Skip to main content
Normal View

Maoiniú Thograí Ghaeilge.

Dáil Éireann Debate, Thursday - 20 May 2004

Thursday, 20 May 2004

Questions (230, 231, 232, 233, 234, 235)

Aengus Ó Snodaigh

Question:

231 D’fhiafraigh Aengus Ó Snodaigh den Aire Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta an ndearnadh treoir a thabhairt d’Fhoras na Gaeilge agus dá Roinn gan cómhaoiniú a dhéanamh ar thograí Gaeilge, agus an féidir leis míniú a thabhairt air. [15115/04]

View answer

Aengus Ó Snodaigh

Question:

232 D’fhiafraigh Aengus Ó Snodaigh den Aire Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta an eol dó cén éifeacht a bheidh ag an gcinneadh gan ligean don chómhaoiniú do thograí Gaeilge ó Fhoras na Gaeilge agus an Roinn Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta ar thograí atá faoi lán seoil. [15116/04]

View answer

Aengus Ó Snodaigh

Question:

233 D’fhiafraigh Aengus Ó Snodaigh den Aire Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta an gcaillfidh tograí Gaeilge atá á maoiniú cheana féin ag Foras na Gaeilge nó ag an Roinn Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta nó acu beirt, cuid dá ndeontais de thairbhe an chinnidh gan cómhaoiniú a cheadú a thuilleadh ón dá fhoinse, nó de thairbhe an chinnidh nach bhfuil aon fheidhm ag Foras na Gaeilge i leith na Gaeltachta nó sa Ghaeltacht in ainneoin a róil uile-Éireannaigh de réir Chomhaontú Aoine an Chéasta. [15117/04]

View answer

Aengus Ó Snodaigh

Question:

234 D’fhiafraigh Aengus Ó Snodaigh den Aire Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta an fíor an méid a dúradh in Foinse (18 Aibreán) go bhfuiltear ag meabhrú don Rialtas chomh maith nach bhfuil aon fheidhm ag Foras na Gaeilge sa Ghaeltacht agus an féidir leis míniú a thabhairt ar an ráiteas úd. [15118/04]

View answer

Aengus Ó Snodaigh

Question:

235 D’fhiafraigh Aengus Ó Snodaigh den Aire Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta cént-eagras ar a bhfuil dualgas maidir le maoiniú do thograí Gaeilge sa Ghaeltacht más fíor nach bhfuil aon fheidhm ag Foras na Gaeilge sa Ghaeltacht agus an mbeidh an t-eagras sin sásta an gannchion ó thaobh deontais do thograí Gaeilge atá á maoiniú cheana féin ag Foras na Gaeilge a iompar. [15119/04]

View answer

Aengus Ó Snodaigh

Question:

236 D’fhiafraigh Aengus Ó Snodaigh den Aire Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta cén uair a cinneadh nach mbeadh aon fheidhm ag Foras na Gaeilge i leith na Gaeltachta nó sa Ghaeltacht in ainneoin a róil uile-Éireannaigh de réir Chomhaontú Aoine an Chéasta agus an féidir míniú a thabhairt ar an scéal. [15122/04]

View answer

Written answers

Tógfaidh mé Ceisteanna Uimh. 231, 232, 233, 234, 235 agus 236 le chéile.

Níl aon treoracha den chineál atá luaite ag an Teachta tugtha d'Fhoras na Gaeilge ná do mo Roinnse.

Ar ndóigh, tá dualgas ar gach eagraíocht Stáit a chinntiú go bhfuil luach-ar-airgead le fáil ar an gcaiteachas a dhéantar agus go bhfuil maoiniú dúbailte á sheachaint. Dá réir sin, ainneoin is go bhfuil cúram leagtha ar Fhoras na Gaeilge faoin Acht um Chomhaontú na Breataine-na hÉireann 1999 maidir le cur chun cinn na Gaeilge ar bhonn uile-oileánda, tá sé riachtanach — agus is ceist dea-chleachtais agus dea-chaighdeán bainistíochta ar airgead poiblí í — go mbeadh córas teagmhála ann idir mo Roinn féin, Údarás na Gaeltachta agus Foras na Gaeilge chun a chinntiú nach mbíonn trasnú nó maoiniú dúbailte i gceist.

Baineann an prionsabal céanna, ar ndóigh, le maoiniú taobh amuigh nó taobh istigh den Ghaeltacht, chomh maith le maoiniú don réimse eagraíochtaí eile a bhfuil freagrachtaí Gaeilge nó Gaeltachta orthu.

Níl aon bhac ar chomhaoiniú idir na heagraíochtaí Stáit atá ag plé leis an nGaeilge agus leis an nGaeltacht, ach na maoinitheoirí ábhartha go léir a bheith ar an eolas faoina chéile agus ar comhthuiscint cinnte: go bhfuil siad ag feidhmiú taobh istigh de na tosaíochtaí agus na róil reachtúla atá acu araon; go bhfuil luach-ar-airgead ar fáil ar an gcaiteachas a bheidh i gceist; agus nach mbeadh sé níos saoire agus níos éifeachtaí ó thaobh cúrsaí reachtála de go nglacfadh ceann de na heagraíochtaí an fhreagracht orthu féin an maoiniú iomlán a íoc.

Tuigfidh an Teachta, ar ndóigh, ó tharla go bhfuil Foras na Gaeilge agus Údarás na Gaeltachta maoinithe sa gcuid is mó ag mo Roinn féin, nach mbeadh aon sábhailt airgid don Rialtas nó don Roinn i gcomhaoiniú idir na heagraíochtaí seo. D'fhéadfadh cúinsí a bheith ann, áfach, go mbeadh comhaoiniú den chineál sin inmholta ar chúiseanna eile.

Top
Share