.

Gabhaim buíochas leis an Seanadóir as an moladh seo a chur ar aghaidh ach ní bheidh mé ag glacadh leis an leasú seo. Mar is eol don Teach, tá plé leanúnach ar bun idir oifigigh mo Roinne agus oifigigh ón Roinn Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta. Is ceist casta í seo ach táim muiníneach go mbeidh dul chun cinn déanta sa chás seo san athbhliain. Ar an mbonn sin, b’fhéidir go mbeidh an Seanadóir sásta an leasú seo a tharraingt siar.

Ní raibh mé ag súil go mbeadh an Rialtas ag glacadh leis agus táim sásta é a tharraingt siar. Ag an am céanna, ó am go ham bíonn conspóid áitiúil faoi rudaí mar seo. Níor chuala mé é go minic go raibh mórán d’fhadhb leis an ainm oifigiúil Béarla ach ag an am céanna b’fhéidir go dtarlaíonn sé sin freisin. Cloisim faoi fhadhbanna maidir leis an ainm Gaeilge, i mbailte móra ach i mbailte beaga freisin. I mo cheantar féin tá ceantar darbh ainm Tullokyne i mBéarla. Sin an t-ainm a thuigeann daoine ón áit ach is Tulaigh Mhic Aodháin an t-ainm oifigiúil don cheantar agus ní raibh mórán daoine ar an eolas go dtí gur tháinig sé amach ón gCoimisiún Logainmneacha gurb é sin an t-ainm oifigiúil. Tá mé sásta an leasú a tharraingt siar ach is rud é seo a thagann suas sórt minic agus tá sé in am go mbeadh réiteach air. Tá a fhios agam go bhfuil an tAire Stáit ag obair air.

Tarraingíodh siar an leasú faoi chead.
Aontaíodh alt 13, mar a leasaíodh.
Aontaíodh alt 14.
ALT NUA

Tairgim leasú Uimh. 35:

I leathanach 43, idir línte 33 agus 34, an méid seo a leanas a chur isteach:

“Leasú ar alt 33 den Phríomh-Acht

15. Leasaítear alt 33 den Phríomh-Acht tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur isteach i ndiaidh fho-alt (3):

“(4) In aon logainm nua arna dhearbhú ag an Aire nó ag údarás áitiúil le haghaidh aon fhorbairt nua ó theacht i ngníomh Acht na dTeangacha Oifigiúla (Leasú), 2021, ní dhearbhófar ach an leagan Gaeilge agus is ag an logainm Gaeilge amháin a bheidh feidhm agus éifeacht.”.”.

Is leasú simplí é seo a chinnteoidh go mbeidh aon logainm nua sa Stát dearbhaithe i nGaeilge amháin. Cuideoidh sé seo leis an nGaeilge a lárú i bpobal nua agus le feiceálacht na Gaeilge, chomh maith le hiarracht a dhéanamh deireadh a chur le Béarlú na hÉireann, a thionscainn arm na Breataine. Tá an múnla seo i bhfeidhm ag údaráis áitiúla ar leith cheana féin, ar nós Comhairle Cathrach na Gaillimhe, ach ba chóir go mbeadh sé mar pholasaí náisiúnta sa Stát go léir. Teanga álainn í an Ghaeilge agus ba chóir dúinn a bheith bródúil aisti. Sin an fáth gur cheart don Aire Stáit glacadh leis an leasú seo.

Ní bheidh mé ag glacadh leis an leasú toisc nach dtagann sé faoi scóip an Bhille.

Mar sin ní bheidh sé cuí é seo a chur san áireamh. Cé nach bhfuil sé iomlán soiléir céard atá i gceist ag an Seanadóir anseo, glacaim leis go bhfuil sé ag déanamh tagairt do chóras ainmniúcháin d’eastáit de thithíocht nua. Tá sé i gceist agam an cheist seo a láimhseáil trí na caighdeáin nua agus bheinn ag súil go mbunóidh na comhairlí contae an coiste logainmneacha chun na ceisteanna logainmneacha a phlé. Tá an córas seo i bhfeidhm i nGaillimh agus tá sé ag obair amach go maith. Ar an mbonn sin ní bheidh mé ag glacadh leis an leasú seo.

