Skip to main content
Normal View

Oileáin Urchósta.

Dáil Éireann Debate, Wednesday - 4 February 2004

Wednesday, 4 February 2004

Questions (235)

Dinny McGinley

Question:

326 D'fhiafraigh Mr. McGinley den Aire Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta an bhfuil sé ar intinn aige aerstráice a fhorbairt ar Oileán Thoraí, cén staid ag a bhfuil an obair phleanála agus cén uair a bheidh an t-aerstráice ar fáil do mhuintir an oileáin. [3276/04]

View answer

Written answers

Le cúpla bliain anuas, táÚdarás na Gaeltachta, ar iarratas ó mo Roinnse, ag déanamh réamh-obair ar fhorbairt aerstráice ar Oileán Thoraí. Ag eascairt as an obair sin, tá iarratas ar chead pleanála déanta le déanaí ag an Údarás chuig Comhairle Chontae Dhún na nGall. Ach toradh an iarratais sin a bheith ar fáil, déanfar cinneadh maidir le cur chun cinn an togra seo i gcomhthéacs an airgid atá ar fáil dom le caitheamh ar thograí oileánda agus na n-éileamh éagsúil ar an airgead sin.

Top
Share