Mar is eol don Teachta, tá forbairt an oideachais tríú léibhéal trí Ghaeilge sna hionaid Gaeltachta luaite mar sprioc i gclár an Rialtais agus mar ghníomh tras-rannúil i ráiteas straitéise mo Roinne don tréimhse 2003-2005. Ar ndóigh, is faoi chúram an Aire Oideachais agus Eolaíochta go príomha atá an fhreagracht seo, cé go bhfuil mo Roinnse ag comhoibriú go dlúth leis an Roinn Oideachais agus Eolaíochta faoin ábhar.
Bunaíodh grúpa oibre idirgníomhaireachta faoi chathaoirleacht na Roinne Oideachais agus Eolaíochta le hionadaithe ón Roinn sin, ó mo Roinnse, ón Údarás um Ard-Oideachais agus ó Údarás na Gaeltachta chun plean forbartha don oideachas tríú leibhéal sa Ghaeltacht, a bhí réitithe ag ollscoileanna áirithe, a mheas. Beidh mé ag tnúth go mór le moltaí an ghrúpa oibre Idirgníomhaireachta a bheith curtha faoi mo bhráid agus faoi bhráid mo chomh-Aire sa Roinn Oideachais agus Eolaíochta go luath.
Le déanaí freisin cheadaigh mé os cionn €1 milliún chun oideachas tríú leibhéal sa Ghaeltacht a chur chun cinn. Ceadaíodh an deontas seo ar mhaithe le hAcadamh Ollscolaíochta Gaeilge a bhunú in Ollscoil na hÉireann, Gaillimh, agus chun poist a líonadh san stuchtúr nua don teagasc trí Ghaeilge ina mbeadh na hionaid Ghaeltachta mar shlánchuid de. Creidim go bhfuil sé lárnach do bhuanú na Gaeilge sa Ghaeltacht inniu go mbeidh cúrsaí tríú leibhéal trí Ghaeilge ar fáil i gceantair Ghaeltachta le freastal ar phobal na Gaeltachta ina dteanga féin agus chun freastal i dtimpeallacht Ghaeilge ar na mic léinn atá ag teacht amach as an gcóras Gaelscolaíochta ar fud na tíre.
Tá infheistíocht shuntasach déanta freisin ag mo Roinnse i gcomhar leis na hollscoileanna, agus go háirithe Ollscoil na hÉireann Gaillimh, le blianta anuas — suas le €4 milliún ar fad le deich mbliain — sna hIonaid Ollscoile Gaeltachta ar an gCeathrú Rua, i gCárna, i nGaoth Dóbhair agus i Ráth Cairn. Cuidíonn na hIonaid Ollscoile seo go mór leis an nGaeilge a chaomhnú agus a chothú mar acmhainn luachmhar don Ghaeltacht agus don tír.