Cuireadh an cheist agus faisnéiseadh go rabhthas tar éis diúltú di.
ALT 15

Tairgim leasú Uimh. 36:

I leathanach 45, líne 11, an méid seo a leanas a chur isteach i ndiaidh “de mhír 1(5)”,”:

“agus trí “Banc Ceannais na hÉireann agus gach comhlacht a bheidh faoina rialú agus ag feidhmiú mar bhanc miondíola a fhaigheann airgead go díreach ó Aire den Rialtas, ó Roinn Stáit, ón bPríomh-Chiste nó ó chomhlacht poiblí eile in imthosca inarb éard é an méid, nó comhiomlán na méideanna, a fhaightear amhlaidh 20 faoin gcéad nó níos mó de chaiteachas reatha an chomhlachta, na heagraíochta nó an ghrúpa sin i mbliain airgeadais, nó a bhfuil tromlach na scaireanna inti á shealbhú ag Aire den Rialtas nó thar ceann Aire den Rialtas” a chur in ionad “Banc Ceannais agus Údarás Seirbhísí Airgeadais na hÉireann”.”.

Déanfaidh an leasú seo dhá rud a athrú sa chéad sceideal. Déanfar tagairt d’Údarás Seirbhísí Airgeadais na hÉireann a scrios toisc nach ann dó a thuilleadh mar is cuid é de Bhanc Ceannais na hÉireann atá luaite cheana féin. Anuas air sin cuimseoidh sé aon bhanc miondíola a fhaigheann airgead ón Stát os cionn 20% de chaiteachas reatha. Le linn na géarchéime eacnamaíochta tháinig a lán bainc faoi scáth an Stáit agus ní minic a bhaineann an Stát úsáid as an úinéireacht sin chun seirbhísí a fheabhsú do chustaiméirí. Faoi láthair, fiú amháin, tá seirbhísí bainc ar fud an Stáit á ndúnadh síos ag bainc atá tar éis na billiúin a fháil uainn.

Sa leasú seo, caithfear leis na bainc mhiondíola den chineál seo ar nós gur comhlachtaí poiblí iad maidir le dualgais teanga. Mar sin, bheadh ceart ag custaiméirí cumarsáid a fháil trí Ghaeilge agus nuair a chuirtear na forálacha sa Bhille seo i bhfeidhm beidh dualgais ar na bainc seirbhísí a sholáthar trí Ghaeilge sa Ghaeltacht agus ainmneacha i nGaeilge a aithint chomh maith. Cuirfidh sé seo leis an nGaeilge sa saol gnó agus le cearta teanga an duine i gcás earnála ríthábhachtaí i saol an duine agus léireoidh sé go bhfuil dualgais ag bainc a fhaigheann tacaíocht ón Stát.

Ar mhaith leis an Aire Stáit labhairt anois?

Ní bheidh mé ag glacadh leis an leasú seo mar nach dtagann sé faoi scóip an Achta agus ní bheidh sé cuí é a chur san áireamh sa reachtaíocht seo. Bhí plé agam leis na bainc tamall ó shin nuair a ceapadh sa ról seo mé agus bhí na bainc báúil go maith don Ghaeilge. Táim lánchinnte go mbeidh mé in ann obair as lámha a chéile leis na bainc chun an Ghaeilge a bheith níos feiceálaí sa chóras baincéireachta.

An bhfuil an Seanadóir chun an leasú a bhrú?

Ar éist sibh sa Seanad leis an ráiteas sin, Dia ár sábháil? Beidh mé ag brú an leasú chun vóta le toil an Tí.

Cuireadh an cheist agus faisnéiseadh go rabhthas tar éis diúltú di.
Aontaíodh alt 15.
Aontaíodh alt 16.
ALT NUA

Tairgim leasú Uimh. 37:

I leathanach 45, idir línte 38 agus 39, an méid seo a leanas a chur isteach:

“Leasú ar alt 33 d’Acht an Gharda Síochána, 2005

17. Leasaítear alt 33 d’Acht an Gharda Síochána, 2005 tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur in ionad fho-alt (2):

“(2) Cinnteoidh Coimisinéir an Gharda Síochána go mbeidh gach comhalta den Gharda Síochána a bheidh ar stáisiún i gceantar a bhfuil limistéar Gaeltachta ar áireamh ann sách inniúil sa Ghaeilge chun gur féidir leis nó léi í a úsáid go saoráideach i gcomhlíonadh a dhualgas nó a dualgas faoin 31 Nollaig 2025.”.”.

