Skip to main content
Normal View

Irish Language.

Dáil Éireann Debate, Thursday - 3 June 2004

Thursday, 3 June 2004

Questions (34, 35, 36)

Eamon Gilmore

Question:

28 D’fhiafraigh Mr. Gilmore den Aire Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta an bhfuil gach rud ag dul ar aghaidh go maith ar an tionscnamh chun foclóir leictreonach Béarla-Gaeilge a chur ar fáil. [16808/04]

View answer

Written answers

Tá curtha in iúl ag Foras na Gaeilge gur cuireadh tús le Céim I — sé sin, céim na pleanála agus an dearaidh — de Thionscadal an Fhoclóra Béarla-Gaeilge i mí Lúnasa seo caite. Tuigtear ón bhForas go bhfuiltear leath-shlí tríd an chéim seo faoi láthair. Meastar go mbeidh an obair a bhaineann leis an gcuid seo den tionscadal curtha i gcrích faoi dheireadh mhí Dheireadh Fómhair na bliana seo. Tá forbairt á déanamh ar na huirlisí ríomhaireachta agus ríomh-theangeolaíochta a bheidh ag teastáil chun an Foclóir a thiomsú i gceart agus tá soláthar na n-uirlisí sin de réir an sceidil atá aontaithe sa chonradh idir Foras na Gaeilge agus an conraitheoir le haghaidh Chéim I, Lexicography MasterClass.

Tuigtear ó Fhoras na Gaeilge go bhfuil socruithe á ndéanamh faoi láthair chun an comórtas tairisceana do Chéim II — sé sin, scríobh agus tiomsú an fhoclóra ina iomláine — den Tionscadal a fhógairt go poiblí go luath. Meastar go dtógfaidh an Chéim sin thart ar thrí bliana le cur i gcrích.

Brian O'Shea

Question:

29 D’fhiafraigh Mr. O’Shea den Aire Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta cad é an scéal i dtaobh an Ghaeilge a bheith aitheanta mar theanga oibre oifigiúil den Aontas Eorpach. [16784/04]

View answer

Trevor Sargent

Question:

62 D’fhiafraigh Mr. Sargent den Aire Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta an aontaíonn sé nach bhfuil aon rialtas san AE ná aon áisínteacht san AE i gcoinne stádas mar theanga oifigiúil oibre a thabhairt don Ghaeilge agus mar sin cathain a bhainfear an stádas amach. [16840/04]

View answer

Tógfaidh mé Ceisteanna Uimh. 29 agus 62 le chéile.

Dírím aird na dTeachtaí ar an bhfreagra a thug mé ar Cheist Uimhir 1 a cuireadh síos le haghaidh freagra tosaíochta inniu.

Top
Share