Níl aon athrú ar na rátaí deontais faoi Acht na dTithe Gaeltachta.
Bhí an soláthar céanna sna Meastacháin le haghaidh deontais tithíochta sa Ghaeltacht i 2003 agus atá i 2004. Is amhlaidh a deineadh breis oibre tithíochta sa Ghaeltacht i rith 2003 ná mar a bhíothas ag súil leis. Bhí áthas orm go raibh ar mo chumas na deontais cuí a íoc i leith na hoibre bhreise sin, rud a chiallaigh go raibh an caiteachas ag deireadh 2003 níos airde ná an soláthar a bhí curtha ar fáil sna Meastacháin. Tá mé sásta go bhfuil go leor airgid sna Meastacháin do 2004 le freastal ar na héilimh a bhfuiltear ag súil leis ar dheontais tithíochta i rith na bliana reatha.