Skip to main content
Normal View

Job Creation.

Dáil Éireann Debate, Tuesday - 9 March 2004

Tuesday, 9 March 2004

Questions (112)

Gerard Murphy

Question:

199. D’fhiafraigh Mr. Murphy den Aire Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta cén dul chun cinn atá déanta aige chun cineálacha fostaíochta nua i gceantair Ghaeltachta a aithint agus a chur ar fáil.[7684/04]

View answer

Written answers

Mar is eol don Teachta, tá athruithe suntasacha tagtha ar chúrsaí tionsclaíocha agus eacnamaíocha na tíre seo le blianta beaga anuas agus tá an scéal mar an gcéanna sa Ghaeltacht. Sna cúinsí uile seo, tá Údarás na Gaeltachta ag díriú ar earnálacha nua fostaíochta — mar shampla, réimse na teicneolaíochta faisnéise, tionscail teanga-bhunaithe, fiontair a bhaineann le hacmhainní mara agus nádúrtha, an geilleagar sóisialach agus turasóireacht chultúrtha. Tá béim á cur freisin ar dheiseanna oideachais tríú leibhéal a fhorbairt sa Ghaeltacht i gcomhar leis na hinstitiúidí cuí. Chomh maith leis seo, tá an túdarás ag tabhairt faoi mholtaí eile a cuireadh ar fáil i dtuarascáil an ghrúpa oibre ar chruthú fostaíochta sa Ghaeltacht, a foilsíodh ag deireadh 2002.

Tuigim ón údarás go raibh méadú 13% ar líon na bpost a cruthaíodh i 2003, sin é, ó 927 post nua i 2002 go 1,052 post nua i 2003. Is féidir liom a chinntiú go leanfar ar aghaidh leis an obair chun deiseanna nua fostaíochta a aimsiú don Ghaeltacht.

Top
Share