Skip to main content
Normal View

Údarás na Gaeltachta.

Dáil Éireann Debate, Tuesday - 23 March 2004

Tuesday, 23 March 2004

Questions (592)

Fergus O'Dowd

Question:

592 D’fhiafraigh Mr. O’Dowd den Aire Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta i dtaca le forthairiscintí poiblí i leith thithe saoire Eanach Mheáin, cén méid iarratas a fuair an túdarás agus cén méid díobh a cuireadh faoi bhráid an bhoird; sna cáipéisí a eisíodh don chomórtas ar leagadh béim ar phlean gnó chun na tithe a reáchtáil mar thithe saoire ar mhaithe leis an nGaeltacht; ar cuireadh na pleananna gnó seo faoi bhráid bhord an údaráis; cén luacháil a rinneadh ar na hiarratais maidir lena gcuid pleananna leis na tithe a reachtáil chun leasa na Gaeltachta agus na Gaeilge agus cén tionchar a bhí aige sin ar na moltaí a rinneadh; ar glacadh leis an tairiscint ab ísle; ar dhiúltaigh an túdarás do €500,000 sa bhreis a bhí á thairiscint ag grúpa amháin nó don tairiscint ón bhfondúireacht naisiúnta aitheanta a bhí €55,000 níos airde agus plean forbartha acu a chosnódh na céadta mílte eile. [8524/04]

View answer

Written answers

Dírím aird an Teachta ar an bhfreagra a thug mé ar Cheist Uimh. 146 ar 9 Márta. Tuigim go mbeidh an t-ábhar seo á phlé tuilleadh ag Údarás na Gaeltachta ag cruinniú boird ar 26 Márta agus, ag an bpointe seo, nach bhfuil aon chonradh déanta i leith na maoine seo a dhíol.

Maidir leis an tuairisc a d'iarr mo Roinn ar an údarás faoin gcás seo, is féidir liom a chur in iúl don Teachta go bhfuil eolas áirithe curtha ar fáil dom ach tuigtear dom go mbéidh eolas breise á chur chugam tar éis an chruinnithe réamhluaite. I gcúinsí an cháis, creidim nach mbeadh sé cuí domsa tuileadh a rá ag an tráth seo.

Top
Share