Skip to main content
Normal View

Fógraíocht Ranna.

Dáil Éireann Debate, Tuesday - 25 May 2004

Tuesday, 25 May 2004

Questions (357, 358, 359)

Aengus Ó Snodaigh

Question:

377 D’fhiafraigh Aengus Ó Snodaigh den Aire Comhshaoil, Oidhreachta agus Rialtais Áitiúil an bhfuil comórtas i gceist i roghnú an nuachtáin náisiúnta Gaeilge ina gcuirfear fógraí Stáit ón Roinn Comhshaoil, Oidhreachta agus Rialtais Áitiúil. [15144/04]

View answer

Aengus Ó Snodaigh

Question:

378 D’fhiafraigh Aengus Ó Snodaigh den Aire Comhshaoil, Oidhreachta agus Rialtais Áitiúil conas a chinntear fógraí Stáit óna Roinn a chur i nuachtán amháin thar nuachtán eile; an raibh an nuachtán san áireamh sa liosta nuachtán náisiúnta Gaeilge as ar roghnaíodh Foinse le haghaidh fógraí. [15159/04]

View answer

Written answers

Tógfaidh mé Ceisteanna Uimh. 377 agus 378 le chéile.

Tá sé mar pholasaí ag mo Roinn go n-úsaidfí réimse leathan de na meáin cumarsáide chun poiblíocht a thabhairt do ghnó na Roinne. Cuirtear critéir éagsúla san áireamh agus páipéirí nuachta laethúil á roghnú, mar shampla, líon na léitheoirí sa dlínse, an buiséad agus téama an fhógra.

Aengus Ó Snodaigh

Question:

379 D’fhiafraigh Aengus Ó Snodaigh den Aire Comhshaoil, Oidhreachta agus Rialtais Áitiúil cad é luach na bhfógraí Stáit a cuireadh sa nuachtán Foinse in 2003. [15174/04]

View answer

Is é luach na bhfógraí Stáit a cuireadh ag mo Roinn sa nuachtán Foinse in 2003 ná €12,070.

Top
Share