Skip to main content
Normal View

Ciste na Gaeilge.

Dáil Éireann Debate, Thursday - 3 June 2004

Thursday, 3 June 2004

Questions (37)

Damien English

Question:

30 D’fhiafraigh Mr. English den Aire Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta an ndéanfaidh sé ráiteas faoin obair atá déanta ag Ciste na Gaeilge chun seirbhísí Gaeilge a fhorbairt. [16643/04]

View answer

Written answers

Maoinítear Ciste na Gaeilge ó fháltais an Chrannchuir Náisiúnta agus is é an bunchritéar chun deontas a dháileadh ón gCiste ná go mbeadh tionchar dearfach ag togra ar chur chun cinn na Gaeilge.

Cuirtear cúnamh ar fail ó Chiste na Gaeilge chun eagraíochtaí Gaeilge mar Bhord na Leabhar Gaeilge, Comhaltas Ceoltóirí Éireann agus Taibhdhearc na Gaillimhe, chomh maith le tionscadail ilghnéitheacha Ghaeilge ar nós Gael-Taca, Gaillimh le Gaeilge agus Tiobraid Árann ag Labhairt, a mhaoiniú tar éis iarratas uathu a mheas gach bliain. Íocadh €2.3 milliún ar fad amach as an gciste seo le linn 2003.

Mar eolas don Teachta, rinneadh athbhreithniú ar fheidhmiú Chiste na Gaeilge le linn 2003. Ag éirí as an athbhreithniú sin, tá athstruchtúrú á dhéanamh ar an gciste ó 2005 ar aghaidh. Tá i gceist táscairí gníomhaíochta a phlé leis na heagraíochtaí éagsúla a fhaigheann maoiniú ón gciste. Beidh maoiniú sa todhchaí ag brath ar chomhlíonadh na dtáscairí aontaithe seo. Chomh maith leis sin, tá i gceist agam go mbunófar ciste gnó i 2005 mar fho-chiste de Chiste na Gaeilge féin. Beidh pé deontais a bheidh ar fáil as an gciste gnó d'eagraíochtaí sa réimse gnó ag brath ar chomh-mhaoiniú a bheith faighte acu nó á fháil acu ó na húdaráis áitiúla nó ó chumainn tráchtála, agus ar mhéid an tsoláthair sa chiste. Tá sé an-tábhachtach go mbeadh comhoibriú idir na húdaráis áitiúla, na cumainn tráchtála agus mo Roinn féin maidir le maoiniú na n-eagraíochtaí Gaeilge atá ag feidhmiú sa réimse gnó.

Top
Share