Wednesday, 4 February 2004

Questions (41)

Fergus O'Dowd

Question:

133 D'fhiafraigh Mr. O'Dowd den Aire Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta an bhfuil sé chun tacaíocht a thabhairt don fheachtas chun an Ghaeilge a aithint mar theanga oifigiúil san Aontas Eorpach agus cad iad na céimeanna atáá dtógáil aige chun an aidhm seo a bhaint amach. [3332/04]

View answer

Oral answers (7 contributions) (Question to Minister for Community, Rural and Gaeltacht Affairs)

Mar is eol don Teachta, tá sé leagtha síos mar ghníomh do mo Roinnse sa ráiteas straitéise don tréimhse 2003-2005 an cheist maidir le stádas níos fearr don Ghaeilge san AE a chur ar aghaidh.

Tuigfidh an Teachta go caithfear idirdhealú a dhéanamh idir stádas oifigiúil sa chiall bhunreachtúil agus stádas mar theanga oibre chun críche na n-institiudí Eorpacha. Ní luaitear liosta teangacha ach in áit amháin sa dhréacht-bhunreacht Eorpach agus tá an Ghaeilge luaite ar chomhchéim sa gcomhthéacs sin. De réir na tagartha sin, atá ar aon dul leis an staid sna conarthaí reatha, leanfar le stádas bunreachtúil a bheith ag an nGaeilge san AE. De bharr an stádais bhunreachtúil sin, tá ceart, mar shampla, ag an saoránach scríobh chuig aon cheann de na hinstitiúidí Eorpacha i nGaeilge agus freagra a fháil sa teanga céanna. Anuas ar sin, ní luaitear aon teanga ar bith mar theanga oibre san dréacht bhun-chomhaontú nua. Mar sin, ní cheist í seo le réiteach sa bhunreacht nua í fhéin, ach ceist a bheadh le réiteach le dlí. Go héifeachtúil, beidh gá le Rialachán na Comhairle 1/1958 a leasú d'aon ghuth i gComhairle na nAirí.

Mar a d'fhógair an Taoiseach le déanaí, tá an Rialtais ag bunú grúpa oibre chun anailís a dhéanamh ar an méid gur féidir a bhaint amach agus na féidearthachtaí atá ann chun dul chun cinn a dhéanamh. Tá cruinniú ard-léibhéal socraithe amárach chun dul chun cinn a dhéanamh. Tá súil agam go gcríochnófar an próiséas go luath agus go mbeifear in ann dul thar n-ais chuig an Rialtas le moltaí dea-bhreithnithe in am tráth. Ag an bpointe seo, níl fhéadfainn a rá go bhfuil mé cinnte go bhfuil an cheist seo chomh simplí agus a cheaptar agus tá sé ró-luath a rá fós cén toradh a bheidh ar na comhráití atá arsiúl.

Gabhaim buíochas leis an Aire as ucht an freagra sin ach caithfidh mé a rá gur thug an tAire an fhreagra céanna dom le déanaí. Is é atá scríofa i ráiteas straitéise na Roinne go bhfuil ceist stádas níos fearr a fháil don Ghaeilge san AE á chur ar aghaidh. Is é atá in intinn an fheachtais seo ná go mbeadh an Ghaeilge mar theanga oifigiúil.

Má léitear moladh uimhir a trí de phríomh-mholtaí Choimisiúin na Gaeltachta feictear gurb é tuairim láidir lucht na Gaeilge ar fud na tíre go mbainfear amach stádas mar theanga oifigiúil oibre don Ghaeilge san Aontas Eorpach. Níor fhreagair an tAire an cheist sin ach cuirfidh mé arís í. An bhfuil an tAire sásta tacaíocht a thabhairt don fheachtas sin?

Is cinneadh é seo a dhéanfaidh an Rialtas nuair a bheas an staidéar déanta. Cloisim go leor daoine ag plé na ceiste seo agus cinnteacht iontach acu faoi gach rud, cé gur léir nach bhfuil na cáipéisí ar fad a bhaineann leis an gceist feicthe acu agus nach bhfuil anailís iomlán déanta acu ar na himpleachtaí a bhainfeadh le stádas iomlán oibre.

Chomh maith leis sin, thar 30 bliain tá athrú mór tagtha ar céard a chiallaíonn stádas oibre sa Chomhaontas. Mar shampla, ar phaipéar beidh an stádas céanna ag an Mháltais agus an Liotuáinis agus atá ag an mBéarla, ach níl éinne sa Teach seo a bhi thall ariamh san mBruiséal a cheapann go bhfuil stádas na Máltaise, go praiticiúil mar theanga oibre, ioncurtha le stádas an Bhéarla ar aon bhealach. Mar sin, caithfimid anailís a dhéanamh ar céard faoi atáimid ag caint agus féachaint cén bealach is fearr a dhul ar aghaidh.

Tá daoine tar éis a rá go bhfaighimid 100% cinnte é dá n-iarrfaimís é. Is léir nach bhfaca siad an cháipéis a réitigh an tAontas nuair a bhíothas ag breithniú chás na Máltaise. Nuair a bhí an cás sin á bhreithniú rinneadh soiléir é gurb é an fáth gur tugadh stádas oifigiúil don Mháltais, ní hamháin go bhfuil sí ina theanga bhunreachtúil mar atá sa tír seo agus go bhfuil sé mar cheart í a labhairt sna cúirteanna agus ins an bparlaimint, ach gurb í a labhartar go coitianta. Ar an mbunús sin bhí an Coimisiún sásta moladh a dhéanamh go dtabharfaí an stádas sin don Mháltais. Mar sin, níl an rud atáá rá ag cuid des na daoine san bhfeachtas seo cruinn, is é sin go mbeadh an rud seo cinnte le fáil dá n-iarrfaíé. Tá cruthú le fáil gur a mhalairt ar fad a bheadh fíor.