D’admhaigh Coimisinéir an Gharda Síochána os comhair Chomhchoiste na Gaeilge, na Gaeltachta agus Phobal Labhartha na Gaeilge i mbliana go bhfuil an dlí á sárú ag An Garda Síochána toisc nach bhfuil gardaí le Gaeilge acu sa Ghaeltacht. Níl Gaeilge ach ag duine as gach triúr gardaí sa Ghaeltacht agus tá tuarascáil faoi cé chomh lochtach is atá an tseirbhís curtha faoi bhráid an Oireachtais ag an gCoimisinéir Teanga, rud nach dtarlaíonn go minic ach i gcásanna fíor-dhona. Is léir nach bhfuil an reachtaíocht seo ag obair a bhaineann úsáid as an téarma: “a luaithe is féidir”. Tá an iomarca solúbthachta i gceist leis an téarmaíocht seo.

Mar sin molaimid go mbeidh gach comhalta den Gharda Síochána sa Ghaeltacht inniúil faoi dheireadh 2025. Tá gardaí le Gaeilge ag An nGarda Síochána lasmuigh den Ghaeltacht agus ba chóir go mbeadh sé mar thosaíocht acu na gardaí sin a athlonnú chun na Gaeltachta chomh maith le Gaeilgeoirí nua a earcú agus a lonnú ann fosta. Ba chóir dóibh gardaí gan Gaeilge a spreagadh chun an Ghaeilge a fhoghlaim chomh maith. Roimh 2005 bhí dualgas ar gach garda Gaeilge éigin a bhaint amach ach fuair Rialtas Fhianna Fáil réidh leis sin. In áit rudaí a fheabhsú, tá an Rialtas seo tar éis fáil réidh leis an riachtanas an Ghaeilge a bheith ag duine chun ardú céime a bhaint amach le bheith ina sháirsint. Is cosúil nach bhfuil fadhb ag an Aire Stáit leis an ísliú céime sin don teanga.

Ní mór don Rialtas tabhairt faoin ngéarchéim atá cruthaithe aige a dheisiú agus an Ghaeilge a chur chun cinn arís i measc na ngardaí ar mhaithe leis an nGaeltacht a ghaelú arís.

Mar aon le leasú Uimh. 36, ní bheidh mé ag glacadh leis. Mar atá sé, tá dualgas reachtúil ag an gCoimisinéir Teanga faoi Acht an Gharda Síochána, 2005 gardaí atá líofa i nGaeilge a chur ar dualgas sa Ghaeltacht a oiread agus atá é sin indéanta. Tuigtear dom go bhfuil céimeanna á dtógáil ag An nGarda Síochána chun a dhéanamh cinnte de go ndéanfar amhlaidh. Ní miste a freisin go dtabharfar aghaidh ar sholáthar gardaí le Gaeilge nuair a bheidh an taighde á dhéanamh ar an bplean náisiúnta um sheirbhísí Gaeilge a chur i dtoll a chéile. Ar an mbonn sin ní bheidh mé ag glacadh leis an leasú seo.

Insím don Aire Stáit go bhfuil sé sin dochreidte, le bheith ionraic faoi. Mar gheall gurbh é seo an leasú deireanach, tá sé doiligh é seo a chreidiúint nuair atá Coimisinéir an Gharda Síochána os comhair an chomhchoiste agus á rá aige go bhfuil an dlí á shárú ag An Garda Síochána toisc go bhfuil gardaí le Gaeilge le bheith ag an tseirbhís sa Ghaeltacht. Nach bhfeiceann an tAire Stáit seo le freagracht ó thaobh na Gaeilge agus na Gaeltachtaí de go bhfuil orainn i bhfad níos mó a dhéanamh agus a bheith i bhfad níos gníomhaí agus níos fuinniúla chun an fhadhb seo a réiteach?

Arís eile, maidir leis na leasuithe eile a bhí curtha isteach agam agus ag comhghleacaithe eile, ní rudaí thar a bheith suntasach nó conspóideach iad na leasuithe seo agus ní ghlacaim leis an bpointe go bhfuil an chuid is mó díobh taobh amuigh de chineál réimse an Bhille seo. Tá fadhb ann leis na gardaí sa Ghaeltacht agus is féidir linn é sin a réiteach agus is féidir linn ról lárnach a thabhairt dóibh. Ba cheart go rabhamar díograiseach faoi sin agus, mar aon leis a lán de leasuithe an Achta seo, ní mhothaím go bhfuil an tAire Stáit ná an Rialtas seo dáiríre faoi na fadhbanna seo, ní hamháin a réiteach ach fiú amháin a aithint mar fhreagracht atá acu. Ní deirim an méid sin mar gheall gurb é an tAire Stáit. Tá freagracht orainn go léir na fadhbanna seo a réiteach.

