Michael D. Higgins
Question:175 D'fhiafraigh Mr. M. Higgins den Aire Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta cén dul chun cinn atá déanta i leith Foras na Gaeilge a dhílárú; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina leith. [3111/04]
View answerDáil Éireann Debate, Wednesday - 4 February 2004
175 D'fhiafraigh Mr. M. Higgins den Aire Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta cén dul chun cinn atá déanta i leith Foras na Gaeilge a dhílárú; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina leith. [3111/04]
View answerMar is eol don Teachta, d'fhógair an tAire Airgeadais sa Cháinaisnéis go raibh cinneadh déanta ag an Rialtas clár leathan dílárnaithe a chur i bhfeidhm. I measc na Ranna agus na gcomhluchtaí poiblíéagsúla a bhí luaite sa chinneadh, fógraíodh go mbeadh Foras na Gaeilge ag dílarnú go Gaoth Dobhair, Co Dhún na nGall, faoi réir aontú na Comhairle Aireachta Thuas/Theas.
Tá réamh-chomhráití tosaithe ag mo Roinnse leis an Roinn urraíochta sa Tuaisceart — an Roinn Cultúir, Ealaíon agus Fóillíochta — agus tá scríofa agam le déanaí chuig Aire na Roinne sin, an tUasal Angela Smith, MP, chun an cheist a chur chun cinn.