Skip to main content
Normal View

Fógraíocht Ranna.

Dáil Éireann Debate, Tuesday - 25 May 2004

Tuesday, 25 May 2004

Questions (54, 55, 56)

Aengus Ó Snodaigh

Question:

71 D’fhiafraigh Aengus Ó Snodaigh den Taoiseach an bhfuil comórtas i gceist i roghnú cén nuachtán náisiúnta Gaeilge ina gcuirfear fógraí stáit ó Roinn an Taoisigh. [15132/04]

View answer

Aengus Ó Snodaigh

Question:

72 D’fhiafraigh Aengus Ó Snodaigh den Taoiseach conas a chinntear fógraí Stáit óna Roinn a chur i nuachtán amháin thar nuachtán eile; an raibh an nuachtán san áireamh sa liosta nuachtán náisiúnta Gaeilge as ar roghnaíodh Foinse le haghaidh fógraí. [15147/04]

View answer

Aengus Ó Snodaigh

Question:

73 D’fhiafraigh Aengus Ó Snodaigh den Taoiseach cad é luach na bhfógraí Stáit a cuireadh sa nuachtán Foinse in 2003. [15162/04]

View answer

Written answers

Molaim ar Cheisteanna Uimh. 71 go 73 a thógáil le chéile.

Ar mhaithe le h-aitheantas na Roinne seo don Ghaeilge, cinntítear go mbíonn iomlán an fhógraíochta a chuirtear in sna nuachtáin dhá theangach.

Roghnaítear na nuachtáin de réir an chineál fógraíochta atá i gceist, an phobail ar a bhfuil sé ag díriú, chomh maith le luach airgid. Mar sin, úsáidtear nuachtáin éagsúla, ag brath ar ábhair an fhógra atá le foilsiú.

Sa bhliain 2003, ba é an chostas a bhí ar an Roinn seo ar tháillí fógraíochta ins na nuachtáin ná €40,571.00.

Bhain na fógraí seo leis an gcóras comhairleach poiblí a bhí foilsithe roimh an páipéir bán ar "Rialáil Nios Fearr", le feachtas an Fhóraim Náisiúnta Eorpach agus leis an searmanas don lá comórtha náisiúnta.

Cé nár úsáidí na nuachtáin foilsithe trí Ghaeilge —Foinse agus , bhí na fógraí in sna nuachtáin áitiúla agus náisiúnta dhá theangach i ngach chás.

Top
Share