Maidir leis na leasuithe seo go léir ar an Acht, bhí seal againn anseo an Bille seo a fheabhsú agus a neartú agus le difear ollmhór a dhéanamh. Táim ag dúil leis an gcéad Chéim eile agus tá súil agam go dtiocfaidh leasuithe i bhfad níos fearr ón Rialtas agus b’fhéidir ó pháirtithe an Rialtais sa Seanad chomh maith. Cé go bhfuil an Bille agus an reachtaíocht seo i bhfad níos láidre mar gheall ar an obair a rinneadh air sa Dáil, is féidir leis a bheith i bhfad níos fearr. Ní dóigh liom go ndéanfadh sé mórán dochar dúinn mar is a mhalairt a bheadh sé dá dtiocfadh linn é a fheabhsú mar Acht. Ar an drochuair, níor ghlac Fianna Fáil, Fine Gael ná a gcomhghleacaithe sa Rialtas leis an seal sin.

Is iontach a fheiceáil go bhfuil Sinn Féin anois ar thaobh An Gharda Síochána. Tá dualgais ag Coimisinéir an Gharda Síochána maidir leis an teanga agus leis an obair a dhéanann an tseirbhís agus go mbeadh gardaí trasna na Gaeltachta uilig. Tá a fhios ag an Seanadóir go ndearna an comhchoiste obair ar an ábhar seo.

Rinne an Coimisinéir Teanga obair air agus d’fhoilsigh sé tuarascáil agus chuir sé os comhair Chomhaltaí Thithe an Oireachtais í. Tá dualgas air mar atá leagtha amach sa straitéis 20 bliain don teanga. Tá an obair déanta ag an Stát, ag an Rialtas agus ag Tithe an Oireachtais ach níl na riachtanais sin á chomhlíonadh ag Coimisinéir An Garda Síochána. Is ceart go gcoinnímid an brú air ach tá sé leagtha amach sa straitéis go dlíthiúil gur cheart go mbeadh gardaí trasna na tíre ag feidhmiú trí mheán na Gaeilge i stáisiúin na nGardaí sa Ghaeltacht.

Mar fhocal scoir, is cinnte go bhfuil Sinn Féin agus mise go huile is go hiomlán ar thaobh An Gharda Síochána. Táimid ar thaobh na Gaeilge agus na Gaeltachta. Is mór an trua anocht nach bhfuil Fine Gael.

Tacaím leis an leasú seo ó Shinn Féin. Nuair a smaoinítear air, tá sé dochreidte nach mbeadh dualgas ar dhuine atá ag obair i ról chomh tábhachtach le garda i gceantar Gaeltachta a gcuid gnó a dhéanamh agus déileáil le daoine eile trí Ghaeilge más gá agus nuair is gá. Is é sin an bunchaighdeán ar chóir dúinn a bheith ag leagan amach.

Bhí díospóireacht cosúil leis seo againn cúpla bliain ó shin ag Comhchoiste na Gaeilge, na Gaeltachta agus na nOileán. Bhíomar ag cur ceisteanna ar údaráis Ollscoil na hÉireann, Gaillimh an mbeadh sé de dhualgas orthu go mbeadh Gaeilge ag an té a cheapfaí mar uachtarán an choláiste. Tá Gaeilge bhreá ag uachtaráin an choláiste faoi mar atá sé, ach más buan mo chuimhne, bhí leisce ar na húdaráis glacadh leis gur chóir go mbeadh sé ann mar riail acu. Bhíodh sé go mbeadh Gaeilge ag an té a cheaptaí mar uachtarán nó go mbeadh deis ag an té a cheaptaí í a fhoghlaim. Is minic go gcuirtí ina choinne sin go mbeadh sé fíorthábhachtach go mbeimid in ann an duine is fearr a fháil don phost. I gcomhthéacs ollscoile, má tá duine mór taighde, le scileanna agus atá an-éifeachtach agus cumasach a bheadh an-mhaith don institiúid ach nach bhfuil Gaeilge aige nó aici, shílfeá go mbeadh an duine in ann feabhas áirithe a chur ar a chuid nó a cuid Gaeilge laistigh de thréimhse ama. Ba chóir go mbeadh an deis aige no aici agus go gcuirfí na hacmhainní ar fáil chun é seo a dhéanamh.

