Tógfaidh mé Ceisteanna Uimh. 392, 393 agus 394 le chéile.
Is é an gnáth-chleachtas le tamall i mo Roinnse ná go roghnaítear na nuachtáin ina gcuirtear fógraí oifigiúla i gcomhréir leis na riachtanais a bhaineann le gach cás ar leith agus i bhfianaise na ngrúpaí áirithe ar a mbíonn na fógraí dírithe. Ní bhíonn comórtas sonrach idir nuachtáin ar leith i gceist.
Ní miste a lua go bhfuil athbhreithniú beartaithe ar pholasaí agus ar chleachtas mo Roinne maidir leis ábhar seo i gcomhthéacs na rialachán atá le déanamh faoi Alt 9(1) d'Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003. Bainfidh na rialacháin sin le húsáid na Gaeilge amháin, nó na Gaeilge agus an Bhéarla le chéile, ar stáiseanóireacht, ar chomharthaí agus ar fhógraí. Tá réamh-obair ar siúl faoi láthair i ndáil leis na rialacháin sin agus tá sé mar sprioc agam go mbeidh feidhm dhlíthiúil tugtha dóibh roimh deireadh an tsamhraidh.
Íocadh suim €8,021 i leith fógraí oifigiúla di chuid mo Roinnse a fhoilsiú san nuachtáin Foinse
i 2003.