Skip to main content
Normal View

Scrúdú Náisiúnta Feithiclí.

Dáil Éireann Debate, Tuesday - 6 April 2004

Tuesday, 6 April 2004

Questions (240, 241, 242, 243, 244, 245)

Aengus Ó Snodaigh

Question:

331 D’fhiafraigh Aengus Ó Snodaigh den Aire Iompair an bhfuil sé i gceist aige cúiteamh a thabhairt dóibh siúd a ndearnadh leatrom orthu ó thaobh a gcearta teanga agus a gcearta bunreachtúla nuair a diúltaíodh teistiméireacht NCT a thabhairt dóibh de thairbhe a gcomharthaí tacsaí a bheith sa “príomhtheanga oifigiúil” agus go raibh orthu an scrúdú gluaisteáin a dhéanamh athuair agus comharthaí úra a fháil dá réir, rud a chuir costas breise orthu de bharr an Stát a bheith ag brú an Bhéarla orthu. [10832/04]

View answer

Aengus Ó Snodaigh

Question:

332 D’fhiafraigh Aengus Ó Snodaigh den Aire Iompair cé na céimeanna atá sé á ghlacadh chun a chinntiú nach ndiúltófar testiméireacht do ghluaisteáin a bhfuil an focal “TACSAÍ” in airde orthu agus cé na céimeanna atá sé a ghlacadh chun a chinntiú go bhfuil an Ghaeilge ar chomhchéim nó chun tosaigh mar is léir ón mBunreacht agus sa reachtaíocht agus i rialacháin eile a bhaineann lena Roinn. [10833/04]

View answer

Aengus Ó Snodaigh

Question:

336 D’fhiafraigh Aengus Ó Snodaigh den Aire Iompair de thairbhe gur fhógair an tAire Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta san Teach Dé Máirt an 9 Márta go mbeidh rialachán ag teacht chun cinn an mhí seo i dtaca le seasamh dlíthiúil don fhocal “TACSAÍ”, an bhfuil sé i gceist aige treoir a eisiúint do na foirne sna hionaid tástála NCT gan cloí leis an riail atá ann faoi láthair a choisceann aon leagan eile seachas an focal Béarla “TAXI” a bheith inghlactha chun teastas a bhaint amach do ghluaisteán. [10837/04]

View answer

Written answers

Tógfaidh mé Ceisteanna Uimh. 331, 332 agus 336 le chéile.

Níl sé i gceist agam cúiteamh a thabhairt do na daoine atá luaite sa gceist seo. Tá obair ar siúl faoi láthair im Roinn agus in Oifig an Ard Aighne chun an deacracht dlíthiuil in úsáid an fhocail Ghaeilge "TACSAÍ" ar fhógraí díon tacsaithe a réiteach. Tá sé ar intinn ionstraim reachtúil nua a dhéanamh chun an cheartú riachtanach a chur ar Ionstraim Reachtúil 136 de 1995. Tá mo Roinn chun a chuid oibligéid a chomhlíonadh i dtaca leis an Ghaeilge faoin mBunreacht agus faoi Achta an Teanga Oifigiúla 2003. Cé go bhfuil sé ar intinn agam ceartú a dhéanamh ar sheasamh dlíthiúil an fhocail Ghaeilge "TACSAÍ", níl sé ar mo chumas treoir a thabhairt d'éinne gan cloí le rialacha an dlí atá i bhfeidhm.

Aengus Ó Snodaigh

Question:

333 D’fhiafraigh Aengus Ó Snodaigh den Aire Iompair an bhfuil ceangal le feiscint idir aoiseanna na ngluaisteán agus na gluaisteáin a bhfuil ag teip orthu testiméireacht a bhaint amach ó na hionaid NCT, an bhféadfaidh sé iad a liostáil agus an céadatán atá i gceist a chur in iúl. [10834/04]

View answer

Aengus Ó Snodaigh

Question:

334 D’fhiafraigh Aengus Ó Snodaigh den Aire Iompair cad é an líon gluaisteán ar diúltaíodh testiméireacht dóibh in ionaid tástála NCT na tíre agus na fáthanna éagsúla ar diúltaíodh sin dóibh de réir gach bliana atá an scéim i bhfeidhm. [10835/04]

View answer

Tógfaidh mé Ceisteanna Uimh. 333 agus 334 le chéile.

Níl aon fhianaise ann a leiríonn gur minice a theipeann ar fheithiclí de dhéantús nó de mhúnla faoi leith ag an tástáil náisiúnta gluaisteán ná mar a theipeann ar fheithiclí de dhéantúis nó de mhúnlaí eile atá ar chomhaois leo. Is é is mó a dhéanann deimhin de go n-éireoidh le feithicil sa tástáil náisiúnta gluaisteán ná é a bheith oibrithe agus coinnithe de réir mholtaí an déantóra.

Tá staitistic maidir le rátaí pas agus teipe ag an tástáil náisiúnta gluaisteán, agus maidir leis na príomhchúiseanna teipe, ar fáil ar shuíomh idirlín na seirbhíse tástála gluaisteán ar www.ncts.ie.

Aengus Ó Snodaigh

Question:

335 D’fhiafraigh Aengus Ó Snodaigh den Aire Iompair cad é an líon gluaisteán ar diúltaíodh teistiméireacht dóibh in ionaid tástála NCT na tíre de thairbhe go raibh an focal “TACSAÍ” acu ar a ngluaisteáin seachas an leagan Béarla “TAXI” arb é amháin atá ceadaithe faoin reachtaíocht chuí; agus cén céadatán iad sin den iomlán ar diúltaíodh teistiméireacht dóibh do gach bliain ó bunaíodh an scéim. [10836/04]

View answer

Ní thiomsaíonn mo Roinn faisnéis maidir leis an líon feithiclí dá ndiúltaítear teistiméireacht oiriúnachta mar gheall ar an fhocal "TACSAÍ" a bheith ar an chomhartha dín seachas an focal "TAXI".

Question No. 336 answered with QuestionNo. 331.
Top
Share