Skip to main content
Normal View

Fógraíocht Ranna.

Dáil Éireann Debate, Tuesday - 25 May 2004

Tuesday, 25 May 2004

Questions (376, 377, 378)

Aengus Ó Snodaigh

Question:

396 D’fhiafraigh Aengus Ó Snodaigh den Aire Gnóthaí Sóisialacha agus Teaghlaigh an bhfuil comórtas i gceist i roghnú an nuachtáin náisiúnta Gaeilge ina gcuirfear fógraí Stáit ón Roinn Gnóthaí Sóisialacha agus Teaghlaigh. [15146/04]

View answer

Aengus Ó Snodaigh

Question:

397 D’fhiafraigh Aengus Ó Snodaigh den Aire Gnóthaí Sóisialacha agus Teaghlaigh conas a chinntear fógraí Stáit óna Roinn a chur i nuachtán amháin thar nuachtán eile; an raibh an nuachtán san áireamh sa liosta nuachtán náisiúnta Gaeilge as ar roghnaíodh Foinse le haghaidh fógraí. [15161/04]

View answer

Aengus Ó Snodaigh

Question:

398 D’fhiafraigh Aengus Ó Snodaigh den Aire Gnóthaí Sóisialacha agus Teaghlaigh cad é luach na bhfógraí Stáit a cuireadh sa nuachtán Foinse in 2003. [15176/04]

View answer

Written answers

Tá sé beartaithe Ceisteanna Uimh. 396, 397 agus 398 a thógáil le chéile.

Tá freagracht ar mo Roinn a chinntiú go bhfuil ár gcustaiméirí agus an pobal i gcoitinne coinnithe ar an eolas maidir lena dteidlíochtaí ar an réimse leathan scéimeanna agus tacaíochtaí leasa shóisialaigh atá ar fáil. Déantar é sin ar roinnt bealaí lena n-áirítear fógraí sa phreas agus i meáin eile. De bharr nach bhfuil ach buiséad teoranta ar fáil do na críocha sin agus de bharr an réimse leathan foilseachán atá ar fud na tíre de ghnáth cuirtear fógraí i bpríomhnuachtáin náisiúnta, agus iadsan amháin, nó i meascán de nuachtáin náisiúnta agus príomhnuachtáin réigiúnacha a mholann na comhlachtaí fógraíochta atá fostaithe ag an Roinn nó an Ghníomhaireacht Soláthairtí Rialtais.

Níl próiseas iomaíoch i bhfeidhm sa Roinn chun nuachtán Gaeilge a roghnú dá fógraí ná dá fógraí poiblí. Faoi láthair cuirtear fógraí Gaeilge san fhoilseachán seachtainiúil Gaeilge, Foinse, agus ba é a luach sin i 2003 ná €4,090.10. Tuigtear gur seoladh foilseachán laethúil Gaeilge, , in Aibreán 2003. De dheasca an dul chun cinn atá déanta ó thaobh figiúirí dáiliúcháin ón dáta sin breithneofar fógraí Gaeilge agus fógraí poiblí a chur i amach anseo.

Top
Share