Skip to main content
Normal View

Irish Language.

Dáil Éireann Debate, Tuesday - 9 March 2004

Tuesday, 9 March 2004

Questions (33, 34, 35)

Dinny McGinley

Question:

114 D’fhiafraigh Mr. McGinley den Aire Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta ó ritheadh an rún d’aon guth sa Dáil faoi Stádas na Gaeilge san Aontas Eorpach, an bhfuil sé beartaithe ag an Aire anois téarmaí tagartha nua a thabhairt don choiste atá bunaithe ag an Rialtas chun an stádas sin a bhaint amach.[7670/04]

View answer

Trevor Sargent

Question:

178 D’fhiafraigh Mr. Sargent den Aire Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta cad a bhí i gceist aige nuair a dúirt sé ar RTÉ 1 an 29 Feabhra nach ceart don Rialtas leas na hÉireann a bhaint amach ó thaobh stádais don Ghaeilge mar theanga oifigiúil san AE le linn na hUachtaránachta agus nach n-aontaíonn sé nach bhfuil i gceist le stádas ach cothrom na Féinne d’Éireannaigh.[7639/04]

View answer

Mary Upton

Question:

183 D’fhiafraigh Dr. Upton den Aire Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta cén dul chun cinn atá déanta i leith stádas na Gaeilge mar theanga oifigiúil oibre den Aontas Eorpach; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina leith.[7713/04]

View answer

Written answers

Tógfaidh mé Ceisteanna Uimh. 114, 178 agus 183 le chéile.

Dírím aird na dTeachtaí ar an bhfreagra a thug mé ar Cheisteanna Dála Uimh. 139, 166, 188 and 133 ar 4 Feabhra maidir le stádas na Gaeilge san Aontas Eorpach.

Mar a cuireadh in iúl san fhreagra sin, agus mar a dúirt mé arís le linn na díospóireachta agus an agallaimh atá luaite, tá grúpa oibre bunaithe ag an Rialtas chun anailís a dhéanamh ar an méid gur féidir a bhaint amach agus na féidearthachtaí atá ann chun dul chun cinn a dhéanamh. Táim lán-sásta go bhfuil na téarmaí tagartha dóthain solúbtha chun freastal ar riachtanais an cháis agus nach bhfuil gá iad a athrú. Ba mhaith liom a chur in iúl do na Teachtaí go raibh dhá chruinniú ard-leibhéil ag an ngrúpa oibre seo go dtí seo. Níl ar mo chumas a thuilleadh a rá faoin ábhar seo go dtí go mbeidh tuairisc réitithe ag an ngrúpa agus scrúdú iomlán déanta uirthi.

Bhí cruinniú freisin Dé hAoine seo caite idir ionadaithe ón Roinn agus ionadaithe ó Chomhdháil Náisiúnta na Gaeilge leis an gceist a phlé.

Top
Share