Skip to main content
Normal View

Irish Language.

Dáil Éireann Debate, Thursday - 3 June 2004

Thursday, 3 June 2004

Questions (63, 64, 65)

Brian O'Shea

Question:

56 D’fhiafraigh Mr. O’Shea den Aire Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta an bhfuil aon staidéar déanta aige ar na figiúirí a bhí i nDaonáireamh 2002 i leith úsáid na Gaeilge. [16783/04]

View answer

Written answers

Dírím aird an Teachta ar an bhfreagra a thug mé ar Cheist Uimh. 70 den 27 Samhain 2003, Uimh. 527 den 7 Deireadh Fómhair, agus Uimh. 106 den 27 Aibreán 2004.

Faoi mar a bhí curtha in iúl cheana féin, is léir ó fhigiúirí an Daonáirimh go bhfuil idir ábhar dóchais agus foláirimh iontu maidir le húsáid na Gaeilge. Is léir go bhfuil ísliú beag tagtha ar líon na nGaeilgeoirí laethúla lasmuigh agus taobh istigh den Ghaeltacht — ach is tuar dóchais, ag an am céanna, an t-árdú ar líon na nGaelgóirí ar fud na tíre a bhfuil sé ar a gcumas Gaeilge a labhairt.

Tá infheistíocht shuntasach déanta ag mo Roinnse i mbuanú na Gaeilge sa Ghaeltacht agus tá sé tábhachtach go bhfuil torthaí na hinfheistíochta sin le feiceáil sna figúirí is deireanaí. Tá Acht na dTeangacha Oifigiúla ina dhlí anois agus príomhchuspóir aige seirbhísí poiblí a shóláthar i nGaeilge ar chaighdeán níos airde. Faoi mar a dúirt mé cheana, beidh sé mar aidhm lárnach agam i gcónaí spreagadh agus tacaíocht a chur ar fáil chun cur leis an méid daoine a bhfuil deis acu an Ghaeilge a úsáid ar bhonn laethúil.

Enda Kenny

Question:

57 D’fhiafraigh Mr. Kenny den Aire Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta an ndéanfaidh sé ráiteas faoin dul chun cinn atá déanta ag Bord na Leabhar Gaeilge. [16646/04]

View answer

Is as Ciste na Gaeilge (a airgeadaítear ó fháltais an Chrannchuir Náisiúnta) a dhéanann mo Roinn maoiniú ar Bhord na Leabhar Gaeilge. I 2004, tá sé socraithe agam deontas €950,000 a chur ar fáil don Bhord chun leas na Gaeilge a chur chun cinn sna himeachtaí a bhíonn ar siúl ag an eagras i rith na bliana.

Is í aidhm Bhord na Leabhar Gaeilge tacú le scríbhneoirí agus foilsitheoirí chun ábhar léitheoireachta ar ardchaighdeán i nGaeilge a chur ar fáil a chuireann le suim an phobail sa léitheoireacht Ghaeilge. Tugann an Bord aghaidh ar an gcúram seo go príomha trí mhaoiniú a dhéanamh ar scéimeanna tacaíochta do chomhlachtaí foilsitheoireachta agus do scríbhneoirí a fhreastalaíonn ar riachtanais na léitheoirí Gaeilge.

Caitear formhór an bhuiséid bhliantúil ar tháirgeadh leabhar sna réimsí éagsúla litríochta do léitheoirí na Gaeilge trí Scéim na bhFoilseachán. Bíonn éileamh mór ar an scéim seo agus foilsítear thart ar 80 leabhar Gaeilge gach bliain le cabhair ón mBord faoin scéim sin.

Is é an tionscadal is déanaí atá bunaithe ag an mBord ná Léigh Leat! — scéim margaíochta chun leabhair do dhaoine óga a chur ar fáil agus a dhíol i mbunscoileanna timpeall na tíre. Cé go ndíríodh ar Ghaelscoileanna agus scoileanna Gaeltachta go príomhá go dtí seo, tá sé beartaithe go mbunófaí leagan den scéim sna scoileanna eile sa todhchaí. Spreagtar daoine óga chun tabhairt faoi leabhar Gaeilge mar a thabharfaidís faoi leabhar ar bith i mBéarla agus tairbhe a bhaint as a gcuid scileanna liteartha a fhorbairt. Tríd an scéim, tá cur amach faighte ag daoine óga agus ag a dtuismitheoirí agus múinteoirí ar an réimse leathan d'ábhar léitheoireachta atá ar fáil don aos óg. Tá an Bord sásta go mbeidh tionchar nach beag ag an scéim seo ar fhorbairt na léitheoireachta Gaeilge, agus dá bhrí sin ar fhorbairt na foilsitheoireachta Gaeilge, san aimsir amach romhainn.

Tionscnaíodh roinnt scéimeanna chun scríbhneoirí na Gaeilge a spreagadh agus tá trí scéim éagsúla á n-eagrú ag an mBord faoi láthair chuige sin, mar a leanas: Scéim na nOidí. Deis a thabhairt d'ábhair scríbhneora comhairle faoina gcuid scríbhinní, agus faoi cheird na scríbhneoireachta i gcoitinne, a fháil ó scríbhneoirí aitheanta — oidí — is bunús leis an scéim seo. Reachtáiltear scéim printíseachtaí idir oide agus ábhar scríbhneora, fearacht printíseachta ceirde, ar mhaithe le struchtúr foirmeálta tacaíochta a bhunú d'ábhair scríbhneora le go bhfaigheadh sé/sí treoir chun saothar cruthaitheach atá idir lámha a thabhairt i gcrích.

Scéim na gCoimisiún. Is é aidhm na scéime seo ná ciste coimisiúnaithe a dháileadh i measc lucht liteartha na Gaeilge sa chaoi is go gcinnteofar soláthar sásúil sna réimsí éagsúla léitheoireachta.

Scéim na Scoláireachtaí Taighde. Scoláireachtaí taighde a roinnt ar scríbhneoirí cruthaitheacha go príomhá atá i gceist anseo. Déantar na scoláireachtaí seo a dháileadh i measc scríbhneoirí a bhainfeadh leas as deontais taighde chun cur lena n-inniúlacht chruthaitheach agus lena n-eispéireas liteartha.

Jimmy Deenihan

Question:

58 Mr. Deenihan asked the Minister for Community, Rural and Gaeltacht Affairs his views on whether the current stipulation that 20% of all Údarás grants must be spent on projects in which the use of Irish language as the principal means of communication is central to their activities is sufficient in successfully promoting and protecting the Irish language in Gaeltacht areas; if he has plans to increase this grant ratio; and if he will make a statement on the matter. [16670/04]

View answer

As the Deputy is aware, in 2003 I introduced the stipulation that 20% of the capital budget of Údarás na Gaeltachta should be allocated to the development of ventures and enterprises that have a clearly defined Irish language focus. I have also agreed with Údarás that this policy should continue to apply in 2004. I understand from Údarás na Gaeltachta that expenditure in 2003 on capital projects which were Irish language based was of the order of €5 million. In addition, it should be noted that I have approved a total allocation of €3.5 million in 2004 for current expenditure by Údarás on language development activities. This is an increase of €1 million on the 2003 allocation. I am satisfied that these measures, in addition to my own Department's increased expenditure on Irish language schemes and initiatives, represents a substantial and sustained investment in maintaining and strengthening the Irish language in the Gaeltacht.

Top
Share