Skip to main content
Normal View

Áiseanna Scoile.

Dáil Éireann Debate, Tuesday - 1 June 2004

Tuesday, 1 June 2004

Questions (153)

Brian O'Shea

Question:

170 D’fhiafraigh Mr. O’Shea den Aire Oideachais agus Eolaíochta an bhfuair sé litir ó bhord bainistíochta Ghaelscoil Philib Barúin ag achomharc chinneadh na Roinne iarratas an bhoird ar bhreis seomraí réamhdhéanta a dhiúltú agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina leith. [16163/04]

View answer

Written answers

Fuair mo Roinnse litir ó bhord bainistíochta Ghaelscoil Philib Barúin ag achomharc chinneadh na Roinne iarratas an bhord ar breis seomra réamhdhéanta a dhiúltú. Déanfaidh an rannóg pleanála i mo Roinnse an gnó sin a mheas agus déanfaidh siad teagmháil leis an mbord bainistíochta gan mhoill.

Top
Share