Ag a chruinniú ar 20 Feabhra 2004 rinne an t-údarás rogha maidir leis na tithe, atá luaite sa cheist ón Teachta, a dhíol, agus tá sé curtha in iúl dom go bhfuil an rogha sin á plé fós. Ní fíor dá bhrí sin go bhfuil an mhaoin díolta, ach is fíor go bhfuil próiseas idir lámha. Ardaíodh ceisteanna faoi dhíolachán beartaithe na maoine seo, áfach, agus tá tuairisc á lorg ag mo Roinn ina thaobh. Táthar ag súil le freagra go luath. Ní bheadh sé tráthúil agamsa ag an staid seo aon ní eile a rá faoi ghnó seo an Údaráis.