Skip to main content
Normal View

Údarás na Gaeltachta.

Dáil Éireann Debate, Wednesday - 4 February 2004

Wednesday, 4 February 2004

Questions (122)

Dinny McGinley

Question:

208 D'fhiafraigh Mr. McGinley den Aire Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta cad iad na sócmhainní i ngach ceantar Gaeltachta atá socair ag Údarás na Gaeltachta a dhíol, an ndéanfar fógra poiblí i ngach cás agus cad é an luach measta i ngach cás. [3191/04]

View answer

Written answers

Is ar bhonn luacháil neamhspleách ó luachálaí/cheantalaí gairmiúil a dhíoltar maoin de chuid an údaráis. I gcás díolachán ar an margadh oscailte, is gá na cúinsí a bhaineann leis an díolachán, ar a n-áiritear coinníollacha maidir le húsáid na maoine, a chur san áireamh agus tairiscintíá meas. Cuirtear gach díolachán faoi bhráid bhord an údaráis le cinneadh a fháil. Tuigfidh an Teachta nach mbeadh sé críonna meastachán a thabhairt ag an bpointe seo faoi chásanna sonracha. De réir an eolais atá curtha ar fáil ag Údarás na Gaeltachta, áfach, faoina chlár díolacháin maoine, tá trí chatagóir i gceist le holl-mheastachán teacht isteach mar a leanas: (i) maoin a bhfuil praghas/conradh réidh nóá réiteach ina leith —€4.2m; (ii) suíomhanna atá aontaithe le díol —€0.43m; agus (iii) díolacháin faoi idirbheartaíocht —€7.0m.

Leagtar amach sonraí faoi na cásanna ar leith sna táblaí thíos.

(i) Praghas/conradh réidh nóá réiteach

Monarcha Cuan Tamhnaigh Teo, Cill Charthaigh, Condae Dhún na nGall le Cuan Tamhnaigh Teo.

Monarcha Troscán Ó Dochartaigh, Doirí Beaga, Condae Dhún na nGall le Troscán Ó Dochartaigh

Bád Árainn Mhór Teo, Condae Dhún na nGall le Maoin na Farraige Teo

Monarcha CTL Teoranta, Baile an tSagairt, An Spidéal, Condae na Gaillimhe le CTL Teoranta

Ionad Gnó Eo Teo, An Spidéal, Condae na Gaillimhe le grúpa Eo Teo

Ionad Gnó Comhar Creidmheasa Cholm Cille Teo, Coill Rua le Comhar Creidmheasa Cholm Cille Teo

Monarcha Bioniche Teo., Coill Rua, Condae na Gaillimhe le Bioniche Teo.

Suíomh 2.25 acra ag Tamhlach, Condae Mhaigh Eo le Co. Co. Mhaigh Eo

Monarcha Turmec Teo, Rath Cairn, Condae na Mí, le Turmec Teo.

Teach 1, An Choill, An Daingean, Condae Chiarraí, le Éamonn Ó Neachtain

Monarcha i gCúige Mumhan

Meastachán ar an luach iomlán — c. €4,200,000

(ii) Suímh atá aontaithe le díol

Le Innealtóireacht Cathal Seibhleáin Teo. ag Béal an Mhuirthead, Condae Mhaigh Eo

Le Irish Rope and Safety Consultants Ltd, ag Baile na Buaile, an Daingean, Condae Chiarraí

Le Flesk Meats Ltd, ag Baile Bhuirne, Condae Chorcaí

Meastachán ar an luach iomlán — c. €430,000

(iii) Díolachán faoi idirbheartaíocht

Monarcha PCL Teo., An Clochán Liath, Condae Dhún na nGall leis an tionónta

Monarcha Snáth Chill Charta Teo, Cill Chartaigh , Condae Dhún na nGall leis an tionónta

Eastát Bhaile Chonaill, An Fál Carrach, Condae Dhún na nGall fógartha go poiblí

Tithe Saoire na n-Oileán, Eanach Mheáin, Condae na Gaillimhe fógartha go poiblí

Iarmhonarcha Earraí Spóirt Uí Chonghaile, Baile Chláir, Condae na Gaillimhe

Tithe in mBéal an Mhuirthead, Condae Mhaigh Eo (4 cinn)

Teach, Sáile, Acaill, Condae Mhaigh Eo leis an duine i seilbh

Tithe sa Choill, An Daingean, Condae Chiarraí (3 cinn)

Monarcha Fíor Uisce Chiarraí, Baile an Fheirtéaraigh, Condae Chiarraí, leis an tionónta

Monarcha Eurofoil Teo, Baile Bhuirne, Condae Chorcaí, leis an tionónta

Monarcha Dexgreen Teo, Béal Átha an Ghaorthaigh, Condae Chorcaí, leis an tionónta

Monarcha De Brún Iasc Teo, An Daingean, Condae Chiarraí leis an tionónta

Monarcha Leictreachas Charna Teo., Carna, Condae na Gaillimhe, leis an tionónta

An Leabharlann, An Cheathrú Rua, Condae na Gaillimhe

Iar-oifig an údaráis sa Daingean, Condae Chiarraí

Coláiste Lurgan, Indreabhán, Condae na Gaillimhe

Teach/Ionad gnó i mBaile na Finne, Condae Dhún na nGall, leis an Tionónta

Teach/Ionad i gCorr na Móna, Condae na Gaillimhe, leis an tionónta

Meastachán ar an luach iomlán — c. €7.0m

Top
Share