Dá bhféadfaimis díospóireacht den sórt sin a bheith againn i gcomhthéacs uachtarán ollscoile, nach bhfuil sé i bhfad níos tábhachtaí má tá garda ag feidhmiú i limistéar Gaeltachta agus nach bhfuil Gaeilge aige nó aici? Mhothófaí go mbeadh dímheas á léiriú ag údaráis na tíre. Seasann na gardaí don údarás poiblí. Tá sé fíorthábhachtach ó thaobh an dea-chaidrimh idir na gardaí agus an pobal. Muna bhfuil an duine atá ag obair i stáisiún na ngardaí in ann déileáil leis an té sa chéad teanga oifigiúil náisiúnta i gcomhthéacs limistéar Gaeltachta, tá fadhb ann. Baineann sé le clú agus cáil na ngardaí agus lena gcumas an jab a dhéanamh i gceart agus go maith agus go mbeadh muinín ag an bpobal astu agus mar sin de.

Tá sé an-réasúnta go deo a rá gur chóir go mbeadh dualgas dleathach ar an gCoimisinéir a chinntiú go bhfuil gach duine lonnaithe i stáisiún i gceantar ina bhfuil limistéar Gaeltachta ar áireamh sách inniúil sa Ghaeilge. Níl an leasú seo ag moladh gur ollamh le Gaeilge a bheadh i gceist, ach ba chóir go mbeadh duine sách inniúil chun an jab a dhéanamh. Muna bhfuil sé nó sí sách inniúil, ba chóir go mbeadh an deis ag agus an dualgas ar an duine an inniúlacht chuí a bhaint amach má tá sé nó sí ag feidhmiú sa limistéar sin.

Chaith mé seachtainí iontacha amuigh in Áras Mháirtín Uí Chadhain i nGaillimh ar an gCeathrú Rua le linn dom a bheith san ollscoil. Cé nach raibh Gaeilge á dhéanamh agam mar ábhar céime, bhí scéim acu ag an am le cinntiú go mbeadh daoine a bheadh ag obair sa Ghaeltacht - bíodh iad ina innealtóirí nó ina lucht leighis nó ina múinteoirí - in ann seirbhís a thabhairt don phobal ina teanga féin. Tá sé seo bunúsach ó thaobh caomhnú agus daingniú na teanga, agus spreagadh a thabhairt do na daoine. Fiú an tseachtain seo caite bhí mé ag sochraid i gConamara agus bhuail mé isteach ag bean an tí lenar fhan mé le na blianta ó shin. Dúirt sí go bhfuil múinteoirí ag fanacht lena hiníon. Is múinteoirí iad atá ag déanamh cúrsa sa Ghaeltacht ionas go mbeidh siad in ann an jab a dhéanamh.

Mar sin, ní thuigim ó thalamh an domhain cén fáth nach bhfuilimid sásta leis an leasú seo. Táimid ag rá go bhfuilimid ag iarraidh a bheith uaillmhianach maidir leis an mBille seo, leis na spriocanna agus le cur chun cinn na Gaeilge, ach táimid ag teip ar an leasú deireanach seo agus measaim gur mór an trua é. Ba bhreá liom go ndéanfadh an maorlathas anseo machnaimh ar an gceist seo agus go mb’fhéidir go dtiocfadh siad ar ais le scéal níos fearr chugainn ar an gcéad Céim eile.

Aontaím le go leor atá ráite ag na Seanadóirí ach is féidir liom a dheimhniú go leanfar leis an gceist seo sa phlean náisiúnta atá leagtha amach sa Bhille. Is é sin an próiseas trína mbeimid ag déanamh go leor rudaí sa phlean náisiúnta atá leagtha amach.

Níl a thuilleadh le rá agam. Is mian liom an leasú a chur chun vóta.

Cuireadh an leasú agus faisnéiseadh go rabhthas tar éis diúltú dó.
Aontaíodh alt a 17.
Aontaíodh ailt 18 go 20 go huile.
Aontaíodh an Teideal.
Tuairiscíodh an Bille le leasuithe.

Cathain a mbeartaítear Céim na Tuarascála a thógáil?

Dé Máirt seo chugainn.

Ordaíodh go dtógfaí Céim na Tuarascála Dé Máirt, 30 Samhain 2021.

Cathain a mbeartaítear suí arís?

Ar 10.30 a.m. amárach.

The Seanad adjourned at 7.59 p.m. until 10.30 a.m. on Thursday, 25 November 2021.