Dá mbeadh stádas níos fearr ag an Ghaeilge san Aontas Eorpach bheadh sé mar theanga shásúil chun postanna a fháil san Aontas Eorpach. Nuair a bhí an Taoiseach ag tabhairt an fhreagra do Enda Kenny, d'admháil sé go raibh sé an-tábhachtach ar fad. Más rud é go bhfuil Gaelainn ag duine, ba cheart go mbeadh sé sin sásúil chun post a fháil san Aontas Eorpach. Is rud an-bhunúsach ar fad é sin. Is é an t-ainm atá ar a ráiteas straitéise ná"Éist"— listen. An bhfuil an tAire ag éisteacht le muintir na Gaelainne? Nach bhfuil sé sásta obair? Cuirfidh mé ceist air sa ngrúpa oibre atá bunaithe aige an mbeadh sé sásta Conradh na Gaeilge agus muintir an fheachtais a thógaint isteach sa ngrúpa sin ionas go mbeimis go léir ar aon aigne faoi seo? Caithfear an Ghaelainn a chur chun cinn. Le comhoibriú, b'fhéidir gur féidir linn an réiteach is fearr a fháil. Níl a fhios agam an raibh an tAire ag léamhThe Irish Times inniu. Bhí scéal faoi phlean B ann. An féidir linn comhoibriú le chéile chun an Ghaelainn a chur chun cinn? An bhfuil an tAire sásta éisteacht leis an Dr. Pádraig Ó Laighin, Conradh na Gaeilge, Comhdháil Náisiúnta na Gaeilge agus gach duine? Tá mé ag fáil litreacha ó dhaoine ó gach cearn den tír agus as Sasana fiú. Tá an-suím ar fad ag muintir na Gaeilge sa cheist seo.

Tá muid ag plé lena chéile trasna na Dála anseo le tamall fada anois. Creidim gur duine thar a bheith réasúnta, tuisceanach é an Teachta, agus oibríonn sé ar bhealach stuama ciallmhar i gcónaí. Dúirt mé ag an am go raibh muid ag plé cheist an Bhille teanga. Tá mise sásta éisteacht; tá mé ag éisteacht le dhá mhí. Is beag a dúirt mé faoin ábhar seo le cúpla mí anuas. Ar ndóigh, sa gcéad áit, tá freagracht ag an Roinn Gnóthaí Eachtracha faoin gceist. D'fhreagair an Teachta a cheist féin ar bhealach. Céard atá i gceist go praiticiúil leis an stádas oibre don Mháltais? Tá ceithre nó cúig rud i gceist. Tá an cheist ann maidir le ceart a bheith ag duine post a fháil san Aontas Eorpach. Tá ceist na hateangaireachta ann. Tá ceist an chomhfhreagrais ann. Tá an cheist ann maidir le cáipéisíocht a aistriú— mar shampla, dlíthe na hEorpa — go dtí na teangacha éagsúla. Is dóiche gur stádas an chúigiú ceist — rud éigin san aer. Maidir le postanna, thiocfainn leis an Teachta go hiomlán gurbh fhearr i bhfad a bheadh duine le Gaeilge agus Béarla cáilithe le haghaidh oibre san AE ná mar a bheadh duine a mbeadh péire de na mionteangacha aige nó aici. Tá cás an-láidir le scrúdú ansin.

Maidir le hateangaireacht, níl an cás, fiú mar atá sé, simplí anois, mar ní dhéantar ateangaireacht go dtí na teangacha beaga i ngach cás níos mó— fiú na teangacha beaga oibre. Ba cheart dúinn tuilleadh stáidéir a dhéanamh ar an gceist áirithe sin. Tá comhfhreagras ceart go leor de thoradh stádas bunreachtúil na Gaeilge. Is é an ceathrú rud ná an cháipéisíocht, agus tá daoine ag obair le fáil amach go díreach cad é an cháipéisíocht.

Ba cheart don Aire dul ar aghaidh go dtí an chéad cheist eile.

Leathnóiméad eile, le do thoil. Tá sé tábhachtach. Éinne a bhí ariamh ag cruinniú de Chomhairle na nAirí, beidh a fhios aige go gcuirtear na dréacht-doiciméid ar fad thart i mBéarla nó, b'fhéidir, i mBéarla agus i bhFraincis. Ní chuirtear thart i ngach teanga iad. Mar sin, tá an t-aistriú ar an gcaipéisíocht teoranta. Ba cheart dúinn, ní amháin breathnú ar an gceist seo i líon amháin, ach breathnú air píosa ar phíosa le fáil amach cén bealach is féarr dul chun cinn leis an gceist.

Tar éis dom mo shaol a chaitheamh leis an nGaeilge, go pearsanta agus go poiblí, agus bheith ag obair ar a son i ngach uile phost a bhí agam ariamh ar bhealach amháin nó bealach eile, ní gá do dhaoine léachtaí a thabhairt domsa faoi mo dhícheall a dhéanamh ar son na Gaeilge.