Skip to main content
Normal View

Fógraíocht Ranna.

Dáil Éireann Debate, Tuesday - 25 May 2004

Tuesday, 25 May 2004

Questions (323, 324, 325)

Aengus Ó Snodaigh

Question:

343 D’fhiafraigh Aengus Ó Snodaigh den Aire Dlí agus Cirt, Comhionannais agus Athchóirithe Dlí an bhfuil comórtas i gceist i roghnú an nuachtáin náisiúnta Gaeilge ina gcuirfear fógraí Stáit ón Roinn Dlí agus Cirt, Comhionannais agus Athchóirithe Dlí. [15143/04]

View answer

Aengus Ó Snodaigh

Question:

344 D’fhiafraigh Aengus Ó Snodaigh den Aire Dlí agus Cirt, Comhionannais agus Athchóirithe Dlí conas a chinntear fógraí Stáit óna Roinn a chur i nuachtán amháin thar nuachtán eile; an raibh an nuachtán san áireamh sa liosta nuachtán náisiúnta Gaeilge as ar roghnaíodh Foinse le haghaidh fógraí. [15158/04]

View answer

Aengus Ó Snodaigh

Question:

345 D’fhiafraigh Aengus Ó Snodaigh den Aire Dlí agus Cirt, Comhionannais agus Athchóirithe Dlí cad é luach na bhfógraí Stáit a cuireadh sa nuachtán Foinse in 2003. [15173/04]

View answer

Written answers

Tógfaidh mé Ceisteanna Uimh. 343 go dtí 345 le chéile.

Is féidir liom a chur in iúl don Teachta gur gnólacht fógraíochta a theachtann an conradh Rialtais d'idirbhearta den chineál sin a chuireann fógraí sna nuachtáin thar ceann mo Roinne. I dtaca leis seo de, tá curtha in iúl dom, i gcás go raibh fógraí á gcur i nuachtán Gaeilge, gur roghnaíodh an foilseachán Foinse mar gurbh é an t-aon nuachtán Gaeilge a bhí ar eolas é a raibh dáileadh leathan air sa dlínse seo.

Is féidir liom a chur in iúl don Teachta nár cuireadh an nuachtán san áireamh mar, go dtí le gairid, ní raibh oifigigh iomchuí mo Roinne ar an eolas faoina dháileadh sa dlínse seo. Is féidir liom a chur in iúl don Teachta, chomh maith, gur €8,906.87 luach na bhfógraí a cuireadh le Foinse le linn 2003.

Top
Share