Skip to main content
Normal View

Irish Language.

Dáil Éireann Debate, Thursday - 3 June 2004

Thursday, 3 June 2004

Questions (30)

Pat Breen

Question:

23 D’fhiafraigh Mr. P. Breen den Aire Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta an ndéanfaidh sé ráiteas faoin dul chun cinn atá déanta ó ritheadh Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003. [16647/04]

View answer

Written answers

Dírím aird an Teachta ar an bhfreagra a thug mé ar Cheist Uimh. 129 ar 27 Aibreán 2004 maidir leis an ábhar seo, inar leag mé amach sonraíocht chuimsitheach maidir leis an dul chun cinn atá déanta ag mo Roinn-se ó ritheadh an tAcht i mhí Iúil 2003.

Ba mhaith liom tagairt ar leith a dhéanamh do na príomh-chéimeanna atá tógtha agam go dtí seo mar a leanas: tá €500,000 curtha ar fáil i Meastacháin mo Roinne don bhliain seo chun Oifig Choimisinéir na dTeangacha Oifigiúla a bhunú. Tá an tUasal Seán Ó Cuirreáin ceapaithe ag an Uachtarán mar An Coimisinéir Teanga le héifeacht ó 23 Feabhra 2004; rinne mé ordú tosach feidhme ar 19 Eanáir 2004 a thugann feidhm don chuid is mó d'fhorálacha an Achta le héifeacht ón lá sin agus ó 1 Bealtaine 2004 i gcás alt 10; tá réamh-obair ar dhréacht-scéim mo Roinne féin déanta agus táim dóchasach go mbeidh sí foilsithe go poiblí laistigh de mhí. Beidh an scéim seo mar mhúnla do chomhlachtaí poiblí eile; táim dóchasach freisin go mbeidh na dréacht-treoirlínte faoi alt 12 foilsithe laistigh de mhí ionas go bhféadfar tús a chur leis an gcéad bhabhta de scéimeanna ó chomhlachtaí poiblí i mí Mheán Fómhair seo chugainn; tá réamh-obair ar súil i ndáil le rialacháin a dhéanamh faoi alt 9(1) maidir le húsáid na Gaeilge amháin, nó na Gaeilge agus an Béarla le chéile, ar stáiseanóireacht, ar chomharthaí agus ar fhógraí. Tá sé mar sprioc agam go mbeidh feidhm dhlíthiúil tugtha do na rialacháin sin roimh dheireadh an tsamhraidh; agus tugadh feidhm do Chuid 5 den Acht a bhaineann le logainmneacha ó 30 Deireadh Fómhair 2003 agus tá seacht nOrdú déanta agam sa chomhthéacs sin go dáta. Tá i gceist agam ordú eile a dhéanamh go han-luath maidir le logainmneacha oifigiúla do na ceantair Ghaeltachta.

Mar a thugas le fios roimhe seo táim sásta, mar sin, go bhfuil dul chun cinn suntasach á dhéanamh ag mo Roinnse maidir le cur i bhfeidhm fhorálacha an Achta ar bhonn chéimiúil i gcomhréir leis an bPlean Gnímh a d'fhógair mé ar 17 Nollaig 2003. Táim sásta freisin go n-éireoidh leis na comhlachtaí poiblí na dualgais reachtúla a thitfidh orthu go céimiúil faoin Acht a chomhlíonadh agus go deimhin go nglacfaidh siad leis an dúshlán le meon dearfach agus sa spiorad ceart.

Top
Share