Skip to main content
Normal View

Decentralisation Programme.

Dáil Éireann Debate, Thursday - 3 June 2004

Thursday, 3 June 2004

Questions (42)

Michael D. Higgins

Question:

33 D’fhiafraigh Mr. M. Higgins den Aire Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta cén dul chun cinn atá déanta i leith chur i bhfeidhm an chláir dílárnaithe sa Roinn. [16805/04]

View answer

Written answers

Tá líon mór ceisteanna freagartha agam faoin ábhar seo le tamall gairid anuas. Faoi mar atá curtha in iúl agam ar ócáidí éagsúla, tá mo Roinn i mbun comhairle leanúnach lena baill foirne maidir leis an tslí is éifeachtaí chun an dílárú ata beartaithe a chur i bhfeidhm agus, mar chuid lárnach den phróiseas sin, tá gach eolas nua á sheachadadh ar na baill chomh luath agus a bhíonn teacht air.

Tuigfidh an Teachta, ar ndóigh, go bhfuil an próiséas díláraithe in aon Roinn Stáit ag brath ar an dul chun cinn atá á bhaint amach ag an ngrúpa forfheidhmithe lárnach.

Sa chomhthéacs sin, tá céimeanna éagsúla glactha ag mo Roinn-se le tamall anuas. Ina measc:

Tá aonad díláraithe faoi leith bunaithe chun déileáil leis an gceist seo. Ardoifigeach feidhmiúcháin agus oifigeach cléireachais atá mar fhoireann san aonad seo. Is don oifigeach pearsanra atá siad freagrach; Tá coiste díláraithe Roinne curtha ar bun freisin ar a bhfuil ionadaíocht ó bhainistíocht shinsearach agus ó fhoireann mo Roinne;

Tá oifigeach faoi leith roghnaithe chun teagmháil a choimeád ar bhonn leanúnach leis an Roinn Airgeadais;

Tionóltar cruinnithe speisialta de choiste comhpháirtíochta mo Roinne agus baintear leas as na cruinnithe sin chun an fhoireann a choimeád ar an eolas maidir le gach gné den phróiseas díláraithe;

Bíonn mo Roinn i dteagmháil leis na ceardchumainn chomh maith agus tá an cheist pléite leo ag an gcomhairle rannúil;

Tá socrú curtha ar bun chun nuachtlitir foirne faoin dílárú a eisiúint go rialta agus cuirtear gach doiciméad atá bainteach leis an bpróiseas díláraithe ar fáil don bhfoireann uile ar na fillteáin poiblí ar an gcóras ríomhphoist;

Tá mioneolas bailithe maidir le láthair atá i gceist don dílárú ó thaobh mo Roinne de agus tá pacáistí eolais bunaithe ar an eolas sin scaipthe ar an bhfoireann uile.

Chomh maith leis sin, tá obair idir lámha maidir le córais a chur i bhfeidhm chun nósanna oibre sna rannáin éagsúla a chur ar thaifead agus chun múnlaí a fhorbairt d'fhonn aistriú éifeachtach foirne a éascú amach anseo. Ní miste a lua freisin go bhfuil plean forfheidhmithe tosaigh don dílárú á ullmhú faoi láthair ag mo Roinnse le cur faoi bhráid an ghrúpa forfheidhmithe lárnach go luath.

Question No. 34 answered with QuestionNo. 11.
Top
Share