Skip to main content
Normal View

Fógraiocht Ranna.

Dáil Éireann Debate, Tuesday - 25 May 2004

Tuesday, 25 May 2004

Questions (77, 78, 79)

Aengus Ó Snodaigh

Question:

94 D’fhiafraigh Aengus Ó Snodaigh den Aire Cosanta an bhfuil comórtas i gceist i roghnú an nuachtáin náisiúnta Gaeilge ina gcuirfear fógraí Stáit ón Roinn Cosanta. [15134/04]

View answer

Aengus Ó Snodaigh

Question:

95 D’fhiafraigh Aengus Ó Snodaigh den Aire Cosanta conas a chinntear fógraí Stáit óna Roinn a chur i nuachtán amháin thar nuachtán eile; an raibh an nuachtán san áireamh sa liosta nuachtán náisiúnta Gaeilge as ar roghnaíodh Foinse le haghaidh fógraí. [15149/04]

View answer

Aengus Ó Snodaigh

Question:

96 D’fhiafraigh Aengus Ó Snodaigh den Aire Cosanta cad é luach na bhfógraí Stáit a cuireadh sa nuachtán Foinse in 2003. [15164/04]

View answer

Written answers

Tá sé ar intinn agam Ceisteanna Uimh. 94, 95 agus 96 a fhreagairt le chéile.

Níl sé ar intinn aon comórtas a chuir ar siúl a roghnú nuachtáin náisiúnta Gaeilge ina gcuirfear fógraí Stáit ón Roinn Cosanta.

Is é Brindley Advertising an conradh Stáit i gcomhair gach fógraíocht preas náisiúnta agus baineann mo Roinne úsáid as an comhlacht sin. Baintear úsáid freisin as iris náisiúnta, áitiúla, nó speisialtóra mar atá tráthúil agus braitheann sé ar bhonn go sroicheann an fógra an sprioclucht ar an costas is éifeachtach i ngach cás. Is é an costas ar mo Roinn féin ar fógraíocht iFoinse i 2003 ná €1,883.99.

Top
Share